[EN]

Uimhir 29 de 1973


[EN]

AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1973

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT DON CHOINBHINSIÚN UM CHIONTA AGUS GNÍOMHARTHA ÁIRITHE EILE A DHÉANTAR AR BORD AERARTHACH A RINNEADH I dTÓICEO AN 14ú LÁ DE MHEÁN FÓMHAIR, 1963, AGUS DON CHOINBHINSIÚN CHUN COSC A CHUR LE hURGHABHÁIL NEAMHDHLEATHACH AERÁRTHACH A RINNEADH SA HÁIG AN 16ú LÁ DE NOLLAIG, 1970, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS SIN.

[19 Nollaig, 1973]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1965, Uimh. 17.

I.R. Uimh. 88 de 1963.

1.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht um Eiseachadadh, 1965;

[EN]

folaíonn “aerárthach” aon aerárthach seachas aerárthach stáit;

[EN]

ciallaíonn “údarás iomchuí”, maidir le haerárthach, an t-údarás i gceannas an aerfoirt áirithe a dtuirlingíonn an t-aerárthach nó a mbeartaíonn sí tuirlingt ann;

[EN]

ciallaíonn “ceannasaí”, maidir le haerárthach, an comhalta den fhoireann atá ainmnithe mar cheannasaí ag an oibritheoir nó, mura bhfuil aon duine ainmnithe amhlaidh, an píolóta i gceannas an aerárthaigh;

[EN]

ciallaíonn “stát chonradh na Háige” stát ina bhfuil Coinbhinsiún na Háige i bhfeidhm de thuras na huaire;

[EN]

ciallaíonn “Coinbhinsiún na Háige” an Coinbhinsiún chun Cosc a chur le hUrghabháil Neamhdhleathach Aerárthach a rinneadh sa Háig an 16ú lá de Nollaig, 1970, agus a bhfuil a théacs leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “aerárthach faoi urlámhas Éireannach” aerárthach—

[EN]

(a) atá cláraithe sa Stát de thuras na huaire, nó

[EN]

(b) nach bhfuil cláraithe sa Stát de thuras na huaire ach a chomhlíonann de thuras na huaire na ceanglais don chlárú sin a shonraítear in Airteagal 7 den Ordú Aerloingseoireachta (Náisiúntacht agus Clárú Aerárthaí), 1963, nó

[EN]

(c)          (i) atá cláraithe i stát eile,

[EN]

(ii) atá cairtfhostaithe de thuras na huaire trí fhorléasadh, ligean nó fruiliú, agus

[EN]

(iii) a d'fhéadfaí, murach mír (2) den Airteagal sin 7, a chlárú sa Stát faoi mhír (3) den Airteagal sin;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta;

[EN]

ciallaíonn “oibritheoir”, maidir le haerárthach, an duine ag a bhfuil bainistí an aerárthaigh de thuras na huaire;

[EN]

ciallaíonn “píolóta i gceannas”, maidir le haerárthach, an duine atá de thuras na huaire go dleathach i bhfeighil phíolótaíocht an aerárthaigh agus nach bhfuil faoi stiúradh aon phíolóta eile san aerárthach;

[EN]

ciallaíonn “aerárthach stáit” aerárthach de chuid aon stáit a úsáidtear i seirbhísí míleata, custam nó póilíneachta an stáit sin;

[EN]

ciallaíonn “stát chonradh Tóiceo” stát ina bhfuil Coinbhinsiún Tóiceo i bhfeidhm de thuras na huaire;

[EN]

ciallaíonn “Coinbhinsiún Tóiceo” an Coinbhinsiún um Chionta agus Gníomhartha Áirithe eile a dhéantar ar Bord Aerárthach a rinneadh i dTóiceo an 14ú lá de Mheán Fómhair, 1963, agus a bhfuil a théacs leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

[EN]

(2) Measfar na tréimhsí seo a leanas a bheith ar áireamh sa tréimhse a bhíonn aerárthach ar eitilt—

[EN]

(a) chun críocha an Achta seo, aon tréimhse ón nóiméad a fheidhmítear cumhacht le turgabháil go dtí an nóiméad turgabhála agus aon tréimhse ón nóiméad tadhlta go dtí an nóiméad a chríochnaíonn an rúid tuirlingthe (más ann), agus

[EN]

(b) chun críocha ailt 3, 5, 7 agus 11 den Acht seo—

[EN]

(i) aon tréimhsí breise ón nóiméad a dhúntar doirse seachtracha uile an aerárthaigh tar éis bordála le haghaidh eitilte go dtí an nóiméad a osclaítear aon doirse den sórt sin le haghaidh díbhordála tar éis na heitilte sin, agus

[EN]

(ii) más tuirlingt éigin a dhéanann an t-aerárthach, aon tréimhse dá éis sin go dtí an t-am a ghabhann údaráis inniúla an stáit inar tharla an tuirlingt éigin freagracht orthu féin i leith an aerárthaigh agus i leith na ndaoine agus na maoine ar bord an aerárthaigh (is é sin, i gcás tuirlingt éigin sa Stát, an t-am a sroicheann comhalta den Gharda Síochána an áit tuirlingthe),

[EN]

agus folóidh aon tagairt san Acht seo d'aerárthach ar eitilt tagairt d'aerárthach i gcaitheamh na tréimhse le linn di a bheith ar uachtar mara nó talún ach gan í a bheith laistigh de theorainneacha críche aon stáit.

[EN]

(3) Beidh deimhniú faoi shéala an Aire á dheimhniú gur stát chonradh Tóiceo nó nach stát chonradh Tóiceo, de réir mar a bheidh, nó gur stát chonradh na Háige nó nach stát chonradh na Háige, de réir mar a bheidh, nó gur stát conarthach den dá chineál, nó nach stát conarthach de cheachtar cineál, de réir mar a bheidh, aon stát a shonraítear sa deimhniú sin aon tráth áirithe nó le linn tréimhse a bheidh sonraithe sa deimhniú sin, ina fhianaise go dtí go gcruthófar a malairt ar an bhfíoras a bheidh ráite amhlaidh.

[EN]

(4) I gcás ina ndeir fógra chun an Stáit faoi Airteagal 18 de Choinbhinsiún Tóiceo nó faoi Airteagal 5 de Choinbhinsiún na Háige aon dá stát nó níos mó, ar stát chonradh Tóiceo nó stát chonradh na Háige gach stát díobh, a bheith—

[EN]

(a) tar éis comheagraíocht oibríochta aeriompair, nó gníomhaireacht oibríochta idirnáisiúnta, a bhunú a oibríonn aerárthaí atá faoi réir a gcláraithe i gcomhar nó go hidirnáisiúnta, agus

[EN]

(b) tar éis an stát acu a ainmniú i ndáil le gach aerárthach a oibrítear amhlaidh, arb é an stát cláraitheachta é chun críocha Choinbhinsiún Tóiceo nó Choinbhinsiún na Háige, nó an dá cheann acu, féadfaidh an tAire—

[EN]

(i) a dhearbhú, le hordú, go ndéileálfar leis an aerárthach sin a dúradh (agus a shonrófar san ordú mar aon leis na stáit a bheidh luaite san fhógra) chun críocha an Achta seo agus Choinbhinsiún Tóiceo agus Choinbhinsiún na Háige nó ceachtar de na Coinbhinsiúin sin mar aerárthach atá cláraithe sa stát a ainmníodh amhlaidh (agus a shonrófar san ordú), agus

[EN]

(ii) aon ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm le hordú.

[EN]

(5) Is tagairtí don Stát na tagairtí atá san Acht seo do stát cláraitheachta aerárthaigh i gcás aerárthach—

[EN]

(a) atá cláraithe sa Stát de thuras na huaire, nó

[EN]

(b) nach bhfuil cláraithe amhlaidh de thuras na huaire ach a chomhlíonann na ceanglais le hagaidh clárú sa Stát a shonraítear san Airteagal sin 7.

[EN]

Feidhm an dlí choiriúil maidir le haerárthaí.

2.—(1) Aon ghníomh nó neamhghníomh ar chion faoi dhlí an Stáit é dá mba sa Stát a tharla sé, is é an cion sin é má tharlaíonn sé ar bhord aerárthaigh faoi urlámhas Éireannach agus í ar eitilt in áit seachas sa Stát nó os cionn an Stáit.

