[EN]

Uimhir 31 de 1933.


[EN]

ACHT DÉANTÓIREACHTA SIÚICRE, 1933.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN CUIDEACHTAN DO BHUNÚ AGUS DO CHLÁRÚ DAR PRÍOMH-CHUSPÓIRÍ MONARCHANA SIÚICRE D'FHÁIL, DO THÓGÁIL, AGUS D'OIBRIÚ I SAORSTÁT ÉIREANN, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN AN AIRE AIRGID DO THÓGAINT SCAIR-CHAIPTAIL IS LEIS AN gCUIDEACHTAIN SIN, CHUN AN STÁIT DO THABHAIRT URRAÍOCHT MAIDIR LE DEBENTIÚIRÍ DO BHÉARFAIDH AN CHUIDEACHTA SAN AMACH, CHUN NA CUIDEACHTAN SAN DO THÓGAINT TAILIMH GO hÉIGEANTA AGUS CHUN Í DO DHÉANAMH OIBREACHA IOMPAIR AGUS IAD DO CHOIMEÁD SUAS AGUS D'OIBRIÚ AGUS I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [23adh Lúnasa, 1933.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal.

1.—Féadfar an tAcht Déantóireachta Siúicre, 1933, do ghairm den Acht so.

[EN]

Míniú.

2.—San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid.

[EN]

Costaisí an Aire.

3.—Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm agus ná deineann an tAcht so aon tsocrú eile ina chóir.

CUID II.

Comhlucht Siuicre Éireann, Teoranta.

[EN]

Comhlucht Siúicre Éireann, Teoranta, do bhunú agus do chlárú.

4.—Díreach ar an Acht so do rith déanfaidh an tAire gach ní is dóich leis is gá no is maith chun a thabhairt chun críche cuideachta theoranta (dá ngairmtear an Chuideachta san Acht so) bheidh do réir na gcoinníoll atá leagtha síos sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do bhunú agus do chlárú i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924.

[EN]

Iasacht don Chuideachtain chun costaisí a bunuithe d'íoc.

5.—(1) Amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas féadfaidh an tAire suim nách mó ná fiche míle púnt do thabhairt ar iasacht don Chuideachtain ar pé téarmaí agus coinníollacha, is ceart dar leis, maidir le ham agus modh aisíoctha, le ráta úis, le hurrús, agus le nithe eile ar bith.

[EN]

(2) Aon airgead do bhéarfar ar iasacht don Chuideachtain fén alt so déanfaidh an Chuideachta é do chur chun no mar chabhair chun íoctha na gcostaisí bhainfidh leis an gCuideachtain do chur ar aghaidh, do bhunú agus do chlárú agus chun no mar chabhair chun íoctha costaisí tosaigh eile na Cuideachtan agus ní chun crícheanna ar bith eile.

[EN]

(3) Íocfar isteach sa Stát-Chiste na suimeanna uile íocfaidh an Chuideachta leis an Aire chun no mar chabhair chun aisíoctha aon airgid do tugadh ar iasacht don Chuideachtain fén alt so no chun íoctha an úis ar an airgead san.

[EN]

Scairchaipitail leis an gCuideachtain do thabhairt amach.

6.—Faid a bheidh an deichiú cuid ar a laighead de scairchaipital na Cuideachtan ar seilbh ag an Aire, no faid a bheidh aon debentiúirí bheidh urruithe ag an Aire fén Acht so gan aisíoc, no faid is mó ráta an diúité chustum is inéilithe ar shiúicre a hiomportáltar isteach i Saorstát Éireann ná ráta an diúité mháil is inéilithe ar shiúicre deintear i Saorstát Éireann, ní tabharfar amach aon scair-chaipital is leis an gCuideachtain (seachas scairchaipital do bhéarfar amach do lucht sighnithe Mhemorandum Comhlachais na Cuideachtan) mara ndeinidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, an tabhairt-amach san d'údarú.

[EN]

An tAire d'fháil scaireanna is leis an gCuideachtain.

7.—Féadfaidh an tAire o am go ham aon tsaghas no saghsanna scaireanna is leis an gCuideachtain d'fháil tré iad do cheannach ach ní raghaidh méid iomlán na scaireanna do gheobhfar amhlaidh thar cúig céad míle púnt (in ainm-luach).

[EN]

An Stát do dhul in urrús ar dhebentiúirí na Cuideachtan.

