[EN]

Uimhir 3 de 1948.


[EN]

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA), 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT SLÁINTE POIBLÍ, 1878 GO 1931. [14ú Eanáir, 1948.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

[EN]

Gearrtheideal, léiriú agus comhlua.

1.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1948, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931.

[EN]

(3) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1948, a ghairm de na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

Minithe.

2.—(1) San Acht seo—

[EN]Acht 1878.

ciallaíonn an abairt “Acht 1878” an Public Health (Ireland) Act, 1878;

[EN]na hAchta.

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1948;

[EN]achtachán.

folaíonn an focal “achtachán” aon ionstraim arna déanamh faoi Acht;

[EN]an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

[EN]teaghas sealadach.

ciallaíonn an abairt “teaghas sealadach”—

[EN]

(a) aon tealta, nó

[EN]

(b) aon vean nó cóir iompair eile (ar rotha nó gan rotha), nó

(c) aon tsiúntán, creascán nó déanmhas dá shamhail, nó

(d) aon árthach ar uiscí intíre,

a húsáidtear chun a áitithe ag daoine nó atá arna dhéanamh nó arna oiriúnú chuige sin.

árthach.

folaíonn an focal “árthach” aon long, bád, báirse nó lictéir.

(2) Aon tagairt atá san Acht seo do shárú aon fhorála, folaíonn sí, nuair is iomchuí sin, tagairt do shárú na forála sin trína neamhchomhlíonadh nó trí dhiúltú dá comhlíonadh.

[EN]

Tosach feidhme.

3.—Tiocfaidh an tAcht seo (ach amháin alt 34) i ngníomh pé lá nó laethanta a ceapfar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo, go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh do chríocha éagsúla agus d'fhorála éagsúla.

[EN]

Athghairm.

4.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm sa mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

[EN]

Feidhm ag ailt 219 go 223 d'Acht 1878.

5.—Beidh feidhm ag ailt 219 go 223 d'Acht 1878 maidir le fo-dhlithe a déanfar faoin Acht seo.

[EN]

Rialacháin agus fo-dhlithe láithreacha do leanúint i bhfeidhm.

6.—Gach rialachán nó fo-dhlí a rinneadh faoi achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an athghairm sin, is tuigthe, ar an athghairm sin a dhéanamh agus dá éis sin, é a bheith ina rialachán nó ina fho-dhlí (pé acu é) arna dhéanamh faoin alt iomchuí den Acht seo agus beidh éifeacht aige agus féadfar é a leasú nó a chúlghairm dá réir sin.

[EN]

Rialacháin a leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais

7.—Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

[EN]

Cúlghairm nó leasú ar ordú a dhéanfas an tAire faoin Acht seo.

8.—Gach cumhacht a bheirtear leis an Acht seo don Aire chun aon ordú a dhéanamh, léireofar í mar chumhacht a fholaíos cumhacht chun aon ordú a déanfar faoin gcumhacht sin a chúlghairm nó a leasú agus chun ordú eile a dhéanamh in ionad aon orduithe a cúlghairmtear amhlaidh.

[EN]

Costais an Aire.

9.—Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

CUID II.

Siltean.

[EN]

Mínithe do Chuid II.

10.—Sa Chuid seo den Acht seo—

[EN]comhshilteán.

ciallaíonn an focal “comhshilteán” silteán príobháideach amháin a húsáidtear chun dhá aitreabh ar leith nó níos mó a shiltean;

[EN]ordú siltin.

ciallaíonn an abairt “ordú siltin” ordú arna dhéanamh faoi alt 12 den Acht seo agus atá i bhfeidhm;

[EN]oibreacha siltin

folaíonn an abairt “oibreacha siltin” aon ní acu seo a leanas a sholáthar, a dhéanamh, a leagadh síos, a dheisiú nó a fheabhsú:

[EN]

(a) silteáin, píopaí salachair agus uiscephíopaí,

[EN]

(b) ceangail chun silteán agus séaracha,

[EN]

(c) toill aerúcháin agus duine-phoill,

[EN]

(d) dabhacha morgthais agus ceachracha,

[EN]

(e) clóiséid uisce agus dóirtil,

[EN]

(f) aon déanmhais, oibreacha, píopaí nó fearais eile is gá chun áitreabh a shiltean go cuí agus go héifeachtúil;

ordú siltin sealadach.

ciallaíonn an abairt “ordú siltin sealadach” ordú arna dhéanamh faoi alt 12 den Acht seo agus nach bhfuil i bhfeidhm de thuras na huaire;

silteán ar leith.

ciallaíonn an abairt “silteán ar leith” silteán a húsáidtear chun an t-iomlan nó cuid d'aon áitreabh ar leith amháin a shiltean agus chuige sin amháin;

aitreabh ar leith.

ciallaíonn an abairt “áitreabh ar leith” foirgint ar leith gona maighean (más ann) nó plásóg talún ar leith nach í maighean aon fhoirgintí í.

[EN]

Comhshilteáin.

11.—(1) Is tuigthe, chun críocha na nAcht, gur silteán agus nach séarach é comhshilteán.

[EN]

(2) Gach comhshilteán a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, dílsithe in údaras sláintíochta de bhuaidh ailt 15 d'Acht 1878, scoirfidh sé, i dtosach feidhme na Coda seo den Acht seo, de bheith dílsithe amhlaidh.

[EN]

(3) Ní léireofar aon ní i bhfo-alt (2) den alt seo mar ní a bheir teideal d'aon duine chun forceannadh, cosc, nó toirmeasc a chur le siltean aon tailimh nó áitribh trí chomhshilteán is talamh nó áitreabh a bhí á siltean díreach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo tríd an silteán sin.

[EN]

Ordú siltin sealadach.

12.—(1) Má chítear don údarás sláintíochta do cheantar sláintíochta nach bhfuil siltean sásúil á dhéanamh ar aon áitreabh ar leith sa cheantar sin, féadfaidh an t-údarás, faoi réir forál an ailt seo, a cheangal, le hordú, go ndéanfar, laistigh de thréimhse shonraithe tar éis an t-ordú a theacht i ngníomh, aon oibreacha siltin sonraithe is dóigh leis an údarás a bheith riachtanach chun córas siltin sásúil a sholáthar don áitreabh sin.

[EN]

(2) Má chítear don údarás sláintíochta do cheantar sláintíochta nach bhfuil siltean sásúil á dhéanamh ar dhá áitreabh ar leith nó níos mó sa cheantar sin agus más dóigh leis an údarás gur tíobhasaí nó gur áisiúla d'fhéadfaí na háitribh sin a shiltean i dteannta a chéile ná ar leith, féadfaidh an t-údarás, faoi réir forál an ailt seo, a cheangal, le hordú, go ndéanfar, laistigh de thréimhse shonraithe tar éis an t-ordú a theacht i ngníomh, aon oibreacha siltin sonraithe is dóigh leis an údarás a bheith riachtanach chun córas comhshiltin sásúil a sholáthar do na háitribh sin.

[EN]

(3) Nuair a bheas údarás sláintíochta á bhreithniú, chun críocha an ailt seo, an bhfuil siltean aon áitribh sásúil nó cad iad na hoibreacha siltin atá riachtanach chun siltean sásúil a sholáthar d'aon áitreabh, bhéarfaid aird go sonrach ar nádúr an líomatáiste ina bhfuil an t-áitreabh, ar shuíomh agus ar shaghas an chórais séarachais (más ann) sa líomatáiste sin agus ar na críocha chun a n-úsáidtear an t-áitreabh.

[EN]

(4) Aon ordú a déanfar faoi fho-alt (2) den alt seo, déarfar ann cad é an t-áitreabh ar leith ar gá chun é a shiltean gach cuid faoi leith de na hoibreacha siltin a sonrófar san ordú.

[EN]

(5) Féadfaidh ordú faoin alt seo, in ionad am a shonrú chun na hoibreacha siltin uile a chríochnú is gá réir, na hoibreacha sin a roinnt i dhá gcuid nó céim nó níos mó agus am a shonrú chun gach cuid nó céim a chríochnú.

[EN]

(6) Bhéarfaidh ordú faoin alt seo sonrú ar leith ar aon chuid de na hoibreacha siltin is gá dá réir agus a déanfar faoi alt 15 den Acht seo ag an údarás sláintíochta a rinne an t-ordú.

[EN]

(7) Ní dhéanfaidh ordú faoin alt seo socrú chun aon áitreabh ar leith a shiltean trí shilteán láithreach is le duine seachas únaer an áitribh sin mura mbeidh an duine sin tar éis toiliú leis an socrú sin nó go mbeidh sé faoi oblagáid, a bheas infhorfheidhmithe do réir dlí, siltean an áitribh sin tríd an silteán sin a cheadú.

[EN]

(8) Déanfar cóipeanna d'ordú faoin alt seo a sheirbheáil, laistigh de sheacht lá i ndiaidh lae an orduithe a dhéanamh, ar únaer agus ar áititheoir gach áitribh lena mbaineann an t-ordú agus ar aon duine eile is únaer nó áititheoir ar thalamh ar a mbeidh aon oibreacha siltin le déanamh faoin ordú.

[EN]

Agóid i gcoinne orduithe shiltin shealadaigh.

13.—(1) Féadfaidh únaer nó áititheoir aon áitribh ar leith lena mbaineann ordú siltin sealadach, nó aon duine eile is únaer nó áititheoir ar thalamh ar a mbeidh aon oibreacha siltin le déanamh faoin ordú, agóid a dhéanamh i gcoinne an orduithe trí fhógra chuige sin a thabhairt don Aire laistigh de thríocha lá i ndiaidh lae an orduithe a dhéanamh agus is i scríbhinn a bheas an fógra sin agus luafar ann forais na hagóide sin.

[EN]

(2) Má tugtar fógra agóide faoin alt seo i gcoinne orduithe shiltin shealadaigh, déanfaidh an tAire, tar éis dó an agóid a bhreithniú agus dul i gcomhairle leis an údarás sláintíochta a rinne an t-ordú,—

[EN]

(a) an t-ordú a dhaingniú gan leasú nó fara pé leasuithe is cuí leis, nó

[EN]

(b) an t-ordú a neamhniú.

[EN]

Ordú siltin sealadach a theacht i bhfeidhm.

14.—(1) Mura ndéantar aon agóid faoi alt 13 den Acht seo i gcoinne orduithe shiltin shealadaigh, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm seacht lá tríochad i ndiaidh lae an orduithe a dhéanamh.

[EN]

(2) Má déantar ordú siltin sealadach a dhaingniú gan leasú ar agóid a dhéanamh faoi alt 13 den Acht seo, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm ar dháta a dhaingnithe.

[EN]

(3) Má déantar ordú siltin sealadach a dhaingniú fara leasuithe ar agóid a dhéanamh faoi alt 13 den Acht seo, tiocfaidh an t-ordú arna leasú amhlaidh i bhfeidhm ar dháta a dhaingnithe.

[EN]

Údarás sláintíochta do dhéanamh coda d'oibreacha siltin.

15.—(1) San alt seo ciallaíonn an focal “córas” córas silteán chun aon áitreabh ar leith a cheangal le séarach, le comhshilteán, le ceachair nó le dabhach morgthais.

[EN]

(2) Más gá, do réir orduithe shiltin, córas a dhéanamh a bheas ag gabháil trí thalamh nach mbeidh a únaer ina únaer ar áitreabh ar leith lena mbaineann an t-ordú, déanfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, iad féin, an méid den chóras a bheas laistigh den talamh sin.

