[EN]

harp.jpg


Uimhir 29 de 1988


[EN]

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (FOIRGNIMH ILSTÓRACHA), 1988


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Dualgais údarás áitiúil.

3.

Deimhniú nó dearbhú i ndáil le foirgneamh ilstórach.

4.

Foirgnimh ilstóracha nach raibh críochnaithe roimh thosach feidhme an Achta seo.

5.

Ceanglas deimhniú breise a chur faoi bhráid údaráis áitiúil.

6.

Foirgneamh ilstórach ar le húdarás áitiúil é.

7.

Cumhacht dul isteach i bhfoirgneamh le hiniúchadh a dhéanamh agus oibreacha agus bearta a sheoladh.

8.

Fógraí a sheirbheáil.

9.

Fógra faoi alt 2 a chomhlíonadh.

10.

Cumhacht faisnéis a éileamh maidir le húinéireacht foirgneamh.

11.

Rialacháin.

12.

Cionta.

13.

Cionta a ionchúiseamh.

14.

Pionóis.

15.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972

1972, Uimh. 10

An tAcht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, 1987

1987, Uimh. 30

harp.jpg


Uimhir 29 de 1988


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (FOIRGNIMH ILSTÓRACHA), 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE STRUCHTÚR FOIRGNEAMH ILSTÓRACH A MHEAS, MAIDIR LE hÚINÉIRÍ FOIRGNEAMH ILSTÓRACH DO CHUR DEI-MHNITHE I nDÁIL LEIS NA FOIRGNIMH SIN ISTEACH, AGUS MAIDIR LE NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [19 Iúil, 1988] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

folaíonn “foirgneamh” a chúirtealáiste;

[EN]

ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Acht na gCuideachtaí, 1963, agus aon achtachán atá le forléiriú in éineacht leis;

[EN]

ciallaíonn “duine inniúil”—

[EN]

(a) i ndáil le struchtúr foirgnimh, innealtóir cairte a bhfuil taithí aige ar struchtúr foirgneamh ilstórach a dhearadh nó a mheas faoi threoir cód cleachtais agus caighdeán iomchuí lena n-áirítear na cóid cleachtais agus na caighdeáin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó faoi threoir cód cleachtais agus caighdeán comhchineálach a aithnítear i mBallstát eile de na Comhphobail Eorpacha, agus

[EN]

(b) i ndáil le suiteáil gáis i bhfoirgneamh ilstórach, innealtóir cairte a bhfuil taithí aige ar shuiteálacha gáis le haghaidh foirgneamh a dhearadh nó a mheas faoi threoir cód cleachtais agus caighdeán iomchuí lena n-áirítear, más infheidhme iad, na cóid cleachtais agus na caighdeáin a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó faoi threoir cód cleachtais agus caighdeán comhchineálach a aithnítear i mBallstát eile de na Comhphobail Eorpacha, agus

[EN]

(c) i ndáil le dáileadh gáis i gcomharsanacht foirgnimh ilstóraigh nó i ndáil le seirbhísí gáis a sholáthar isteach chun an chéanna, innealtóir cairte a bhfuil taithí aige ar chórais dáilte gáis agus ar sheirbhísí gáis a dhearadh nó a mheas faoi threoir cód cleachtais agus caighdeán iomchuí lena n-áirítear, más infheidhme iad, na cóid cleachtais agus na caighdeáin a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó faoi threoir cód cleachtais agus caighdeán comhchineálach a aithnítear i mBallstát eile de na Comhphobail Eorpacha;

[EN]

ciallaíonn “gás” gás atá píopaithe nó gás i gcoimeádáin ar mó ná 500 millilítear a dtoilleadh;

[EN]

ciallaíonn “údarás áitiúil”—

[EN]

(a) i gcás contae, gan aon bhuirg nó ceantar uirbeach sa chontae sin a áireamh, comhairle an chontae,

[EN]

(b) i gcás contaebhuirge nó buirge eile, bardas na buirge, agus

[EN]

(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair,

[EN]

agus forléireofar tagairt do limistéar feidhmiúcháin údaráis áitiúil dá réir sin;