8.—(1) Pé uair a bheidh an Chuideachta ar aigne aon debentiúirí do thabhairt amach féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, dul in urrús air, i pé fuirm agus slí is dóich leis is ceart, go n-íocfaidh an Chuideachta go cuibhe, do réir téarmaí na ndebentiúirí sin, an t-airgead colna agus an t-ús air sin a bheidh urruithe leis na debentiúirí sin.

[EN]

(2) Féadfaidh iontaobhaí, mara dtoirmisctear go soiléir é le hionstruim bunuithe an iontaobhais (más ann di) aon chistí iontaobhais a bheidh ar láimh aige do shuncáil, pe'ca suncálta dhóibh le n-a linn sin no nách eadh, in aon debentiúirí bheidh urruithe ag an Aire fén alt so.

[EN]

Airgead do bheith ina mhuirear ar an bPrímh-Chiste.

9.—(1) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc an airgid uile theastóidh o am go ham—

[EN]

(a) chun íocaíochtaí d'íoc is gá don Aire d'íoc leis an gCuideachtain alos aon scaireanna cheannóidh fén gCuid seo den Acht so, no

[EN]

(b) chun suimeanna d'íoc a thiocfaidh chun bheith iníoctha fé aon urraíocht a bheidh tugtha uaidh ag an Aire fén gCuid seo den Acht so alos an airgid a bheidh urruithe le debentiúirí do thug an Chuideachta amach.

[EN]

(2) Chun airgid do chur ar fáil i gcóir na suimeanna cuirtear ina muirear ar an bPrímh-Chiste leis an alt so féadfaidh an tAire aon tsuim no suimeanna d'fháil ar iasacht o aon duine, agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna do roimh-íoc leis an Aire, chun íoctha na suimeanna cuirtear ina muirear ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis leis an alt so, agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire urrúis do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé pé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte no éinní eile is oiriúnach leis.

[EN]

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrús do bhéarfar amach fén alt so agus muirear na gcostaisí fé na raghfar i dtaobh tabhairt-amach na n-urrús san.

[EN]

(4) Aon airgead a gheobhfar de bharr urrús do bhéarfar amach fén alt so cuirfear chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

[EN]

Dividenda, etc., d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

10.—Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach dividendum, bonus agus airgead eile do gheobhaidh an tAire alos scaireanna is leis an gCuideachtain agus fós gach suim airgid a bhainfidh an tAire amach in aisíoc airgid no mar ús ar airgead a bheidh an tAire tar éis a íoc fé aon urraíocht a bheidh tugtha uaidh aige fén gCuid seo den Acht so alos an airgid a bheidh urruithe le debentiúirí do thug an Chuideachta amach.

[EN]

Comhachta an Aire mar scaireánach.

11.—Féadfaidh an tAire, faid a bheidh i seilbh aon choda de scaireanna na Cuideachtan, feidhmiú do dhéanamh ar gach ceann no ar aon cheann de sna cirt agus de sna comhachta is infheidhmithe o am go ham ag sealbhóir na scaireanna san, agus i gcás na gceart no na gcomhacht san do bheith infheidhmithe tré atúrnae féadfaidh an tAire, más dóich leis san do bheith ceart, na cirt no na comhachta san d'fheidhmiú tré n-a atúrnae.

[EN]

Comhachta an Aire maidir le scaireanna bheidh ar seilbh aige.

12.—(1) Féadfaidh an tAire na scaireanna leis an gCuideachtain a bheidh ceannuithe aige fén gCuid seo den Acht so do choimeád chó fada agus is oiriúnach leis é agus féadfaidh na scaireanna san uile no aon chuid acu do dhíol fé mar agus nuair is oiriúnach leis é.

[EN]

(2) Déanfar, gach uair a dhíolfaidh an tAire scaireanna leis an gCuideachtain a bheidh ar seilbh aige, sochar glan an díola san d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

[EN]

An tAire do dhul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

13.—Sara bhfeidhmeoidh an tAire aon chomhacht ar n-a bronnadh air le hAirtiogail Chomhlachais na Cuideachtan maidir leis na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) stiúrthóirí don Chuideachtain d'ainmniú;

[EN]

(b) an Chuideachta do thabhairt debentiúirí amach,

[EN]

raghaidh i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

[EN]

Memorandum agus Airtiogail Chomhlachais na Cuideachtan d'atharú.

14.—D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, ní bheidh aon atharú déanfar i Memorandum Comhlachais no in Airtiogail Chomhlachais na Cuideachtan dleathach ná éifeachtúil mara bhfuighfear aontú roimh ré ón Aire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

[EN]

E bheith mar oblagáid cuntaisí cothromaíochta, etc., do thabhairt don Aire.

