Uimhir 32 de 1972
AN tACHT UM BAINISTÍ CHONTAE (LEASÚ), 1972
[An tiontú oifigiúil]
Bailitheoirí rátaí faoi chomhairlí contae a cheapadh.
1.—Is feidhm feidhmiúcháin chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, bailitheoir rátaí faoi chomhairle contae a cheapadh i gcóir ceantair bhailiúcháin rátaí arna bhunú go dleathach sa chontae sin, agus aisghairtear dá réir sin alt 16 (7) den Acht um Bainistí Chontae, 1940.
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht um Bainistí Chontae (Leasú), 1972, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, a ghairm de na hAchta um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, agus den Acht seo le chéile.