[EN]

Uimhir 33 de 1961.


[EN]

AN tACHT UM LAETHANTA SAOIRE (FOSTAITHE), 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE CHUN LAETHANTA SAOIRE A THABHAIRT DO DHAOINE FOSTAITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN NÍ RÉAMHRÁITE. [9 Lúnasa, 1961.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— [EN]

CUID I

Réamhráiteach.

[EN]

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1.—(1) Féadfar an tAcht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1961, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

[EN]

Mínithe i gcoitinne.

1936, Uimh. 2.

1938, Uimh. 4.

2.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1936” an tAcht um Choinníollacha Fostaíochta, 1936;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1938” Acht na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta), 1938;

[EN]

ciallaíonn “lá”, maidir le duine a dtosaíonn a sheal oibre lá amháin agus a chríochnaíonn an lá ina dhiaidh sin, tréimhse ceithre huaire is fiche a chloig dar tosach an tráth a thosaíonn an seal oibre;

[EN]

ciallaíonn “fostú” fostú, faoi chonradh seirbhíse (cibé acu is conradh sainráite nó conradh intuigthe nó conradh i scríbhinn an conradh) nó conradh printíseachta, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

[EN]

tá le “obair thionscail” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1936;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

[EN]

ciallaíonn “mí” aon tréimhse tríocha lá comhleanúnacha;

[EN]

ciallaíonn “lá neamhoibre”, maidir le hoibrí, lá nach n-oibríonn an t-oibrí de ghnáth faoina chonradh seirbhíse;

[EN]

folaíonn “cion faoi aon alt den Acht seo” cion faoi aon fho-alt d'alt den Acht seo;

[EN]

tá le “siopa” an bhrí chéanna a bhí leis an bhfocal sin in Acht 1938, sular achtaíodh Acht na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta) (Leasú), 1942;

[EN]

tá le “comhalta den fhoireann”, maidir le siopa, an bhrí chéanna atá leis an abairt sin in Acht 1938, arna leasú le hAlt 2 d'Acht na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta) (Leasú), 1942, agus tá le “obair siopa” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1938;

[EN]

ciallaíonn “gearr-lá”, maidir le hoibrí, lá ar gnách leis an oibrí faoina chonradh seirbhíse níos lú ná lá iomlán a oibriú;

[EN]

ciallaíonn “seachtain” aon tréimhse seacht lá comhleanúnacha;

[EN]

ciallaíonn “lá oibre”, maidir le hoibrí, lá—

[EN]

(a) is lá seachtaine, agus

[EN]

(b) nach—

[EN]

(i) lá saoire poiblí,

[EN]

(ii) lá ar cuid de aon tréimhse ceithre huaire is fiche a chloig comhleanúnacha scíthe a cheanglaítear faoi aon achtachán eile a cheadú don oibrí,

[EN]

(iii) lá neamh-oibre, ná

[EN]

(iv) gearr-lá.

[EN]

(2) Chun críocha an Achta seo measfar duine a bheidh i seirbhís údaráis áitiúil a bheith fostaithe ag an údarás áitiúil.

[EN]

Oibrithe.

1950, Uimh. 21.

1936, Uimh. 2.

1956, Uimh. 45.

3.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “oibrí” aon duine ceithre bliana déag d'aois nó os a chionn atá fostaithe, seachas duine—

[EN]

(a) is duine dá dtugtar amach earraí nó ábhair chun iad a chomhdhéanamh, a ghlanadh, a ní, a athrú, a ornáidiú nó a dheisiú nó a oiriúnú lena ndíol ina theach féin nó in áitreabh eile nach bhfuil faoi urláimh nó faoi bhainistí an duine a thug amach na hábhair nó na hearraí,

[EN]

(b) is oibrí talmhaíochta lena mbaineann an tAcht um Oibrithe Talmhaíochta (Laethanta Saoire), 1950,

[EN]