[EN]

(3) Más gá, do réir orduithe shiltin córas a dhéanamh d'aon áitribh ar leith amháin agus gur mó ná céad troigh faid iomlán na silteán sa chóras, déanfaidh an t-údarás sláintíochta féin gach cuid den chóras is sia ná céad troigh (arna thomhas fan an chórais) ón áitreabh sin.

[EN]

(4) Más gá, do réir orduithe shiltin, córas a dhéanamh do dhá áitreabh ar leith nó níos mó agus gur sia ná céad troigh, arna iolrú faoi uimhir na n-áitreabh sin, faid iomlán na silteán sa chóras, déanfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, iad féin, an chuid sin den chóras is comhfhaid (arna thomhas fan an chórais) leis an mbreis sin agus is gaire don tséarach, don chomhshilteán, don cheachair nó don dabhach morgthais lena mbeidh an córas i gceangal.

[EN]

(5) Aon amhras, díospóid nó ceist a éireos i dtaobh na coda de chóras a bheas le déanamh ag údarás sláintíochta de bhun fo-ailt (4) den alt seo, is é an tAire a chinnfeas é agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadh sin.

[EN]

(6) Chun aon tsilteán a dhéanamh is cuid d'oibreacha siltin faoin alt seo, beidh ag údarás sláintíochta na cumhachta a luaitear in alt 18 d'Acht 1878 amhail is dá mba shéarach an silteán agus, ar iad d'fheidhmiú aon chumhachta den tsórt sin, dlífid pé cúiteamh (más ann) d'íoc a dhlífidís d'íoc dá mba faoin alt sin a feidhmíodh an chumhacht.

[EN]

Údarás sláintíochta do dhéanamh oibreacha siltin.

16.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) go sonróidh ordú siltin tréimhse chun iomlán na n-oibreacha siltin a chríochnú is gá dá réir, agus

[EN]

(b) ar dhul in éag don tréimhse sin, nach mbeifear tar éis tosnú ar na hoibreacha siltin sin (seachas na hoibreacha a bheas le déanamh faoi alt 15 den Acht seo), nó, má tosnaíodh orthu, go mbeid gan críochnú,

[EN]

féadfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, iad féin, na hoibreacha siltin sin a dhéanamh nó a chríochnú (pé acu is iomchuí).

[EN]

(2) Más rud é—

[EN]

(a) go roinnfidh ordú siltin na hoibreacha siltin is gá dá réir i dhá gcuid nó céim nó níos mó, agus

[EN]

(b) ar dhul in éag don tréimhse a bheas sonraithe san ordú chun a críochnuithe, nach mbeifear tar éis tosnú ar aon chéim nó cuid den tsórt sin (seachas aon oibreacha a bheas le déanamh faoi alt 15 den Acht seo) nó, má tosnaíodh uirthi, go mbeidh sí gan críochnú,

[EN]

féadfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, iad féin, iomlán na n-oibreacha siltin sin a dhéanamh nó a chríochnú (pé acu is iomchuí).

[EN]

(3) Féadfaidh aon oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire d'údarás sláintíochta, chun aon oibreacha siltin, is gá do réir orduithe shiltin arna dhéanamh ag an údarás, a dhéanamh nó a chríochnú faoin alt seo ar aon talamh, dul isteach ar an talamh sin agus gach ní a dhéanamh ann is gá go réasúnach chun na hoibreacha sin a dhéanamh nó a chríochnú.

(4) Duine ar bith a dhéanfas go toiliúil oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire d'údarás sláintíochta a bhac agus é ag feidhmiú go dleathach aon chumhachta a bheirtear le fo-alt (3) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

[EN]

Costais déanta oibreacha siltin d'íoc le húdarás sláintíochta.

17.—(1) Mura mbainfidh ordú siltin ach le haon áitreabh ar leith amháin nó dhá áitreabh ar leith nó níos mó leis an aonúnaer, ansin, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, íocfaidh únaer an áitribh nó na n-áitreabh leis an údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, méid aon chostas faoina ndeachadar ag déanamh iomlán na n-oibreacha siltin ba ghá do réir an orduithe nó ag déanamh aon choda dhíobh sin.

[EN]

(2) Má bhaineann ordú siltin le dhá áitreabh ar leith nó níos mó nach leis an aon-únaer, ansin, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, déanfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú aon chostais faoina ndeachadar ag déanamh iomlán na n-oibreacha siltin ba ghá do réir an orduithe nó ag déanamh aon choda dhíobh sin a chionroinnt idir únaerí na n-áitreabh agus beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an gcionroinnt:

[EN]

(a) déanfaidh an t-údarás, laistigh de sheacht lá i ndiaidh an lae a dhéanfaid an chionroinnt, fógra ina thaobh sin a sheirbheáil ar gach únaer acu sin,

[EN]

(b) féadfaidh aon únaer acu sin agóid a dhéanamh i gcoinne na cionroinnte trí fhógra chuige sin a thabhairt don Aire laistigh de lá agus fiche tar éis an chionroinnt a dhéanamh agus is i scríbhinn a bheas an fógra agus luafar ann forais na hagóide sin,

[EN]

(c) ar an bhfógra agóide sin a bheith tugtha agus tar éis don Aire an agóid a bhreithniú agus dul i gcomhairle leis an údarás daingneoidh sé an chionroinnt nó déanfaidh sé cionroinnt nua,

[EN]

(d) mura ndéantar aon agóid faoi mhír (b) den fho-alt seo i gcoinne na cionroinnte a bheas déanta ag an údarás nó má déantar, ar agóid faoin mír sin, an chionroinnt sin a dhaingniú, íocfaidh gach únaer acu sin leis an údarás an méid a cionroinneadh air leis an gcionroinnt sin,

[EN]

(e) má déantar, ar agóid faoi mhír (b) den fho-alt seo i gcoinne na cionroinnte a bheas déanta ag an údarás, cionroinnt nua, íocfaidh gach únaer acu sin leis an údarás an méid a cionroinnfear air leis an gcionroinnt nua.

[EN]

(3) Má bhíonn cuid de na hoibreacha siltin is gá do réir orduithe shiltin déanta, de bhuaidh fo-ailt (3) nó fo-ailt (4) d'alt 15 den Acht seo, ag an údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, ní háireofar na costais faoina ndeachaigh an t-údarás ag déanamh na coda sin ar na costais a bheas le n-íoc leis an údarás nó le cionroinnt acu faoin alt seo.

[EN]

(4) Aon amhras, díospóid nó ceist a éireos i dtaobh méid na gcostas a bheas le n-íoc le húdarás sláintíochta nó le cionroinnt acu faoin alt seo, is é an tAire a chinnfeas é agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadh sin.

[EN]

(5) Aon tsuim is iníoctha le húdarás sláintíochta faoin alt seo—

[EN]

(a) féadfaidh an t-údarás, gan dochar d'fheidhm ailt 255 d'Acht 1878, í d'aisgabháil mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla, nó

[EN]

(b) féadfaidh an t-údarás a dhearbhú gur costas feabhsúcháin phríobháidigh í faoi na hAchta, agus féadfar í d'aisgabháil dá réir sin.

[EN]

Núiseanna i silteáin.

18.—(1) Má thagann i bhfios d'údarás sláintíochta nó má bhíonn amhras acu an córas siltin d'áitreabh nó áitribh ar leith nó aon chuid den chóras sin a bheith chomh lochtach nó chomh bréan nó ligthe chomh mór sin i bhfaillí go bhfuil, nó gur dócha go mbeidh, sé ina núis nó ina shiocair díobhala don tsláinte, beidh sé dleathach don údarás, tar éis fógra seacht lá a thabhairt i scríbhinn d'áititheoir an tailimh ina bhfuil an córas sin nó an chuid sin den chóras nó, i gcás éigeandála, gan fógra a thabhairt nó tar éis fógra níos giorra a thabhairt, a chur faoi ndear an córas sin nó an chuid sin den chóras d'oscailt agus a scrúdú agus chuige sin a chur faoi ndear aon oscailt agus tochailt a dhéanamh is gá a dhéanamh.

[EN]

(2) Más rud é, ar scrúdú a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo ar chóras siltin nó cuid den chóras siltin go bhfaighfear nach bhfuil sé lochtach ná bréan ná ligthe i bhfaillí, ansin, faoi réir fo-ailt (6) den alt seo, bhéarfaidh an t-údarás sláintíochta d'údaraigh an scrúdú go n-aisireofar an córas sin agus go ndúnfar nó go líonfar aon oscailt nó tochailt a rinneadh maidir leis an scrúdú agus go slánófar aon damáiste a rinneadh.

[EN]

(3) Más rud é, ar scrúdú a dhéanamh, faoi fho-alt (1) den alt seo, ar chóras siltin nó cuid de chóras siltin, go bhfaighfear go bhfuil sé lochtach nó bréan nó ligthe i bhfaillí agus más gá aon oibreacha a dhéanamh chun deireadh nó cosc a chur le núis nó díobháil don tsláinte, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

[EN]

(a) faoi réir fo-ailt (6) den alt seo, is é an t-údarás sláintíochta d'údaraigh an scrúdú a dhéanfas na hoibreacha sin,

[EN]

(b) féadfaidh an t-údarás sláintíochta sin costas na n-oibreacha sin (lena n-áirítear costas an scrúduithe) d'aisgabháil ó únaer an áitribh ar leith a siltear leis an gcóras sin nó, i gcás ina n-úsáidtear an córas sin nó cuid den chóras sin chun dhá áitreabh ar leith nó níos mó, nach leis an aon-únaer, a shiltean, ó únaerí faoi seach na n-áitreabh sin sa chionúireacht a cinnfear faoi mhír (c) den fho-alt seo,

[EN]

(c) má húsáidtear an córas sin nó cuid den chóras sin chun dhá áitreabh ar leith nó níos mó, nach leis an aonúnaer, a shiltean, déanfaidh an t-údarás sláintíochta sin, nó, i gcás díospóide, déanfaidh an tAire, costas na n-oibreacha sin (lena n-áirítear costas an scrúduithe) a chionroinnt idir únaerí faoi seach na n-áitreabh sin agus bhéarfar aird chuí ar fhreagarthacht gach únaera acu faoi seach maidir leis an riocht lochtach nó bréan nó faillithe ina bhfuil an córas sin.

[EN]

(4) Más rud é, ar scrúdú a dhéanamh, faoi fho-alt (1) den alt seo, ar chóras siltin nó cuid de chóras siltin, go bhfaighfear nach bhfuil sé lochtach ná bréan ná ligthe i bhfaillí ach go bhfeicfear don údarás sláintíochta d'údaraigh an scrúdú nach bhfuil siltean sásúil á dhéanamh ar áitreabh ar leith áirithe a siltear leis an gcóras sin nó leis an gcuid sin den chóras sin, féadfaidh an t-údarás sláintíochta sin fógra a sheirbheáil ar únaer an áitribh ar leith sin á rá go bhfuilid ar intinn ordú siltin sealadach a dhéanamh maidir leis an áitreabh sin.

