[EN]

Uimhir 31 de 1926.


[EN]

ACHT NA dTITHE, 1926.


ACHT CHUN ACHT NA dTITHE, 1925, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [16adh Iúl, 1926.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Míniú ar “Príomh-Acht.”

1.—San Acht so cialluíonn an focal “An Príomh-Acht” Acht na dTithe, 1925 (Uimh. 12 de 1925).

[EN]

Leasú ar fho-alt (3) d'alt 3 den Phríomh-Acht.

2.—Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 3 den Phríomh-Acht agus ina ionad san achtuítear leis seo ná raghaidh méid iomlán na ndeontaisí a deonfar fén alt san 3 thar suim £600,000.

[EN]

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

3.—Léireofar alt 6 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is dá gcuirtí na focail “no d'athdheanamh” isteach sa chéad chlás d'fho-alt (1) de díreach i ndiaidh an fhocail “thógáil” atá sa chlás san anois.

[EN]

Faidiú ar thréimhse oibrithe an Phríomh-Achta.

4.—(1) Beidh éifeacht ag Riail 5 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht fé is dá gcuirtí na focail “de thrí bliana go leith” isteach ann in ionad na bhfocal “d'ocht mí dheag” atá sa Riail sin anois.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag an Nóta atá le Cuid I. den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht fé is dá gcuirtí na focail “de thrí bliana go leith” isteach ann in ionad na bhfocal “d'ocht mí dhéag” agus na focail “na dtrí mblian go leith sin” in ionad na bhfocal “an ocht mí dhéag san.”

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

5.—(1) Féadfar Acht na dTithe, 1926, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar Achtanna na dTithe, 1925 agus 1926, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.