(c) is máistir nó comhalta d'fhoireann aon bháid farraige móire (nach báirse ná bád dríbe), cibé acu ar úinéireacht phoiblí nó ar úinéireacht phríobháideach di, a úsáidtear chun lasta nó paisnéirí a iompar,

[EN]

(d) is fostaí tí solais nó báid solais,

[EN]

(e) eaglaiseach in Ord Beannaithe,

[EN]

(f) is comhalta d'ord nó de shámhadh crábhaidh,

[EN]

(g) is banchéile, fearchéile, athair, máthair, seanathair, seanmháthair, leasathair, leasmháthair, mac, iníon, ua ban-ua, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar nó deirfiúr leasghaolmhar a fhostóra agus atá á chothabháil ag a fhostóir agus ina chónaí in aontíos leis,

[EN]

(h) is duine atá fostaithe ag an Stát nó faoin Stát agus nach—

[EN]

(i) duine atá fostaithe amhlaidh i bpost neamhbhunaithe agus lena mbaineann Acht 1936 d bhua alt 6 den Acht sin,

[EN]

(ii) duine atá fostaithe amhlaidh i bpost neamh bhunaithe mar ghiolla, doirseoir, teachtaire, faireoir oíche, bean glantacháin, glantóir, nó mar fhear oibre nó le dualgais íochtaracha eile, nó

[EN]

(iii) duine atá fostaithe amhlaidh i bpost neamhbhunaithe mar cheardaí nó mar oibrí oilte eile,

[EN]

(i) is duine atá fostaithe mar iascaire, nó

[EN]

(j) is duine d'aon aicme áirithe de dhaoine fostaithe a ndearbhaítear le hordú a rinneadh faoin alt seo gur aicme eiscthe í chun críocha an ailt seo;

[EN]

ciallaíonn “oibrí tís” duine—

[EN]

(a) is oibrí,

[EN]

(b) nach oibrí tionscail,

[EN]

(c) nach comhalta d'fhoireann siopa, agus

[EN]

(d) is duine—

[EN]

(i) ag a bhfuil teideal faoina chonradh seirbhíse chun lóistín in aisce i dteach a fhostóra nó in áit eile, nó

[EN]

(ii) a dhéanann obair de chineál pearsanta nó tís i dteach cónaithe nó thart faoi theach cónaithe a fhostóra:

[EN]

ciallaíonn “oibrí neamh-thís” oibrí nach oibrí tís;

[EN]

ciallaíonn “oibrí tionscail” oibrí, seachas eachtar-oibrí de réir bhrí Acht 1936, a dhéanann obair thionscail ar thuarastal nó pá nó chun aon cheird nó gairm a fhoghlaim;

[EN]

I mír (h) den fho-alt seo tá le “post neamhbhunaithe” an bhrí chéanna atá leis in Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, tar éis dó dul i gcomhairle le cibé Airí Stáit nó eagrais fostóirí agus le cibé eagrais oibrithe arb iomchuí leis dul i gcomhairle leo, a dhearbhú le hordú gur aicme eiscthe chun críocha an ailt seo aon aicme áirithe (a shonrófar i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire) daoine fostaithe, agus aon uair a dhéanfar aon ordú den sórt sin ansin an fad a bheidh an t-ordú sin i bhfeidhm is aicme eiscthe chun críocha an ailt seo an aicme daoine fostaithe lena mbainfidh an t-ordú sin.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le cibé Airí Stáit nó eagrais fostóirí agus le cibé eagrais oibrithe arb iomchuí leis dul i gcomhairle leo, rialacháin a dhéanamh á fhoráil—

[EN]

(a) go measfar gurb oibrí nó oibrithe chun críocha an Achta seo aon duine nó aon aicme nó tuairisc (a shonrófar i cibé modh agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire) daoine;

[EN]

(b) i gcás aon oibrí nó oibrithe, is oibrí nó oibrithe mar a mhínítear sin san alt seo, nó is oibrí nó oibrithe a meastar gurb oibrí é nó gurb oibrithe iad chun críocha an Achta seo de bhua rialachán faoin alt seo, go measfar, chun na gcríocha sin, gurb oibrí tís nó gurb oibrithe tís nó gurb oibrí neamh-thís nó gurb oibrithe neamh-thís (de réir mar a bheidh) mar a shonrófar sna rialacháin é nó iad.