[EN]

(5) Más rud é, ar scrúdú a dhéanamh, faoi fho-alt (1) den alt seo, ar chóras siltin nó cuid de chóras siltin, go bhfaighfear go bhfuil sé lochtach nó bréan nó ligthe i bhfaillí agus go bhfeicfear don údarás sláintíochta d'údaraigh an scrúdú go dtarlódh, tar éis na hoibreacha a dhéanamh ba ghá chun núis nó díobháil don tsláinte a chosc, nach mbeadh siltean sásúil á dhéanamh fós ar áitreabh ar leith áirithe a siltear leis an gcóras sin nó leis an gcuid sin den chóras sin, féadfaidh an t-údarás sláintíochta sin fógra a sheirbheáil ar únaer an áitribh ar leith sin á rá go bhfuilid ar intinn ordú siltin sealadach a dhéanamh maidir leis an áitreabh sin.

[EN]

(6) I gcás ina seirbheálfaidh údarás sláintíochta fógra faoi fho-alt (4) nó (5) den alt seo, déanfaid gach beart réasúnach chun cosc a chur le díobháil don tsláinte nó neamhchaothúlacht a theacht i rith na tréimhse sar a dtiocfaidh an t-ordú siltin sealadach i bhfeidhm dá mbeidh tagairt san ordú, ach ní bheidh d'oblagáid orthu fo-alt (2) ná mír (a) d'fho-alt (3) (pé acu é) den alt seo a chomhlíonadh mura dtarlaí ná go dtí go dtarlóidh—

[EN]

(a) go mbeidh mí caite tar éis an fógra a sheirbheáil agus nach ndearnadh idir an dá linn an t-ordú a bhítheas ar intinn a dhéanamh, nó

[EN]

(b) go ndéanfar an t-ordú a bhítheas ar intinn a dhéanamh ach go neamhneofar é de thoradh agóide, nó

[EN]

(c) go bhforéileoidh únaer an áitribh ar leith sin go sainráiteach go ndéanfaí an comhlíonadh sin.

[EN]

(7) Aon chostas faoina raghaidh údarás sláintíochta ag comhlíonadh foréilimh arna dhéanamh faoi mhír (c) d'fho-alt (6) den alt seo ag únaer aon áitribh, is tuigthe, má déantar ordú siltin maidir leis an áitreabh sin, gur cuid é de chostas déanta na n-oibreacha siltin is gá do réir an orduithe sin.

[EN]

(8) Féadfaidh aon oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire d'údarás sláintíochta, chun forála an ailt seo a chur i gcrích, dul isteach ar aon talamh agus gach ní a dhéanamh ann is gá go réasúnach chuige sin.

[EN]

(9) Duine ar bith a dhéanfas go toiliúil oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire d'údarás sláintíochta a bhac agus é go dleathach ag feidhmiú aon chumhachta a bheirtear le fo-alt (8) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

[EN]

(10) Chun críocha an ailt seo, áireofar clóiséad, losán nó dóirteal mar chuid de chóras siltin an áitribh dá bhfónann sé.

CUID III.

Uisce-Sholathar.

[EN]

Mínithe do Chuid III.

19.—Sa Chuid seo den Acht seo—

[EN]ordú uiscesholáthair sealadach.

ciallaíonn an abairt “ordú uisce-sholáthair sealadach” ordú arna dhéanamh faoi alt 20 den Acht seo agus nach bhfuil i bhfeidhm de thuras na huaire;

ordú uiscesholáthair.

ciallaíonn an abairt “ordú uisce-sholáthair” ordú arna dhéanamh faoi alt 20 den Acht seo agus atá i bhfeidhm.

[EN]

Ordú uiscesholáthair sealadach.

20.—(1) Má chítear d'údarás sláintíochta aon cheantair shláintíochta nach bhfuil soláthar sásúil uisce do chríocha tís ag aon fhoirgint áirithe sa cheantar sin, féadfaidh an t-údarás, le hordú, a fhoréileamh go ndéanfar, ar mhodh sonraithe agus laistigh d'am sonraithe tar éis an t-ordú a theacht i bhfeidhm, an fhoirgint sin a chur i gceangal le huisce-sholáthar poiblí nó le píopa atá i gceangal le huisce-sholáthar poiblí.

[EN]

(2) Nuair a bheas údarás sláintíochta á bhreithniú, chun críocha an ailt seo, an bhfuil an soláthar uisce atá ag foirgint áirithe sásúil, bhéarfaid aird, go sonrach, ar nádúr an líomatáiste ina bhfuil an fhoirgint, ar shuíomh agus ar shaghas aon uiscesholáthair nó chórais séarachais phoiblí atá ar fáil sa líomatáiste sin agus ar na críocha chun a n-úsáidtear an fhoirgint.

[EN]

(3) Bhéarfaidh ordú faoin alt seo sonrú ar leith ar aon chuid den obair is gá do réir an orduithe a dhéanamh agus a déanfar faoi alt 23 den Acht seo ag an údarás sláintíochta a rinne an t-ordú.

[EN]

(4) Féadfaidh ordú faoin alt seo baint le dhá fhoirgint nó níos mó agus féadfaidh a fhoréileamh go soláthrófar píopaí lena gcomhúsáid, go hiomlán nó go páirteach, ag dhá fhoirgint nó níos mó acu sin.

[EN]

(5) Ní fhoréileoidh ordú faoin alt seo foirgint a chur i gceangal le píopa atá i gceangal le huisce-sholáthar poiblí agus is le duine nach é únaer na foirginte sin é, mura mbeidh an duine sin tar éis toiliú lena cur i gceangal amhlaidh nó mura mbeidh sé faoi oblagáid, a bheas infhorfheidhmithe do réir dlí, a cheadú í a chur i gceangal amhlaidh.

[EN]

(6) Déanfar cóipeanna d'ordú faoin alt seo a sheirbheáil, laistigh de sheacht lá i ndiaidh lae an orduithe a dhéanamh, ar únaer agus ar áititheoir gach foirginte lena mbaineann an t-ordú agus ar aon duine eile is únaer nó áititheoir ar thalamh a mbeidh aon phíopaí le gabháil tríd do réir an orduithe.

[EN]

Agóid i gcoinne orduithe uiscesholáthair shealadaigh.

21.—(1) Féadfaidh únaer nó áititheoir foirginte lena mbaineann ordú uisce-sholáthair sealadach, agus aon duine eile is únaer nó áititheoir ar thalamh a mbeidh aon phíopaí le gabháil tríd do réir an orduithe, agóid a dhéanamh i gcoinne an orduithe trí fhógra chuige sin a thabhairt don Aire laistigh de thríocha lá i ndiaidh lae an orduithe a dhéanamh agus is i scríbhinn a bheas an fógra agus luafar ann forais na hagóide sin.

[EN]

(2) Má tugtar fógra agóide faoin alt seo i gcoinne orduithe uisce-sholáthair shealadaigh, déanfaidh an tAire, tar éis dó an agóid a bhreithniú agus dul i gcomhairle leis an údarás sláintíochta a rinne an t-ordú,—

[EN]

(a) an t-ordú a dhaingniú gan leasú nó fara pé leasuithe is cuí leis, nó

[EN]

(b) an t-ordú a neamhniú.

[EN]

Ordú uiscesholáthair sealadach a theacht i bhfeidhm.

22.—(1) Mura ndéantar aon agóid faoi alt 21 den Acht seo i gcoinne orduithe uisce-sholáthair shealadaigh, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm seacht lá tríochad i ndiaidh lae an orduithe a dhéanamh.

[EN]

(2) Má déantar ordú uisce-sholáthair sealadach a dhaingniú gan leasú ar agóid a dhéanamh faoi alt 21 den Acht deo, tiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm lá a dhaingnithe.

[EN]

(3) Má déantar ordú uisce-sholáthair sealadach a dhaingniú fara leasuithe ar agóid a dhéanamh faoi alt 21 den Acht seo, tiocfaidh an t-ordú arna leasú amhlaidh i bhfeidhm lá a dhaingnithe.

[EN]

Údarás sláintíochta do dhéanamh coda de chóras píopaí.

23.—(1) San alt seo ciallaíonn an focal “córas” córas píopaí chun foirgint nó foirgintí a chur i gceangal le huisce-sholáthar poiblí nó le píopa atá i gceangal le huisce-sholáthar poiblí.

[EN]

(2) Más gá, do réir orduithe uisce-sholáthair, córas a dhéanamh a bheas ag gabháil trí thalamh nach mbeidh a únaer ina únaer ar fhoirgint lena mbaineann an t-ordú, déanfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, iad féin, an méid den chóras a bheas laistigh den talamh sin.

[EN]

(3) Más gá, do réir orduithe uisce-sholáthair, córas a dhéanamh d'aon fhoirgint amháin agus gur mó ná céad troigh faid iomlán na bpíopaí sa chóras, déanfaidh an t-údarás sláintíochta féin gach cuid den chóras is sia ná céad troigh (arna thomhas fan an chórais) ón bhfoirgint sin.

[EN]

(4) Más gá, do réir orduithe uisce-sholáthair, córas a dhéanamh do dhá fhoirgint nó níos mó agus gur sia ná céad troigh, arna iolrú faoi uimhir na bhfoirgintí sin, faid iomlán na bpíopaí sa chóras, déanfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, iad féin, an chuid sin den chóras is comhfhaid (arna thomhas fan an chórais) leis an mbreis sin agus is gaire don tsoláthar nó don phíopa lena mbeidh an córas i gceangal.

[EN]

(5) Aon amhras, díospóid nó ceist a éireos i dtaobh na coda de chóras a bheas le déanamh ag údarás sláintíochta de bhun fo-ailt (4) den alt seo, is é an tAire a chinnfeas é agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadh sin.

[EN]

(6) Chun aon phíopa a leagadh síos faoin alt seo, beidh ag údarás sláintiochta na cumhachta a luaitear in alt 18 d'Acht 1878, mar bheirtear feidhm dó le halt 64 den Acht sin, amhail is dá mba phríomh-phíopa uisce an píopa sin agus, ar iad d'fheidhmiú aon chumhachta den tsórt sin, dlífid pé cúiteamh (más ann) d'íoc a dhlífidís d'íoc dá mba faoin alt sin a feidhmíodh an chumhacht.

[EN]

Údarás sláintíochta do dhéanamh córais phíopaí.

24.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) go sonróidh ordú uisce-sholáthair tréimhse chun an córas píopaí a dhéanamh is gá dá réir, agus

[EN]

(b) ar dhul in éag don tréimhse sin, nach mbeifear tar éis tosnú ar an gcóras sin (seachas aon chuid de a bheas le déanamh faoi alt 23 den Acht seo), nó, má tosnaíodh air, go mbeidh sé gan críochnú,

[EN]

féadfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, iad féin, an córas sin a dhéanamh nó a chríochnú (pé acu is iomchuí).

[EN]

(2) Féadfaidh aon oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire d'údarás sláintíochta, chun aon chóras, is gá do réir orduithe uisce-sholáthair arna dhéanamh ag an údarás, a dhéanamh nó a chríochnú faoin alt seo ar aon talamh, dul isteach ar an talamh sin agus gach ní a dhéanamh ann is gá go réasúnach chun an córas sin a dhéanamh nó a chríochnú.

[EN]

(3) Duine ar bith a dhéanfas go toiliúil oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire d'údarás sláintíochta a bhac agus é ag feidhmiú go dleathach aon chumhachta a bheirtear le fo-alt (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

[EN]

Costais déanta córais phíopaí d'íoc le húdarás sláintíochta.

