Uimhir 3 de 1983
ACHT NA nAERCHUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1983
[An tiontú oifigiúil]
Cumhacht an Aire Airgeadais tuilleadh scaireanna a fháil in Aerlínte.
1.—I dteannta na scaireanna atá ar seilbh aige in Aerlínte Éireann, Teoranta, de bhua alt 2 d'Acht na nAerchuideachtaí, 1966, féadfaidh an tAire Airgeadais suibscríobh le haghaidh tuilleadh scaireanna (d'aon aicme) in Aerlínte Éireann, Teoranta, go feadh méid nach mó a luach ainmniúil ná £60,000,000.
Airgead a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí faoin Acht seo as an bPríomh-Chiste.
2.—Íocfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin Acht seo.
Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais Aerlínte a athrú.
3.—Déanfaidh Aerlínte Éireann, Teoranta, cibé bearta is gá faoi Acht na gCuideachtaí, 1963, lena mheabhrán comhlachais agus a airteagail chomhlachais a athrú lena gcur ar comhréir leis an Acht seo.
Ráthaíocht on Aire Airgeadais i leith iasachtaí a gheobhaidh Aer Lingus agus Aerlínte.
4.—Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó le halt 2 (1) d'Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1976, a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £150,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochtaí faoi alt 2 (1) (a) den Acht sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire (mar aon leis an méid príomhshuime a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire sin ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha) agus, dá réir sin, leasaítear leis seo alt 2 (2) den Acht sin trí “£150,000,000” a chur in ionad “£75,000,000”.
Gearrtheideal agus comhlua.
5.—(1) Féadfar Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1983, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achtanna na nAerchuideachtaí, 1966 go 1983, a ghairm d'Achtanna na nAerchuideachtaí, 1966 go 1978, agus den Acht seo le chéile.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |