[EN]

Uimhir 3 de 1953.


[EN]

ACHT CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA (LEASÚ), 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHT CISTE NA nIASACHT ÁITIÚLA, 1935 GO 1951. [4ú Márta, 1953.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— [EN]

Méadú ar an méid airgid is ineisithe as ciste na n-iasacht áitiúla.

1.—Athghairmtear leis seo alt 1 d'Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1951 (Uimh. 18 de 1951), agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach raghaidh méid iomlán an airgid a heiseofar as ciste na n-iasacht áitiúla i leith iasacht áitiúla i rith na tréimhse a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 4 d'Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935), thar suim seachtó milliún punt.

[EN]

Suimeanna áirithe a dhíscríobh.

2.—(1) Déanfar na méideanna i leith príomhshuime agus úis a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha a dhíscríobh de shócmhainní ciste na n-iasacht áitiúla.

[EN]

(2) D'ainneoin fo-ailt (3) d'alt 14 d'Acht Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935), i gcás méideanna a dhíscríobh de bhun an ailt seo scoirfidh dliteanas aon duine chun na méideanna sin agus an t-ús pionósach a dlitear ina leith d'íoc.

[EN]

(3) Measfar, maidir leis na méideanna a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha, an t-alt seo a theacht i ngníomh ar an dáta a sonraítear ag an uimhir thagartha sin.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

3.—(1) Féadfar Acht Ciste na nIasacht Áitiúla (Leasú), 1953, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1953, a ghairm d'Achta Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1951, d'alt 3 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1945 (Uimh. 35 de 1945), agus den Acht seo le chéile.

AN SCEIDEAL.

Alt. 2.

Uimh. Thag.

Ainm an iasachtaí

An phríomhshuim atá le díscríobh

An t-ús atá le díscríobh

Dáta éifeachta an díscríofa

1

Coimisinéirí Cuain Bhun Crannóige

£2,124

5s.

5d.

£2,188

8s.

1d.

31ú Márta, 1941

2

Clancy, John

...

£453

6s.

0d.

£7

10s.

3d.

29ú Eanáir, 1943

3

Kennedy, Margaret M.

...

£58

18s.

10d.

5s.

7d.

5ú Samhain, 1937

4

Odlum, William Woods

...

£201

6s.

3d.

£4

18s.

8d.

1ú Feabhra, 1937