25.—(1) Mura mbainfidh ordú uisce-sholáthair ach le haon fhoirgint amháin nó dhá fhoirgint nó níos mó leis an aon-únaer, ansin, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, íocfaidh únaer na foirginte nó na bhfoirgintí, leis an údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, méid, aon chostas faoina ndeachadar ag déanamh iomlán an chórais phíopaí ba ghá do réir an orduithe nó ag déanamh aon choda dhe sin.

[EN]

(2) Má bhaineann ordú uisce-sholáthair le dhá fhoirgint ar leith nó níos mó nach leis an aon-únaer, ansin, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, déanfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú aon chostais faoina ndeachadar ag déanamh iomlán an chórais phíopaí ba ghá do réir an orduithe nó ag déanamh aon choda dhe sin a chionroinnt idir únaerí na bhfoirgintí agus beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an gcionroinnt:

[EN]

(a) déanfaidh an t-údarás, laistigh de sheacht lá i ndiaidh an lae a dhéanfaid an chionroinnt, fógra ina thaobh sin a sheirbheáil ar gach únaer acu sin,

[EN]

(b) féadfaidh aon únaer acu sin agóid a dhéanamh i gcoinne na cionroinnte trí fhógra chuige sin a thabhairt don Aire laistigh de lá agus fiche tar éis an chionroinnt a dhéanamh agus is i scríbhinn a bheas an fógra agus luafar ann forais na hagóide sin,

[EN]

(c) ar an bhfogra agóide sin a bheith tugtha agus tar éis don Aire an agóid a bhreithniú agus dul i gcomhairle leis an údarás daingneoidh sé an chionroinnt nó déanfaidh sé cionroinnt nua,

[EN]

(d) mura ndéantar aon agóid faoi mhír (b) den fho-alt seo i gcoinne na cionroinnte a bheas déanta ag an údarás nó má déantar, ar agóid faoin mír sin, an chionroinnt sin a dhaingniú, íocfaidh gach únaer acu sin leis an údarás an méid a cionroinneadh air leis an gcionroinnt sin,

[EN]

(e) má déantar, ar agóid faoi mhír (b) den fho-alt seo i gcoinne na cionroinnte a bheas déanta ag an údarás, cionroinnt nua, íocfaidh gach únaer acu sin leis an údarás an méid a cionroinnfear air leis an gcionroinnt nua.

[EN]

(3) Má bhíonn cuid den chóras píopaí, is gá do réir orduithe uisce- holáthair, déanta, de bhuaidh fo-ailt (3) nó fo-ailt (4) d'alt 23 den Acht seo, ag an údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, ní háireofar na costais faoina ndeachaigh an t-údarás ag déanamh na coda sin ar na costais a bheas le n-íoc leis an údarás nó le cionroinnt acu faoin alt seo.

[EN]

(4) Aon amhras, díospóid nó ceist a éireos i dtaobh méid na gcostas a bheas le n-íoc le húdarás sláintíochta nó le cionroinnt acu faoin alt seo, is é an tAire a chinnfeas é agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadh sin.

[EN]

(5) Aon tsuim is iníoctha le húdarás sláintíochta faoin alt seo—

[EN]

(a) féadfaidh an t-údarás, gan dochar d'fheidhm ailt 255 d'Acht 1878, í d'aisgabháil mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla, nó

[EN]

(b) féadfaidh an t-údarás a dhearbhú gur costas feabhsúcháin phríobháidigh í faoi na hAchta, agus féadfar í d'aisgabháil dá réir sin.

[EN]

Ranníocaíocht i leith uiscesholáthairtí príobháideacha.

26.—Mura mbeidh an t-údarás sláintíochta ag á bhfuil dlínse in aon líomatáiste áirithe tar éis uisce-sholáthar poiblí a chur ar fáil sa líomatáiste nó má bhíd tar éis uisce-sholáthar poiblí a chur ar fáil sa líomatáiste nach leor chun riaradh go hiomlán ar riachtanais áitreoirí an líomatáiste, ansin, in ionad uisce-sholáthar poiblí a chur ar fáil sa líomatáiste nó an t-uisce-sholáthar poiblí ann d'fheabhsú (pé acu é), féadfaidh an t-údarás sláintíochta, le toiliú an Aire, airgead a chaitheamh iad féin, nó deontas airgid a thabhairt d'aon duine, chun aon uisce-sholáthar, seachas uiscesholáthar poiblí, a chur ar fáil, d'fheabhsú nó a chothabháil.

[EN]

Samplaí d'uisce a thógaint.

27.—(1) Féadfaidh údarás sláintíochta samplaí d'uisce a thógaint as aon uisce-sholáthar (poiblí nó príobháideach) a fhónas d'aon áitreoirí ina gceantar chun taifeach a dhéanamh ar na samplaí sin.

[EN]

(2) Más rud é, ar thaifeach a dhéanamh ar shamplaí d'uisce a bheas tógtha ag údarás sláintíochta faoin alt seo as uisce-sholáthar, go bhfaighfear go bhfuil an t-uisce neamhoiriúnach chun a úsáidte ag daoine, déanfaidh an t-údarás sláintíochta gach beart réasúnach chun rabhadh a thabhairt do lucht úsáidte an uisce-sholáthair go bhfuil an t-uisce uaidh neamhoiriúnach chun a úsáidte ag daoine.

[EN]

(3) Féadfaidh aon oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire d'údarás sláintíochta dul isteach ar aon talamh chun críocha an ailt seo.

[EN]

Uisce-phíopaí a dheisiú.

28.—(1) Má bhíonn aon fhoirgint i gceantar sláintíochta i gceangal le huisce-sholáthar poiblí trí phíopa a ghabhas trí thalamh nach é únaer na foirginte a únaer, féadfaidh údarás sláintíochta an cheantair sin, ar únaer na foirginte dá iarraidh sin, aon deisiúchán is gá ar an bpíopa sin a dhéanamh ar an talamh sin agus chuige sin féadfaidh aon oifigeach, seirbhíseach nó gníomhaire don údarás sláintíochta, tar éis fógra seacht lá a thabhairt i scríbhinn d'únaer an tailimh sin nó, i gcás éigeandála, gan fógra a thabhairt nó tar éis fógra níos giorra a thabhairt, dul isteach ar an talamh sin agus gach ní a dhéanamh ann is gá go réasúnach maidir leis an deisiúchán.

[EN]

(2) Aon chostais faoina raghaidh údarás sláintíochta faoin alt seo, ar únaer foirginte dá iarraidh sin, aisíocfaidh an t-únaer sin leis an údarás iad.

[EN]

(3) Aon tsuim is inlochta le húdarás sláintíochta faoin alt seo—

[EN]

(a) féadfaidh an t-údarás í d'aisgabháil mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla, nó

[EN]

(b) féadfaidh an t-údarás a dhearbhú gur costas feabhsúcháin phríobháidigh í faoi na hAchta, agus féadfar í d'aisgabháil dá réir sin.

[EN]

Eilithe ag údarás sláintíochta i leith uisce a sholáthar.

29.—(1) Féadfaidh an tAire, ar údarás sláintíochta dá iarraidh sin, le hordú—

[EN]

(a) modhnú a dhéanamh ar fhorála aon achtacháin a rialaíos na héilithe a bheas le déanamh ag an údarás sláintíochta sin i leith uisce a sholáthar laistigh nó lasmuigh dá gceantar nó i leith uisce a sholáthar d'údarás sláintíochta eile agus féadfaidh socrú a dhéanamh chun aon achtachán a mhodhnú a bheas foileanúnach nó forlíontach ar na forála sin;

[EN]

(b) modhnú a dhéanamh ar fhorála aon dámhachtana nó comhaontuithe a chinneas an praghas a bheas le héileamh ag údarás sláintíochta i leith uisce a sholáthar laistigh nó lasmuigh dá gceantar nó i leith uisce a sholáthar d'údarás sláintíochta eile.

[EN]

(2) Gach ordú a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo agus a rinneadh faoin Statutory Undertakers (Temporary Increase of Charges) Act, 1918, agus a mhodhnaigh aon fhorála reachtúla a rialaíos na héilithe a bheas le déanamh i leith uisce a sholáthar, is tuigthe é a bheith arna dhéanamh faoin alt seo agus leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

(3) Sar a ndéanfaidh sé aon ordú faoin alt seo, nó sar a leasóidh nó sar a gcúlghairmfidh aon ordú den tsórt sin nó aon ordú is tuigthe a bheith arna dhéanamh faoin alt seo, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a thabhairt go ndéanfar fiosrúchán áitiúil.

CUID IV.

Teaghais Sealadacha agus Usaid Tailimh le haghaidh Campala.

[EN]

Fo-dhlithe maidir le teaghais sealadacha d'úsáid.

30.—(1) Féadfaidh údarás sláintíochta fo-dhlithe a dhéanamh ag rialú úsáid teaghas sealadach ina gceantar sláintíochta agus féadfar, go sonrach, socrú a dhéanamh leis na fo-dhlithe sin i dtaobh gach ní nó aon ní dá luaitear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar le fo-dhlithe faoin alt seo socrú a dhéanamh maidir le hárthaí, a húsáidtear go príomha chun daoine do chónaí iontu, d'úsáid ar uiscí cósta atá i dtadhall le ceantar sláintíochta amhail is dá mba uiscí intíre sa cheantar sláintíochta na huiscí cósta sin.

[EN]

(3) I gcás aon uiscí cósta a bheith i dtadhall le dhá cheantar sláintíochta nó níos mó, féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil go ndéanfar, chun críocha fo-ailt (2) den alt seo, iomlán na n-uiscí cósta nó cuid shonraithe dhíobh d'áireamh mar uiscí cósta atá i dtadhall le ceann áirithe de na ceantair sláintíochta agus leis an gceann sin amháin, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an bhfo-alt sin (2).

[EN]

Údarás sláintíochta do chur toirmisc le teaghais sealadacha.

31.—(1) Féadfaidh údarás sláintíochta, le hordú, a thoirmeasc teaghais sealadacha a thógáil nó a choinneáil ar aon talamh nó uisce ina gceantar sláintíochta más dóigh leo go ndéanfadh a dtógáil nó a gcoinneáil dochar do shláinte an phobail nó do thaitneamhachta na háite nó go gcuirfeadh sé isteach go míréasúnach ar an trácht ar aon bhóthar.

[EN]

(2) Féadfaidh toirmeasc faoin alt seo baint le talamh nó uisce sonraithe nó le gach talamh nó uisce de shaghas sonraithe agus féadfaidh, go sonrach, baint le gach talamh nó uisce laistigh d'fhaid shonraithe ó lár-líne aon bhóthair nó ó lár-líne bhóthair shonraithe.

[EN]

(3) Más cúis mhíshásaimh le duine ordú faoin alt seo—

[EN]

(a) féadfaidh an duine sin, laistigh de cheithre lá déag tar éis cóip den ordú d'fhoilsiú de bhun fo-ailt (9) den alt seo, iarratas i scríbhinn (ina luafar fátha an iarratais) a chur chun an Aire á iarraidh air an t-ordú a neamhniú,

[EN]

(b) féadfaidh an tAire, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar an iarratas agus ar pé uiríolla ina thaobh is cuí leis an údarás sláintíochta iomchuí a dhéanamh, an t-ordú a neamhniú, an t-ordú a dhaingniú gan athrú nó an t-ordú a dhaingniú fara athruithe tríd an talamh nó an t-uisce lena mbaineann sé a laghdú.