[EN]

Aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin bhfo-alt seo féadfaidh cibé forálacha fo-ghabhálacha agus iarmartacha nó cibé modhnuithe ar fhorálacha an Achta seo a bheith iontu is dóigh leis an Aire is gá chun lán-éifeacht a thabhairt do na rialacháin.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire aon ordú a dhéanfar faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

[EN]

“Bliain fostaíochta” agus “leathbhliain fostaíochta”.

4.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “bliain fostaíochta”, nuair a úsáidtear an abairt sin maidir le hoibrí, tréimhse trí chéad seasca is cúig lá (gan aon lá arb é an 29ú lá d'Fheabhra é a áireamh) dar tosach an lá deiridh a chuaigh an t-oibrí san fhostaíocht a n-úsáidtear an abairt sin maidir léi nó lá is lá cothrom an lae sin aon bhliain dá éis;

[EN]

nuair a úsáidtear “chéad leath” maidir le bliain fostaíochta oibrí tís, ciallaíonn sé tréimhse céad ochtó is trí lá dar tosach an chéad lá den bhliain fostaíochta;

[EN]

nuair a úsáidtear “dara leath” maidir le bliain fostaíochta oibrí tís, ciallaíonn sé an méid sin den bhliain fostaíochta nach cuid de chéad leath na bliana sin.

[EN]

I gcás ina ndeachaigh oibrí i bhfostaíocht an 29ú lá d'Fheabhra, measfar, chun críocha léirithe an mhínithe ar “bliain fostaíochta”, gurb é an chéad lá ina dhiaidh sin a chuaigh sé san fhostaíocht sin.

[EN]

(2) I gcás—

[EN]

(a) ina ndéanfar úinéireacht aon ghnó, cibé acu a sheoltar nó nach seoltar an gnó sin le haghaidh brabúis nó sochair, a aistriú trí ghníomh na bpáirtithe nó trí oibriú an dlí i rith bliain fostaíochta aon oibrí a bhí díreach roimh an aistriú ar fostú ag an duine a bhí ag seoladh an ghnó, agus

[EN]

(b) go leanfaidh an t-oibrí i ndiaidh an aistrithe de bheith ar fostú ag an duine (dá ngairtear an fostóir nua san fho-alt seo) chun ar aistríodh an úinéireacht, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

[EN]

(i) chun críocha an Achta seo (lena n-áirítear fo-alt (1) den alt seo ach gan alt 9 (a mhéid a bhaineann sé le cearta oibrithe neamh-thís maidir le laethanta saoire poiblí) den Acht seo a áireamh maidir le haon laethanta saoire roimh an aistriú), measfar an t-oibrí a bheith ar fostú ag an bhfostóir nua amhail ar thosach agus ó thosach na bliana fostaíochta;

[EN]

(ii) má ceadaíodh saoire bhliantúil don oibrí roimh an aistriú nó, i gcás inarb oibrí tís an t-oibrí agus gur ceadaíodh saoire bhliantúil nó saoire leathbhliantúil dó i rith na bliana fostaíochta, measfar, chun críocha an Achta seo, gur cheadaigh an fostóir nua an tsaoire bhliantúil nó an tsaoire leathbhliantúil.

[EN]

(3) San alt seo folaíonn “gnó” aon ghairm, oifig, bunachas nó ceird de chineál ar bith.

[EN]

Míniú ar “lá saoire iomlán”.

5.—Measfar, chun críocha an Achta seo, duine do lamháil lá saoire iomlán lá áirithe d'oibrí a bheidh ar fostú aige, más rud é agus amháin más rud é, nach ligfidh sé don oibrí aon obair a dhéanamh dó an lá sin.