[EN]

(2) Féadfar imeachtaí i leith cion faoin Acht seo nó i leith cion dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a thionscnamh, agus chun gach críche teagmhasaí déileálfar leis an gcion mar chion a rinneadh, in aon áit sa Stát.

[EN]

Cumhacht ceannasaí aerárthaigh duine a shrianadh.

3.—(1) Má bhíonn foras réasúnach ag ceannasaí aerárthaigh atá cláraithe i stát chonradh Tóiceo a chreidiúint go bhfuil duine tar éis nó ar tí aon ghníomh a dhéanamh ar bhord an aerárthaigh agus í ar eitilt in aon áit—

[EN]

(a) ar ghníomh é, dá mba sa stát ina bhfuil an t-aerárthach cláraithe a rinneadh é, ba chion faoin dlí atá i bhfeidhm sa stát sin, nó

[EN]

(b) is contúirt nó a d'fhéadfadh bheith ina chontúirt—

[EN]

(i) do shábháilteacht an aerárthaigh,

[EN]

(ii) do shábháilteacht daoine nó maoine ar bhord an aerárthaigh, nó

[EN]

(iii) do dhea-ord nó araíonacht ar bhord an aerárthaigh, féadfaidh an ceannasaí cibé bearta réasúnacha a fheidhmiú maidir leis an duine, lena n-áirítear srian ar a phearsa, ar bearta iad is dóigh leis le réasún is gá—

[EN]

(i) chun sábháilteacht an aerárthaigh, nó daoine nó maoine ar bhord an aerárthaigh, a chosaint,

[EN]

(ii) chun dea-ord agus araíonacht a choimeád ar bhord an aerárthaigh, nó

[EN]

(iii) chun go bhféadfaidh an ceannasaí an duine a chur ó bhord nó a sheachadadh do chomhalta den Gharda Síochána sa Stát nó d'údaráis inniúla lasmuigh den Stát, de réir mar a bheidh, de réir forálacha an Achta seo.

[EN]

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh ceannasaí aerárthaigh—

[EN]

(a) a ordú nó a údarú d'aon chomhalta eile d'fhoireann an aerárthaigh cúnamh a thabhairt, nó

[EN]

(b) a iarraidh ar aon duine eile ar bhord an aerárthaigh, nó a údarú dó, cúnamh a thabhairt.

[EN]

(3) Féadfaidh aon chomhalta d'fhoireann aerárthaigh agus í ar eitilt, nó aon duine eile ar bord, gan ceannasaí an aerárthaigh á ordú nó á údarú sin dó ná á iarraidh sin air, aon bhearta réasúnacha a dhéanamh, maidir le haon duine ar bhord an aerárthaigh, a mbeidh foras réasúnach aige a chreidiúint gur gá iad a dhéanamh láithreach chun sábháilteacht an aerárthaigh nó daoine nó maoine inti a chosaint.

[EN]

(4) Aon srian a chuirfear ar dhuine ar bord aerárthaigh faoin alt seo ní leanfar de tar éis an tráth a scoirfidh an t-aerárthach i gcéadóir de bheith ar eitilt agus a thabharfar an duine ar láimh do chomhalta den Gharda Síochána sa Stát nó d'údaráis inniúla lasmuigh den Stát, de réir mar a bheidh, mura rud é—

[EN]

(a) gur i gcríoch stáit nach stát chonradh Tóiceo agus a dhiúltóidh cead a thabhairt an duine sin a chur ó bhord, don áit a scoirfidh an t-aerárthach i gcéadóir de bheith ar eitilt,

[EN]

(b) gur cuireadh na bearta srianta i bhfeidhm le go bhféadfaí an duine a sheachadadh d'údaráis inniúla i stát cláraitheachta an aerárthaigh (is comhalta den Gharda Síochána i gcás an Stáit),

[EN]

(c) gur tuirlingt éigin tuirlingt an earárthaigh agus nach féidir leis an gceannasaí an duine a sheachadadh d'údaráis inniúla (is comhalta den Gharda Síochána i gcás tuirlingt éigin sa Stát), nó

[EN]

(d) go n-aontóidh an duine atá faoi shrian leanúint dá thuras faoi shrian ar bhord an aerárthaigh sin.

[EN]

Dualgas ceannasaí aerárthaigh fógra a thabhairt don údarás iomchuí go bhfuil duine faoi shrian.

4.—(1) Tabharfaidh ceannasaí aerárthaigh, más féidir é sula gcríochnóidh sí a heitilt, agus, ar aon nós, a luaithe is féidir é tar éis di a heitilt a chríochnú, sa Stát agus duine ar bhord an aerárthaigh atá curtha faoi shrian de bhun alt 3 den Acht seo, fógra don údarás iomchuí—

[EN]

(a) go bhfuil an duine sin faoi shrian,

[EN]

(b) ag insint na gcúiseanna leis an srianadh sin.

[EN]

(2) Tabharfaidh ceannasaí aerárthaigh faoi urlámhas Éireannach, más féidir é sula gcríochnóidh sí a heitilt, agus, ar aon nós, a luaithe is féidir é tar éis di a heitilt a chríochnú, i gcríoch aon stáit eile agus duine ar bhord an aerárthaigh atá curtha faoi shrian de bhun alt 3 den Acht seo, fógra don údarás iomchuí—

[EN]

(a) go bhfuil an duine sin faoi shrian, agus

[EN]

(b) ag insint na gcúiseanna atá leis an srianadh sin.

[EN]

Cumhacht ceannasaí aerárthaigh daoine a chur ó bhord an aerárthaigh.

5.—(1) Má bhíonn foras réasúnach ag ceannasaí aerárthaigh, seachas aerárthach faoi urlámhas Éireannach, atá cláraithe i stát chonradh Tóiceo, chun a chreidhúint go bhfuil duine tar éis nó ar tí aon ghníomh a dhéanamh ar bhord an aerárthaigh agus í ar eitilt in aon áit, cibé acu is cion an gníomh sin nó nach ea, ar gníomh é is contúirt nó a d'fhéadfadh bheith ina chontúirt—

[EN]

(i) do shábháilteacht an aerárthaigh,

[EN]

(ii) do shábháilteacht daoine nó maoine ar bhord an aerárthaigh, nó

[EN]

(iii) do dhea-ord agus araíonacht ar bhord an aerárthaigh,

[EN]

féadfaidh an ceannasaí, d'fhonn sábháilteacht an aerárthaigh nó daoine nó maoine inti a chosaint, nó d'fhonn dea-ord agus araíonacht a choimeád ar bhord an aerárthaigh, an duine a chur ó bhord i gcríoch an Stáit.

[EN]

(2) Má bhíonn foras réasúnach ag ceannasaí, aerárthaigh faoi urlámhas Éireannach a chreidiúint go bhfuil duine tar éis nó ar tí aon ghníomh a dhéanamh ar bhord an aerárthaigh agus í ar eitilt in aon áit, cibé acu is cion an gníomh sin nó nach ea, ar gníomh é is contúirt nó a d'fhéadfadh bheith ina chontúirt—

[EN]

(i) do shábháilteacht an aerárthaigh,

[EN]

(ii) do shábháilteacht daoine nó maoine ar bhord an aerárthaigh, nó

[EN]

(iii) do dhea-ord agus araíonacht ar bhord an aerárthaigh,

[EN]

féadfaidh an ceannasaí, d'fhonn sábháilteacht an aerárthaigh nó daoine nó maoine inti a chosaint, nó d'fhonn dea-ord agus araíonacht a choimeád ar bhord an aerárthaigh, an duine a chur ó bhord i gcríoch aon stáit.

[EN]

Dualgas ceannasaí aerárthaigh fógra a thabhairt don údarás iomchuí gur cuireadh duine ó bhord.

6.—Tabharfaidh ceannasaí aerárthaigh, a luaithe is féidir é tar éis dó duine a chur ó bhord de bhun alt 5 den Acht seo, fógra don údarás iomchuí—

[EN]

(a) go bhfuil an duine sin curtha ó bhord aige, agus

[EN]

(b) ag insint na gcúiseanna faoin duine sin a chur ó bhord amhlaidh.

[EN]

Cumhacht ceannasaí aerárthaigh duine a sheachadadh don Gharda Síochána nó d'údaráis inniúla.