[EN]

(4) Duine ar bith a thógfas nó a choinneos teaghas sealadach contrártha d'ordú a bheas i bhfeidhm faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cuig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

[EN]

(5) Má cionraítear duine an dara huair nó aon uair ina dhiaidh sin i gcion faoin alt seo i leith an teaghais shealadaigh chéanna, ansin, féadfaidh an Chúirt, i dteannta nó in ionad fíneáil a chur air, a ordú an teaghas sealadach d'fhorghéilleadh don údarás sláintíochta iomchuí agus air sin glacfaidh an t-údarás sin seilbh ar an teaghas sealadach agus déanfaid é a dhiúscairt trína dhíol, trína dhíthiú nó ar shlí eile mar is oiriúnach leo.

[EN]

(6) Féadfar toirmeasc faoin alt seo a chur le hárthaí, a húsáidtear go príomha chun daoine do chónaí iontu, a choinneáil ar uiscí cósta atá i dtadhall le ceantar sláintíochta amhail is dá mba uiscí intíre sa cheantar sláintíochta na huiscí cósta sin.

[EN]

(7) I gcás aon uiscí cósta a bheith i dtadhall le dhá cheantar sláintíochta nó níos mó, féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil go ndéanfar, chun críocha fo-ailt (6) den alt seo, iomlán na n-uiscí cósta nó cuid shonraithe dhíobh d'áireamh mar uiscí cósta atá i dtadhall le ceann áirithe de na ceantair sláintíochta agus leis an gceann sin amháin, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an bhfo-alt sin (6).

[EN]

(8) Tiocfaidh ordú faoin alt seo i bhfeidhm—

[EN]

(a) mura ndéantar aon iarratas á iarraidh an t-ordú a neamhniú—tríocha lá tar éis cóip den ordú d'fhoilsiú de bhun fo-ailt (9) den alt seo, agus

[EN]

(b) má déantar iarratas á iarraidh an t-ordú a neamhniú agus ná neamhneofar an t-ordú dá thoradh—cheithre lá déag tar éis an t-iarratas a chinneadh.

[EN]

(9) Má dhéanann údarás sláintíochta ordú faoin alt seo, bhéarfaid, laistigh de cheithre lá déag tar éis an t-ordú a dhéanamh, go bhfoilseofar, i nuachtán laethiúil a léitear ina gceantar sláintíochta, cóip den ordú agus ráiteas ar an gceart a bheirtear leis an alt seo chun neamhniú an orduithe d'iarraidh.

[EN]

(10) Má bhíonn ordú faoin alt seo tar éis teacht i bhfeidhm, bhéarfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an t-ordú, laistigh de cheithre lá déag tar éis an t-ordú a theacht i bhfeidhm, go bhfoilseofar, i nuachtán laethiúil a léitear ina gceantar sláintíochta, cóip den ordú (mar rinne an t-údarás sláintíochta é nó mar dhaingnigh an tAire é, pé acu is iomchuí) agus ráiteas á rá go bhfuil sé tar éis teacht i bhfeidhm.

[EN]

Núiseanna maidir le teaghais sealadacha.

32.—(1) Má bhíonn teaghas sealadach sa riocht sin gur núis é nó gur siocair díobhála é don tsláinte nó más rud é, de cheal áiseanna cearta sláintíochta nó mar gheall ar phlódú nó cúis eile, go dtagann núis nó tosca díobhála don tsláinte as teaghas sealadach d'úsáid, is tuigthe gur núis do réir bhrí ailt 107 d'Acht 1878 an teaghas sealadach agus beidh feidhm dá réir sin ag na forála den Acht sin a bhaineas le núiseanna agus chuige sin áireofar gurb é an duine i bhfeighil an teaghais shealadaigh is áititheoir an teaghais sin.

[EN]

(2) Más tuigthe de bhun an ailt seo teaghas sealadach a bheith ina núis, féadfar, gan dochar do dhliteanas an duine i bhfeighil an teaghais, fógra á cheangal deireadh a chur leis an núis a sheirbheáil faoi alt 110 d'Acht 1878 ar áititheoir láithreáin an teaghais shealadaigh agus féadfar imeachta chun deireadh a chur leis an núis a bhunú i gcoinne an áititheora sin.

[EN]

Cumhachta na cúirte in imeachta áirithe a leathnú.

33.—(1) Beidh ar na cumhachta a bheas ag Cúirt a dtabharfar imeachta os a comhair maidir le—

[EN]

(a) núis a bhaineas le teaghas sealadach, nó

[EN]

(b) sárú, maidir le teaghas sealadach nó árthach in uiscí cósta, ar fho-dhlí arna dhéanamh faoin gCuid seo den Acht seo,

[EN]

cumhacht chun ordú a dhéanamh á thoirmeasc nó á shrianadh an teaghas sealadach nó an t-árthach a thógáil nó a choinneáil i pé áiteanna nó laistigh de pé líomatáiste a sonrófar san ordú.

[EN]

(2) Duine ar bith a shárós ordú arna dhéanamh de bhuaidh an ailt seo, nó a cheadós, agus é ina áititheoir ar thalamh, sárú den tsórt sin do tharlachtaint ar an talamh sin, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

[EN]

Talamh d'úsáid le haghaidh campála.

34.—(1) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh amhail mar forálfar leis na horduithe a déanfar faoi fho-alt (2) den alt seo.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil go dtiocfaidh an t-alt seo i ngníomh lá sonraithe i gceantar sláintíochta sonraithe nó i gcuid de cheantar sláintíochta sonraithe.

[EN]

(3) Aon ordú a déanfar faoi fho-alt (2) den alt seo déanfaidh an t-údarás sláintíochta don cheantar sláintíochta a mbaineann an t-ordú lena iomlán nó le cuid de é d'fhoilsiú i pé slí a ordós an tAire.

[EN]

(4) Féadfaidh údarás sláintíochta, más cuí leo, ach faoi réir forál fo-ailt (5) den alt seo, ceadúnas a dheonadh d'áititheoir tailimh, is talamh laistigh dá gceantar sláintíochta nó den chuid de a bhfuil an t-alt seo i ngníomh maidir leis, nó, le toiliú an áititheora sin, d'eagras campála, á údarú an talamh sin d'úsáid le haghaidh campála i gcaitheamh tréimhse sonraithe de dhá mhí dhéag as a chéile.

[EN]

(5) Sar a ndeonfaid ceadúnas faoin alt seo maidir le talamh laistigh de líomatáiste lena mbaineann Cuid IV den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 (Uimh. 24 de 1939), raghaidh údarás sláintíochta i gcomhairle le Bord Cuartaíochta na hÉireann.

[EN]

(6) I gcás ina ndéanfaidh údarás sláintíochta ceadúnas a dheonadh faoin alt seo maidir le talamh, cuirfidh an t-údarás sláintíochta ag gabháil leis an gceadúnas coinníollacha sonraithe maidir le gach ní acu seo a leanas:—

[EN]

(a) an uimhir uasta de theaghais sealadacha a féadfar a choimeád ar an talamh in éineacht,

[EN]

(b) an tslí ina leagfar amach an talamh,

[EN]

(c) nádúr, cumraíocht sheachtrach agus méid na dteaghas sealadach a coimeádfar ar an talamh,

[EN]

(d) an spás folamh a caithfear a choimeád idir aon dá theaghas shealadacha ar an talamh nó idir teaghas sealadach ar an talamh agus aon déanmhas eile air,

[EN]

(e) an faid a caithfear a choimeád idir aon teaghas sealadach ar an talamh agus aon bhóthar poiblí,

[EN]

(f) uisce-sholáthar,

[EN]

(g) áiseanna sláintíochta,

[EN]

(h) brocamas, dramhaíoll, sratharnach nó treascarnach eile a dhiúscairt,

[EN]

(i) bealaí isteach agus amach agus idirbhealaí istigh ar an talamh,

[EN]

(j) iompar dea-ordúil córach ag áitreoirí teaghas sealadach ar an talamh,

[EN]

(k) cóir shláintiúil d'áirithiú agus taitneamhachta a chaomhaint,

[EN]

(l) maoirseacht a dhéanamh ar theaghais sealadacha ar an talamh (agus, más dóigh leis an údarás sláintíochta gur gá é, bardach d'fhostú chuige sin),

[EN]

(m) taifid maidir le teaghais sealadacha ar an talamh a choimeád agus a thabhairt ar aird chun a n-iniúchta ag oifigigh don údarás sláintíochta a dheoin an ceadúnas.

[EN]

(7) Tiocfaidh ceadúnas a dheonfas údarás sláintíochta faoin alt seo i bhfeidhm—

[EN]

(a) mura ndéantar aon agóid faoi fho-alt (8) den alt seo i gcoinne a dheonta i rith an chúig lá déag i ndiaidh a dheonta—i gceann an chúig lá déag sin, agus

[EN]

(b) má déantar agóid amhlaidh i rith an chúig lá déag sin agus nach n-ordófar an ceadúnas sin a tharraingt siar—ar an agóid sin a chinneadh.

[EN]

(8) Duine ar bith ar cúis mhíshásaimh leis—

[EN]

(a) údarás sláintíochta do dheonadh ceadúnais, nó do dhiúltú do cheadúnas a dheonadh, faoin alt seo, nó

[EN]

(b) coinníoll a chuirfeas údarás sláintíochta ag gabháil le ceadúnas faoin alt seo,

[EN]

féadfaidh sé agóid a dhéanamh i gcoinne an deonta, an diúltuithe nó an choinníll sin trí fhógra chuige sin a thabhairt don Aire laistigh de chúig lá déag ón lá a thug an t-údarás sláintíochta fógra don té d'iarr an ceadúnas á rá gur deonadh an ceadúnas nó gur diúltaíodh dá dheonadh (pé acu é) agus is i scríbhinn a bheas an fógra sin agus luafar ann forais na hagóide sin.

[EN]

(9) Má tugtar fógra agóide faoin alt seo maidir le ceadúnas a dheonadh nó diúltú dá dheonadh faoin alt seo nó maidir le coinn íoll a cuirfear ag gabháil le haon cheadúnas den tsórt sin, déanfaidh an tAire, tar éis dó an agóid a bhreithniú agus dul i gcomhairle leis an údarás sláintíochta iomchuí, an agóid d'obadh nó a ordú don údarás sláintíochta (agus déanfaid sin do réir an ordacháin sin) an ceadúnas a deonadh a tharraingt siar nó an ceadúnas a diúltaíodh a dheonadh nó an coinníoll ar hagóidíodh ina choinne d'athrú i slí sonraithe (pé acu sin is iomchuí).

[EN]

(10) Faoi réir fo-ailt (12) den alt seo, ní dhéanfaidh áititheoir tailimh an talamh d'úsáid le haghaidh campála, ná a cheadú é d'úsáid amhlaidh, ar feadh níos mó ná—

[EN]

(a) ocht lá déag as a chéile, nó

[EN]

(b) sé lá tríochad laistigh de thréimhse dhá mhí dhéag as a chéile,

[EN]

mura mbeidh ceadúnas i bhfeidhm faoin alt seo maidir leis an talamh.

