[EN]

Uimhir 33 de 1924.


[EN]

ACHT CAPITAIL THELEFÓIN, 1924.


ACHT CHUN AIRGEAD DO DHEONA CHUN SCÉIM THELEFÓNACH SHAORSTÁIT ÉIREANN DO CHUR I bhFEABHAS AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A-BHAINEAS LEIS SIN. [28adh Iúl, 1924.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Deontas chun an scéim thelefónach do chur i bhfeabhas.

1.—(1) Féadfidh an tAire Airgid suimeanna nách mó san iomlán ná suim cúig céad míle punt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis, pé suimeanna a theastóidh ón Aire Puist agus Telegrafa chun scéim thelefónach Shaorstáit Éireann do chur i bhfeabhas do réir meastachán le n-a n-aontóidh an tAire Airgid.

[EN]

(2) Gach suim a thug an tAire Airgid amach as a bPrímh-Chiste no as a thora fáis no as Ciste Co-dhlúite Rialtas Sealadach na hÉireann roimh rith an Achta so d'Aire an Phuist no don Aire Puist agus Telegrafa chun scéim thelefónach Shaorstáit Éireann do chur i bhfeabhas tuigfar gur fé údarás an Achta so a tugadh amach iad agus cuirfar iad in aon áireamh a déanfar ar iomlán na suimeanna a tugadh amach fén údarás san.

[EN]

Féadfidh an tAire Airgid iasachtaí fháil chun crícheanna an Achta so.

2.—(1) Chun airgead do sholáthar i gcóir na suimeanna a húdaruítar no a tuigtar a húdaruíodh leis an Acht so a thabhairt amach as an bPrímh-Chiste, no chun airgead do sholáthar chun aisíoc do dhéanamh leis an bPrímh-Chiste i ngach suim no in aon tsuim a tugadh amach as an gCiste sin fé údarás an Achta so no a tuigtar de réir an Achta so a bheith tabhartha amach amhlaidh fén údarás san, féadfidh an tAire Airgid iasachtaí fháil tré bhlianachtaí inchríochnuithe a rithfidh ar feadh tréimhse nách sia ná fiche bliain.

[EN]

(2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach airgead a gheobhfar ar iasacht fén alt so.

[EN]

(3) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun seirbhíse d'Oifig an Phuist a híocfar gach blianacht inchríochnuithe a cruthnófar fén alt so, agus, maran leor an t-airgead san, is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh a muirear agus a híoe.

[EN]

(4) Déanfar tagairtí san alt so d'airgead a tugadh amach as an bPrímh-Chiste do léiriú fé mar a bheidís ag tagairt, leis, d'airgead a tugadh amach as Ciste Có-dhlúite Rialtas Sealadach na hÉireann.

[EN]

Ullamhú agus iniúcha cuntaisí.

3.—(1) Laistigh d'ocht mí tar éis deire na bliana airgeadais dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1924, agus laistigh d'ocht mí tar éis deire gach bliana airgeadais ina dhiaidh sin ina ndéanfar aon tsuim do thabhairt amch no do chaitheamh fé údarás an Achta so, cuirfidh an tAire Puist agus Telegrafa fé ndeár go n-ullamhófar, i bhfuirm a ordóidh an tAire Airgid, cuntas ina dtaisbeánfar an t-airgead a caitheadh agus a hiasachtuíodh agus na hurúsanna a cruthnuíodh fé údarás an Achta so no a tuigtar, do réir an Achta so, a bheith caithte, iasachtuithe no cruthnuithe amhlaidh.

[EN]

(2) Gach cuntas caiteachais a hullamhófar do réir an ailt seo cuirfar chun an Ard-Scrúdóra é agus déanfidh seisean é iniúcha agus tuarasgabháil do thabhairt air mar chuntas leithreasa ar a gcuma a horduítear leis an Exchequer and Audit Departments Acts, 1866 and 1921.

[EN]

Leagfar ráitisí agus cuntaisí fé bhráid an Oireachtais.

4.—(1) Laistigh dé shé mhí tar éis rithte an Achta so, leagfidh an tAire Puist agus Telegrafa fé bhráid gach Tighe den Oireachtas, i bhfuirm a ordóidh an tAire Airgid, ráiteas cuntais ina dtaisbeánfar an t-ioncum agus an caiteachas i dtaobh na seirbhíse telefóin i gcaitheamh na bliana airgeadais dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1923.

[EN]

(2) Ar an 30adh lá de Mhí na Samhna, no roimhe sin, sa bhliain 1924 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin leagfidh an tAire Puist agus Telegrafa fé bhráid gach Tighe den Oireachtas—

[EN]

(a) ráiteas ina dtaisbeánfar an méid a caitheadh i gcaitheamh na bliana airgeadais roimhe sin mar gheall ar an muirear bliantúil i dtaobh bliantachtaí inchríochnuithe a cruthnuíodh no, do réir an Achta so, a tuigtar a cruthnuíodh fé údarás an Achta so, agus

[EN]

(b) ráiteas cuntais a bheidh i bhfuirm a ordóidh an tAire Airgid agus ina dtaisbeánfar an t-ioncum agus an caiteachas i dtaobh na seirbhíse telefóin i gcaitheamh na bliana airgeadais roimhe sin.

[EN]

(3) Má bhíonn an tOireachtas gan bheith ina suidhe i ndeire aon aimsire in ar gá do réir an ailt seo ráiteas no cuntas do leaga fé n-a bhráid, sínfar an aimsir sin go ceann seachtaine tar éis tosach an chéad shiosóin eile den Oireachtas.

[EN]

Gearr-theideal.

5.—Féadfar an tAcht Capitail Thelefóin, 1924, do ghairm den Acht so.