[EN]

Uimhir 32.


[EN]

ACHT AIRGID (Uimh. 2), 1923.


ACHT CHUN FAOISEAMH Ó CHÁIN IONCUIM I gCÓIR NA BLIANA 1923-1924 DO THABHAIRT I gCÁS ÚDARÁSANNA ARACHAIS SLÁINTE NÁISIÚNTA SA BHREATAIN MHÓIR AGUS I dTUAISCEART ÉIREANN. [8adh Lúnasa, 1923.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTAIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Saoirse o cháin ioncuim i gcóir 1923-24 ar chistí Udarásanna Arachais Sláinte Náisiúnta sa Bhreatain Mhóir agus i dTuaisceart Éireann.

1.—(1) Ag cumann atá ina Chumann Cheaduithe do réir brí Cuid I. den Acht Arachais Náisiúnta, 1911, agus 'na bhfuil a phríomh-oifig suidhte sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann, agus ag aon bhrainse dá leithéid sin de chumann, beidh teideal chun saoirse o cháin ioncuim i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1923, i dtaobh an ioncuim a tháinig as aon chistí no creidiúintí leis an gcumann fén gCuid sin den Acht san, no as aon tsúncáil a díneadh ortha san, agus beidh teideal ag Aire Sláinte Shasana, ag Bord Sláinte na hAlban, agus ag Aireacht Oibreachais Thuaiscirt Éireann chun a leithéid eile sin de shaoirse i dtaobh aon ioncuim a tháinig as aon chistí ar seilbh acu, no fé smacht no fé bhainistí acu, fén Acht san no chun crícheanna an Achta san.

[EN]

(2) Beidh teideal chun saoirse o cháin ioncuim, i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1923, ag Coiste Arachais a bunuíodh sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann fé Chuid I. den Acht Arachais Náisiúnta, 1911, i dtaobh ioncuim a tháinig as aon chistí no creidiúintí leis an gCoiste fé sna hAchtanna Arachais Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1922, no as aon tsúncáil a dineadh ortha san agus ag Iontaobhuithe an chiste speisialta, a bunuíodh le fo-alt (6) d'Alt a hocht is dachad den Acht Arachais Náisiúnta, 1911, mar a leasuíodh é leis an Acht Arachais Sláinte Náisiúnta, 1918, i dtaobh ioncuim a tháinig as an gciste sin, agus beidh teideal ag Có-Choiste an Arachais Sláinte Náisiúnta chun a leithéid eile sin de shaoirse i dtaobh aon ioncuim a tháinig as aon chistí ar seilbh ag an gCoiste sin no fé smacht no bainistí an Choiste sin fé sna hAchtanna Arachais Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1922, no chun críche na nAcht san, agus beidh teideal ag an gcólucht d'Iontaobhuithe a bunuíodh fé Airtiogal 3 d'Ordú Rialtais na hÉireann (Oiriúnú Achtanna Arachais Náisiúnta), 1922, chun a leithéid eile sin de shaoirse i dtaobh an ioncuim a tháinig as aon chistí a haistríodh chun an chóluchta san d'Iontaobhuithe agus a dílsíodh ionta do réir an Orduithe sin.

[EN]

(3) Na saoirsí uile a tugtar leis an alt so beid ina méadú agus ní ina luíodú ar aon tsaoirse eile.

[EN]

(4) Gach tagairt a dintar san alt so do sna hAchtanna Arachais Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1922, no d'aon cheann de sna hAchtanna san, léireofar í mar thagairt do sna hAchtanna no don Acht san fé mar a bhainid no a bhaineann sé leis an mBreatain Mhóir agus le Tuaisceart Éireann.

[EN]

Sabháil d'Údaráis Arachais Sláinte Náisiúnta i Saorstát Éireann.

2.—Ní dhéanfidh éinní san Acht so dochar ná difir d'aon tsaoirse o cháin ioncuim 'na bhfuil no 'na mbeidh teideal chúichí ag cumann atá ina Chumann Cheaduithe do réir brí Cuid I. den Acht Arachais Náisiúnta, 1911, agus 'na bhfuil a phríomh-oifig suidhte i Saorstát Éireann, no ag aon bhrainse dá leithéid sin de chumann, no ag aon Choiste Arachais i Saorstát Éireann a bunuíodh fén gCuid I. san den Acht san, no ag Coimisinéirí Arachais na hÉireann, sé sin, teideal do réir no de bhua fo-altanna (5) agus (6) d'Alt 39 den Acht Cánach Ioncuim, 1918, sa mhéid go mbaineann sé le Saorstát Éireann.

[EN]

Gearr-Theideal.

3.—Féadfar an tAcht Airgid (Uimh. 2), 1923, do ghairm den Acht so.