7.—(1) Má bhíonn foras réasúnach ag ceannasaí aerárthaigh atá cláraithe i stát chonradh Tóiceo a chreidiúint gníomh a bheith déanta ag duine ar bhord an aerárthaigh agus í ar eitilt in aon áit arb é a thuairim gur cion tromchúiseach é faoi dhlí coiriúil stát cláraitheachta an aerárthaigh, féadfaidh an ceannasaí, más sa Stát a chríochnóidh eitilt an aerárthaigh, an duine a sheachadadh do chomhlta den Gharda Síochána a luaithe is féidir tar éis don eitilt sin críochnú.

[EN]

(2) Má bhíonn foras réasúnach ag ceannasaí aerárthaigh faoi urlámhas Éireannach a chreidiúint gníomh a bheith déanta ag duine ar bhord an aerárthaigh agus í ar eitilt in aon áit arb é a thuairim gur cion tromchúiseach é faoi dhlí coiriúil an Stáit, féadfaidh an ceannasaí, más lasmuigh den Stát i gcríoch stát chonradh Tóiceo a chríochnóidh eitilt an aerárthaigh, an duine a sheachadadh d'údaráis inniúla an stáit sin a luaithe is féidir tar éis don eitilt sin críochnú.

[EN]

Dualgas ceannasaí aerárthaigh fógra a thabhairt don údarás iomchuí go go bhfuil sé chun duine a sheachadadh.

8.—(1) Tabharfaidh ceannasaí aerárthaigh, más féidir é sula gcríochnóidh sí a heitilt, agus, ar aon nós, a luaithe is féidir é tar eis di a heitilt a chríochnú, sa Stát agus duine ar bord atá sé chun a sheachadadh do chomhalta den Gharda Síochána de bhun alt 7 (1) den Acht seo, fógra don údarás iomchuí—

[EN]

(a) go bhfuil sé chun an duine a sheachadadh mar a dúradh, agus

[EN]

(b) ag insint na gcúiseanna leis an seachadadh sin.

[EN]

(2) Tabharfaidh ceannasaí aerárthaigh faoi urlámhas Éireannach, más féidir é sula gcríochnóidh sí a heitilt, agus, ar aon nós, a luaithe is féidir é tar éis di a heitilt a chríochnú, i gcríoch stát chonradh Tóiceo agus duine ar bord atá sé chun a sheachadadh d'údaráis inniúla an stáit sin de bhun alt 7 (2) den Acht seo, fógra don údarás iomchuí—

[EN]

(a) go bhfuil sé chun an duine a sheachadadh mar a dúradh, agus

[EN]

(b) ag insint na gcúiseanna leis an seachadadh sin.

[EN]

Dualgas ceannasaí aerárthaigh faisnéis a thabhairt.

9.—Tabharfaidh ceannasaí aerárthaigh don duine dá seachadfar aon duine de bhun alt 7 den Acht seo an fhianaise agus an fhaisnéis go léir i dtaobh an ghnímh lena mbaineann seachadadh an duine de bhun an ailt sin a bheidh go dleathach ina sheilbh de réir dlí stát cláraitheachta an aerárthaigh.

[EN]

Slánaíocht do cheannasaí aerárthaigh, etc.

10.—Ní bheidh ceannasaí aerárthaigh, comhalta d'fhoireann aerárthaigh, paisinéir in aerárthach, úinéir nó oibritheoir aerárthaigh ná aon duine a ndearnadh eitilt thar a cheann—

[EN]

(a) faoi réir a chionaithe sa Stát in aon ionchúiseamh coiriúil. ná

[EN]

(b) faoi dhliteanas damáistí sa Stát in aon chaingean shibialta.

[EN]

a thionscnófar i leith aon bheart a rinneadh in aghaidh aon duine de bhun foráil de chuid an Achta seo.

[EN]

Aerárthach a urghabháil go neamndhíeathach.

11.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás duine ar bord aerárthaigh agus í ar eitilt in aon áit—

[EN]

(a) a dhéanfaidh go neamhdhleathach, le forneart nó le bagairt fornirt, nó le himeaglú de chineál ar bith eile, an t-aerárthach sin a urghabháil nó urlámhas a fheidhmiú uirthi nó a chuirfidh isteach ar urlámhas an aerárthaigh sin ar dhóigh ar bith eile, nó

[EN]

(b) a thabharfaidh faoi ghníomh den sórt sin a dhéanamh nó a chabhróidh nó a neartóidh le duine a bheidh ag déanamh aon ghnímh den sórt sin nó ag tabhairt faoina dhéanamh, nó a chomhairleoidh nó a thabharfaidh chun críche go ndéanfar aon ghníomh den sórt sin,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion,

[EN]

(2) (a) Faoi réir forálacha an ailt seo, duine a dhéanfaidh, ar bord aerárthaigh agus í ar eitilt in aon áit, gníomh lena mbaineann an fo-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “gníomh lena mbaineann an fo-alt seo” gníomh foréigin arna dhéanamh, i ndáil le gníomh ar cion é faoi fho-alt (1) den alt seo, in aghaidh paisinéirí nó foireann an aerárthaigh áirithe agus ar chion indíotála é dá mba sa Stát a rinneadh é.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) ná fo-alt (2) den alt seo—

[EN]

(a) maidir le gníomh ar bhord aerárthaigh ar i gcríoch stát cláraitheachta an aerárthaigh dá háit turgabhála agus freisin dá háit tuirlingthe iarbhír, ná

[EN]

(b) maidir le gníomh a dhéanfar ar bhord aerárthaigh ar stát é a stát cláraitheachta atá ainmnithe in ordú a rinneadh de bhun fógra a cuireadh in iúl don Stát faoi Airteagal 5 de Choinbhinsiún na Háige agus a bhfuil feidhm aige de thuras na huaire faoi alt 1 den Acht seo agus ar i gcríoch an stáit chéanna, is stát atá sonraithe san ordú sin, dá háit turgabhála agus freisin dá háit tuirlingthe iarbhír.

[EN]

(4) D'ainneoin fho-alt (3) den alt seo, beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) den alt seo maidir le gníomh ar aerárthach, lena n-áirítear aerárthach stáit—

[EN]

(a) más gníomh é ag duine is saoránach d'Éirinn nó ar sa Stát a chónaíonn sé de ghnáth, nó

[EN]

(b) más gníomh é a rinneadh sa Stát nó os cionn an Stáit, nó

[EN]

(c) más aerárthach faoi urlámhas Éireannach an t-aerárthach.

[EN]

(5) Má thuirlingíonn aerárthach ar chríoch an Stáit tar éis eitilte agus go mbeidh cúis ag comhalta den Gharda Síochána a chreidiúint go bhfuil ar bhord an aerárthaigh duine a rinne cion faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (2) den alt seo le linn na heitilte, féadfaidh an comhalta mar aon le haon chomhaltaí eile den Gharda Síochána dul gan bharántas isteach san aerárthach, agus féadfaidh aon duine mar sin a gheobhaidh sé san aerárthach a ghabháil gan bharántas.

[EN]

(6) Mura saoránach d'Éirinn duine a ghabhfar faoi fho-alt (5) den alt seo nó mura sa Stát a chónaíonn sé de ghnáth,

[EN]

(a) ansin, más eachtrannach é a bhféadfaí, faoin dlí a bhaineann le heachtrannaigh, diúltú cead a thabhairt dó teacht isteach sa Stát, measfar, chun críocha an dlí sin, gur eachtrannach é ar diúltaíodh an cead sin a thabhairt dó, agus

[EN]

(b) féadfar é a choinneáil i gcoimeád ar feadh tréimhse nach faide ná 48 n-uaire a chloig agus ansin, faoi réir alt 12 den Acht seo, é a scaoileadh saor:

[EN]

Ar choinníoll, áfach, nach scaoilfear é faoin alt seo má chúisítear i gcion faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (2) den alt seo é sula mbeidh an tréimhse 48 n-uaire a chloig caite.

[EN]

Feidhm Acht 1965 maidir le daoine a ghabhfar nó a sheachadfar faoin Acht seo.