15.—(1) Bhéarfaidh an Chuideachta don Aire, laistigh de nócha lá tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta, cuntas cothromaíochta in aghaidh na bliana cuntasaíochta san agus fós cuntas sochair agus dochair in aghaidh na bliana cuntasaíochta céanna agus an dá chuntas san iniúchta go cuibhe ag iniúchóir na Cuideachtan.

[EN]

(2) An cuntas cothromaíochta agus an cuntas sochair agus dochair do bhéarfar mar adubhradh déanfar amach iad ar pé slí bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, agus beidh sa chuntas chothromaíochta san (i dteanta éinní is gá do réir na rialachán san do bheith ann) achmaireacht ar chaipital, ar shócmhainní, agus ar fhiachaisí na Cuideachtan, maraon leis na mion-innste sin is gá chun a thaisbeáint cadé an saghas na sócmhainní agus na fiachaisí sin agus conus a rinneadh amach luach na sócmhainní.

[EN]

(3) Bhéarfaidh an Chuideachta don Aire, ar san d'éileamh, pé mínithe is dóich leis an Aire is ceart d'iarraidh maidir le haon chuntas cothromaíochta no cuntas sochair agus dochair do tugadh do do réir an ailt seo.

[EN]

(4) Déanfaidh an tAire cóip de gach cuntas cothromaíochta agus de gach cuntas sochair agus dochair do bhéarfar do do réir an ailt seo do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas laistigh de mhí tar éis an chuntais chothromaíochta agus an chuntais shochair agus dhochair sin do thabhairt do amhlaidh.

[EN]

(5) Má thugann an Chuideachta faillí maidir le déanamh do réir aon cheann d'fhorálacha an ailt seo, beidh an Chuideachta agus fós gach stiúrthóir, bainisteoir agus oifigeach eile don Chuideachtain a rinne go feasach agus go toiliúil an fhaillí sin d'údarú no do cheadú ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur ortha in aghaidh gach lae leanfaidh an fhaillí.

[EN]

(6) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní dá dtagartar san alt so mar ní bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so.

[EN]

An tAcht chun Déantúisí do Rialú, 1932, do bheith gan feidhmiú.

16.—Ní bheidh feidhm ag an Acht chun Déantúisí do Rialú, 1932 (Uimh. 21 de 1932), maidir le gníomh no ní ar bith a dhéanfaidh an Chuideachta.

CUID III.

Comhachta Speisialta don Chuideachtain Maidir le Talamh, etc., do Thogaint go hEigeanta agus le hOibreacha Iompair do Dheanamh, do Choinneail i dTreo agus d'Oibriu.

[EN]

Oibreacha iompair.

17.—Chun crícheanna na Coda so den Acht so is oibreacha iompair gach ceann de sna hoibreacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) bóthar iarainn;

[EN]

(b) tram-bhealach;

[EN]

(c) cábla-bhealach san aer;

[EN]

(d) aon oibreacha eile chun earraí d'iompar.

[EN]

Teora ama chun comhacht fén gCuid seo d'fheidhmiú.

18.—Scuirfidh na comhachta bronntar ar an gCuideachtain leis an gCuid seo den Acht so de bheith infheidhmithe i gcionn cúig mblian o am an Achta so do rith.

[EN]

Ceart chun dul isteach ar thalamh.

19.—Féadfaidh an Chuideachta dul isteach ar aon talamh chun fiosrú, taighde, no scrúdú ar bith do dhéanamh ann is gá roimh éinní do dhéanamh, no bhaineann le héinní do dhéanamh, a húdaruítear don Chuideachtain leis an gCuid seo den Acht so do dhéanamh.

[EN]

Comhacht don Chuideachtain chun oibreacha iompair do dhéanamh, do choinneáil i dtreo, agus d'oibriú.

20.—(1) Féadfaidh an Chuideachta, chun crícheanna gnótha na Cuideachtan, na hoibreacha iompair sin is oiriúnach leo do dhéanamh, do choinneáil i dtreo agus d'oibriú.

[EN]

(2) Féadfaidh an Chuideachta a gcuid oibreacha iompair do dhéanamh, do choinneáil i dtreo, agus d'oibriú ar aon bhóthar no bealach puiblí no os cionn an chéanna.

[EN]

(3) Más rud é go bhféadfadh agus pe uair fhéadfadh, de dheascaibh aon oibreacha iompair ar n-a ndéanamh ag an gCuideachtain fén alt so do dhéanamh no do choinneáil i dtreo no d'oibriú, díobháil ar bith do theacht don phuiblíocht, déanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú, a cheangal ar an gCuideachtain gach ní do dhéanamh maidir leis na hoibreacha san is dóich leis is gá chun cosanta na puiblíochta agus a luadhfaidh san ordú san, agus beidh sé de dhualgas ar an gCuideachtain déanamh do réir mar a ceanglófar ortha leis an ordú san.