[EN]

(11) Faoi réir fo-ailt (12) den alt seo, comhlíonfaidh sealbhóir ceadúnais faoin alt seo na coinníollacha uile a bheas ag gabháil leis an gceadúnas.

[EN]

(12) Ní chuirfidh aon ní san alt seo toirmeasc ná srian le talamh d'úsáid le haghaidh campála—

[EN]

(a) más talamh talmhaíochta an talamh agus gur i rith na saosúr céanna gach bliain a déanfar an champáil agus gur daoine a bhíos ag gabháil d'obair feirme ar an talamh a dhéanfas í, nó

[EN]

(b) más i ndáil le teaghas buan ar an talamh sin nó ina chomhgar atá an talamh á áitiú agus nach bhfuil daoine ar bith ag déanamh na campála ach amháin áititheoir an teaghais bhuain agus daoine dá líon tí.

[EN]

(13) Duine ar bith a shárós fo-alt (10) nó (11) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

[EN]

(14) Chun críocha an ailt seo, is talamh a húsáidtear le haghaidh campála talamh (dá ngairmtear an láithreán sa bhfo-alt seo) is láithreán do theaghas sealadach agus an talamh go léir laistigh de chéad slat ón láithreán arb é áititheoir an láithreáin is áititheoir air.

[EN]

(15) Ní léireofar fo-alt (14) den alt seo mar ní a chuireas toirmeasc le teaghas sealadach a choimeád ar láithreán atá ar thalamh lena mbaineann ceadúnas faoin alt seo agus atá laistigh de chéad slat ó aon teorainn de chuid an tailimh sin.

[EN]

(16) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) is tuigthe únaer aon tailimh nach bhfuil ar ligean a bheith ina áititheoir ar an talamh;

[EN]

(b) má haistrítear teaghas sealadach ón láithreán ar a bhfuil sé ach go ndéanfar laistigh d'ocht n-uaire ceathrachad é a thabhairt thar n-ais go dtí an láithreán céanna nó go dtí láithreán eile laistigh de chéad slat ón láithreán sin, ansin, chun aon tréimhse ocht lá déag as a chéile a luaitear i bhfo-alt (10) den alt seo d'áireamh, is tuigthe nach ndearnadh é d'aistriú;

[EN]

(c) ciallaíonn an abairt “eagras campála” eagras arna aithint ag an Aire mar eagras campála.

CUID V.

Folcain, Tithe Niochain, Aiteanna Folcaidh, Etc.

[EN]

Folcáin phoiblí, etc., a sholáthar.

35.—(1) Féadfaidh údarás sláintíochta na nithe seo a leanas a sholáthar agus a chothabháil—

[EN]

(a) folcáin phoiblí,

[EN]

(b) folcáin snámha phoiblí nó áiteanna folcaidh poiblí,

[EN]

(c) áiseanna do lucht folcaidh (lena n-áirítear, go sonrach, cóiríocht ghléasta, áiseanna sláintíochta, fras-fholcáin, trealamh céad-chabhrach agus séaras), nó

[EN]

(d) tithe níocháin poiblí,

[EN]

laistigh dá gceantar sláintíochta nó, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, lasmuigh dá gceantar sláintíochta ach i gcomhgar dó.

[EN]

(2) Má bhíonn teach níocháin á chothabháil ag údarás sláintíochta féadfaid saoráidí a sholáthar ann chun éadaí agus earraí eile a thirimiú agus d'iarnáil.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh údarás, sláintíochta folcán, folcán snámha, áit folcaidh, áis ná teach níocháin a sholáthar faoin alt seo i gceantar sláintíochta údaráis sláintíochta eile ach amháin le toiliú an údaráis sláintíochta eile nó, i gcás ina ndiúltófar an toiliú sin a thabhairt nó gan é a thabhairt laistigh de thrí mhí tar éis é d'iarraidh, le toiliú an Aire.

[EN]

(4) Má dhéanann údarás sláintíochta folcán, folcán snámha, áit folcaidh, áis nó teach níocháin a sholáthar nó a chothabháil faoin alt seo lasmuigh dá gceantar sláintíochta, ansin, chun aon chríche a ghabhas leis an soláthar nó an chothabháil sin, beidh na cumhachta céanna acu (lena n-áirítear, go sonrach, cumhachta chun talamh a thógaint, uisce d'fháil, uisce nó séarachas a dhiúscairt agus uisce-phíopaí agus séaracha a leagadh síos) a bheadh acu, agus beidh na srianta céanna orthu a bheadh orthu, chun na críche sin, dá mba ina gceantar sláintíochta féin a soláthrófaí an folcán, an folcán snámha, an áit folcaidh, an áis nó an teach níocháin.

[EN]

(5) Aon fholcán, folcán snámha, áit folcaidh, áis do lucht folcaidh, nó teach níocháin a bheas á chothabháil ag údarás sláintíochta i dtosach feidhme an ailt seo is tuigthe é a bheith arna sholáthar faoin alt seo ag an údarás sin.

[EN]

Táillí i leith folcán poiblí, etc., d'úsáid.

36.—Féadfaidh údarás sláintíochta, as a gcomhairle féin, táillí d'éileamh i leith úsáide folcáin, folcáin snámha, áite folcaidh, áise do lucht folcaidh nó tí níocháin a bheas á chothabháil acu nó i leith dul isteach ann.

[EN]

Gardaí tarrthála agus trealamh tarrthála.

37.—(1) Féadfaidh údarás sláintíochta garda nó gardaí tarrthála d'fhostú—

[EN]

(a) ag áit folcaidh nó folcán snámha a bheas á chothabháil acu, nó

[EN]

(b) ag áit folcaidh nó folcán snámha ina gceantar sláintíochta a ligtear an pobal isteach ann gan íocaíocht, agus nach iad féin ná aon údarás sláintíochta eile ná coimisinéirí aon bhaile, atá á chothabháil.

[EN]

(2) Féadfaidh údarás sláintíochta trealamh agus fearais chun daoine a tharrtháil ó bháthadh a sholáthar agus a chothabháil—

[EN]

(a) ag áit folcaidh nó folcán snámha a bheas á chothabháil acu,

[EN]

(b) ag áit folcaidh nó folcán snámha ina gceantar sláintíochta a ligtear an pobal isteach ann gan íocaíocht agus nach iad féin ná aon údarás sláintíochta eile ná coimisinéirí aon bhaile atá á chothabháil, nó

[EN]

(c) ag aon áit ina gceantar sláintíochta ar dóigh leo feidhm a bheith leis na fearais sin ann.

[EN]

(3) Duine ar bith a dhéanfas go héagórach trealamh nó goireas arna sholáthar faoin alt seo d'aistriú nó a bhac nó a dhamáistiú, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air nó, más rogha leis an gcúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

[EN]

Folcáin snámha agus áiteanna folcaidh d'úsáid chun siamsa.

38.—(1) Má bhíonn folcán snámha nó áit folcaidh á chothabháil ag údarás sláintíochta, féadfaid é d'úsáid d'aontoisc, nó a cheadú, in aisce nó ar íocaíocht, é d'úsáid d'aontoisc, le haghaidh cleachtaí snámha, comórtas snámha, galaí nó siamsaí eile.

[EN]

(2) I rith na tréimhse idir an lú lá de Bhealtaine agus an 30ú lá de Mheán Fómhair in aon bhliain, ní húsáidfear folcáin snámha ná áit folcaidh, ná ní ceadófar é d'úsáid, faoin alt seo, le haghaidh siamsaí ar feadh tréimhse is sia ná lá agus fiche ná ar feadh uimhir de thréimhsí is sia san iomlán ná lá agus fiche.

[EN]

(3) Féadfaidh údarás sláintíochta táillí speisialta d'éileamh nó a údarú iad d'éileamh i leith folcán snámha nó áit folcaidh d'úsáid nó dul isteach ann faid a bheas sé á úsáid nó a bheas cead é d'úsáid faoin alt seo le haghaidh siamsaí.

[EN]

Teagasc ar tharrth áil daoine.

39.—(1) Féadfaidh údarás sláintíochta socrú a dhéanamh chun teagasc a thabhairt ar shnámh agus ar tharrtháil daoine ó bháthadh.

[EN]

(2) Féadfaidh údarás sláintíochta, as a gcomhairle féin, táille d'éileamh i leith aon teagaisc a bhéarfar de bhun socruithe arna dhéanamh acu faoin alt seo.

[EN]

Ranníocaíocht do chumainn áirithe.

40.—Féadfaidh údarás sláintíochta, le toiliú an Aire, ranníocaíocht a thabhairt do chistí aon chumainn a mbeidh sé mar chuspóir aige, nó mar cheann dá chuspóirí, daoine a tharrtháil ó bháthadh.

[EN]

Fo-dhlithe maidir le folcadh poiblí.

41.—(1) Féadfaidh údarás sláintíochta fo-dhlithe a dhéanamh chun folcadh poiblí laistigh dá gceantar sláintíochta nó in uiscí cósta i dtadhall lena gceantar sláintíochta a rialú, agus féadfar go sonrach, leis na fo-dhlithe, socrú a dhéanamh le haghaidh gach ní nó aon ní dá luaitear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

[EN]

(2) I gcás aon uiscí cósta a bheith i dtadhall le dhá cheantar sláintíochta nó níos mó, féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil go ndéanfar, chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, iomlán na n-uiscí cósta nó cuid shonraithe dhíobh d'áireamh mar uiscí cósta atá i dtadhall le ceann áirithe de na ceantair sláintíochta agus leis an gceann sin amháin, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an bhfo-alt sin (1).

[EN]

Fo-dhlithe chun folcáin snámha agus áiteanna folcaidh a rialú.

42.—(1) Féadfaidh údarás slaintíochta fo-dhlithe a dhéanamh chun folcán snámha, áit folcaidh nó teach níocháin a bheas á chothabháil acu a rialú, chun daoine a bheas ag taithí an fholcáin snámha, na háite folcaidh nó an tí níocháin a rialú agus chun daoine míthaitneamhacha d'eisiamh uaidh, agus féadfar, leis na fo-dhlithe sin, cumhacht a thabhairt d'aon oifigeach don údarás sláintíochta nó d'aon chomhalta den Gharda Síochána chun a iarraidh ar aon duine a bheas ag sárú aon cheann de na fo-dhlithe an folcán snámha, an áit folcaidh nó an teach níocháin d'fhágaint agus chun é a chur amach as mura bhfága.

[EN]

(2) Féadfaidh údarás sláintíochta fo-dhlithe a dhéanamh chun aon fholcán snámha nó áit folcaidh a rialú atá ina gceantar sláintíochta agus a ligtear an pobal isteach ann in aisce nó ar íocaíocht agus nach iad féin ná aon údarás sláintíochta eile ná coimisinéirí aon bhaile atá á chothabháil, agus féadfar go sonrach, leis na fo-dhlithe, socrú a dhéanamh le haghaidh gach ní nó aon ní dá luaitear sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

[EN]

(3) I gcás ina ndéanfar fo-dhlí faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le haon fholcán snámha, áit folcaidh nó teach níocháin—

[EN]

(a) déanfaidh an t-údarás sláintíochta a rinne an fo-dhlí sin é a thaispeáint agus a choimeád ar taispeáint ag an bhfolcán snámha, an áit folcaidh nó an teach níocháin sin,

[EN]

(b) má fhaillíonn nó má mhainníonn an t-údarás sláintíochta sin mír (a) den fho-alt seo a chomhlíonadh, beidh an t-údarás sláintíochta sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a gciontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur orthu agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

[EN]

(4) I gcás ina ndéanfar fo-dhlí faoi fho-alt (2) den alt seo maidir le haon fholcán snámha nó áit folcaidh—

[EN]

(a) déanfaidh únaer an fholcáin snámha nó na háite folcaidh sin an fo-dhlí sin a thaispeáint agus a choimeád ar taispeáint ann,

[EN]

(b) má fhaillíonn nó má mhainníonn an t-únaer sin mír (a) den fho-alt seo a chomhlíonadh, beidh an t-únaer sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

[EN]

Folcáin phoiblí, etc., atá á gcothabháil ag coimisinéirí baile nach ceantar uirbeach.