12.—Aon duine a ghabhfar faoi alt 11 den Acht seo nó a sheachadfar do chomhalta den Gharda Síochána faoi alt 7 (1) den Acht seo measfar, ina theannta sin—

[EN]

(a) más i stát lena mbaineann Cuid II d'Acht 1965 atá an t-aerárthach iomchuí cláraithe agus (más saoránach d'Éirinn é) mura bhfuil eiseachadadh an duine sin toirmiscthe le halt 14 den Acht sin, é a bheith gafa de bhun barántas a eisíodh faoi alt 27 den Acht sin, agus

[EN]

(b) más in áit lena mbaineann Cuid III den Acht sin atá an t-aerárthach iomchuí cláraithe, é a bheith gafa de bhun barántas a eisíodh faoi alt 49 den Acht sin,

agus ní bheidh feidhm ag alt 15 d'Acht 1965 maidir le heiseachadadh duine lena mbaineann an t-alt seo.

[EN]

Srian le caingean a thionscnamh i leith sárú ar dhlíthe áirithe.

13.—Ní fhorléireofar aon fhoráil san Acht seo mar fhoráil a bhronnann údarás nó a chuireann ceangal ar cheannasaí aerárthaigh ná ar aon duine eile inti aon bheart a dhéanamh i leith cion is inphionóis faoi dhlíthe de chineál polaitiúil nó i leith cion atá bunaithe ar idirdhealú cine nó creidimh, mura bhfuil sábháilteacht an aerárthaigh nó daoine nó maoine ar bhord an aerárthaigh i gcontúirt mar gheall ar na cionta sin.

[EN]

Measfar nár tháinig daoine áirithe isteach sa Stát.

14.—I gcás duine is eachtrannach a bhféadfaí, faoin dlí a bhaineann le heachtrannaigh, diúltú cead a thabhairt dó teacht isteach sa Stát, a bheith sa Stát toisc amháin—

[EN]

(a) gur cuireadh ó bhord aerárthaigh é de bhun alt 5 den Acht seo, nó

[EN]

(b) gur seachadadh don Gharda Síochána é de bhun alt 7 den Acht seo, nó

[EN]

(c) gur gabhadh é faoi alt 11 den Acht seo,

[EN]

measfar, chun críocha an dlí sin, nár tháinig an duine sin isteach sa Stát.

[EN]

Mainneachtain fógra agus faisnéis a thabhairt d'údaráis.

15.—Beidh ceannasaí aerárthaigh a sháróidh alt 4, 6, 8, nó 9 den Acht seo ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

[EN]

Pionós i leith cionta faoi alt 11.

1907, c.17.

16.—(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 11 den Acht seo dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht lena shaol, nó príosúnacht ar feadh cibé téarma eile is cuí leis an gcúirt, a chur air.

[EN]

(2) Ní fhionróidh cúirt pianbhreith a tugadh faoin alt seo.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 1 (2) den Probation of Offenders Act. 1907, maidir le cion faoi alt 11 den Acht seo.

[EN]

Leasú ar alt 10 den Acht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963.

1963, Uimh. 15.

17.—Beidh éifeacht ag alt 10 den Acht Aerloingseoireachta (Euro-control), 1963 (a bhaineann le taifid a choimeád faoi ghluaiseachtaí aerárthaí agus le húsáid na dtaifead sin mar fhianaise), amhail is dá mbeadh tagairt do chion faoin Acht seo ar áireamh sa tagairt atá i bhfo-alt (1) (c) do chion.

[EN]

Caiteachais.

18.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh aon Aire Stáit ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

19.—(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1973, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1973, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1965, le chéile.

[EN]

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsula a cheapadh amhlaidh chun críocha éagsúla agus chun forálacha éagsúla.

[EN]

AN CHéAD SCEIDEAL

Coinbhinsiún

um Chionta agus Gníomhartha áirithe Eile a Dhéantar ar Bord Aerárthaí

Tá NA STáIT is Páirtithe sa Choinbhinsiún seo

TAR éIS COMHAONTú mar a leanas:

Caibidil I—Réim an Choinbhinsiúin

Airteagal 1

1. Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir le:

(a) cionta in aghaidh dlí phionósaigh;

(b) gníomhartha, cibé acu is cionta iad nó nach ea, a d'fhéadfadh bheith ina gcontúirt nó is contúirt do shábháilteacht an aerárthaigh nó daoine nó maoine inti nó is contúirt do dhea-ord agus araíonacht ar bord.

2. Ach amháin mar a fhoráiltear i gCaibidil III, beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo i leith cionta nó gníomhartha arna ndéanamh ag duine ar bhord aon aerárthaigh atá cláraithe i Stát Conarthach, le linn don aerárthach sin a bheith ar eitilt nó ar uachtar na mara móire nó aon limistéir eile lasmuigh de chríoch aon Stáit.

3. Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, meastar aerárthach a bheith ar eitilt ón nóiméad a fheidhmítear cumhacht le turgabháil go dtí an nóiméad a chríochnaíonn an rúid tuirlingthe.

4. Ní bhainfidh an Coinbhinsiún seo le haerárthaí a úsáidtear i seirbhísí míleata, custam nó póilíneachta.

Airteagal 2

Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 4 agus, ach amháin nuair a dhlífidh sábháilteacht an aerárthaigh nó daoine nó maoine ar bord é, ní fhorléireofar aon fhoráil atá sa Choinbhinsiún seo mar fhoráil a údaraíonn nó a cheanglaíonn aon ghníomh a dhéanamh i leith cionta in aghaidh dlíthe pionósacha de chineál polaitiúil nó dlíthe atá bunaithe ar idirdhealú cine nó creidimh.

Caibidil II—Dlínse

Airteagal 3

1. Tá Stát cláraitheachta an aerárthaigh inniúil ar dhlínse a fheidhmiú ar chionta agus ar ghníomhartha a dhéantar ar bord.

2. Déanfaidh gach Stát Conarthach cibé bearta is gá chun a dhlínse mar Stát cláraitheachta ar chionta a dhéantar ar bhord aerárthaigh atá cláraithe sa Stát sin.

3. Ní eisiann an Coinbhinsiún seo aon dlínse choiriúil a fheidhmítear de réir dlí náisiúnta.

Airteagal 4

Ní fhéadfaidh Stát Conarthach nach é an Stát cláraitheachta é cur isteach ar aerárthach agus í ar eitilt d'fhonn a dhlínse choiriúil a fheidhmiú ar chion a rinneadh ar bord ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) éifeacht a bheith ag an gcion ar chríoch an Stáit sin;

(b) gur náisiúnach nó buanchónaitheoir de chuid an Stáit sin a rinne an cion nó gur ina choinne a rinneadh é;

(c) gur cion é in aghaidh slándáil an Stáit sin;

(d) gurb é atá sa chion sárú ar aon rialacha nó rialacháin atá i bhfeidhm sa Stát sin i ndáil le heitilt nó le hinliú aerárthaí;

(e) gur gá dlínse a fheidhmiú chun a áirithiú go n-urramófar aon oibleagáid de chuid an Stáit sin faoi chomhaontú iltaobhach idirnáisiúnta.

Caibidil III—Cumhachtaí Ceannasaí Aerárthaigh

Airteagal 5

1. Ní bhainfidh forálacha na Caibidle seo le cionta ná le gníomhartha a bheidh déanta ag duine, nó a bheidh duine ar tí a dhéanamh, ar bhord aerárthaigh agus í ar eitilt in aerspás an Stáit chláraitheachta nó os cionn na mara móire nó aon limistéir eile lasmuigh de chríoch aon Stáit mura i Stát seachas an Stát cláraitheachta don phointe deireanach turgabhála nó don chéad phointe eile a mbeartaítear tuirlingt ann, nó go eitleoidh an t-aerárthach ina dhiaidh sin in aerspás Stáit seachas aerspás an Stáit chláraitheachta agus an duine sin fós ar bord.

2. D'ainneoin forálacha Airteagal 1, mír 3, measfar chun críocha na Caibidle seo aerárthach a bheith ar eitilt aon tráth ón nóiméad a dhúntar a doirse seachtracha go léir tar éis bordála go dtí an nóiméad a osclaítear aon doras den sórt sin le haghaidh díbhordála. I gcás tuirlingthe éigin, leanfaidh forálacha na Caibidle seo d'fheidhm a bheith acu i ndáil le cionta agus gníomhartha ar bord go dtí go ngabhfaidh údaráis inniúla Stáit freagracht orthu féin i leith an aerárthaigh agus i leith na ndaoine agus na maoine ar bord.

