[EN]

Uimhir 33 de 1949.


[EN]

AN tACHT UM GHNÍOMHAIREACHT NUACHTA ÉIREANNACH, 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN AN tAIRE GNÓTHAÍ EACHTRACHA DO BHUNÚ CUIDEACHTA TEORANTA CHUN NUACHT AGUS EOLAS A BHAILIÚ, A LEATHADH AGUS d'FHOILSIÚ LAISTIGH AGUS LASMUIGH DEN STÁT, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [21ú Nollaig, 1949.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Reamhraiteach.

[EN]

Gearrtheideal.

1.—Feadfar an tAcht um Ghníomhaireacht Nuachta Éireannach, 1949, a ghairm den Acht seo.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “an Ghníomhaireacht” an Ghníomhaireacht Nuachta Éireannach;

[EN]

ciallaíonn an abairt “na hAchta Cuideachtan” na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924;

[EN]

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Gnóthaí Eachtracha.

[EN]

Caiteachais.

3.—Na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

Diolúine ó dhleachta stampa.

4.—(1) Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal ar an nGníomhaireacht cóip den Acht seo a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná aon dleacht stampa d'íoc faoin alt sin ar aon chóip den Acht seo.

[EN]

(2) Ní oibreoidh alt 112 den Stamp Act, 1891, chun a cheangal ar an nGníomhaireacht aon ráiteas a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtan ná aon dleacht stampa d'íoc faoin alt sin i leith scair-chaipitil na Gníomhaireachta.

[EN]

(3) Ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha ar aon aistriú ar scaireanna de chuid na Gníomhaireachta.

CUID II.

An Ghniomhaireacht Nuachta Éireannach.

[EN]

An Ghníomhaireacht d'fhoirmiú agus a chlárú.

5.—A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, gach beart a chífear dó is gá nó is inmhianuithe chun a thabhairt go ndéanfar cuideachta theoranta (dá ngairmtear “an Ghníomhaireacht” san Acht seo), a bheas do réir na gcoinníoll atá leagtha amach san Acht seo, d'fhoirmiú agus a chlárú faoi na hAchta Cuideachtan.

[EN]

Ainm agus caipiteal na Gníomhaireachta.

6.—(1) D'ainneoin forál ailt 3 den Companies (Consolidation) Act, 1908, is é an Ghníomhaireacht Nuachta Éireannach a bheas mar ainm ar an nGníomhaireacht.

[EN]

(2) Is é scair-chaipiteal na Gníomhaireachta ná céad punt arna roinnt i gcéad scair láníoctha de phunt an ceann agus d'ainneoin aon ní sna hAchta Cuideachtan ní dleathach don Ghníomhaireacht, gan toiliú an Aire Airgeadais, an caipiteal sin a mhéadú ná a laghdú ná bintiúirí d'eisiúint.

[EN]

(3) Déanfar aon scair amháin de scair-chaipiteal na Gníomhaireachta a leithroinnt agus d'eisiúint chun gach duine faoi leith de shuibhscríobhaithe Mheabhrán Comhlachais na Gníomhaireachta agus déanfar iarmhar an scair-chaipitil sin a leithroinnt agus d'eisiúint chun an Aire Airgeadais.

[EN]

(4) An t-airgead is iníoctha ag suibscríobhaithe Mheabhrán Comhlachais na Gníomhaireachta agus ag an Aire Airgeadais faoi seach, i gcomaoin scaireanna i scair-chaipiteal na Gníomh aireachta a leithroinnt agus d'eisiúint chucu de bhun fo-ailt (3) den alt seo, íocfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis é agus muirearófar ar an gcéanna é.

[EN]

Meabhrán Comhlachais na Gníomhaireachta.

7.—(1) Beidh Meabhrán Comhlachais na Gníomhaireachta i pé foirm, ar comhréir leis an Acht seo a cheadós an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

[EN]

(2) Déanfar cuspóirí na Gníomhaireachta a lua sa Mheabhrán Comhlachais ar chuma a léireos gurb í príomh-fheidhm na Gníomhaireachta a áirithiú go ndéanfar nuacht agus faisnéis a bhailiú, a leathadh agus d'fhoilsiú laistigh agus lasmuigh den Stát.

[EN]

Airteagail Chomhlachais na Gníomhaireachta.

8.—(1) Beidh Airteagail Chomhlachais na Gníomhaireachta i pé foirm, ar comhréir leis an Acht seo, a cheadós an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

[EN]

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le hAirteagail Chomhlachais na Gníomhaireachta, is é sin le rá:—

[EN]

(a) forálfaidh na hAirteagail sin nach lú ná triúr agus nach mó ná cúigear, agus an Cathaoirleach agus an stiúrthóir bainistí d'áireamh, an uimhir stiúrthóirí a bheas ar an nGníomhaireacht;

[EN]

(b) forálfaidh na hAirteagail sin nach ndéanfar, ach amháin le haontú roimh ré ón Tigh ar comhalta dhe é, comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas a cheapadh ina stiúrthóir ar an nGníomhaireacht;

[EN]

(c) forálfaidh na hAirteagail sin gurb é an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, a dhéanfas, i gcónaí, an Cathaoirleach, an stiúrthóir bainistí agus gach stiúrthóir eile a cheapadh;

[EN]

(d) forálfaidh na hAirteagail sin gurb í cáilíocht is gá chun duine a bheith ina stiúrthóir ar an nGníomhaireacht scair amháin ar a laghad sa Gníomhaireacht a bheith aige.