[EN]

Caiteachas.

6.—Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Aisghairm agus leasú iarmartach.

1936, Uimh. 2.

1938, Uimh. 4.

1939, Uimh. 1.

1936, Uimh. 2.

7.—(1) Aisghairtear leis seo alt 7 d'Acht 1936.

[EN]

(2) Aisghairtear leis seo alt 28, ailt 30 go 32 go huile, agus ailt 36 go 39 go huile d'Acht 1938.

[EN]

(3) Aisghairtear leis seo an tAcht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1939.

[EN]

(4) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 49 d'Acht 1936 trí “de réir bhrí an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1961,” a chur isteach i ndiaidh “lá saoire puiblí”.

CUID II

Laethanta Saoire Poiblí.

[EN]

Laethanta Saoire Poiblí maidir le gach oibrí.

8.—(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, is lá saoire poiblí chun críocha an Achta seo gach lá acu seo a leanas maidir le gach oibrí:

[EN]

(a) Lá Nollag nuair a thiteann sé ar lá seachtaine nó, nuair a thiteann sé ar an Domhnach, an 27ú lá de Nollaig,

[EN]

(b) Lá Fhéile Stiofáin nuair a thiteann sé ar lá seachtaine nó, nuair a thiteann sé ar an Domhnach, an chéad Luan ina dhiaidh sin,

[EN]

(c) Lá Fhéile Pádraig nuair a thiteann sé ar lá seachtaine nó, nuair a thiteann sé ar an Domhnach, an chéad Luan ina dhiaidh sin,

[EN]

(d) Luan Cásca, Luan Cincíse agus an chéad Luan de Lúnasa.

[EN]

(2) Aon uair aon bhliain áirithe a cheapfar lá faoin Acht Laethanta Saoire Puiblí, 1924, chun bheith ina lá saoire bainc in ionad lá dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, measfar an bhliain sin an lá a cheapfar amhlaidh a bheith curtha isteach ar fud an fho-ailt sin in ionad an lae a luaitear amhlaidh.

[EN]

(3) Féadfaidh fostóir aon oibrí ceachtar lá acu seo a leanas a chur in ionad aon lá saoire poiblí (ach amháin Lá Nollag nó Lá Fhéile Pádraig) a thitfidh i mbliain chaileandair—

[EN]

(a) an lá saoire Eaglaise a thitfidh sa bhliain chaileandair díreach roimh an lá saoire poiblí trí fhógra a thabhairt don oibrí ceithre lá dhéag ar a laghad roimh an lá saoire Eaglaise go bhfuil ar intinn aige an lá sin a chur in ionad an lá saoire poiblí sin, nó

[EN]

(b) an lá saoire Eaglaise a thitfidh sa bhliain chaileandair sin díreach tar éis an lá saoire poiblí nó, más lá is lá saoire poiblí de bhua mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo an lá saoire poiblí, an 1ú lá d'Eanáir díreach ina dhiaidh sin trí fhógra a thabhairt don oibrí ceithre lá dhéag ar a laghad roimh an lá saoire poiblí go bhfuil ar intinn aige an lá sin a chur in ionad an lá saoire poiblí sin,

[EN]

agus aon uair a thabharfar fógra den sórt sin, is lá saoire poiblí chun críocha an Achta seo an lá saoire Eaglaise a chuirfear in ionad an lae a gcuirfear é ina ionad amhlaidh.