[EN]

ciallaíonn “foirgneamh ilstórach” foirgneamh arb é atá ann nó a n-áirítear ann cúig stór nó níos mó, agus íoslach á mheas mar stór, agus nach foirgneamh é ar críochnaíodh an tógáil air ar an 1ú lá d'Eanáir, 1950, nó roimhe;

[EN]

folaíonn “úinéir” i ndáil le foirgneamh ilstórach, léasaí ar an bhfoirgneamh nó ar aon chuid de faoi léas a bhfuil sé dá réir freagrach go hiomlán as deisiúcháin agus cothabháil agus duine a dhéanann, cibé acu ina aonar nó i gcomhar le daoine eile, bainisteoireacht ar an bhfoirgneamh nó, in éagmais aon duine den sórt sin, duine a dhéanann, cibé acu ina aonar nó i gcomhar le daoine eile, bainisteoireacht ar aon chuid den fhoirgneamh;

[EN]

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin;

[EN]

ciallaíonn “daingne” i ndáil le foirgneamh ilstórach, an tréith sin d'fhoirgneamh a chinntíonn, i gcás go mbaineann aon suaitheadh timpisteach don fhoirgneamh, nach dtiteann an déanmhas oiread is a bheadh ar neamhréir le méid an tsuaite;

[EN]

ciallaíonn “foirgneamh sonraithe” foirgneamh ilstórach a thógtar go hiomlán nó go páirteach trí urláir choincréite réamhtheilgthe a úsáid nach mbrathann a n-oibriú struchtúrach ar idirghníomhaíocht le coincréit in situ atá i gceangal go meicniúil leis an gcomhábhar réamhtheilgthe trína nascadh le treisiúchán boiriceach nó le fiar-chónascairí agus a fhaigheann tacaíocht ó chabhlacha nó ó phainéil choincréite réamhtheilgthe nó ó bhallaí saoirseachta.

[EN]

(2) I gcás foirgneamh a bheith suite go páirteach i limistéar feidhmiúcháin údaráis áitiúil amháin agus go páirteach i limistéar feidhmiúcháin údaráis áitiúil eile, measfar, chun críocha an Achta seo, é bheith i limistéir feidhmiúcháin gach údaráis díobh mura ndéanann na húdaráis áitiúla sin, trí chomhaontú eatarthu, údarás amháin díobh a ainmniú chun bheith ina údarás áitiúil maidir leis an bhfoirgneamh. Is é an t-údarás áitiúil a ainmneofar amhlaidh a bheidh ina údarás áitiúil maidir leis an bhfoirgneamh chun críocha an Achta seo, a fhad is a leanfaidh an comhaontú i bhfeidhm.

[EN]

Dualgais údarás áitiúil.

2.—(1) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an Achta seo déanfaidh gach údarás áitiúil clár de na foirgnimh ilstóracha go léir ina limistéar feidhmiúcháin a ullmhú agus a chothabháil.

[EN]

(2) I gcás gach foirgnimh ilstóraigh ar críochnaíodh an tógáil air roimh thosach feidhme an Achta seo déanfaidh an t-údarás áitiúil don limistéar feidhmiúcháin ina bhfuil an foirgneamh suite fógra a sheirbheáil ar dhuine ar dóigh leis an údarás áitiúil gurb úinéir ar an bhfoirgneamh é á cheangal air deimhniú maidir leis an bhfoirgneamh a thabhairt don údarás áitiúil de réir alt 3 den Acht seo.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo i ndáil le foirgneamh ilstórach ar le húdarás áitiúil é agus atá suite go hiomlán nó go páirteach i limistéar feidhmiúcháin an údaráis áitiúil.

[EN]

Deimhniú nó dearbhú i ndáil le foirgneamh ilstórach.

3.—(1) Déanfaidh duine ar a seirbheálfaidh údarás áitiúil fógra faoi alt 2 (2) den Acht seo—

[EN]

(a) deimhniú arna shíniú ag duine inniúil á dheimhniú gur foirgneamh sonraithe nó nach foirgneamh sonraithe an foirgneamh, nó

[EN]

(b) dearbhú reachtúil arna dhéanamh ag an duine sin á rá nach úinéir ar an bhfoirgneamh é,

[EN]

a chur faoi bhráid an údaráis áitiúil.

