Uimhir 30 de 1983
ACHT NA bhFIACLÓIRÍ (LEASÚ), 1983
[An tiontú oifigiúil]
Téarma oifige Bhord na bhFiaclóirí a fhadú.
1.—Déantar leis seo téarma oifige chomhaltaí Bhord na bhFiaclóirí a bhí i seilbh oifige mar chomhaltaí den sórt sin ar dháta an Achta seo a rith a fhadú dhá bhliain agus, dá réir sin, leasaítear leis seo alt 4 (1) d'Acht na bhFiaclóirí, 1928, maidir leis na comhaltaí sin, trí “seacht mbliana” a chur in ionad “cúig mblian”.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
2.—(1) Féadfar Acht na bhFiaclóirí (Leasú), 1983, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achtanna na bhFiaclóirí, 1928 agus 1983, a ghairm d'Acht na bhFiaclóirí, 1928 agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar iad le chéile mar aon ní amháin.
An tAcht Dá dTagraítear | |