[EN]

Uimhir 31 de 1974


[EN]

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (UIMH. 3), 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1974. [24 Nollaig, 1974] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Míniú.

1952, Uimh. 11.

1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952.

[EN]

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

1972, Uimh. 15.

2.—(1) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 11 (a cuireadh isteach le halt 15 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1972) de Chuid I:

[EN]

“12. Fostaíocht mar mhinistir reiligiúin i gcás maidir leis an duine fostaithe—

[EN]

(a) go bhfaigheann sé luach saothair trí stipinn, trí thuarastal nó trí íocaíocht dá samhail, agus

[EN]

(b) gur comhalta é d'aicme daoine a bhfuil an tAire sásta ina leith agus a bhfuil deimhnithe aige ina leith go bhfuil curtha in iúl dó i scríbhinn ag údarás nó comhlacht iomchuí ag gníomhú thar ceann comhaltaí na haicme sin gur de chineál na seirbhísí nó na dualgais a dhéanann na daoine den aicme sin, agus na coinníollacha ceapacháin agus na himthosca iomchuí eile a bhaineann leis an gcéanna, gur míréasúnach, ag féachaint do ghairmeacha eile is fostaíochtaí inárachaithe, nár fhostaíocht inárachaithe fostaíocht comhaltaí ná haicme sin.”

[EN]

(2) Leasaítear leis seo Cuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 8 (a cuireadh isteach leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Áireamh agus Eisiamh i leith Árachais), 1952 (I.R. Uimh. 373 de 1952)):

[EN]

“8. Fostaíocht seachas fostaíocht a shonraítear i mír 12 de Chuid I den Sceideal seo i gcás inar duine in Ord Beannaithe nó ministir eile reiligiúin nó duine i sámhadh crábhaidh ina chónaí mar chomhalta den sámhadh sin an duine fostaithe.”

[EN]

Leasuithe ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht de dhroim alt 2.

1970, Uimh. 12.

3.—(1) Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) Féadfar le rialacháin forálacha an Achta seo a mhodhnú maidir lena bhfeidhm i gcás—

[EN]

(a) daoine ar fostú in aon cheann de na fostaíochtaí a shonraítear i míreanna 2, 3, 4, 5, 6, 7 agus 12 de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, nó

[EN]

(b) daoine ar fostú i ngnóthas iompair reachtúil, nó

[EN]

(bb) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i scoileanna cuimsitheacha a bhunaigh an tAire Oideachais, nó

[EN]

(c) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i scoileanna náisiúnta faoi na Rialacha agus na Rialacháin do Scoileanna Náisiúnta, nó

[EN]

(cc) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i gcoláistí oiliúna atá aitheanta ag an Aire Oideachais le haghaidh múinteoirí i scoileanna náisiúnta, nó

[EN]

(d) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i meánscoileanna atá aitheanta ag an Aire Oideachais faoi na Rialacha agus an Clár do Mheán-Scoileanna, nó

[EN]

(dd) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i gcoláistí oiliúna tís atá aitheanta ag an Aire Oideachais, nó

[EN]

(e) daoine ar fostú mar chomhaltaí de Sheirbhís Altranais an Airm, nó

[EN]

(f) daoine ar fostú in ospidéil shaorálacha lena n-íoctar deontais as Ciste Iontaobhais na nOspidéal do shlánú easnamh ioncaim, nó

[EN]

(g) daoine ar fostú ag eagrais shaorálacha a sholáthraíonn seirbhísí altranais áitiúla, nó

[EN]

(h) daoine ar fostú mar chomhaltaí den Gharda Síochána.”

[EN]

(2) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 1:

[EN]

“1. Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 2, 2A, 3, 3A, 4, 5, 6, 7 agus 8 den Sceideal seo, beidh ranníocaí fostaíochta gnáth-ráta ann mar a leanas:

(a) iníoctha ag an ranníocóir fostaithe:

£1.24 i gcás fear-ranníocóra agus £1.18 i gcás ban-ranníocóra.

(b) iníoctha ag an bhfostóir:

£1.63 i gcás fear-ranníocóra fhostaithe agus £1.61 i gcás ban-ranníocóra fhostaithe.”

[EN]

(3) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 7 (a cuireadh isteach leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Arachas), 1956 (I.R. Uimh. 236 de 1956)):

[EN]

“8. Más fostaíocht a shonraítear i mír 12 de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an fhostaíocht, beidh ranníocaí fostaíochta ráta speisialta ann mar a leanas:—

£

(a) iníoctha ag an ranníocóir fostaithe:

1.02

(b) iníoctha ag an bhfostóir:

1.46”.

[EN]

(4) Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 1:

[EN]

“1. Sochar míchumais nó sochar dífhostaíochta.

[EN]

Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás sochair mhíchumais nó sochair dhífhostaíochta:—

[EN]

(a) go mbeidh sé ranníoc fostaíochta is fiche ar a laghad íoctha i leith an éilitheora in aghaidh na tréimhse ó theacht faoi árachas don éilitheoir go dtí an lá a bhfuil an sochar á éileamh ina aghaidh, agus

[EN]

(b) go mbeidh ocht ranníoc fostaíochta is daichead ar a laghad íoctha nó creidiúnaithe i leith an éilitheora in aghaidh na bliana ranníoca iomláine deiridh roimh thosach na bliana sochair ar lá di an lá a bhfuil an sochar á éileamh ina aghaidh,

[EN]

ach, maidir le sochar dífhostaíochta, fágfar ranníocaí fostaíochta faoi mhír 3, 3A nó 8 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a íocadh i leith an éilitheora as áireamh nuair a bheifear á chinneadh, chun críocha gach coinníll acu sin roimhe seo, cé mhéad ranníoc fostaíochta a íocadh i leith an éilitheora.”

[EN]

(5) Leasaítear leis seo míreanna 7 agus 9 (a cuireadh isteach le halt 18 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1970) den Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na habairte deiridh i ngach mír acu sin:

[EN]

“D'fhonn a chinneadh an bhfuil coinníollacha na míre seo comhlíonta—

[EN]

(i) measfar gur tháinig duine faoi árachas an tráth a tháinig sé i gcéaduair (agus ní tráth ar bith eile) chun bheith ina ranníocóir fostaithe a bhfuil ranníocaí fostaíochta iníoctha ina leith faoi mhíreanna 1, 2, 2A, 3, 3A, 6, 7 nó 8 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus

[EN]

(ii) déanfar neamhshuim de ranníocaí faoi mhíreanna 4 agus 5 (a cuireadh isteach leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Arachas), 1956 (I.R. Uimh. 236 de 1956)) den Dara Sceideal sin.”

[EN]

Leasú ar alt 3 (3) den Acht Leasa Shóisialaigh (Diobhálacha Ceirde), 1966 (fostaíochtaí eiscthe).

1966, Uimh. 16.

1972, Uimh. 15.

4.—Déantar leis seo alt 3 (3) den Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966, a shonraíonn go measfar fostaíochtaí a bheith curtha, chun críche fostaíochtaí inárachaithe (díobhálacha ceirde), leis na fostaíochtaí a sonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht gur fostaíochtaí eiscthe iad, a leasú tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (e) (a cuireadh isteach le halt 15 (2) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1972):

[EN]

“(f) fostaíocht a shonraítear i mír 12 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 3), 1974) de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.”

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

5.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 3), 1974, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1974, mar aon ní amháin, agus beidh sé ar áireamh sa chomhlua, na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1974.