Uimhir 32 de 1962.
AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ), 1962.
[An tiontú oifigiúil.]
Liúntas thar oíche.
1.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “limistéar Bhaile Átha Cliath” an limistéar sin, agus contae-bhuirg Bhaile Átha Cliath ina cuid de, a ndearbhófar le rialacháin gurb é limistéar Bhaile Átha Cliath é chun críocha an ailt seo;
ciallaíonn “comhalta lena mbaineann an t-alt seo” comhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann nach i limistéar Bhaile Átha Cliath atá a ghnáth-áit chónaithe de thuras na huaire;
ciallaíonn “tionól”—
(a) tionól de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann, nó
(b) tionól de choiste de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann ar comhalta de comhalta lena mbaineann an t-alt seo.
(2) I gcás ina bhfanfaidh comhalta lena mbaineann an t-alt seo thar oíche i limistéar Bhaile Átha Cliath, toisc—
(a) é a bheith beartaithe aige freastal ar thionól an lá dá éis sin, nó
(b) tionól a raibh sé i láthair aige críochnú ródhéanach chun go bhféadfadh sé filleadh abhaile an lá céanna,
déanfar liúntas thar oíche i leith cóiríochta den mhéid a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag an Aire Airgeadais chun críocha an ailt seo a íoc leis as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Saoráidí teileafóin agus poist.
2.—Déanfar na saoráidí seo a leanas a dheonú, faoi réir cibé eisceachtaí, sriantachtaí agus coinníollacha a fhorálfar le rialacháin, do chomhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann:
(a) glaonna teileafóin in aisce ó Theach Laighean,
(b) saoráidí poist in aisce de dhroim a dhualgas parlaiminte.
Rialacháin.
3.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais rialacháin a dhéanamh chun críocha an Achta seo.
(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.
4.—(1) Féadfar an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1962, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1963.
(3) Féadfar na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1962, a ghairm de na hAchtanna um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1960, agus den Acht seo le chéile.