[EN]

Uimhir 29 de 1981


[EN]

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (FORÁLACHA SEALADACHA), 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH MÉADÚ, MAIDIR LE SEACHTAIN AMHÁIN I MÍ NA NOLLAG, 1981, AR PHINSIN, LIÚNTAIS ÁIRITHE AGUS SOCHAIR AIRITHE FAOIN ACHT LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1981 [24 Samhain, 1981] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Méadú ar phinsin, liúntais áirithe agus sochair áirithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981.

1.—I gcás duine a bheith nó teacht chun bheith i dteideal go n-íocfar leis aon cheann de na pinsin, na sochair nó na liúntais seo a leanas faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

[EN]

(a) pinsean míthreorach,

[EN]

(b) sochar báis mar phinsean,

[EN]

(c) pinsean seanaoise (ranníocach),

[EN]

(d) pinsean scoir,

[EN]

(e) sochar marthanóra faoi alt 87,

[EN]

(f) pinsean easláine,

[EN]

(g) sochar banchéile thréigthe,

[EN]

(h) pinsean baintrí (ranníocach),

[EN]

(i) liúntas dílleachta (ranníocach),

[EN]

(j) pinsean seanaoise,

[EN]

(k) pinsean dall,

[EN]

(l) pinsean baintrí (neamhranníocach),

[EN]

(m) pinsean dílleachta (neamhranníocach),

[EN]

(n) liúntas banchéile thréigthe,

[EN]

(o) liúntas do bhanchéile príosúnaigh,

[EN]

(p) liúntas cúnaimh shóisialaigh,

[EN]

(q) liúntas do bhean shingil,

[EN]

i leith na seachtaine dar tosach—

[EN]

(i) an 10ú lá de Nollaig, 1981, i gcás pinsean, sochar nó liúntas a luaitear ag mír (d), (f), (g), (n), (o), (p) nó (q) den alt seo, nó

[EN]

(ii) an 11ú lá de Nollaig, 1981, i gcás pinsean, sochar nó liúntas a luaitear ag mír (a), (b), (c), (e), (h), (i), (j), (k), (l) nó (m) den alt seo,

[EN]

déanfar aon mhéid is iníoctha leis mar phinsean, sochar nó liúntas den sórt sin (lena n-áirítear aon mhéaduithe) in aghaidh na seachtaine iomchuí a mhéadú suim is ionann agus an méid sin.

[EN]

Gearrtheideal.

2.—Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Sealadacha), 1981, a ghairm den Acht seo.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1