[EN]

(2) Gach deimhniú a chuirfear faoi bhráid údaráis áitiúil de bhun fho-alt (1) den alt seo agus a bhaineann le foirgneamh sonraithe deimhneofar ann gur mar a leanas don fhoirgneamh i dtuairim an duine inniúil—

[EN]

(a) gur tógadh an foirgneamh, faoi réir na nósanna imeachta agus na lamháltas a bhaineann le gnáthchleachtas tógála, de réir na gcód cleachtais agus na gcaighdeán iomchuí lena n-áirítear, más infheidhme, na cóid cleachtais agus na caighdeáin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo; nó

[EN]

(b) nach gcuirfear áititheoirí an fhoirgnimh sin ná daoine a thaithíonn é, ná daoine ina chomharsanacht, i mbaol a bhaineann le daingne an fhoirgnimh, ar baol é atá cuid ró-mhór níos mó ná an baol ina mbítear de ghnáth i bhfoirgneamh a tógadh, faoi réir na nósanna imeachta agus na lamháltas a bhaineann le gnáthchleachtas tógála, de réir na gcód cleachtais agus na gcaighdeán iomchuí lena n-áirítear, más infheidhme, na cóid agus na caighdeáin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo; nó

(c) go ndearnadh gach beart réasúnach mar atá leagtha amach sa deimhniú (lena n-áirítear, más iomchuí, na bearta a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo) chun go n-íoslaghdófaí, a mhéid is indéanta é, an baol atá ann damáiste timpisteach a dhéanamh don fhoirgneamh.

[EN]

Foirgnimh ilstóracha nach raibh críochnaithe roimh thosach feidhme an Achta seo.

4.—(1) I gcás foirgnimh ilstóraigh nach raibh an tógáil air críochnaithe roimh thosach feidhme an Achta seo, beidh sé de dhualgas ar gach duine lena mbaineann an t-alt seo, faoi réir fho-alt (3) den alt seo, deimhniú maidir leis an bhfoirgneamh a chur, de réir alt 3 den Acht seo, faoi bhráid an údaráis áitiúil ar ina limistéar feidhmiúcháin atá an foirgneamh suite, sula n-áitítear an foirgneamh nó aon chuid den fhoirgneamh.

[EN]

(2) Baineann an t-alt seo—

[EN]

(a) leis an duine a thógann an foirgneamh, más thar a cheann féin a thógann sé é, agus lena chomharbaí i dteideal;

[EN]

(b) leis an duine ar thar a cheann a thógtar an foirgneamh agus lena chomharbaí i dteideal.

[EN]

(3) Is leor mar chomhlíonadh ar fho-alt (1) den alt seo aon duine de na daoine lena mbaineann an t-alt seo do chur deimhniú maidir leis an bhfoirgneamh go léir faoi bhráid an údaráis áitiúil.

[EN]

Ceanglas deimhniú breise a chur faoi bhráid údaráis áitiúil.

5.—Má dheimhnítear i ndeimhniú a chuirtear faoi bhráid údaráis áitiúil faoi alt 3 (2) (c) den Acht seo go mbeidh cibé beart a bheidh leagtha amach sa deimhniú déanta i ndáil le foirgneamh sonraithe, ní dhéanfar aon bheart i ndáil leis an bhfoirgneamh sin a mbeadh d'éifeacht leis go ndéanfaí an beart a bheidh leagtha amach amhlaidh a chealú mura gcuireann úinéir de chuid an fhoirgnimh shonraithe faoi bhráid an údaráis áitiúil, ar ina limistéar feidhmiúcháin atá an foirgneamh suite, deimhniú breise, arna shíniú ag duine inniúil, á dheimhniú go ndearnadh gach beart réasúnach mar atá leagtha amach sa deimhniú sin chun go n-íoslaghdófaí, a mhéid is indéanta é, an baol atá ann damáiste timpisteach a dhéanamh de bhíthin an beart céadluaite a chealú.

[EN]

Foirgneamh ilstórach ar le húdarás áitiúil é.