43.—(1) Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, go raibh folcán nó teach níocháin poiblí nó áit folcaidh oscailte phoiblí á chothabháil faoi Acht 1846 ag coimisinéirí baile nach ceantar uirbeach, beidh éifeacht, i dtosach feidhme an ailt seo agus dá éis sin, ag na forála seo a leanas—

[EN]

(a) féadfaidh na coimisinéirí, d'ainneoin Acht 1846 a bheith athghairmthe, leanúint de chothabháil an fholcáin nó an tí níocháin phoiblí nó na háite folcaidh oscailte poiblí sin, agus féadfaid, le toiliú an Aire, é d'fheabhsú, nó a leathnú;

[EN]

(b) beidh feidhm ag alt 36 den Acht seo, maidir le haon fholcán nó teach níocháin poiblí nó aon áit folcaidh oscailte phoiblí a leanfaidh na Coimisinéirí, faoi mhír (a) den fho-alt seo, de bheith á chothabháil—

[EN]

(i) amhail is dá ndéantaí na tagairtí ann d'údarás sláintíochta a léiriú mar thagairtí do na coimisinéirí, agus

[EN]

(ii) amhail is dá ndéantaí na tagairtí ann d'fholcán, d'fholcán snámha, d'áit folcaidh, d'áis do lucht folcaidh nó do thigh níocháin a léiriú mar thagairtí don fholcán nó don tigh níocháin poiblí nó don áit folcaidh oscailte phoiblí sin;

[EN]

(c) beidh feidhm ag ailt 37 agus 38 den Acht seo maidir le haon áit folcaidh oscailte a leanfar dá cothabháil amhlaidh—

[EN]

(i) amhail is dá ndéantaí na tagairtí iontu d'údarás sláintíochta a léiriú mar thagairtí do na coimisinéirí, agus

[EN]

(ii) amhail is dá ndéantaí na tagairtí iontu d'áit folcaidh nó d'fholcán snámha a léiriú mar thagairtí don áit folcaidh oscailte sin;

[EN]

(d) léireofar alt 39 den Acht seo amhail is dá bhfolaíodh an tagairt ann d'údarás sláintíochta tagairt do na coimisinéirí;

[EN]

(e) beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (3) d'alt 42 den Acht seo, maidir le haon fholcán, nó teach níocháin poiblí nó áit folcaidh oscailte phoiblí a leanfar dá chothabháil amhlaidh—

[EN]

(i) amhail is dá ndéantaí na tagairtí iontu d'údarás sláintíochta a léiriú mar thagairtí do na coimisinéirí, agus

[EN]

(ii) amhail is dá ndéantaí na tagairtí iontu d'fholcán snámha, d'áit folcaidh nó do thigh níocháin a léiriú mar thagairtí don fholcán nó don tigh níocháin poiblí nó don áit folcaidh oscailte phoiblí sin;

[EN]

(f) má leanann na coimisinéirí de bheith ag cothabháil aon tí níocháin, féadfaid saoráidí a sholáthar ann chun éadaí agus earraí eile a thirimiú agus d'iarnáil;

[EN]

(g) más rud é, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, nár chomhlucht corpraithe chun gach críche na coimisinéirí, ansin, d'ainneoin Acht 1846 a bheith athghairmthe, leanfaidh na coimisinéirí, chun críocha an ailt seo, de bheith ina gcomhlucht corpraithe faoin ainm a sannaíodh dóibh le halt 6 d'Acht 1846;

[EN]

(h) féadfaidh na coimisinéirí, le toiliú an Aire, aon fholcán nó teach níocháin poiblí nó áit folcaidh oscailte phoiblí a leanfar dá chothabháil amhlaidh d'aistriú chun an údaráis sláintíochta don cheantar sláintíochta ina mbeidh an baile sin.

[EN]

(2) San alt seo ciallaíonn an abairt “Acht 1846” an Baths and Washhouses (Ireland) Act, 1846.

CUID VI.

Coirp a Dhiuscairt.

[EN]

Srian maidir leis na háiteanna 'na bhféadfar coirp diadhlacadh.

44.—(1) Faoi réir forál fo-ailt (4) den alt seo ní dhéanfaidh duine ar bith, gan toiliú ón Aire, corp duine mhairbh d'adhlacadh in áit nach reilig chun críocha an ailt seo.

[EN]

(2) Is iad seo a leanas (agus is iad amháin) is reiligí chun críocha an ai t seo—

[EN]

(a) áit atá á úsáid go dleathach mar reilig agus a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, á úsáid go dleathach mar reilig,

[EN]

(b) áit a ndéanfaidh an tAire, tar éis tosach feidhme an ailt seo, é d'fhormheas chun a úsáidte mar reilig,

[EN]

(c) reilig a bheas curtha ar fáil ag bord adhlacan faoi na hAchta.

[EN]

(3) Faoi réir forál fo-ailt (4) den alt seo ní dhéanfaidh duine ar bith corp duine mhairbh d'adhlacadh laistigh de na teoranta ar hordaíodh, le hordú faoi alt 162 d'Acht 1878, gan adhlacadh a dhéanamh a thuilleadh laistigh díobh, contrártha d'fhorála an orduithe sin.

[EN]

(4) Ní chuirfidh aon ní i bhfo-alt (1) nó (3) den alt seo toirmeasc le pearsa eaglaise d'adhlacadh in eaglais nó ina haice.

[EN]

(5) Duine ar bith a shárós fo-alt (1) nó fo-alt (3) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

[EN]

Bord adhlacan do chothabháil uagha

45.—I gcás duine dá iarraidh ar bhord adhlacan faoi na hAchta uaigh i reilig a bheas curtha ar fáil ag an mbord a choimeád in ord mhaith, go suthain nó go ceann tréimhse teoranta, féadfaidh an bord, i gcomaoin pé íocaíochta nó íocaíocht is réasúnach leo, comhaontú chuige sin a dhéanamh leis an duine sin agus a chur i gcrích.

[EN]

Srian le di-adhlacadh.

46.—(1) Féadfaidh an tAire ceadúnas a dheonadh chun corp duine mhairbh a dhí-adhlacadh.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil le ceadúnas faoin alt seo lena n-áirítear, go sonrach—

[EN]

(a) coinníollacha á cheangal athadhlacadh a dhéanamh in áit shonraithe nó laistigh de thréimhse shonraithe,

[EN]

(b) coinníollacha chun a áirithiú go ndéanfar an dí-adhlacadh agus aon athadhlacadh is gá do réir na gcoinníoll go cúramach córach cuí agus i slí nach mbeidh baol ann do shláinte an phobail.

[EN]

(3) Féadfar ceadúnas faoin alt seo a dheonadh maidir le corp áirithe nó maidir le gach corp nó aon chorp a bheas adhlactha in áit áirithe.

[EN]

(4) Ní dhéanfaidh duine ar bith corp duine mhairbh a dhí-adhlacadh as reilig ach amháin faoi cheadúnas arna dheonadh faoin alt seo nó de bhun orduithe ón Aire Dlí agus Cirt faoi alt 15 den Acht Coróinéirí (Leasú), 1927 (Uimh. 1 de 1927).

[EN]

(5) Duine ar bith a shárós fo-alt (4) den alt seo nó nach ndéanfaidh, ar chorp a dhí-adhlacadh nó d'éis a dhí-adhlactha faoi údarás ceadúnais faoin alt seo, coinníoll a bheas ag gabháil leis an gceadúnas a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

[EN]

(6) Ní leor de theideal do dhuine chun aon dí-adhlacadh nó athadhlacadh a dhéanamh ceadúnas arna dheonadh faoin alt seo a bheith aige.

[EN]

Coirp a dhiúscairt ar shlí seachas trína n-adhlacadh.

47.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le taisí daonna a dhiúscairt ar shlí seachas trína n-adhlacadh.

[EN]

(2) Féadfar go sonrach, le rialacháin faoin alt seo, feidhm a thabhairt d'aon achtachán reachtúil nó achtachán eile, a bhaineas le hadhlacadh corp daoine marbha, maidir le diúscairt na gcorp sin ar shlí seachas trína n-adhlacadh, agus féadfar feidhm a thabhairt don achtachán amhlaidh fara modhnuithe nó gan modhnuithe.

[EN]

(3) Duine ar bith a shárós aon rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

[EN]

(4) Ní leor ann féin rialacháin faoin alt seo a chomhlíonadh chun gur dleathach corp duine mhairbh a dhiúscairt.

CUID VII.

Ilghneitheach.

[EN]

Saoráidí le haghaidh cluichí nó caithimh aimsire eile.

48.—(1) Féadfaidh údarás sláintíochta saoráidí a chur ar fáil le haghaidh cluichí nó caithimh aimsire eile agus chuige sin féadfaid, go sonrach, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:

[EN]

(a) talamh a thógaint ina gceantar nó i gcomhgar dó,

[EN]

(b) talamh a leithreasú a bheas ar seilbh acu agus ná beidh ag teastáil chun na críche chun a sealbhaítear é,

[EN]

(c) aon talamh a tógfar nó a leithreasófar amhlaidh a bhainistí iad féin,

[EN]

(d) trealamh, fearais, báid, ainmhithe agus nithe eile le haghaidh cluichí nó caithimh aimsire a chur ar fáil ar aon talamh a tógfar nó a leithreasófar amhlaidh agus táillí d'éileamh i leith úsáide na nithe sin,

[EN]

(e) aon talamh a tógfar nó a leithreasófar amhlaidh a ligean chun aon duine lena úsáid le haghaidh cluichí nó caithimh aimsire eile,

[EN]

(f) ranníocaíocht a thabhairt, faoi réir pé coinníoll (más ann) is cuí leo, chun talamh a chur ar fáil ina gceantar nó i gcomhgar dó lena úsáid le haghaidh cluichí nó caithimh aimsire eile agus chun trealamh a chur ar fáil le haghaidh cluichí nó caithimh aimsire eile ar aon talamh den tsórt sin.

[EN]

(2) Féadfaidh údarás sláintíochta fo-dhlithe a dhéanamh chun aon talamh a rialú a bheas á bhainistí acu faoin alt seo.

[EN]

(3) Féadfaidh údarás sláintíochta pé laethanta is oiriúnach leo (nach mó ná dhá lá déag in aon bhliain áirithe ná cheithre lá as a chéile ar aon ócáid áirithe) aon talamh a bheas á bhainistí acu faoin alt seo nó aon chuid de a dhúnadh ar an bpobal agus úsáid an tailimh sin nó na coda sin de a dheonadh, in aisce nó ar íocaíocht, d'aon duine le haghaidh aon spóirt nó siamsa.