[EN]

Meabhrán Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais na Gníomhaireachta d'athrú.

9.—D'ainneoin aon ní sna hAchta Cuideachtan, ní bheidh aon athrú ar Mheabhrán Comhlachais nó ar Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan bailí ná éifeachtach mura ndéana an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, é a cheadú roimh ré.

[EN]

Iasacht don Ghníomhaireacht chun costais a foirmithe d'íoc.

10.—Féadaidh an tAire, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, suim nach mó ná dhá chéad agus caoga punt a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht, ar pé téarmaí agus coinníollacha maidir le tráth agus modh a haisíoctha, ráta úis, urrús, agus nithe ar bith eile, is cuí leis, lena húsáid ag an nGníomhaireacht chun nó mar chabhair chun íoctha costas bunuithe, foirmithe agus cláruithe na Gníomhaireachta agus réamhchostas eile na Gníomhaireachta agus chuige sin amháin.

[EN]

Airleacain ón Aire Airgeadais don Ghníomhaireacht.

11.—(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, pé suimeanna d'airleacan don Ghníomhaireacht, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mheasfas sé a bheith riachtanach nó inmhianuithe chun críocha gnótha na Gníomhaireachta.

[EN]

(2) Aon tsuimeanna a airleacfas an tAire don Ghníomhaireacht faoin alt seo agus faoi alt 10 den Acht seo aisíocfaidh an Ghníomhaireacht iad ar pé téarmaí agus coinníollacha a mheasfas an tAire is cuí, le toiliú an Aire Airgeadais, agus déanfar aon tsuimeanna a haisíocfar amhlaidh d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste mar ordós an tAire Airgeadais.

[EN]

Cumhacht an Aire Airgeadais chun scaireanna a thógaint trí shuibscríobhadh.

12.—Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham aon scaircanna sa Ghníomhaireacht a thógaint trí shuibscríobhadh.

[EN]

Cumhachta an Aire Airgeadais mar scairshealbhóir.

13.—Féadfaidh an tAire Airgeadais, maidir leis na scaireanna de chuid na Gníomhaireachta a bheas aige de thuras na huaire, gach ceann nó aon cheann d'fheidhmiú de na cearta agus na cumhachta is infheidhmithe ó am go ham ag sealbhóir na scaireanna sin agus, i gcás na cearta nó na cumhachta sin a bheith infheidhmithe trí aturnae, féadfaidh an tAire sin, más cuí leis, na cearta nó na cumhachta sin d'fheidhmiú trína aturnae.

[EN]

E d'oblagáid scaireanna a shealbhú ar iontaobhas don Aire Airgeadais.

14.—(1) Is ar iontaobhas don Aire Airgeadais a shealbhós gach comhalta den Ghníomhaireacht (agus suibscríobhaithe Mheabhrán Comhlachais na Gníomhaireachta d'áireamh ach gan an tAire Airgeadais d'áireamh) scaireanna sa Ghníomhaireacht, agus dá réir sin beidh de cheangal ar gach comhalta den tsórt sin gach díbhinn, bónas agus airgead eile a gheobhas sé ar na scaireanna sin nó ina leith d'íoc leis an Aire Airgeadais chun tairbhe don Stát-Chiste agus gach ceann nó aon cheann de na scaireanna sin d'aistriú, amhail mar cheanglós agus nuair a cheanglós an tAire sin air é, chun an Aire sin nó chun duine arna ainmniú chuige sin ag an Aire sin.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham mar is gá, chun na forála sin de na hAchta Cuideachtan a chomhlíonadh a cheanglas seachtar comhalta ar a laghad a bheith sa Ghníomhaireacht i gcónaí nó chun na cáilíochta riachtanacha a thabhairt do dhuine a ceaptar nó atáthar ar intinn a cheapadh chun bheith ina stiúrthóir ar an nGníomhaireacht, ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá:—

[EN]

(a) aon cheann nó cinn de na scaireanna a bheas ag an Aire sin de thuras na huaire sa Ghníomhaireacht d'aistriú (faoi réir an tsriain a forchuirtear le fo-alt (3) den alt seo) chun duine ar bith;

[EN]

(b) a cheangal ar aon chomhalta den Ghníomhaireacht gach ceann nó aon cheann nó cinn de na scaireanna a bheas aige sa Ghníomhaireacht d'aistriú chun an Aire sin nó chun duine ar bith eile.