6.—(1) Cuirfidh gach údarás áitiúil ar leis foirgneamh ilstórach atá ina limistéar feidhmiúcháin faoi deara deimhniú a ullmhú agus a shíniú ag duine inniúil á dheimhniú an foirgneamh sonraithe an foirgneamh, nó nach ea.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag forálacha ailt 3 (2) agus 5 den Acht seo maidir le deimhniú faoi fho-alt (1) den alt seo amhail is dá mba dheimhniú é a chuirtear faoi bhráid údaráis áitiúil faoin Acht seo.

[EN]

Cumhacht dul isteach i bhfoirgneamh le hiniúchadh a dhéanamh agus oibreacha agus bearta a sheoladh.

7.—(1) Chun críocha deimhniú a chur ar fáil faoi alt 3, 4, 5 nó 6 den Acht seo beidh úinéir ar an bhfoirgneamh nó ar aon chuid den fhoirgneamh agus a ghníomhaire i dteideal, tar éis fógra 14 lá a thabhairt d'aon úinéir nó áititheoir eile ar an bhfoirgneamh nó ar aon chuid den fhoirgneamh, dul isteach gach tráth réasúnach san fhoirgneamh, nó sa chuid sin den fhoirgneamh, lena mbaineann an fógra—

[EN]

(a) chun an foirgneamh nó an chuid sin den fhoirgneamh a iniúchadh d'fhonn na sonraí maidir le struchtúr an fhoirgnimh a shuíomh agus chun aon obair a sheoladh is gá chun na críche sin;

[EN]

(b) chun oibreacha a sheoladh chun cur le daingne an fhoirgnimh; nó

[EN]

(c) chun gach beart réasúnach a sheoladh chun go n-íoslaghdófaí, a mhéid is indéanta é, an baol atá ann damáiste timpisteach a dhéanamh don fhoirgneamh.

[EN]

(2) Is é an t-úinéir nó a ghníomhaire a dhéanfaidh slán aon dochar suaite a bhainfidh don fhoirgneamh ar oibreacha nó bearta de bhun an ailt seo is cúis leis.

[EN]

(3) Beidh an t-úinéir, nó a ghníomhaire, agus é ag feidhmiú a chumhachtaí faoin alt seo, i dteideal cibé daoine nó cibé trealamh a mheasfaidh sé is gá chun cabhrú leis a thabhairt isteach leis san fhoirgneamh nó sa chuid sin den fhoirgneamh lena mbaineann an fógra agus beidh sé i dteideal aon iniúchadh, obair nó beart a sheoladh is gá chun an deimhniú a sholáthar.

[EN]

(4) Má tharlaíonn, de thoradh aon iniúchta, oibre nó beart a sheoltar de bhun an ailt seo, go sáraítear aon oibleagáidí conarthacha láithreacha atá ar úinéir nó ar áititheoir ar an bhfoirgneamh, nó ar aon chuid den fhoirgneamh, is cosaint leordhóthanach in aon chaingean i dtaobh foghla nó sáraithe conartha mar gheall ar an iniúchadh, an obair nó an beart sin, go raibh an t-iniúchadh, an obair nó an beart riachtanach chun an deimhniú a chur faoi bhráid an údaráis áitiúil.

[EN]

Fógraí a sheirbheáil.

8.—(1) I gcás go gceanglaítear leis an Acht seo fógra a sheirbheáil ar dhuine, nó a thabhairt dó, díreofar chuig an duine sin é agus féadfar é a sheirbheáil air, nó a thabhairt dó, ar shlí ar bith díobh seo a leanas—

[EN]

(a) i gcás go mbeidh an fógra dírithe chuig an duine sin faoina ainm, trína thabhairt dó;

[EN]

(b) tríd an bhfógra a fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine sin nó, i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála doiciméad tugtha, ag an seoladh sin;

[EN]

(c) tríd an bhfógra a chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuig an duine sin ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála doiciméad tugtha, ag an seoladh sin;

[EN]

(d) i gcás nach féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine sin a fhionnadh ó fhiosrú réasúnach—

[EN]

(i) tríd an bhfógra a sheachadadh ar dhuine éigin os cionn sé bliana déag d'aois a bheidh ina chónaí nó fostaithe san fhoirgneamh lena mbaineann an fógra, nó

[EN]

(ii) tríd an bhfógra a dhaingniú in áit fheiceálach ar an bhfoirgneamh lena mbaineann sé nó gar dó.