[EN]

(4) Chun críocha fho-alt (3) den alt seo is lá saoire Eaglaise gach lá acu seo a leanas:

[EN]

(i) an 1ú lá d'Eanáir, ach amháin nuair a thiteann sé ar an Domhnach,

[EN]

(ii) Déardaoin Deascabhála,

[EN]

(iii) Déardaoin Chorp Chríost,

[EN]

(iv) an 15ú lá de Lúnasa, ach amháin nuair a thiteann sé ar an Domhnach,

[EN]

(v) an 1ú lá de Shamhain, ach amháin nuair a thiteann sé ar an Domhnach,

[EN]

(vi) an 8ú lá de Nollaig, ach amháin nuair a thiteann sé ar an Domhnach.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire a dhearbhú le hordú nach lá saoire poiblí chun críocha an Achta seo aon cheann de na laethanta a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo agus féadfaidh sé aon lá a cheapadh chun bheith ina lá saoire poiblí chun críocha an Achta seo agus, ar ordú den sórt sin a dhéanamh, measfar gur lá saoire poiblí chun críocha an Achta seo an lá a cheapfar amhlaidh.

[EN]

(6) Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá saoire Eaglaise chun críocha an Achta seo trína chur in ionad nó i dteannta lá a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo agus, ar ordú den sórt sin a dhéanamh, measfar gur lá saoire Eaglaise chun críocha an Achta seo an lá a cheapfar amhlaidh.

[EN]

(7) Is i scríbhinn a bheidh an fógra a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo agus féadfar é a thabhairt d'aon duine trí chóip den fhógra sin a thabhairt don duine sin go pearsanta nó trí chóip den fhógra sin a chur suas in ionad feiceálach san áit a bhfuil sé fostaithe.

[EN]

(8) San Acht seo nuair a úsáidtear “lá saoire poiblí” maidir le haon oibrí, forléireofar é de réir na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo.

[EN]

Cearta oibrithe maidir le laethanta saoire poiblí.

1942, Uimh. 7

1952, Uimh. 11.

9.—(1) I gcás—

[EN]

(a) oibrí a bheith ar fostú ag duine lá saoire poiblí,

[EN]

(b) an t-oibrí a bheith tar éis oibriú don duine sin ar feadh na tréimhse cáilithí oibre don oibrí sin mar a mhínítear i bhfo-alt (8) den alt seo aon tráth i rith na tréimhse cúig sheachtain díreach roimh an lá saoire poiblí, agus

[EN]

(c) (i) lá saoire iomlán a bheith lamháilte ag an duine sin don oibrí an lá saoire poiblí, nó

[EN]

(ii) gur lá neamhoibre nó gearrlá an lá saoire poiblí agus nach n-oibríonn an t-oibrí don duine sin an lá saoire poiblí,

[EN]

íocfaidh an duine sin leis an oibrí suim is comhionann le pá lae iomláin in aghaidh an lá saoire poiblí.

[EN]

(2) I gcás—

[EN]

(a) oibrí a bheith ar fostú ag duine lá saoire poiblí,

[EN]

(b) an t-oibrí a bheith tar éis oibriú don duine sin ar feadh na tréimhse cáilithí oibre don oibrí sin mar a mhínítear i bhfo-alt (8) den alt seo aon tráth i rith na tréimhse cúig sheachtain díreach roimh an lá saoire poiblí, agus

[EN]

(c) an t-oibrí a bheith tar éis oibriú lá saoire poiblí don duine sin,

[EN]

déanfaidh an duine sin

[EN]

(i) lá saoire cúitimh a lamháil don oibrí sin in ionad an lá saoire poiblí, nó

[EN]

(ii) suim is comhionann le dhá oiread pá lae iomláin a íoc leis an oibrí in aghaidh an lá saoire poiblí.

[EN]

(3) Chun críocha fho-alt (2) den alt seo measfar lá saoire cúitimh in ionad lá saoire poiblí a bheith lamháilte ag duine don oibrí más rud é, agus amháin más rud é,—

[EN]

(a) go lamhálfaidh sé lá saoire iomlán don oibrí in ionad lá saoire poiblí lá oibre laistigh de mhí i ndiaidh an lá saoire poiblí agus go n-íocfaidh sé leis an oibrí in aghaidh an lae sin suim is comhionann le pá lae iomláin, nó

[EN]

(b) go lamhálfaidh sé don oibrí, aon tráth i rith bliain fostaíochta an oibrí ar lá di an lá saoire poiblí, lá saoire iomlán an chéad lá oibre díreach tar éis deireadh saoire bhliantúil an oibrí agus go n-íocfaidh sé leis an oibrí in aghaidh an lae sin suim is comhionann le pá lae iomláin.

