[EN]

Uimhir 33 de 1938.


[EN]

ACHT FÓRSAÍ COSANTA (PINSIN) (LEASÚ), 1938.


ACHT CHUN AN ACHTA FÓRSAÍ COSANTA (PINSIN), 1932, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [14adh Mí na Nodlag, 1938.] ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 (Uimh. 26 de 1932);

[EN]

tá leis na habairtí “na Fórsaí” agus “scéim phinsin” na bríonna céanna atá leis na habairtí sin fé seach sa Phríomh-Acht.

[EN]

Brí na habairte “oifigeach de sna Fórsaí” do leathnú.

2.—Chun crícheanna an Phríomh-Achta deintear leis seo brí na habairte “oifigeach de sna Fórsaí” do leathnú i dtreo go bhfolóidh sí—

[EN]

(a) duine bhí ina oifigeach de sna Fórsaí tráth ar bith i rith na tréimhse dar tosach an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, agus dar críoch an 26adh lá de Dheire Fómhair, 1937, agus do ceapadh, i rith na tréimhse sin agus faid do bhí sé ina oifigeach den tsórt san, chun bheith ina bhall den Ghárda Síochána, agus

[EN]

(b) duine do fuair bás idir an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, agus an 26adh lá de Dheire Fómhair, 1937, agus a bhí, ar dháta a bháis, ag fónamh mar oifigeach de sna Fórsaí, agus

[EN]

(c) duine do fuair bás an 12adh lá d'Eanar, 1935, agus do thug suas a choimisiún mar oifigeach de sna Fórsaí an 11adh lá d'Eanar. 1935.

[EN]

Pinsin do bhaintreacha agus do chlainn oifigeacha marbha áirithe do thosnú.

3.—(1) I gcás—

[EN]

(a) duine do fuair bás idir an 16adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, agus an 26adh lá de Dheire Fómhair, 1937, do bheith ar dháta a bháis ag fónamh mar oifigeach de sna Fórsaí, agus

[EN]

(b) pinsean do dheonadh fé scéim phinsin do bhaintrigh an duine sin no do dhuine chlainne leis,

[EN]

féadfar a fhoráil leis an scéim phinsin sin go dtosnóidh an pinsean san ar bheith iníoctha amhail ar an lá agus ón lá tar éis an lae ar a bhfuair an duine sin bás.

[EN]

(2) I gcás—

[EN]

(a) duine do fuair bás an 12adh lá d'Eanar, 1935, do thabhairt suas a choimisiúin mar oifigeach de sna Fórsaí an 11adh lá d'Eanar, 1935, agus

[EN]

(b) pinsean do dheonadh fé scéim phinsin do bhaintrigh an duine sin no do dhuine chlainne leis,

[EN]

féadfar a fhoráil leis an scéim phinsin sin go dtosnóidh an pinsean san ar bheith iníoctha amhail ar an 13adh lá d'Eanar, 1935, agus ón lá san amach.

[EN]

Leasú cúlghabhálach ar scéimeanna pinsean.

4.—Má deintear scéim phinsin (dá ngairmtear an tseana-scéim san alt so) do leasú le scéim phinsin a ceapfar ina dhiaidh sin féadfar a rá in aon leasú ar an seana-scéim go mbeidh an leasú san i ngníomh ón dáta san (nach luaithe ná dáta na seana-scéime do theacht i bhfeidhm) a luadhfar sa scéim phinsin sin a ceapfar ina dhiaidh sin.

[EN]

Pinsin do dheonadh.

5.—I gcás ina bhféadfar pinsean no aisce do dheonadh do dhuine ar bith fé scéim phinsin (a tháinig i bhfeidhm roimh an Acht so do rith no thiocfaidh i bhfeidhm dá éis sin) féadfaidh an tAire Cosanta, as a chomhairle féin, an pinsean no an aisce sin do dheonadh (fé réir an Aire Airgeadais do thoiliú leis sin roimh ré) no diúltadh d'é dheonadh.

[EN]

Gearr-theideal.

6.—(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Pinsin) (Leasú), 1938, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.