[EN]

(2) I gcás go gceanglaítear leis an Acht seo fógra a sheirbheáil ar úinéir foirgnimh nó a thabhairt dó agus nach féidir ainm an duine sin a fhionnadh ó fhiosrú réasúnach, féadfar an fógra a dhíriú chuig “an t-úinéir” gan é a ainmniú.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gur ina hoifig chláraithe atá gnáthchónaí ar chuideachta atá cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí, agus measfar gur ina phríomhoifig nó ina phríomháit ghnó atá gnáthchónaí ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe.

[EN]

(4) Má sheirbheáiltear fógra ar dhuine, nó má thugtar fógra dó, de bhun fho-alt (1) (d) den alt seo, foilseofar cóip den fhógra, laistigh de dhá sheachtain dá éis sin, i nuachtán amháin ar a laghad a léitear sa limistéar is déanaí inarb eol cónaí a bheith ar an duine.

[EN]

Fógra faoi alt 2 a chomhlíonadh.

9.—(1) I gcás go seirbheálfaidh údarás áitiúil fógra faoi alt 2 den Acht seo ar bhreis is aon duine amháin maidir le foirgneamh áirithe is leor mar chomhlíonadh ar an alt sin aon duine de na daoine sin, arb úinéir é, do chur deimhniú faoi bhráid an údaráis áitiúil maidir leis an bhfoirgneamh go léir.

[EN]

(2) Is cosaint leordhóthanach ar ionchúiseamh mar gheall ar mhainneachtain déanamh de réir fógra faoi aon fhoráil den Acht seo, an cosantóir do shuíomh—

[EN]

(a) nach féidir leis déanamh de réir an fhógra gan comhoibriú ó úinéirí eile ar an bhfoirgneamh nó go mbeadh sé míréasúnach a cheangal air é sin a dhéanamh, agus

[EN]

(b) gur iarr sé an comhoibriú sin agus nach bhfuair sé é.

[EN]

Cumhacht faisnéis a éileamh maidir le húinéireacht foirgneamh.

10.—Féadfaidh údarás áitiúil, chun a chur ar a gcumas a fháil amach cé leis aon fhoirgneamh, fógra i scríbhinn a thabhairt d'aon duine is áititheoir ar an bhfoirgneamh lena mbaineann nó ar chuid den fhoirgneamh sin nó a fhaigheann go díreach nó go hindíreach cíos i leith an fhoirgnimh nó cuid den fhoirgneamh, á cheangal ar an duine an méid seo a leanas a chur in iúl faoi cheann cibé tréimhse, nach lú ná 21 lá, a bheidh sonraithe san fhógra i scríbhinn—

[EN]

(a) cén cineál eastáit nó leasa atá aige féin san fhoirgneamh sin, agus

[EN]

(b) ainm agus seoladh aon duine eile arb eol dó eastát nó leas a bheith aige san fhoirgneamh nó i gcuid den fhoirgneamh nó arb eol dó gur duine é a dhéanann, cibé acu ina aonar nó i gcomhar le daoine eile, an foirgneamh nó aon chuid de a bhainistí nó a rialú.

[EN]

Rialacháin.

11.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an Achta seo.

[EN]

(2) Gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfar socrú a dhéanamh le rialacháin maidir le foirm cláir faoi alt 2 (1) den Acht seo nó foirm aon fhógra nó deimhnithe a bheidh le tabhairt faoi aon fhoráil den Acht seo nó maidir leis an am ar laistigh de a thabharfar aon fhógra nó deimhniú den sórt sin.

[EN]

(3) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

[EN]

Cionta.