[EN]

An Chuideachta do thógaint tailimh, etc., go héigeanta.

21.—(1) Féadfaidh an Chuideachta, chun crícheanna gnótha na Cuideachtan, gach ní no einní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) talamh ar bith do thógaint go héigeanta (agus san go buan no go sealadach);

[EN]

(b) aon éasáid, cead slí, ceart uisce, ceart iascaigh, no ceart eile ar thalamh no uisce ar bith no maidir leis an gcéanna do thógaint go héigeanta (agus san go buan no go sealadach).

[EN]

(2) Féadfaidh an Chuideachta chun aon oibreacha iompair do dhéanamh, do choinneáil i dtreo agus d'oibriú ceachtar ní acu so leanas no iad araon do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) talamh ar bith do thógaint go héigeanta (agus san go buan no go sealadach);

[EN]

(b) aon cheart ar thalamh ar bith no maidir leis an gcéanna do thógaint go héigeanta (agus san go buan no go sealadach).

[EN]

(3) Aon uair tar éis an Achta so do rith agus roimh leithliú do dhéanamh no cúiteamh do dhéanamh amach féadfaidh an Chuideachta, fé réir forálacha an ailt seo, dul isteach ar thalamh ar bith agus seilbh do thógaint air, no ceart ar bith d'fheidhmiú a húdaruítear don Chuideachtain leis an alt so do thógaint go héigeanta.

[EN]

(4) Sara bhfeidhmeoidh aon chomhacht dá mbronntar ortha leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo déanfaidh an Chuideachta—

[EN]

(a) i gcás aon éasáide do thógaint go sealadach, fógra coicíse ar a laighead do thabhairt roimh ré i scríbhinn d'únaer na héasáide no na maoine eile bheidh i gceist;

[EN]

(b) i gcás tailimh ar bith do thógaint, fógra míosa ar a laighead no, más tigh comhnaithe ina ndeintear comhnaí an talamh san, fógra ráithe ar a laighead do thabhairt roimh ré i scríbhinn do shealbhaire na dtailte;

[EN]

(c) i gcás ar bith eile, fógra míosa ar a laighead do thabhairt i scríbhinn d'únaer an chirt no na maoine eile bheidh i gceist.

[EN]

(5) Beidh i dteanta gach fógra fén alt so plean ar a dtaisbeánfar go hiomlán agus go soiléir an talamh no an ceart le n-a mbaineann an fógra.

[EN]

(6) Chun aon fhógra ceangaltar, leis an alt so, do thabhairt do dhuine ar bith is leor é do chur tríd an bpost cláruithe i gclúdach fé sheoladh an duine sin san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige agus tuigfear an fógra san do thabhairt amhlaidh an uair a seachadfaí an clúdach san i ngnáth-chúrsa an phuist san áit gurb é a seoladh atá air.

[EN]

Cúiteamh d'íoc agus do dhéanamh amach.

22.—(1) Déanfaidh an Chuideachta cúiteamh, alos tailimh a thógfaidh an Chuideachta go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é) fé fho-alt (1) no fé fho-alt (2) den alt deiridh sin roimhe seo, d'íoc leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chuige no go mbeidh estáit no leasanna acu ann, agus cúiteamh, alos no i dtaobh éasáidí, cead slí, ceart uisce, ceart iascaigh, agus ceart eile tógfar go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é) fé fho-alt (1) den alt san, d'íoc le n-a n-únaer no leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chun an tailimh no go mbeidh estáit no leasanna acu sa talamh gur air no maidir leis a tógfar na cirt sin amhlaidh, agus cúiteamh, alos no i dtaobh ceart ar thalamh ar bith no maidir le talamh ar bith a tógfar go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é) fé fho-alt (2) den alt san, d'íoc le n-a únaer no leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chun an tailimh sin no go mbeidh estáit no leasanna acu ann, agus is eadrascánaí oifigiúil a shocróidh agus is fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir a socrófar an cúiteamh san cheal có-aontuithe.

[EN]

(2) Gach éileamh ar chúiteamh alos tailimh no cirt ar bith a tógfar go héigeanta fén gCuid seo den Acht so is laistigh de bhliain tar éis don Chuideachtain dul isteach den chéad uair ar an talamh san no tar éis dóibh an ceart san d'fheidhmiú den chéad uair a déanfar é.

