[EN]

Uimhir 31 de 1979


[EN]

AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1979

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1978. [5 Nollaig, 1979] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Míniú.

1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1978.

[EN]

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

2.—Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) Faoi réir cheadú an Aire, féadfaidh an Chorparáid airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a chruinniú nó a fháil ar iasacht ar aon mhodh is oiriúnach léi ach ní rachaidh an méid airgid a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht agus a bheidh gan íoc aon tráth áirithe thar £600,000,000.”.

[EN]

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht.

3.—Leasaítear leis seo alt 14 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

[EN]

“(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) a fheidhmiú i slí gur mó ná £600,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire i dteannta an méid (más aon mhéid é) príomhshuime a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh íoctha ag an gCorparáid leis an Aire.”.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

4.—(1) Féadfar an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1979, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1978 agus 1979, a ghairm díobh le chéile.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht Cairde Talmhaíochta, 1978

1978, Uimh. 2