Airteagal 6

1. Féadfaidh ceannasaí an aerárthaigh, nuair a bheidh foras réasúnach aige a chreidiúint go bhfuil duine tar éis nó ar tí cion nó gníomh a shamhlaítear in Airteagal 1, mír 1, a dhéanamh ar bhord an aerárthaigh, cibé bearta is gá agus is réasúnach, lena n-áirítear srian, a fheidhmiú ar an duine sin:

(a) chun sábháilteacht an aerárthaigh, nó daoine nó maoine inti, a chosaint; nó

(b) chun dea-ord agus araíonacht a choimeád ar bord; nó

(c) chun go bhféadfaidh sé an duine sin a sheachadadh d'údaráis inniúla nó é a chur ó bhord de réir forálacha na Caibidle seo.

(2) Féadfaidh ceannasaí an aerárthaigh a cheangal ar chomhaltaí eile den fhoireann nó a údarú dóibh cúnamh a thabhairt agus féadfaidh sé a iarraidh ar phaisinéirí nó a údarú dóibh cúnamh a thabhairt ach ní chuirfidh sé de cheangal orthu cúnamh a thabhairt chun aon duine a shrianadh atá sé i dteideal a shrianadh. Féadfaidh aon chomhalta den fhoireann nó aon phaisinéir, freisin, bearta réasúnacha coisc a dhéanamh gan údarás den sórt sin nuair a bheidh foras réasúnach aige a chreidiúint gur gá an gníomh sin a dhéanamh láithreach le sábháilteacht an aerárthaigh nó daoine nó maoine inti a chosaint.

Airteagal 7

1. Ní leanfar thar aon phointe ina dtuirlingeoidh an t-aerárthach de bhearta srianta a fheidhmeofar ar dhuine de réir Airteagal 6 mura rud é:

(a) gur i gcríoch Stáit neamh-Chonarthaigh don phointe sin agus go ndiúltóidh údaráis an Stáit sin cead a thabhairt an duine sin a chur ó bhord nó gur feidhmíodh na bearta sin de réir Airteagal 6, mír 1 (c), le go bhféadfaí é a sheachadadh d'údaráis inniúla;

(b) gur tuirlingt éigin a dhéanfaidh an t-aerárthach agus nach mbeidh ar chumas cheannasaí an aerárthaigh an duine sin a sheachadadh d'údaráis inniúla; nó

(c) go n-aontóidh an duine sin le hiompar ar aghaidh faoi shrian.

2. Tabharfaidh ceannasaí an aerárthaigh, a luaithe is indéanta é, agus más féidir é roimh thuirlingt i gcríoch Stáit agus duine ar bord a bheidh curtha faoi shrian de réir forálacha Airteagal 6, fógra d'údaráis an Stáit sin go bhfuil duine ar bord faoi shrian agus ag insint na gcúiseanna atá leis an srianadh sin.

Airteagal 8

1. Féadfaidh ceannasaí an aerárthaigh, a mhéid is gá é chun críche fhomhír (a) nó (b) de mhír 1 d'Airteagal 6, aon duine a mbeidh foras réasúnach aige a chreidiúint go bhfuil sé tar éis nó ar tí gníomh a áirítear in Airteagal 1, mír 1 (b), a dhéanamh ar bhord an aerárthaigh a chur ó bhord i gríoch aon Stáit ina dtuirlingeoidh an t-aerárthach.

2. Tuairisceoidh ceannasaí an aerárthaigh d'údaráis an Stáit ina gcuirfidh sé aon duine ó bhord de bhun an Airteagail seo go bhfuil an duine sin curtha ó bhord aige agus na cúiseanna lena chur ó bhord.

Airteagal 9

1. Féadfaidh ceannasaí an aerárthaigh aon duine a sheachadadh d'údaráis inniúla aon Stáit Chonarthaigh a dtuirlingeoidh an t-aerárthach ina chríoch a mbeidh foras réasúnach aige a chreidiúint gníomh a bheith déanta aige ar bhord an aerárthaigh arb é a thuairim gur cion tromchúiseach é de réir dlí pionósach Stát cláraitheachta an aerárthaigh.

2. Tabharfaidh ceannasaí an aerárthaigh, a luaithe is indéanta é, agus más féidir é roimh thuirlingt i gcríoch Stáit Chonarthaigh agus duine ar bord a bheartaíonn ceannasaí an aerárthaigh a sheachadadh de réir na míre sin roimhe seo, fógra d'údaráis an Stáit sin go mbeartaíonn sé an duine sin a sheachadadh agus ag insint na gcúiseanna atá leis sin.

3. Tabharfaidh ceannasaí an aerárthaigh do na húdaráis dá seachadfar aon duine faoi amhras ciona de réir forálacha an Airteagail seo fianaise agus faisnéis a bheidh, faoi dhlí Stát cláraitheachta an aerárthaigh, go dleathach ina sheilbh.

Airteagal 10

Ní bhreithneofar ceannasaí an aerárthaigh, aon chomhalta eile den fhoireann, aon phaisinéir, úinéir nó oibritheoir an aerárthaigh ná an duine a ndearnadh an eitilt thar a cheann, freagrach i leith aon bhearta a rinneadh de réir an Choinbhinsiúin seo in aon imeacht i ngeall ar an gcóir a cuireadh ar an duine ar feidhmíodh na bearta sin ina choinne.

Caibidil IV—Aerárthach a Urghabháil go Neamhdhleathach

Airteagal 11

1. Nuair a bheidh duine ar bord tar éis gníomh toirmisc, urghabhála nó feidhmiú éagórach ar urlámhas aerárthaigh agus í ar eitilt a dhéanamh go neamhdhleathach le forneart nó le bagairt fornirt nó nuair a bheifear ar tí gníomh den sórt sin a dhéanamh, déanfaidh na Stáit Chonarthacha gach beart iomchuí chun urlámhas an aerárthaigh a thabhairt ar ais dá ceannasaí dleathach nó chun a urlámhas ar an aerárthach a chaomhnú.

2. Sna cásanna a luaitear sa mhír sin roimhe seo, tabharfaidh an Stát Conarthach ina dtuirlingeoidh an t-aerárthach cead dá paisinéirí agus dá foireann leanúint dá dturas a luaithe is indéanta sin, agus tabharfaidh sé an t-aerárthach agus a lasta ar ais do na daoine ar dleathach dóibh seilbh a bheith acu orthu.

Caibidil V—Cumhachtaí agus Dualgais Stát

Airteagal 12

Ceadóidh aon Stát Conarthach do cheannasaí aerárthach atá cláraithe i Stát Conarthach eile aon duine a chur ó bhord de bhun Airteagal 8, mír 1.

Airteagal 13

1. Glacfaidh aon Stát Conarthach seachadadh aon duine a sheachadfaidh ceannasaí an aerárthaigh de bhun Airteagal 9, mír 1.

2. Ar a bheith deimhin d'aon Stát Conarthach go ndlíonn na himthosca sin, tógfaidh sé i gcoimeád nó déanfaidh sé bearta eile lena chinntiú go mbeidh i láthair aon duine a mbeifear in amhras gníomh a shamhlaítear in Airteagal 11, mír 1, a bheith déanta aige agus freisin aon duine a mbeidh a sheachadadh glactha aige. Is mar a fhoráiltear i ndlí an Stáit sin a dhéanfar an coimeád agus na bearta eile ach ní leanfar díobh ach ar feadh cibé tréimhse is gá le réasún chun go bhféadfar aon imeachtaí coiriúla nó eiseachadta a thionscnamh.

3. Tabharfar d'aon duine a bheidh i gcoimeád de bhun na míre sin roimhe seo cúnamh chun teagmháil a dhéanamh láithreach leis an ionadaí cuí is cóngaraí de chuid an Stáit dar náisiúnach é.

4. Déanfaidh aon Stát Conarthach, dá seachadfar duine de bhun Airteagal 9, mír 1, nó a dtuirlingeoidh aerárthach ina chríoch tar éis gníomh a shamhlaítear in Airteagal 11, mír 1, a bheith déanta, réamfhiosrúchán láithreach faoi na fíorais.