[EN]

(3) Bainfidh ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, le cúiteamh ar bith is iníoctha ag an gCuideachtain fén alt so agus le maoin, corpordha no nea-chorpordha, thógfaidh an Chuideachta go héigeanta fén gCuid seo den Acht so do leithliú chúichi, agus chun críche na bainte sin tuigfear gurb í an Chuideachta bunuitheoir an ghnótha.

SCEIDEAL.

Coinniollacha go nDeanfaidh an Chuideachta da Reir.

1. Ní mór aontú an Aire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, d'fháil le Memorandum agus Airtiogail Chomhlachais na Cuideachtan.

2. Forálfar le Memorandum Comhlachais na Cuideachtan—

(a) gurb é ainm a bheidh ar an gCuideachtain ná Comhlucht Siúicre Éireann, Teoranta;

(b) gur i mBaile Atha Cliath a bheidh oifig chláruithe na Cuideachtan;

(c) go mbeidh ar phríomh-chuspóirí na Cuideachtan monarchana siúicre d'fháil, do thógáil agus d'oibriú i Saorstát Éireann;

(d) go mbeidh teora le fiachas ball na Cuideachtan;

(e) gur dhá mhilleon púnt a bheidh mar scair-chaipitail ag an gCuideachtain agus é roinnte ina dhá mhilleon scair de phúnt an scair agus go mbeidh comhacht ag an gCuideachtain, le toiliú an Aire, na scaireanna i gcaipital na Cuideachtan do roinnt ina saghsanna iomdha agus aon chirt, príbhléidí no coinníollacha, is cinn tosaíochta, moillithe, teoranta no speisialta, do chur leis na saghsanna san fé seach.

3. Forálfar le hAirtiogail Chomhlachais na Cuideachtan—

(a) gur seachtar an líon stiúrthóirí bheidh ar an gCuideachtain;

(b) faid a bheidh an deichiú cuid ar a laighead de scairchaipital na Cuideachtan ar seilbh ag an Aire, no faid a bheidh aon debentiúirí leis an gCuideachtain a bheidh urruithe ag an Aire fén Acht so gan aisíoc, no faid is mó ráta an diúité chustum is inéilithe ar shiúicre a hiomportáltar isteach i Saorstát Éireann ná ráta an diúité mháil is inéilithe ar shiúicre deintear i Saorstát Éireann, go n-ainmneoidh an tAire ceathrar de stiúrthóirí na Cuideachtan;

(c) go mbeidh stiúrthóir bainisteoireachta ar an gCuideachtain agus, fé réir na céad fo-mhíre ina dhiaidh seo, go ndéanfaidh stiúrthóirí na Cuideachtan duine dá líon do cheapadh o am go ham mar stiúrthóir bainisteoireachta ar an gCuideachtain;

(d) gurb é bheidh mar chéad stiúrthóir bainisteoireachta ar an gCuideachtain ná an duine sin de stiúrthóirí na Cuideachtan a cheapfaidh an tAire, agus go mbeidh an duine sin i seilbh oifige mar stiúrthóir bainisteoireachta ar feadh pé tréimhse, ar pé téarmaí, agus fé réir pé coinníollacha ordóidh an tAire;

(e) go mbeidh comhacht ag an gCuideachtain airgead do chruinniú tré dhebentiúirí chun crícheanna na Cuideachtan, ach san fé réir na nithe seo leanas:—

(i) nach mó aon uair an méid a cruinneofar amhlaidh ná scair-chaipital íoctha na Cuideachtan, agus

(ii) faid a bheidh an deichiú cuid ar a laighead de scair-chaipital na Cuideachtan ar seilbh ag an Aire, no faid a bheidh aon debentiúirí leis an gCuideachtain a bheidh urruithe ag an Aire fén Acht so gan aisíoc, ná déanfar an chomhacht san d'fheidhmiú gan toiliú an Aire;

(f) faid a bheidh an deichiú cuid ar a laighead de scairchaipital na Cuideachtan ar seilbh ag an Aire, no faid a bheidh aon debentiúirí leis an gCuideachtain a bheidh urruithe ag an Aire fén Acht so gan aisíoc, no faid is mó ráta an diúite chustum is inéilithe ar shiúicre a hiomportáltar isteach i Saorstát Éireann ná ráta an diúité mháil is inéilithe ar shiúicre deintear i Saorstát Éireann, nách féidir duine ar bith do cheapadh mar iniúchóir don Chuideachtain mara mbeidh aontuithe ag an Aire leis an duine sin d'ainmniú chun oifige mar iniúchóir.