[EN]

(4) San alt seo—

[EN]

folaíonn an focal “talamh” talamh faoi uisce agus tailte taoide do réir bhrí an Achta Imeall Trá, 1933 (Uimh. 12 de 1933);

[EN]

folaíonn an focal “trealamh” foirgintí agus déanmhais eile agus fós talamh a leagan amach i dtreo go mbeadh sé oiriúnach le haghaidh cluichí nó caithimh aimsire eile.

[EN]

Bacainní in aibhneacha agus in uiscechúrsai.

49.—Féadfaidh údarás sláintíochta pé bearta a dhéanamh is gá go réasúnach chun nach ndéanfar díobháil do shláinte an phobail nó do thaitneamhachta aon áite de dheasca bacainní in aon abhainn nó uisce-chúrsa.

[EN]

Costais ghinearálta agus costais speisialta údaráis sláintíochta thuatha.

50.—(1) Aon chostais (seachas costais lena mbainfidh ordú faoi fho-alt (2) den alt seo nó costais a ndearbhófar leis na hAchta nó fúthu gur costais feabhsúcháin phríobháidigh iad) faoina raghaidh comhairle chontae mar údarás sláintíochta tuatha do cheantar sláinte contae nó a bheas le cruinniú agus le n-íoc amhail is dá mba mar sin a chuathas fúthu, muirearófar iad ar iomlán an cheantair shláinte chontae sin.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, ar chomhairle chontae dá iarraidh sin mar údarás sláintíochta tuatha do cheantar sláinte contae, a fhoráil, le hordú, go ndéanfar iomlán aon chostas nó cuid d'aon costais faoina raghaidh an chomhairle sin mar údarás den tsórt sin, chun críche áirithe, a mhuirearú ar chuid áirithe den cheantar sin agus ar an gcuid sin amháin.

[EN]

(3) Aon chostais lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo gairmfear costais ghinearálta dhíobh agus aon chostais lena mbainfidh ordú faoi fho-alt (2) den alt seo gairmfear costais speisialta dhíobh.

[EN]

(4) Gach tagairt do chostais speisialta atá in aon achtachán a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo agus a bhaineas le húdaráis sláintíochta, léireofar í mar thagairt do chostais lena mbaineann ordú faoi fho-alt (2) den alt seo.

[EN]

(5) Is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAcht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942, déanamh iarratais faoi fho-alt (2) den alt seo.

[EN]

Srian maidir le foirgint a thógáil os cionn séaraigh nó príomh-phíopa uisce.

51.—Beidh feidhm ag forála ailt 29 d'Acht 1878 i gcás duine dá chur faoi ndear foirgint d'úrthógáil os cionn séaraigh le húdarás sláintíochta tuatha nó os cionn príomh-phíopa uisce le húdarás sláintíochta, uirbeach nó tuatha, amhail mar atá feidhm acu i gcás duine dá chur faoi ndear foirgint d'úrthógáil os cionn séaraigh le húdarás sláintíochta uirbeach.

[EN]

Mortabháil chruthúnais.

52.—In aon inchúiseamh i leith ciona faoin Acht seo, ní gá aon chead, ceadúnas ná saoradh faoin Acht seo ná faoi aon rialacháin faoin Acht seo a fhrisnéis le fianaise, agus is ar an duine a bheas ag iarraidh tairbhiú dhe a bheas sé de mhortabháil aon chead, ceadúnas nó saoradh den tsórt sin a chruthú.

[EN]

Feidhm ghinearálta ag Cuid III den Public Health Acts Amendment Act, 1890.

53.—D'ainneoin aon ní san Public Health Acts Amendment Act, 1890, beidh éifeacht ag iomlán Coda III den Acht sin (ach amháin ailt 28 agus 32 a hathghairmeadh leis an Acht Sláinte, 1947, agus ailt 19 agus 49 a hathghairmtear leis an Acht seo) i ngach ceantar sláintíochta, pé acu ceantar tuatha nó ceantar uirbeach é, d'ainneoin nár glacadh leis faoin Acht sin sa cheantar sin.

[EN]

Feidhm ghinearálta ag Coda II, III, V, VI agus X den Public Health Acts Amendment Act, 1907.

54.—D'ainneoin aon ní san Public Health Acts Amendment Act, 1907—

[EN]

(a) beidh éifeacht ag Coda II, III, V, VI agus X den Acht sin (ach amháin alt 50 a hathghairmeadh leis an Acht Sláinte, 1947, agus ailt 34, 75, 92 agus 93 a hathghairmtear leis an Acht seo) i ngach ceantar sláintíochta, pé acu ceantar tuatha nó ceantar uirbeach é, d'ainneoin nár dearbhaíodh faoin Acht sin iad a bheith i bhfeidhm sa cheantar sin,

[EN]

(b) déanfar aon tagairt i gCuid III den Acht sin don dochtúir oifigiúil a léiriú mar thagairt don dochtúir oifigiúil ceantair iomchuí faoi alt 73 den Acht Sláinte, 1947, agus

[EN]

(c) déanfar aon tagairt i gCuid III den Acht sin don chigire núiseanna a léiriú mar thagairt d'aon oifigeach don údarás áitiúil a ndéanfaidh an tAire, nó an t-údarás áitiúil le toiliú an Aire, gníomhú mar chigire núiseanna, a shannadh mar dhualgas dó.

[EN]

Srian maidir le feidhm ailt 251 d'Acht 1878.

55.—Ní bheidh feidhm ag alt 251 d'Acht 1878 maidir le hinchúiseamh ag an Aire nó ag údarás sláintíochta i leith ciona faoi aon alt den Acht seo.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Alt. 4.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

9 & 10 Vic., c. 87

Baths and Washhouses (Ireland) Act, 1846.

An tAcht iomlán.

17 & 18 Vic., c. 103

Towns Improvement (Ireland) Act, 1854.

An coprú a rinneadh le halt 55 ar ailt 136 go 141 den Towns Improvement Clauses Act, 1847; alt 77.

41 & 42 Vic., c. 52

Public Health (Ireland) Act, 1878.

Ailt 25, 26, 51, 72, 167 agus 232.

53 & 54 Vic., c. 59

Public Health Acts Amendment Act, 1890.

Ailt 19 agus 49.

63 & 64 Vic., c. 10

Public Health (Ireland) Act, 1900.

An tAcht iomlán.

63 & 64 Vic., c. 63

Local Government (Ireland) Act, 1900.

Na focail “by section ten of the Baths and Wash-houses (Ireland) Act, 1846” in alt 9.

7 Edw. VII., c. 53

Public Health Acts Amendment Act, 1907.

Ailt 34, 75, 92 agus 93.

8 & 9 Geo. V., c. 34

Statutory Undertakings (Temporary Increase of Charges) Act, 1918.

An tAcht iomlán.

Uimh. 5 de 1925

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1925.

Ailt 10, 12 go 14, 17 agus 20; an Ceathrú Sceideal.

Uimh. 3 de 1927

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1927.

Alt 2; an Chéad Sceideal; an chéad cheithre leasuithe a sonraítear sa Tríú Sceideal, is é sin le rá, na leasuithe a bhaineas le hailt 10 agus 13 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925.

Uimh. 3 de 1931

An tAcht Sláinte Poiblí (Costais Speisialta), 1931.

An tAcht iomlán.

AN DARA SCEIDEAL.

Nithe a bhfeadfar Socru a dheanamh ina dtaobh le Fo-Dhlithe maidir le hUsaid Teaghas Sealadach.

Alt. 30.

1. Teaghais sealadacha a choimeád i riocht inchónaithe agus teaghais sealadacha agus a dtimpeallacht a choimeád glan.

2. Díobháil do thaitneamhachta aon áite ó bhrocamas, dramhaíoll, sratharnach nó treascarnach eile nó ó fhothram as teaghais sealadacha a chosc.

3. Iompar dea-ordúil córach ag áitreoirí teaghas sealadacha d'áirithiú.

4. Núiseanna maidir le teaghais sealadacha a chosc.

AN TRIU SCEIDEAL.

Nithe a bhfeadfar Socru a dheanamh ina dtaobh le Fo-Dhlithe maidir le Folcadh Poibli.

Alt 41.

1. Folcadh poiblí a thoirmeasc, ach amháin i líomatáistí sonraithe.

2. Folcadh poiblí a chosc laistigh de thráthanna sonraithe, go ginearálta nó maidir le haon líomatáiste nó líomatáistí sonraithe.

3. Tógáil creascán nó tealtaí folcaidh a thoirmeasc, ach amháin in áiteanna sonraithe.

4. An tslí a rialú ina bhféadfar innleáin, creascáin, nó tealtaí folcaidh d'úsáid agus na táillí a féadfar d'éileamh i leith a n-úsáidte.

5. Rialú a dhéanamh ar iompar daoine a bheas ag taithí aon líomatáiste a bheas in áirithe le haghaidh folcaidh phoiblí i rith na dtráthanna a bheas ceadaithe le haghaidh folcaidh phoiblí.

6. Rialú a dhéanamh, a mhéid is gá do réir cuibhis, ar na cultacha a chaithfeas lucht folcaidh agus daoine a bheas ag nochtadh a gcorp leis an ngréin nó leis an aer.

7. Líomatáistí d'fhorcoimeád le haghaidh folcaidh ag fireannaigh.

8. Líomatáistí d'fhorcoimeád le haghaidh folcaidh ag buachaillí faoi bhun ocht mbliana d'aois agus ag baineannaigh.

9. Líomatáistí d'fhorcoimeád le haghaidh dí-éaduithe agus éaduithe ag fireannaigh.

10. Líomatáistí d'fhorcoimeád le haghaidh dí-éaduithe agus éaduithe ag buachaillí faoi bun ocht mbliana d'aois agus ag baineannaigh.

11. Rialú a dhéanamh, a mhéid is gá chun nach baol nó cráiteas do lucht folcaidh é, ar loingsiú aon árthaigh phléisiúir laistigh nó i gcomhgar d'aon líomatáiste a bheas in áirithe le haghaidh folcaidh phoiblí i rith na dtráthanna a bheas ceadaithe le haghaidh folcaidh phoiblí.

AN CEATHRU SCEIDEAL.

Nithe a bhfeadfar Socru a dheanamh ina dtaobh le Fo-Dhlithe maidir le Folcan Snamha no Ait Folcaidh nach Udaras Slaintiochta ata a Chothabhail.

Alt 42.

1. Rialú ar iompar daoine a bheas ag taithí an fholcáin snámha nó na háite folcaidh.

2. A áirithiú gur uisce íon an t-uisce sa bhfolcán snámha nó san áit folcaidh agus gur leor agus gur glan an chóiríocht ann.

3. Saoráidí leor-dhóthanacha a chur ar fáil chun daoine a ghlanadh sar a n-úsáidfid an folcán snámha nó an áit folcaidh, agus a thabhairt go n-úsáidfear na saoráidí sin.

4. Gardaí tarrthála agus trealamh agus fearais a chur ar fáil chun daoine a tharrtháil ó bháthadh agus forchúraim a ghlacadh in aghaidh baoil tionóiscí.

5. Cóiríocht ar leith a chur ar fáil le haghaidh dí-éaduithe agus éaduithe ag fireannaigh.

6. Cóiríocht ar leith a chur ar fáil le haghaidh dí-éaduithe agus éaduithe ag buachaillí faoi bhun ocht mbliana d'aois ag baineannaigh.