[EN]

Uimhir 29 de 1977


[EN]

AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA, PARLAIMINTE AGUS BREITHIÚNACHA (LEASÚ), 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ), 1938 GO 1973, NA nACHTANNA UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE, 1938 GO 1973, AGUS ACHTANNA NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961 GO 1977. [8 Nollaig, 1977] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

CUID I

Réamhráiteach

[EN]

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1.—(1) Féadfar an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomh altaí) agus Oifigí Aireachta, Parlaiminte agus Breithiúnacha (Leasú), 1977, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin, le hordú nó le horduithe ón Rialtas, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla.

[EN]

Léiriú.

2.—San Acht seo ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1973.

CUID II

Leasú ar na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1973

[EN]

Comhlua (Cuid II).

3.—Féadfar na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1977, a ghairm de na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1973, agus den Chuid seo den Acht seo le chéile.

[EN]

Leasú ar alt 3A d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938.

4.—Leasaítear leis seo alt 3A d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938 (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1973), tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

[EN]

“(3) Leagfar ordú faoin alt seo faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, agus ní thiocfaidh an t-ordú i ngníomh sula mbeidh an lá is fiche sin caite ach faoi réir a bhfuil anseo roimhe seo tosóidh sé de réir a théarmaí.”.

CUID III

Leasú ar na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1973

[EN]

Léiriú agus comhlua (Cuid III).

5.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1968;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte, 1938.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1977, a ghairm de na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1973, agus den Chuid seo den Acht seo le chéile.

[EN]

Leasú ar alt 3 den Acht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte.1938.

6.—Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

[EN]

“(2) Íocfar de thuarastal le gach Aire Stáit arna cheapadh faoi alt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, suim bhliantúil nach mó ná £4,727.”;

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

[EN]

“(4) Ní rachaidh líon iomlán na ndaoine a bheidh ag fáil tuarastal faoin alt seo aon tráth áirithe thar cúig is fiche.”.

[EN]

Leasú ar alt 8A den Acht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte, 1938.

7.—Leasaítear leis seo alt 8A (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1973) den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) d'fho-alt (1):

[EN]

“(c) an tsuim bhliantúil is iníoctha le gach Aire Stáit de bhun an ailt sin 3,”;

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

[EN]

“(3) Leagfar ordú faoin alt seo faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, agus ní thiocfaidh an t-ordú i ngníomh sula mbeidh an lá is fiche sin caite ach faoi réir a bhfuil anseo roimhe seo tosóidh sé de réir a théarmaí.”.

[EN]

Leasú ar alt 13 den Acht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte, 1938.

8.—Leasaítear leis seo alt 13 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “oifig cháilitheach”:

[EN]

“ciallaíonn ‘oifig cháilitheach’ oifig is oifig aireachta nó oifig Aire Stáit nó oifig rúnaíochta;”:

[EN]

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur i ndiaidh an mhínithe ar “oifig cháilitheach” (a cuireadh isteach leis an bhfo-alt seo):

[EN]

“ciallaíonn ‘oifig Aire Stáit’ an oifig chun a bhféadfar duine a cheapadh faoi alt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977.”.

[EN]

Iarmhartach.

9.—(1) I gcás duine a shealbhaíonn oifig Aire Stáit de bhun cheapachán faoi alt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, do scor den oifig sin a shealbhú, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

[EN]

(a) measfar, chun críocha ailt 14 agus 16 den Phríomh-Acht, gur shealbhaigh sé oifig rúnaíochta de réir brí an Phríomh-Achta agus forléireofar gach tagairt sna hailt sin 14 agus 16 d'oifig rúnaíochta mar thagairt a fholaíonn tagairt don oifig Aire Stáit sin a dúradh, agus

[EN]

(b) i gcás feidhm i ndáil leis a bheith ag fo-alt (3) (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1968) den alt sin 16, forléireofar an fo-alt sin agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt d'Aire Stáit a ceapadh amhlaidh an tagairt san fho-alt sin do Rúnaí Parlaiminte.

[EN]

(2) Chun críche alt 16 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 11 d'Acht 1968, is é a bheidh sa tsuim bhliantúil ab iníoctha de thuras na huaire mar thuarastal le Rúnaí Parlaiminte cibé suim a chinnfidh Aire na Seirbhíse Poiblí.

CUID IV

Leasú ar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1977

[EN]

Comhlua (Cuid IV).

10.—Folóidh an comhlua, Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1977, an Chuid seo den Acht seo.

[EN]

Leasú ar alt 46 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961.

11.—Déantar leis seo alt 46 (9) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 (a cuireadh isteach le halt 1 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) (Leasú) (Uimh. 2), 1968), a leasú tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

[EN]

“(c) Leagfar ordú faoin bhfo-alt seo faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, agus ní thiocfaidh an t-ordú i ngníomh sula mbeidh an lá is fiche sin caite ach faoi réir a bhfuil anseo roimhe seo tosóidh sé de réir a théarmaí.”.

Na hAchtanna Dá dTagraítear

Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961

1961, Uimh. 39.

Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) (Leasú) (Uimh. 2), 1968

1968, Uimh. 21.

An tAcht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte, 1938

1938, Uimh. 38.

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977

1977, Uimh. 28.

Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938

1938, Uimh. 34.

An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1968

1968, Uimh. 22.

An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1973

1973, Uimh. 22.