[EN]

Uimhir 30 de 1927.


[EN]

ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT) (LEASÍ), 1927.


ACHT CHUN LEATHNÚ DO DHÉANAMH AR AN TEORA AMA A FORCHUIRTEAR TRÍD AN ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT) (LEASÍ), 1926, LE TABHAIRT URRAÍOCHTAÍ AGUS IASACHTAÍ FEN ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT), 1924. [11adh Lúnasa, 1927.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an tAcht Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 (Uimh. 41 de 1924).

[EN]

An t-am i gcóir urraíochtaí, etc., fén bPríomh-Acht do leathnú.

2.—(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1926 (Uimh. 33 de 1926) agus ina ionad san achtuítear leis seo ná tabharfar aon urraíocht fé alt 1 den Phríomh-Acht tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1928.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 2 den Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1926, adubhradh agus ina ionad san achtuítear leis seo ná deonfar aon iasacht agus ná tabharfar aon urraíocht fé alt 2 den Phríomh-Acht tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1928.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

3.—(1) Féadfar an tAcht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1927, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 go 1927, do ghairm de sna hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 go 1926, agus den Acht so le chéile.