[EN]

Uimhir 30 de 1951.


[EN]

AN tACHT CÓGAISÍOCHTA, 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTACHÁN A BHAINEAS LE CÓGAISÍOCHT. [26ú Nollaig, 1951.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1890” an Pharmacy Act (Ireland), 1875, Amendment Act, 1890;

[EN]

ciallaíonn “an Chomhairle” Comhairle an Chumainn;

[EN]

ciallaíonn “drugadóir cláraithe láithreach” duine atá, ar dháta thosach feidhme an Achta seo, cláraithe sa chlár de dhrugadóirí cláraithe in Éirinn;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte;

[EN]

ciallaíonn “an tréimhse cháiliúcháin” an tréimhse trí bliana a thosnós ar dháta thosach feidhme an Achta seo;

[EN]

ciallaíonn an briathar “ordú” ordú le rialacháin arna ndéanamh ag an gcomhairle faoi réir forál an Phríomh-Achta;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Pharmacy Act (Ireland), 1875;

[EN]

ciallaíonn “an cláraitheoir” cláraitheoir an Chumainn;

[EN]

ciallaíonn “an Cumann” Cumann Cógaiseoirí na hÉireann.

[EN]

Clár na gcógaiseoirí agus na ndrugadóirí urghnaimh.

2.—(1) Coimeádfaidh an cláraitheoir clár dá ngairmfear clár na gcógaiseoirí agus na ndrugadóirí urghnaimh.

[EN]

(2) Aon drugadóir cláraithe láithreach a bhfuil deimhniú an Chumainn faighte aige á dheimhniú gur ghnóthaigh sé, i rith na tréimhse cáiliúcháin, scrúdú ar a cháilíochta a rinneadh de bhun ailt 3 den Acht seo, beidh sé, ar iarratas i scríbhinn a dhéanamh chun an chláraitheora, i dteideal a chláruithe i gclár na gcógaiseoirí agus na ndrugadóirí urghnaimh.

[EN]

(3) Nuair a clárófar duine i gclár na gcógaiseoirí agus na ndrugadóirí urghnaimh, bainfear a ainm de chlár na ndrugadóirí cláraithe in Éirinn.

[EN]

Scrúduithe.

3.—(1) Cuirfidh an chomhairle faoi ndear, i rith na tréimhse cáiliúcháin, na scrúduithe ordaithe a dhéanamh ó am go ham chun go scrúdófar cáilíochta drugadóirí cláraithe láithreacha chun a gcláruithe faoin Acht seo.

[EN]

(2) Cuirfear na scrúduithe ar siúl na trátha ordaithe agus sa tslí ordaithe agus is daoine a cheapfas an chomhairle, le haontú an Aire, a bheas ina scrúdóirí.

[EN]

Srian leis an teideal cógaiseoir agus drugadóir urghnaimh d'úsáid.

4.—Is neamhdhleathach do dhuine ar bith an teideal cógaiseoir agus drugadóir urghnaimh d'úsáid mura bhfuil sé cláraithe i gclár na gcógaiseoirí agus na ndrugadóirí urghnaimh, agus aon duine a ghníomhós contrártha don alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air.

[EN]

Díol nimheanna, etc.

5.—Beidh cógaiseoir agus drugadóir urghnaimh cláraithe i dteideal nimheanna nó oidis liachta a dhíol nó siopa a choimeád ar oscailt chun iad a mhionreic, d'urghnamh nó a chumasc.

[EN]

Deireadh le héifeacht alt 8 agus 10 d'Acht 1890.

6.—(1) Scoirfidh alt 8 d'Acht 1890 d'éifeacht a bheith aige ach amháin maidir le téarmaí seirbhíse mar phrintíseach nó cúntóir a thosnaigh roimh an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1951.

[EN]

(2) Scoirfidh alt 10 d'Acht 1890 d'éifeacht a bheith aige ach amháin maidir le printíseachta a thosnaigh roimh an 31ú lá de Dheireadh Fómhair, 1951.

[EN]

Leasuithe agus feidhmeanna iarmartacha.

7.—(1) Leasaítear leis seo alt 32 den Phríomh-Acht trí “or registered under the Pharmacy Act, 1951, as a dispensing chemist and druggist” a chur isteach i ndiaidh “registered under this Act as a pharmaceutical chemist”, “or dispensing chemist and druggist” a chur i ndiaidh “such pharmaceutical chemist” agus “or a dispensing chemist and druggist registered as such under the Pharmacy Act, 1951” a chur i ndiaidh “registered as such under this Act”.

[EN]

(2) Bainfidh fo-alt (2) d'alt 12 d'Acht 1890, agus na rialacháin chun críocha an fho-ailt sin, le cógaiseoir agus drugadóir urghnaimh cláraithe amhail is dá mbeadh sé cláraithe faoin Acht sin mar dhrugadóir cláraithe.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1890 trí “and of the register of dispensing chemists and druggists” a chur isteach i ndiaidh “register of registered druggists”.

[EN]

(4) Leasaítear leis seo alt 17 d'Acht 1890 trí “or registered dispensing chemist and druggist” a chur isteach i ndiaidh “registered druggist” agus i ndiaidh “duly qualified pharmaceutical chemist”.

[EN]

(5) Leasaítear leis seo alt 19 d'Acht 1890 trí “or of a registered dispensing chemist and druggist” a chur isteach i ndiaidh “licentiate of the Pharmaceutical Society”.

[EN]

(6) In aon fhoráil a déantar le haon Acht, nó faoi aon Acht, seachas an Príomh-Acht nó Acht 1890, forléireofar aon tagairt do dhrugadóir cláraithe mar thagairt a fholaíos tagairt do chógaiseoir agus drugadóir urghnaimh cláraithe.

[EN]

(7) Faoi réir an Achta seo, beidh éifeacht maidir le clár na gcógaiseoirí agus na ndrugadóirí urghnaimh freisin ag na forála a rinneadh leis an bPríomh-Acht maidir le Clár na gCógaiseoirí d'Éirinn.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

8.—(1) Féadfar an tAcht Cógaisíochta, 1951, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar an Príomh-Acht, Acht 1890 agus an tAcht seo a léamh le chéile agus d'fhorléiriú mar aon Acht amháin.

[EN]

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.