12.—Aon duine—

[EN]

(a) a mhainneoidh, gan leithscéal dleathach, deimhniú a cheanglaítear a thabhairt de bhun alt 3 nó 4 den Acht seo a chur faoi bhráid údaráis áitiúil laistigh den am atá forordaithe, nó

[EN]

(b) a thabharfaidh, go feasach, deimhniú a bheidh bréagach nó míthreorach in aon slí, nó a chuirfidh go feasach deimhniú den sórt sin faoi bhráid údaráis áitiúil, nó

[EN]

(c) a dhéanfaidh dearbhú reachtúil chun críche alt 3 (1) (b) den Acht seo agus a fhios aige é bheith bréagach nó míthreorach in aon slí, nó

[EN]

(d) a sháróidh alt 5 den Acht seo, nó

[EN]

(e) a dhéanfaidh, aon tráth le linn na tréimhse trí mhí tar éis fógra a dhaingniú ar fhoirgneamh nó gar dó de bhun alt 8 (1) (d) (ii) den Acht seo, an fógra a thógáil anuas, a dhamáistiú nó a aghlot gan údarás dleathach, nó

[EN]

(f) ar údarás áitiúil á cheangal air, trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt faoi alt 10 den Acht seo, aon fhaisnéis a thabhairt dóibh, a mhainneoidh an fhaisnéis sin a thabhairt laistigh den tréimhse shonraithe nó a dhéanfaidh go feasach aon ráiteas mícheart maidir leis an bhfaisnéis sin, nó

[EN]

(g) a dhiúltóidh ligean d'úinéir a mbeidh fógra cuí tugtha aige dó faoi alt 7 den Acht seo, nó do ghníomhaire an úinéara sin, dul isteach san fhoirgneamh nó sa chuid sin den fhoirgneamh lena mbaineann an fógra nó aon duine nó trealamh a thabhairt leis i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoin alt sin, nó a chuirfidh cosc nó bac ar an úinéir nó ar a ghníomhaire i bhfeidhmiú na gcumhachtaí sin, nó

[EN]

(h) a dhiúltóidh nó a mhainneoidh, gan leithscéal dleathach, déanamh de réir iarrata chuige ó aon duine, ar a mbeidh fógra seirbheáilte faoi alt 2 (2) den Acht seo, chun comhoibriú leis an duine sin deimhniú a fháil de réir alt 3 den Acht seo,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcion.

[EN]

Cionta a ionchúiseamh.

13.—Féadfaidh údarás áitiúil cion faoin Acht seo a ionchúiseamh go hachomair.

[EN]

Pionóis.

14.—(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 12 (b), (c)(d) den Acht seo, dlífear—

[EN]

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná 12 mhí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

[EN]

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí bliana nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

[EN]

(2) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, seachas alt 12 (b), (c)(d), dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

[EN]

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

15.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Foirgnimh Ilstóracha), 1988, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

[EN]

AN CHÉAD SCEIDEAL

Na Cóid Cleachtais agus na Caighdeáin a Bhaineann le Dearadh Struchtúrach Foirgneamh

Alt 3.

1. (a)  An Cód Cleachtais maidir le hÚsáid Struchtúrach Coincréite: BSCP 110: Codanna 1, 2 agus 3: 1972;

(b)  Úsáid Struchtúrach Coincréite: An Cód Cleachtais maidir le Dearadh agus Tógáil agus Imthosca Speisialta: BS 8110: Codanna 1, 2 agus 3: 1985;

(c)  Úsáid Struchtúrach Coincréite Réamhtheilgthe: BSCP 116: 1969: agus Aguisín Uimh. 1 a ghabhann leis: BSCP 116: 1970;

(d)  An Cód Cleachtais maidir le Dearadh i dTógáil Simplí agus Leanúnach: Teascáin Teorollta: BS 5950: Cuid 1: 1985;

(e)  An Cód Cleachtais maidir le hÚsáid Saoirseachta: Úsáid Struchtúrach Saoirseachta Neamhthreisithe: BS 5628: Cuid 1: 1978;

(f)  An Cód Cleachtais maidir le hÚsáid Saoirseachta: Úsáid Struchtúrach Saoirseachta Treisithe agus Réamhstrusaithe: BS 5628: Cuid 2: 1985;

(g)  An Cód Cleachtais maidir le hÚsáid Saoirseachta: Dearadh agus Ceardaíocht Ábhar agus Comhpháirteanna: BS 5628: Cuid 3: 1985;

(h)  An Cód Cleachtais maidir le hÚsáid Saoirseachta: C.É. 325: Cuid 1: 1986;

(i)  Úsáid Struchtúrach Coincréite Treisithe i bhFoirgnimh: BSCP 114: 1969 ina gcorpraítear leasú a eisíodh Lúnasa, 1973 (AMD 1241).

