Uimhir 3 de 1964.
ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1964
[An tiontú oifigiúil.]
Leasú ar alt 7(1) (h) d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942.
1.—Leasaítear leis seo mír (h) d'fho-alt (1) d'alt 7 d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942, trí “nó urrúis de chuid aon bhainc idirnáisiúnta nó forais idirnáisiúnta airgeadais, is banc nó foras a bunaíodh go hiomlán ná go páirteach ag Rialtais” a chur isteach tar éis “aon tíre eile”.
Forálacha maidir le Tithe an Oireachtais.
2.—(1) I gcás ina ndéanfar duine is Gobharnóir nó Stiúrthóir ar Bhanc Ceannais na hÉireann a ainmniú, lena thoiliú, mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Teach den Oireachtas nó ina n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina Ghobharnóir nó ina Stiúrthóir.
(2) Aon duine ag a bhfuil teideal de thuras na huaire faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Teach den Oireachtas chun suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal suí amhlaidh, dícháilithe chun bheith nó teacht chun bheith ina Ghobharnóir nó ina Stiúrthóir ar Bhanc Ceannais na hÉireann.
Aisghairm.
3.—Aisghairtear leis seo na codanna seo a leanas d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942:
(i) na focail “(ná beidh ús iníoctha ortha)” i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 7;
(ii) mír (a) d'fho-alt (4) d'alt 19;
(iii) fo-alt (6) d'alt 23.
Gearrtheideal agus comhlua.
4.—(1) Féadfar Acht an Bhainc Ceannais, 1964, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1964, a ghairm d'Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1961, agus den Acht seo le chéile.