[EN]

(3) Ach amháin mar a húdaraítear le fo-alt (2) den alt seo, ní aistreoidh an tAire Airgeadais ná ní choimhtheoidh ar shlí eile aon cheann de na scaireanna a bheas aige de thuras na huaire sa Ghníomhaireacht ná ní fheidhmeoidh na cumhachta a bheirtear dó leis an bhfo-alt sin (2) ar chuma a thabharfadh gur lú ná aon scair caogad tráth ar bith an uimhir scaireanna a bheas aige sa Ghníomhaireacht.

[EN]

Díbhinní, etc., d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

15.—Déanfar gach díbhinn, bónas agus airgead eile a gheobhas an tAire Airgeadais i leith scaireanna sa Ghníomhaireacht a bheas ar seilbh aige nó ar iontaobhas dó d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste mar ordós an tAire sin.

[EN]

E d'oblagáid cláir chomharduithe, etc., a thabhairt don Aire.

16.—(1) Bhéarfaidh an Ghníomhaireacht don Aire, laistigh de nócha lá tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta, clár comharduithe don bhliain chuntasaíochta sin ar na iniúchadh go cuí ag iniúchóir na Gníomhaireachta agus fós cuntas sochair agus dochair don bhliain chuntasaíochta sin arna iniúchadh ar an gcuma chéanna.

[EN]

(2) An clár comharduithe agus an cuntas sochair agus dochair a bheas le tabhairt faoin alt seo, dréachtfar iad i pé slí a ordós an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, agus beidh sa chlár comharduithe sin (i dteannta aon ní is gá do réir an ordacháin sin) coimriú ar chaipiteal, sócmhainní agus dliteanais na Gníomhaireachta maraon leis na sonraí sin a léireos cad é an cineál sócmhainní agus dliteanas iad agus cad é an modh inar háiríodh luach na sócmhainní.

[EN]

(3) Bhéarfaidh an Ghníomhaireacht don Aire, arna éileamh sin orthu, pé mínithe is cuí leis an Aire d'iarraidh i leith aon chláir chomarduithe nó aon chuntais sochair agus dochair a tugadh de bhun an ailt seo.

[EN]

(4) Déanfaidh an tAire cóip de gach clár comharduithe agus de gach cuntas sochair agus dochair a bhéarfar dó de bhun an ailt seo a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an clár comharduithe agus an cuntas sochair agus dochair sin a thabhairt dó amhlaidh.

[EN]

(5) Má mhainníonn an Ghníomhaireacht aon cheann d'fhorála an ailt seo a chomhlíonadh, beidh an Ghníomhaireacht, agus gach stiúrthóir, bainisteoir, agus oifigeach eile don Ghníomhaireacht d'údaraigh nó a cheadaigh an mhainneachtaint sin go feasach agus go toiliúil ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná chúig puint a chur air in aghaidh gach lae a leanfas an mhainneachtaint.

[EN]

(6) Féadfaidh an tAire, nó féadfar ar agra an Aire, cion faoin alt seo a thabhairt ar aghaidh.

[EN]

An Ghníomhaireacht d'fhorceannadh.

17.—I gcás an Ghníomhaireacht d'fhorceannadh déanfar an t-airgead uile a bheas fágtha, ar fhiacha na Gníomhaireachta a bheith íoctha, d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste mar ordós an tAire Airgeadais.

CUID III.

An Bord Comhairlitheach.

[EN]

Bunú, ceapadh agus feidhmeanna an Bhoird Chomhairlit high.

18.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, bord (dá ngairmtear an Bord Comhairlitheach san alt seo) a bhunú chun comhairle agus cabhair a thabhairt don Ghníomhaireacht ag déanamh a bhfeidhmeanna, amhail mar iarrfas agus nuair a iarrfas Stiúrthóir Bainistí na Gníomhaireachta orthu é.

[EN]

(2) Beidh ar an mBord Comhairlitheach pé uimhir chomhaltaí (nach mó ná seachtar) is cuí leis an Aire agus is é an tAire a cheapfas na comhaltaí.

[EN]

(3) Beidh ar chomhaltaí an Bhoird Chomhairlithigh, a mhéid a mheasfas an tAire faoina rogha féin sin a bheith inmholta, daoine a bheas ionadaitheach d'eagarthóirí nuachtán, do nuachtóirí, comhfhreagraithe agus údaráis craolacháin agus do pé daoine eile a mheasfas an tAire a bheith inniúil ar an nGníomhaireacht a chomhairliú.

[EN]

(4) Beidh gach comhalta den Choiste Comhairlitheach, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as, ina chomhalta den Bhord go ceann bliana ar a mhéid ó dháta a cheaptha ach féadfar é d'athcheapadh.

[EN]

(5) Déanfaidh an tAire ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, luach saothair, más ann, comhaltaí an Choiste Comhairlithigh, a chinneadh.