2. Sa Sceideal seo—

(a) forléireofar tagairt do Chaighdeán Éireannach mar thagairt do Chaighdeán Éireannach arna fhoilsiú ag an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán (ar a dtugtar anois Eolas — Gníomhaireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta na hÉireann, de bhua alt 3 den Acht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, 1987) agus forléireofar tagairt do Chaighdeán Briotanach nó do Chód Cleachtais Briotanach mar thagairt do Chaighdeán Briotanach nó do Chód Cleachtais Caighdeánach Briotanach arna fhoilsiú ag an British Standards Institution,

(b) tagraíonn giorrúchán nó siombail atá sonraithe i mír 1 den Sceideal seo agus atá leagtha amach i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an mír seo do na nithe dá dtagraítear i gcolún (2) den Tábla sin os coinne lua an ghiorrúcháin nó na siombaile sin sa cholún sin (1).

AN TÁBLA

Giorrúchán nó siombail

Tagairt

(1)

(2)

BS

Sonraíocht Chaighdeánach Bhriotanach

BSCP

Cód Cleachtais Caighdeánach Briotanach

C.É.

Sonraíocht Chaighdeánach Éireannach

[EN]

AN DARA SCEIDEAL

Na Cóid Chleachtais agus Na Caighdeáin a Bhaineann le Gás a Shuiteáil i bhFoirgnimh

Alt 1.

1. (a)  Píopaí seirbhíse gáis a shuiteáil; C.É. 265: 1987;

(b)   An Cód Cleachtais le haghaidh príomhphíopaí dáilte gáis; C.É. 329: 1987;

(c)   Suiteálacha Tí ina n-úsáidtear Gás Peitriliam Leachtaithe; C.É. 327: 1987;

(d)   Suiteálacha Tí le haghaidh gáis mhonaraithe agus nádúrtha; C.C.É. 3: 1984/85;

(e)   Suiteálacha, nach suiteálacha tí, le haghaidh gáis mhonaraithe agus nádúrtha; C.C.É. 4: 1985/87;

(f)   Comhghairis: tine gháis/coire cúil; C.É. 280: 1986;

(g)   Coirí agus athfhillirí Teasa Lárnaigh; C.É. 281: 1986;

(h)   Tinte Gáis: C.É. 282: 1986;

(i)   Spás-téitheoirí gan mhúchán (seachas dó-théitheoirí catalaíocha) ina n-úsáidtear gáis 3ú aicme; C.É. 283: 1987;

(j)   Dó-théitheoirí catalaíocha gan mhúchán, gáis 3ú aicme; C.É. 284: 1987;

(k)   Gairis lomán gáis maisitheach agus gairis eile le héifeacht bhreosla le haghaidh gáis 2ú aicme agus 3ú aicme; C.É. 285: 1987;

(l)   Sábháilteacht Spás-téitheoirí gásdóiteacha gan mhúchán, gáis 1ú agus 2ú aicme (gan dó-fheistí catalaíocha a áireamh); C.É. 286: 1987;

(m)   Gairis Cócaireachta Tí a dhónn gás; C.É. 644: 1983; (NE 30: 1979);

(n)   Gairis a dhónn gás chun uisce d'úsáid tí a théamh láithreach; C.É. 645: 1983; (NE 26: 1975);

(o)   Sábháilteacht spás-téitheoirí gásdóiteacha infridhearga (seachas téitheoirí radanta tí); C.É. 800: 1987;

(p)   Aer-théitheoirí comhiompair fórsáilte dírghásdóiteacha (ionchur 60 KW go 2MW) le haghaidh gáis 2ú aicme; C.É. 801: 1987;

(q)   Aer-théitheoirí duchtaithe gásdóiteacha le gaothrán le haghaidh athfhillte: C.É. 803; 1987;

(r)   Coirí uisce te gásdóiteacha le hionchuir 60KW go 2MW; C.É. 804: 1987;

(s)   Teas uisce stórais gásdóiteach; C.É. 805: 1987;

(t)   Comhlaí do bhéal sorcóirí gáis peitriliam leachtaithe; C.É. 207: 1986;

(u)   Brú-rialtáin do ghás peitriliam leachtaithe; C.É. 208: 1986;