5. Tar éis do Stát a bheith tar éis duine a thógáil i gcoimeád de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh sé fógra láithreach do Stát cláraitheachta an aerárthaigh agus don Stát dar náisiúnach an duine coinnithe agus, más cuí leis, d'aon Stát leasmhar eile, go bhfuil an duine sin i gcoimeád agus na himthosca a dhlíonn a choinneáil. Déanfaidh an Stát a dhéanfaidh an réamhfhiosrúchán a luaitear i mír 4 den Airteagal seo a chinneadh a thuairisciú go tapaidh do na Stáit sin agus cuirfidh sé in iúl an mbeartaíonn sé dlínse a fheidhmiú.

Airteagal 14

1. Nuair a bheidh aon duine curtha ó bhord de réir Airteagal 8, mír 1, nó seachadta de réir Airteagal 9, mír 1, nó tar éis dul ó bhord tar éis gníomh a shamhlaítear in Airteagal 11, mír 1, a dhéanamh, agus nuair nach féidir leis an duine sin nó nach mian leis leanúint dá thuras agus go ndiúltaíonn an Stát tuirlingthe é a ligean isteach, féadfaidh an Stát sin, mura náisiúnach nó buanchónaitheoir de chuid an Stáit sin an duine sin, é a chur ar ais go dtí críoch an Stáit dar náisiúnach nó buanchónaitheoir é nó go dtí críoch an Stáit inar thosaigh sé a aerthuras.

2. Ní mheasfar gur ligean isteach i gcríoch an Stáit Chonarthaigh lena mbaineann, chun críche a dhlí maidir le daoine teacht isteach nó a ligean isteach sa Stát sin, cur ó bhord, ná seachadadh, ná tógáil i gcoimeád ná bearta eile a shamhlaítear in Airteagal 13, mír 2, ná aischur an duine a bheidh i gceist, agus ní dhéanfaidh aon ní sa Choinbhinsiún seo difear do dhlí de chuid Stáit Chonarthaigh a bhaineann le daoine a ionnarbadh as a chríoch.

Airteagal 15

1. Gan dochar d'Airteagal 14, aon duine a bheidh curtha ó bhord de réir Airteagal 8, mír 1, nó seachadta de réir Airteagal 9, mír 1, nó a bheidh tar éis dul ó bhord tar éis gníomh a shamhlaítear in Airteagal 11, mír 1, a dhéanamh, agus ar mian leis leanúint dá thuras, féadfaidh sé, a luaithe is indéanta é, dul ar aghaidh go dtí aon cheann cúrsa is rogha leis mura gceanglóidh dlí an Stáit tuirlingthe air bheith i láthair le haghaidh imeachtaí eiseachadta nó coiriúla.

2. Gan dochar dá dhlí maidir le daoine teacht isteach agus a ligean isteach ina chríoch agus maidir le daoine a eiseachadadh agus a ionnarbadh as a chríoch, cuirfidh Stát Conarthach ar cuireadh duine ó bhord ina chríoch de réir Airteagal 8, mír 1, nó ar seachadadh duine ina chríoch de réir Airteagal 9, mír 1, nó ar tháinig duine ó bhord ina chríoch agus amhras air gníomh a shamhlaítear in Airteagal 11, mír 1, a bheith déanta aige, cóir ar an duine sin nach 1ú córtas dá chosaint agus dá shlándáil ná an chóir a chuirtear ar náisiúnaigh de chuid Stáit Chonarthaigh ina samhail de theagmhais.

Caibidil VI—Forálacha Eile

Airteagal 16

1. Déileálfar chun críocha eiseachadta le cionta a dhéantar ar aerárthaí atá cláraithe i Stát Conarthach amhail is dá mba chionta iad a rinneadh, ní amháin san áit inar tharla siad, ach fós i gcríoch Stát cláraitheachta na n-aerárthaí.

2. Gan dochar d'fhorálacha na míre sin roimhe seo, ní mheasfar go mbunaíonn aon ní sa Choinbhinsiún seo oibleagáid eiseachadadh a dheonú.

Airteagal 17

Le linn aon bhearta fiosraithe nó gabhála a bheith á ndéanamh nó le linn dlínse a bheith á feidhmiú ar shlí eile ag na Stáit Chonarthacha i ndáil le haon chion a rinneadh ar bord aerárthaigh, tabharfaidh siad aird chuí ar shábháilteacht agus leasanna eile na haerloingseoireachta agus gníomhóidh siad sa chaoi nach gcuirfear moill gan ghá ar an aerárthach, ar na paisinéirí, ar an bhfoireann ná ar an lasta.

Airteagal 18

Má bhunaíonn Stáit Chonarthacha comheagraíochtaí oibríochta aeriompair nó gníomhaireachtaí oibríochta idirnáisiúnta a bheidh ag oibriú aerárthaí nach mbeidh cláraithe in aon Stát áirithe, déanfaidh na Stáit sin, de réir imthosca an cháis, Stát as a líon a ainmniú a áireofar, chun críocha an Choinbhinsiúin seo, mar Stát cláraitheachta agus tabharfaidh siad fógra ina thaobh sin don Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus cuirfidh an Eagraíocht sin an fógra sin i bhfios do na Stáit go léir is Páirtithe sa Choinbhinsiún seo.

Caibidil VII—Clásail Chríochnaitheacha

Airteagal 19

Féadfar, go dtí an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir forálacha Airteagal 21, é a shíniú thar ceann aon Stát is Comhalta de na Náisiúin Aontaithe nó d'aon cheann de na Sainghníomhaireachtaí ar an dáta sin.

Airteagal 20

1. Beidh an Coinbhinsiún seo faoi réir a dhaingnithe ag Stáit a shínithe de réir a nósanna imeachta bunreachtúla.

2. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.

Airteagal 21

1. A luaithe a bheidh dhá cheann déag de na Stáit a shínigh an Coinbhinsiún seo tar éis a n-ionstraimí daingniúcháin a thaisceadh, tiocfaidh sé i bhfeidhm eatarthu an nóchadú lá tar éis dáta an dóú hionstraim déag daingniúcháin a thaisceadh. Tiocfaidh sé i bhfeidhm do gach Stát a dhaingneoidh é dá éis sin an nóchadú lá tar éis a ionstraim dhaingniúcháin a thaisceadh.

2. A luaithe a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, cláróidh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta é le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 22

1. Féadfaidh aon Stát is Comhalta de na Náisiún Aontaithe nó d'aon cheann de na Sainghníomhaireachtaí aontú don Choinbhinsiún seo tar éis dó teacht i bhfeidhm.

2. Aontóidh Stát trí ionstraim aontachais a thaisceadh leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus glacfaidh an t-aontachas sin éifeacht an nóchadú lá tar éis dáta an taiscthe sin.

Airteagal 23

1. Féadfaidh aon Stát Conarthach an Coinbhinsiún seo a shéanadh trí fhógra a bheidh dírithe chuig an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.

2. Glacfaidh séanadh éifeacht sé mhí tar éis don Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta an fógra séanta a fháil.

Airteagal 24

1. Déanfar aon díospóid idir dhá Stát Chonarthacha nó níos mó maidir le léiriú nó feidhmiú an Choinbhinsiúin seo nach féidir a shocrú trí iomairliú a chur chun eadrána ar cheann de na Stáit sin á iarraidh sin. Mura bhféadfaidh na Páirtithe, laistigh de shé mhí ón dáta a iarrfar an eadráin, comhaontú ar eagrú na headrána, féadfaidh aon Pháirtí díobh sin an díospóid a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta trí iarratas i gcomhréir le Reacht na Cúirte.

2. Féadfaidh gach Stát, le linn an Coinbhinsiún seo a shíniú nó a dhaingniú nó aontú dó, a dhearbhú nach measann sé é féin a bheith faoi cheangal ag an mír sin roimhe seo. Ní bheidh na Stáit Chonarthacha eile faoi cheangal ag an mír sin roimhe seo maidir le haon Stát Conarthach a chuir coinníoll den sórt sin.

3. Féadfaidh aon Stát Conarthach a chuir coinníoll de réir na míre sin roimhe seo an coinníoll sin a tharraingt siar tráth ar bith trí fhógra chuig an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta.

