[EN]

Uimhir 31 de 1980


[EN]

AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA (LEASÚ), 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN DLÍ A BHAIN-EANN LE CUMAINN FHOIRGNÍOCHTA. [10 Nollaig, 1980] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

“An Príomh-Acht”

1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cumann Foirgníochta, 1976.

[EN]

Fóirdheontas i leith ús ar iasachtaí ó chumann.

2.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais chun críocha an ailt seo, fóirdheontas a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le cumann i leith ús is iníoctha leis an gcumann maidir le haon tréimhse dar tosach an lú lá de Mheitheamh, 1977, nó aon lá dá éis ar iasachtaí a thug nó a thabharfaidh an cumann.

[EN]

(2) Le linn méid fóirdheontais a íocfar le cumann faoin alt seo a bheith á chinneadh féadfar aird a thabhairt ar gach ní nó ar aon ní nó nithe díobh seo a leanas:

[EN]

(a) an méid úis is iníoctha ag iasachtaithe ar iasachtaí a thug an cumann dóibh,

[EN]

(b) an méid úis is iníoctha ag an gcumann le scairshealbhóirí sa chumann nó le taisceoirí leis an gcumann,

[EN]

(c) cibé nithe eile (más ann) a bheidh forordaithe de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo.

[EN]

Leasú ar Alt 23 den Phríomh-Acht.

3.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) d'alt 23:

[EN]

“(3) (a) I gcás duine ar comhalta de chumann nó taisceoir i gcum ann é a bhfuil aige i gcistí an chumainn suim airgid, nach mó ná cibé méid a bheidh ceaptha ag an gCláraitheoir ó am go ham chun críocha an fho-ailt seo, d'fháil bháis, féadfaidh an cumann an tsuim a íoc, gan ionadaíocht de réir bhrí an Achta Comharbais, 1965, a bheith deonaithe i leith eastát an duine éagtha, leis an duine a mheasfaidh an cumann a bheith i dteideal í a fháil, cibé acu mar ionadaí pearsanta an duine éagtha nó ar shlí eile, ar an gcumann a bheith sásta le fianaise i ndearbhú reachtúil gur tharla an bás agus go bhfuil an duine a d'éiligh an tsuim nó ar éilíodh thar a cheann í i dteideal í a fháil.

[EN]

(b) I gcás a ndéanfaidh cumann íocaíocht faoin bhfo-alt seo le duine nach é seiceadóir an duine éagtha lena mbaineann é, tabharfaidh an cumann, a luaithe is féidir, sonraí i scríbhinn maidir leis an íocaíocht d'Uachtarán na hArd-Chúirte.

[EN]

(c) I gcás a ndéanfaidh cumann íocaíocht mar is cuí faoin bhfo-alt seo, beidh an íocaíocht bailí éifeachtúil maidir le haon éileamh in aghaidh cistí an chumainn ó aon duine a dhéanfaidh éileamh maidir le heastát an duine éagtha lena mbaineann ach beidh ag an duine a bheidh ag éileamh a leigheas i leith méid na híocaíochta in aghaidh an duine a ndearnadh an íocaíocht amhlaidh leis.”.

[EN]

Aisghairm.

4.—(1) Aisghairtear leis seo alt 12 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979.

[EN]

(2) D'ainneoin fho-alt (1), leanfaidh rialacháin a rinneadh faoi alt 12 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, d'fheidhm a bheith acu agus beidh éifeacht leo amhail is dá mba faoi alt 2 agus chun críocha an ailt sin a rinneadh iad.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

5.—(1) Feadfar an tAcht Cumann Foirgníochta (Leasú), 1980, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 agus 1980, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cumann Foirgníochta, 1976

1976, Uimh. 38

An tAcht Comharbais, 1965

1965, Uimh. 27

Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979

1979, Uimh. 27