[EN]

Uimhir 32 de 1935.


[EN]

ACHT UM GHALAIR AINMHITHE, 1935.


ACHT CHUN NA nACHTANNA UM GHALAIR AINMHITHE (ÉIRINN), 1894 GO 1934, DO LEASÚ MAIDIR LE hAINMHITHE FÉ GHALAR DO MHARBHADH, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I gCÓIR NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [2adh Lúnasa, 1935.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Diseases of Animals Act, 1894, agus, i ngach áit ina gceaduíonn no ina n-éilíonn an có-théacs amhlaidh, foluíonn sí na hAchtanna uile le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san;

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

[EN]

Leathnú ar na comhachta chun ordú do dhéanamh.

2.—(1) An chomhacht chun ordú do dhéanamh, a bronntar le hAlt 22 den Phríomh-Acht agus atá dílsithe anois san Aire, bainfidh le horduithe do dhéanamh agus folóidh orduithe do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) chun a ordú no a údarú go ndéanfadh daoine cheapfaidh an tAire chuige sin, go ndéanfaidís, i pé áiteanna cheapfaidh an tAire, ainmhithe do mharbhadh ar a mbeidh aon ghalar seachas bó-phláigh, pleuropneumonia, galar coise-agus-béil, no fiabhras muc;

[EN]

(b) chun oibriú na n-ordú san do theorannú chun ná bainfidís ach le hainmhithe bheidh de thurus na huaire i gceanntar údaráis áitiúla no údaráis áitiúil áirithe;

[EN]

(c) chun ainmhithe do sheachadadh do dhaoine ceapfar amhlaidh a hordófar no a húdarófar do sna daoine sin a mharbhadh;

[EN]

(d) chun an Aire d'íoc cúitimh alos aon ainmhithe den tsórt san a marbhófar amhlaidh;

[EN]

(e) chun méid an chúitimh sin do chinneadh le toiliú an Aire Airgid.

[EN]

(2) Má dheineann an tAire ordú (dá ngairmtear an t-ordú ionadathach sa bhfo-alt so) fé alt 22 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san leis an alt so, á ordú no á údarú do dhaoine cheapfaidh an tAire chuige sin ainmhithe ar a mbeidh aon ghalar do mharbhadh, agus má bhíonn ordú (dá ngairmtear an t-ordú bunaidh sa bhfo-alt so) i bhfeidhm fé alt 19 den Phríomh-Acht maidir leis na hainmhithe agus leis an ngalar san nuair a thiocfaidh an t-ordú ionadathach i bhfeidhm agus má bhaineann an t-ordú ionadathach le ceanntar údaráis áitiúla le n-a mbaineann an t-ordú bunaidh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) scuirfidh an t-ordú bunaidh d'éifeacht do bheith aige maidir leis an gceanntar san;

[EN]

(b) má ceiliúrtar an t-ordú ionadathach tiocfaidh an t-ordú bunaidh i ngníomh arís, maidir leis an gceanntar san, ar an gceiliúradh san do dhéanamh;

[EN]

(c) ní dhéanfaidh scur an orduithe bhunaidh amhlaidh, maidir leis an tréimhse gur ar a feadh do bhí sé i bhfeidhm de thurus na huaire díreach roimh an scur san, deifir—

[EN]

(i) d'oibriú an orduithe bhunaidh roimhe sin ná d'éinní do rinneadh no do fulaingeadh go cuibhe fén ordú bunaidh; ná

[EN]

(ii) d'aon cheart, príbhléid, oblagáid ná freagarthacht do fuarthas no d'fhás no fé n-a ndeachthas fén ordú bunaidh; ná

[EN]

(iii) d'aon phionós, geallbhruid ná peannaid fé n-a ndeachthas alos aon chionta fén ordú bunaidh; ná

[EN]

(iv) d'aon fhiosrúchán, imeacht dlí ná leigheas alos aon chirt, príbhléide, oblagáide, pionóis, geallbhruide no peannaide den tsórt san roimhráite;

[EN]

féadfar aon fhiosrúchán, imeacht dlí no leigheas den tsórt san do bhunú, do choimeád ar siúl no d'fhoirfheidhmiú, agus féadfar aon phionós, geallbhruid no peannaid den tsórt san d'fhorchur, fé is ná scuirfeadh an t-ordú bunaidh sin amhlaidh d'éifeacht do bheith aige.

[EN]

Fíneála do chur de láimh,

3.—Ní bheidh feidhm ag fo-alt (4) d'alt 51 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926), ná ag aon ordú (ar n-a dhéanamh roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fén bhfo-alt san, maidir le haon fhíneáil a forchuirfear alos cionta i gcoinnibh aon orduithe déanfar fén bPríomh-Acht agus a déanfar amhlaidh (i bpáirt no go hiomlán) de bhuadh an leathnuithe dheineann an tAcht so ar an gcomhacht a bronntar le halt 22 den Phríomh-Acht.

[EN]

Costaisí.

4.—Na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire chun no i dtaobh aon orduithe do dhéanamh fén bPríomh-Acht a déanfar amhlaidh (i bpáirt no go hiomlán) de bhuadh an leathnuithe dheineann an tAcht so ar na comhachta bronntar le halt 22 den Phríomh-Acht no chun no i dtaobh aon ghnímh no ruda do dhéanamh fén ordú san no fén bPríomh-Acht chun críche an orduithe sin no dá bhuadh, agus an cúiteamh uile is iníoctha fén ordú san, déanfar, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, iad d'íoc amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

5.—(1) Féadfar an tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1935, do ghairm den Acht so, agus léireofar é mar éinní amháin leis na hAchtanna um Ghalair Ainmhithe (Éirinn), 1894 go 1934.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Ghalair Ainmhithe (Éirinn), 1894 go 1935, do ghairm de sna hAchtanna um Ghalair Ainmhithe (Éirinn), 1894 go 1934, agus den Acht so le chéile.