[EN]

Uimhir 30 de 1934.


[EN]

ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) (LEASÚ), 1934.


ACHT CHUN LEASUITHE AGUS LEATHNUITHE DO DHÉANAMH AR ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932. [26adh Iúl, 1934.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Míniú.

1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932).

[EN]

Fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht do leasú.

2.—Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht do leasú sna slite seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an tagairt don 1adh lá d'Abrán, 1935, atá i bhfo-mhír (iii) de mhír (b) léireofar í mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1936;

[EN]

(b) cuirfear isteach, i ndiaidh na fo-mhíre sin (iii) de mhír (b), fo-mhír nua mar leanas, sé sin le rá:—

[EN]

“(iv) cúig púint is dachad, más rud é gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar thógáil an tighe sin agus go mbeidh sí críochnuithe an 1adh lá d'Abrán, 1936, no dá éis, ach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1937”;

[EN]

(c) an tagairt atá i ngach ceann de sna míreanna (c), (d), (e), (f), (g), (h) agus (i) don 1adh lá d'Abrán, 1935, léireofar í mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1937,

[EN]

agus déanfar an fo-alt san do léiriú agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Méid iomlán na ndeontas do mhéadú.

3.—Athghairmtear leis seo fo-alt (5) d'alt 5 den Phríomh-Acht agus ina ionad san achtuítear leis seo ná raghaidh méideanna iomlána na ndeontas a dheonfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí fén alt san 5 fé mar a leasuítear é leis an Acht so, ná raghaidh san thar suim milleoin agus ceithre chéad míle púnt.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

4.—(1) Féadfar Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1934, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 agus 1934, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.