Airteagal 25

Ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagal 24 ní fhéadfar aon choinníoll a chur maidir leis an gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 26

Tabharfaidh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta fógra do na Stáit go léir is Comhaltaí de na Náisiúin Aontaithe nó d'aon cheann de na Sainghníomhaireachtaí i dtaobh na nithe seo a leanas:

(a) aon síniú a cuireadh leis an gCoinbhinsiún seo agus dáta an tsínithe sin;

(b) aon ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a taisceadh agus an dáta a taisceadh é;

(c) an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir Airteagal 21, mír 1;

(d) aon fhógra séanta a fháil agus an dáta a fuarthas é; agus

(e) aon dearbhú nó fógra a rinneadh faoi Airteagal 24 a fháil agus an dáta a fuarthas é.

Dá FHIANú SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, agus iad údaraithe go cuí, a lámh leis an gCoinbhinsiún seo.

ARNA DHéANAMH i dTóiceo an ceathrú lá déag de Mheán Fómhair Míle Naoi gCéad Seasca a Trí i dtrí théacs fhíordheimhneacha a tarraingíodh suas sa Bhéarla, sa Fhraincis agus sa Spáinnis.

Taiscfear an Coinbhinsiún seo leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus, de réir Airteagal 19, coimeádfaidh an Eagraíocht sin ar oscailt chun a shínithe é agus cuirfidh an Eagraíocht sin cóipeanna deimhnithe de go dtí na Stáit go léir is Comhaltaí de na Náisiún Aontaithe nó d'aon Sainghníomhaireacht.

(Sínithe thar ceann Stát áirithe anseo síos).

AN DARA SCEIDEAL

Coinbhinsiún

chun Cosc a Chur le hUrghabháil Neamhdhleathach Aerárthaí

Réamhrá

Tá NA STáIT is Páirtithe sa Choinbhinsiún seo

á BHREITHNIú DóIBH go ndéanann gníomhartha neamhdhleathacha lena ndéantar aerárthaí ar eitilt a urghabháil nó urlámhas a fheidhmiú orthu sábháilteacht daoine agus maoine a chur i gcontúirt, oibriú aersheirbhísí a mhórdhochrú agus muinín phobail an domhain i sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a lagú;

á BHREITHNIú DóIBH gur ábhar mór imní é gníomhartha den sórt sin tarlú;

á BHREITHNIú DóIBH go bhfuil géarghá, chun cosc a chur le gníomhartha den sórt sin, le bearta iomchuí a fhoráil chun ciontóirí a phionósú;

TAR éIS COMHAONTú MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Aon duine ar bord aerárthaigh agus í ar eitilt:

(a) a dhéanfaidh go neamhdhleathach, le forneart nó le bagairt fornirt, nó le himeaglú de chineál ar bith eile, seilbh a urghabháil ar an aerárthach sin nó urlámhas a fheidhmiú uirthi, nó a thabharfaidh faoi aon ghníomh den sórt sin a dhéanamh, nó

(b) is cúlpháirtí do dhuine a dhéanfaidh aon ghníomh den sórt sin nó a thabharfaidh faoina dhéanamh

beidh cion déanta aige (dá ngairtear “an cion” anseo feasta).

Airteagal 2

Gabhann gach Stát Conarthach air féin dianphionóis a ghearradh mar gheall ar an gcion sin.

Airteagal 3

1. Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, measfar aerárthach a bheith ar eitilt aon tráth ón nóiméad a dhúntar a doirse seachtracha go léir tar éis bordála go dtí an nóiméad a osclaítear aon doras den sórt sin le haghaidh díbhordála. I gcás tuirlingthe éigin, measfar an eitilt a bheith ar bun go dtí go ngabhfaidh na húdaráis inniúla freagracht orthu féin i leith an aerárthaigh agus i leith daoine agus maoine ar bord.

2. Ní bhainfidh an Coinbhinsiún seo le haerárthaí a úsáidtear i seirbhísí míleata, custam nó póilíneachta.

3. Ní bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo ach amháin nuair is lasmuigh de chríoch Stát cláraitheachta an aerárthaigh ar ar bord uirthi a rinneadh an cion atá áit turgabhála nó áit tuirlingthe iarbhír an aerárthaigh sin; ní bhainfidh sé le hábhar ar ar eitilt idirnáisiúnta nó ar eitilt intíre don aerárthach.

4. Sna cásanna a luaitear in Airteagal 5, ní bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo más laistigh de chríoch an Stáit chéanna atá áit turgabhála agus áit tuirlingthe iarbhír an aerárthaigh ar ar bord uirthi a rinneadh an cion, i gcás inar ceann de na Stáit dá dtagraítear san Airteagal sin an Stát sin.

5. D'ainneoin míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 6, 7, 8 agus 10 cibé áit ina dturgabhálfaidh an t-aerárthach nó ina dtuirlingeoidh sí iarbhír, má fhaightear an ciontóir nó an ciontóir líomhnaithe i gcríoch aon Stáit seachas Stát cláraitheachta an aerárthaigh sin.

Airteagal 4

1. Déanfaidh gach Stát Conarthach cibé bearta is gá chun a dhlínse a bhunú ar an gcion agus ar aon ghníomh foréigin in aghaidh paisinéirí nó foirne a dhéanfaidh an ciontóir líomhnaithe i ndáil leis an gcion, sna cásanna seo a leanas:

(a) nuair is ar bhord aerárthach atá cláraithe sa Stát sin a rinneadh an cion;

(b) nuair is ina chríoch agus an ciontóir líomhnaithe fós ar bord a thuirlingeoidh an t-aerárthach ar ar bord uirthi a rinneadh an cion;

(c) nuair is ar bhord aerárthach a léasaíodh gan foireann chun léasaí ar sa Stát sin atá a phríomh-áit ghnó nó, i gcás gan aon áit ghnó mar sin a bheith aige, a bhunáit chónaithe, a rinneadh an cion.

2. Mar an gcéanna déanfaidh gach Stát Conarthach cibé bearta is gá chun a dhlínse a bhunú ar an gcion i gcás an ciontóir líomhnaithe a bheith i láthar ina chríoch agus nach n-eiseachadfaidh sé é de bhun Airteagal 8 chun aon Stát dá luaitear i mír 1 den Airteagal seo.

3. Ní eisiann an Coinbhinsiún seo aon dlínse choiriúil a fheidhmítear de réir an dlí náisiúnta.

Airteagal 5

Na Stáit Chonarthacha a bhunóidh comheagraíochtaí oibríochta aeriompair nó gníomhaireachtaí oibríochta idirnáisiúnta a bheidh ag oibriú aerárthaí a bheidh faoi réir a gcláraithe i gcomhar nó go hidirnáisiúnta, ainmneoidh siad, ar mhodh cuí, as a líon, i ndáil le gach aerárthach, an Stát díobh a fheidhmeoidh dlínse, agus ag a mbeidh airíona, an Stáit Chláraitheachta chun críche an Choinbhinsiúin seo agus tabharfaidh siad fógra ina thaobh sin don Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, agus cuirfidh an Eagraíocht sin an fógra sin in iúl do gach Stát is Páirtí sa Choinbhinsiun seo.

Airteagal 6

1. Ar a bheith deimhin d'aon Stát Conarthach, a mbeidh an ciontóir nó an ciontóir líomhnaithe ina chríoch, go ndlíonn na himthosca sin, tógfaidh sé an duine sin i gcoimeád nó déanfaidh sé bearta eile lena chinntiú go mbeidh sé i láthair. Is mar a fhoráiltear i ndlí an Stáit sin a dhéanfar an coimeád agus na bearta eile ach ní leanfar díobh ach ar feadh cibé tréimhse is gá chun go bhféadfar aon imeachtaí coiriúla nó eiseachadta a thionscnamh.

2. Déanfaidh an Stát sin réamhfhiosrúchán láithreach faoi na fíorais.

3. Tabharfar cúnamh d'aon duine a bheidh i gcoimeád de bhun mhír 1 den Airteagal seo chun teagmháil a dhéanamh láithreach leis an ionadaí cuí is cóngaraí de chuid an Stáit dar náisiúnach é.

4. Tar éis do Stát a bheith tar éis duine a thógáil i gcoimeád de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh sé fógra láithreach do Stát cláraitheachta an aerárthaigh, don Stát a luaitear in Airteagal 4, mír 1 (c), don Stát dar náisiúnach an duine coinnithe agus, más cuí leis é, d'aon Stáit leasmhara eile, go bhfuil an duine sin i gcoimeád agus na himthosca a dhlíonn a choinneáil. Déanfaidh an Stát a dhéanfaidh an réamhfhiosrúchán a luaitear i mír 2 den Airteagal seo a chinneadh a thuairisciú go tapaidh do na Stáit sin agus cuirfidh sé in iúl an mbeartaíonn se dlínse a fheidhmiú.