(v)   Aer-théitheoirí comhiompair fórsáilte gásdóiteacha neamhdhíreacha (ionchur 60KW go 2 MW) le haghaidh gáis 2ú aicme; C.É. 802: 1987;

(w)   Suiteálacha rialtáin le brú ionraoin suas go Bar 7 le haghaidh gáis nádúrtha agus gáis mhonaraithe; C.É. 809: 1987;

(x)   An Cód Cleachtais le haghaidh suiteáil píopaithe spás-téitheoirí gásdóiteacha daingnithe in áitribh nach áitribh tí, lena n-áirítear ionaid ina gcruinníonn daoine; C.É. 3212: 1987;

(y)   Stóráil sorcóirí agus cartús G.P.L; C.É. 3213: 1987;

(z)   Moltaí i dtaobh íoschaighdeán sábháilteachta le haghaidh suiteálacha gáis tí láithreacha; M.C. 8: 1982.

2. Sa Sceideal seo—

(a) tagairt do Chaighdeán Éireannach nó do Chód Cleachtais Éireannach is tagairt í do Chaighdeán Éireannach nó do Chód Cleachtais Éireannach arna fhoilsiú ag an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán (ar a dtugtar anois Eolas — Gníomhaireacht Eolaíochta agus Teicneolaíochta na hÉireann, de bhua alt 3 den Acht Eolaíochta agus Teicneolaíochta, 1987),

(b) tagraíonn giorrúchán nó siombail atá sonraithe i mír 1 den Sceideal seo agus atá leagtha amach i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an mír seo do na nithe dá dtagraítear i gcolún (2) den Tábla sin os coinne lua an ghiorrúcháin nó na siombaile sin sa cholún sin (1).

AN TÁBLA

Giorrúchán nó siombail

Tagairt

(1)

(2)

NE

Norm Eorpach

C.C.É.

Cód Cleachtais Éireannach

C.É.

Sonraíocht Chaighdeánach Éireannach

M.C.

Moladh Caighdeánach

[EN]

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Bearta Lena Chinntiú Nach bhFuil Aon Bhaol Míchuí Ann go nDéanfar Damáiste Timpisteach d'Fhoirgneamh Ilstórach

Alt 3.

1. Baill thábhachtacha d'fhoirgneamh a chosaint ar imbhualadh ó fheithiclí trí mhullaird, bualbhacainní nó cosaintí iomchuí eile a sholáthar.

2. An bhail atá ar shuiteálacha gáis a sheiceáil, a thástáil agus, i gcás gur gá é, caoi a chur orthu.

3. Suirbhéithe a sheoladh i dtaobh sceithí gáis san fhoirgneamh, timpeall ar an bhfoirgneamh agus ina chomharsanacht agus aon sceithí gáis, más ann dóibh, a dheisiú.

4. Na córais aerála le haghaidh seaftaí ardaitheora agus le haghaidh duchtaí seirbhíse san fhoirgneamh a sheiceáil agus, i gcás gur gá é, caoi a chur orthu.

5. An córas aerála le haghaidh seomraí ina bhfuil gairis gháis san fhoirgneamh a sheiceáil agus, i gcás gur gá é, caoi a chur air.

6. Séalú a dhéanamh ar oscailtí seirbhíse trí bhallaí tógála faoi leibhéal na talún.

7. Folúis faoin bhfoirgneamh a aeráil nó a líonadh.

8. A chinntiú go mbeidh aon seirbhís gáis i bhfolús san fhoirgneamh suite i muinchille aeráilte nó, i gcás gur gá é, seirbhís gáis a thógáil as an bhfolús.

9. Scor de bhiotáille pheitriliam, de réir bhrí alt 20 den Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972, a úsáid nó a stóráil san fhoirgneamh i gcoimeádáin ar mó ná 500 millilítear a dtoilleadh, agus srian a chur leis an úsáid nó leis an stóráil sin.

10. Scor de ghás a úsáid nó a stóráil san fhoirgneamh i gcoimeádáin ar mó ná 500 millilítear a dtoilleadh agus srian a chur leis an úsáid nó leis an stóráil sin.

11. Soláthairtí gáis go dtí an foirgneamh a ghearradh.