Airteagal 7

Beidh an Stát Conarthach ar ina chríoch a gheofar an ciontóir líomhnaithe, mura n-eiseachadfaidh sé é, faoi oibleagáid, gan eisceacht ar bith agus cibé acu ar ina chríoch nó nach ea a rinneadh an cion, an cás a chur faoi bhráid a údarás inniúil chun críche ionchúisimh. Déanfaidh na húdaráis sin a gcinneadh sa tslí chéanna ina ndéanfaidís i gcás aon ghnáthchion tromchúiseach faoi dhlí an Stáit sin.

Airteagal 8

1. Measfar an cion a bheith ar áireamh mar chion ineiseachadta in aon chonradh eiseachadta atá i bhfeidhm idir Stáit Chonarthacha. Gabhann na Stáit Chonarthacha orthu féin an cion sin a áireamh mar chion ineiseachadta i ngach conradh eiseachadta a dhéanfaidh siad le chéile.

2. Má fhaigheann Stát Conarthach a chuireann de choinníoll le heiseachadadh conradh a bheith ann iarratas ar eiseachdadh ó Stát Conarthach eile nach bhfuil aon chonradh eiseachadta aige leis, féadfaidh sé dá rogha féin a mheas gur bonn dlíthiúil le haghaidh eiseachadta i leith an chiona an Coinbhinsiún seo. Beidh an t-eiseachadadh faoi réir na gcoinníollacha eile a fhoráiltear le dlí an Stáit iarrtha.

3. I gcás Stáit Chonarthacha nach gcuireann de choinníoll le heiseachadadh conradh a bheith ann, féachfaidh siad ar an gcion mar chion ineiseachadta eatarthu féin faoi réir na gcoinníollacha a fhoráiltear le dlí an Stáit iarrtha.

4. Chun críocha eiseachadta idir Stáit Chonarthacha, déileálfar leis an gcion mar chion a rinneadh, ní amháin san áit inar tharla sé ach fairis sin i gcríocha na Stát a gceanglaítear orthu a ndlínse a bhunú de réir Airteagal 4, mír 1.

Airteagal 9

1. Nuair a bheidh aon ghníomh dá luaitear in Airteagal 1 (a) tar éis nó ar tí tarlú, déanfaidh Stáit Chonarthacha gach beart iomchuí chun urlámhas an aerárthaigh a thabhairt ar ais dá ceannasaí dleathach nó chun a urlámhas ar an aerárthach a chaomhnú.

2. Sna cásanna a shamhlaíonn an mhír sin roimhe seo, cuirfidh aon Stát Conarthach ina mbeidh an t-aerárthach nó a paisinéirí nó a foireann ar a ndeis do na paisinéirí agus don fhoireann leanúint dá dturas a luaithe is indéanta sin, agus tabharfaidh sé an t-aerárthach agus a lasta ar ais gan mhoill do na daoine ar dleathach dóibh seilbh a bheith acu orthu.

Airteagal 10

1. Tabharfaidh na Stáit Chonarthacha an oiread cúnaimh agus is féidir dá chéile i ndáil le himeachtaí coiriúla maidir leis an gcion agus na gníomhartha eile a luaitear in Airteagal 4. Is ag dlí an Stáit iarrtha a bheidh feidhm i ngach cás.

2. Ní bhainfidh forálacha mhír 1 den Airteagal seo le hoibleagáidí faoi aon chonradh eile, déthaobhach nó iltaobhach, a rialaíonn nó a rialóidh, go hiomlán nó go páirteach, comhchúnamh in ábhair choiriúla.

Airteagal 11

Tabharfaidh gach Stát Conarthach de réir a dhlí náisiúnta aon fhaisnéis iomchuí a bheidh ina sheilbh do Chomhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta a luaithe is féidir i dtaobh na nithe seo a leanas:

(a) imthosca an chiona;

(b) an beart a rinneadh de bhun Airteagal 9;

(c) na bearta a rinneadh maidir leis an gciontóir nó leis an gciontóir líomhnaithe, agus, go háirithe, an toradh a bhí ar aon imeachtaí eiseachadta nó imeachtaí dlíthiúla eile.

Airteagal 12

1. Déanfar aon díospóid idir dhá Stát Chonarthacha nó níos mó maidir le léiriú nó feidhmiú an Choinbhinsiúin seo nach féidir a shocrú trí iomairliú a chur chun eadrána ar cheann de na Stáit sin á iarraidh sin. Mura bhféadfaidh na Páirtithe, laistigh de shé mhí ón dáta a iarrfar an eadráin, comhaontú ar eagrú na headrána, féadfaidh aon Pháirtí díobh sin an díospóid a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta trí iarratas i gcomhréir le Reacht na Cúirte.

2. Féadfaidh gach Stát, le linn an Coinbhinsiún seo a shíniú nó aontú dó, a dhearbhú nach measann sé é féin a bheith faoi cheangal ag an mír sin roimhe seo. Ní bheidh na Stáit Chonarthacha eile faoi cheangal ag an mír sin roimhe seo maidir le haon Stát Conarthach a chuir coinníoll den sórt sin.

3. Féadfaidh aon Stát Conarthach a chuir coinníoll de réir na míre sin roimhe seo an coinníoll sin a tharraingt siar tráth ar bith trí fhógra chuig na Rialtais Taiscíochta.

Airteagal 13

1. Beidh an Coinbhinsiún seo ar ocsailt chun a shínithe sa Háig an 16 Nollaig, 1970, ag Stáit a bhi páirteach sa Chomhdháil Idirnáisiúnta um Aerdhlí a comóradh sa Háig ón 1 go dtí an 16 Nollaig, 1970 (dá ngairtear Comhdháil na Háige anseo feasta). Tar éis an 31 Nollaig, 1970, beidh an Coinbhinsiún ar oscailt do gach Stát chun a shínithe i Moscó, i Londain agus i Washington. Aon Stát nach síneoidh an Coinbhinsiún seo sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm de réir mhír 3 den Airteagal seo féadfaidh sé aontú dó tráth ar bith.

2. Beidh an Coinbhinsiún seo faoi réir a dhaingnithe ag Stáit a shínithe. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin agus na hionstraimí aontachais le Rialtas Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha, le Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus le Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus na Rialtais Taiscíochta a ghairtear leis seo de na Rialtais sin.

3. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bheidhm tríocha lá tar éis an dáta a dhéanfaidh deich Stát a shínigh an Coinbhinsiún seo agus a bhí páirteach i gComhdháil na Háige ionstraimí daingniúcháin a thaisceadh.

4. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm do Stáit eile ar an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir mhír 3 den Airteagal seo, nó tríocha lá tar éis an dáta a thaiscfidh siad a n-ionstraimí daingniúcháin nó aontachais, cibé acu is déanaí.

5. Cuirfidh na Rialtais Taiscíochta in iúl go tapaidh do na Stáit go léir a shínigh an Coinbhinsiún seo agus a d'aontaigh dó an dáta a rinneadh gach síniú, an dáta a taisceadh gach ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais, an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, agus fógraí eile.

6. A luaithe a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, cláróidh na Rialtais Taiscíochta é de bhun Airteagal 102 de Chairt na Náisiún Aontaithe agus de bhun Airteagal 83 den Choinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta (Chicago, 1944).

Airteagal 14

1. Féadfaidh aon Stát Conarthach an Coinbhinsiún seo a shéanadh trí fhógra scríofa chuig na Rialtais Taiscíochta.

2. Glacfaidh séanadh éifeacht sé mhí tar éis do na Rialtais Taiscíochta fógra a fháil.

Dá FHIANú SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, agus iad údaraithe go cuí chuige sin ag a Rialtais, a lámh leis an gCoinbhinsiún seo.

Arna dhéanamh sa Háig, an séú lá déag seo de Nollaig, míle naoi gcéad agus seachtó, i dtrí scríbhinn bhunaidh ar tarraingíodh suas gach ceann acu i gceithre théacs fhíordheimhneacha sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Rúisis agus sa Spáinnis.

(Sínithe thar ceann Stát áirithe anseo síos).