[EN]

(4) I gcás—

[EN]

(a) oibrí a bheith ar fostú ag duine lá saoire poiblí,

[EN]

(b) an t-oibrí a bheith tar éis oibriú don duine sin ar feadh na tréimhse cáilithí oibre don oibrí sin mar a mhínítear i bhfo-alt (8) den alt seo aon tráth i rith na tréimhse cúig sheachtain díreach roimh an lá saoire poiblí,

[EN]

(c) an t-oibrí a bheith tar éis oibriú lá saoire poiblí don duine sin,

[EN]

(d) gan suim is comhionann le dhá oiread pá lae iomláin a bheith faighte ag an oibrí in aghaidh an lá saoire, agus

[EN]

(e) go bhfoirceannfar fostaíocht an oibrí sula mbeidh saoire chúitimh lamháilte dó in ionad an lá saoire poiblí, íocfaidh an duine sin leis an oibrí ar an bhfoirceannadh sin suim is comhionann le pá lae iomláin i dteannta aon phá a bheidh dlite dó an tráth sin.

[EN]

(5) I gcás—

[EN]

(a) ina ndéanfaidh duine saoire chúitimh a lamháil, in ionad lá saoire poiblí, d'oibrí a bheidh ar fostú aige, agus

[EN]

(b) go scoirfidh an t-oibrí de bheith ar fostú ag an duine sin roimh an lá saoire poiblí,

[EN]

ní cead don duine sin aon suim i leith na saoire cúitimh a bhaint as an bpá a bheidh dlite don oibrí.

[EN]

(6) I gcás—

[EN]

(a) oibrí a bheidh ar fostú ag duine a bheith tar éis oibriú don duine sin ar feadh na tréimhse cáilithí oibre don oibrí sin mar a mhínítear i bhfo-alt (8) den alt seo aon tráth i rith na tréimhse cúig sheachtain díreach roimh lá saoire poiblí, agus

[EN]

(b) go ndéanfaidh an duine sin seirbhísí an oibrí leis an duine sin a fhoirceannadh roimh an lá saoire poiblí,

[EN]

íocfaidh an duine sin, ar an bhfoirceannadh sin, leis an oibrí, i dteannta aon phá a bheidh dlite dó an tráth sin,

[EN]

(i) suim is comhionann le pá lae iomláin, nó

[EN]

(ii) má ba Lá Nollag an lá saoire sin, suim is comhionann le pá lae iomláin in aghaidh an lae sin, agus a cóimhéid de shuim ina theannta sin in aghaidh Lá Fhéile Stiofáin.

[EN]

(7) I gcás—

[EN]

(a) oibrí a bheidh ar fostú ag duine a bheith tar éis oibriú don duine sin ar feadh na tréimhse cáilithí oibre don oibrí sin mar a mhínítear i bhfo-alt (8) den alt seo aon tráth i rith na tréimhse cúig sheachtain díreach roimh an lá saoire ceaptha,

[EN]

(b) lá (dá ngairtear an lá ionaid san fho-alt seo) a chur in ionad an lá saoire ceaptha faoi alt 8 den Acht seo,

[EN]

(c) an lá ionaid do theacht i ndiaidh an lá saoire ceaptha, agus

[EN]

(d) an duine sin d'fhoirceannadh seirbhísí an oibrí don duine sin roimh an lá ionaid,

[EN]

íocfaidh an duine sin, ar an bhfoirceannadh sin, suim is comhionann le pá lae iomláin leis an oibrí i dteannta aon phá a bheidh dlite dó an tráth sin.

[EN]

San fho-alt seo ciallaíonn “lá ceaptha” lá is lá saoire poiblí de bhua fho-alt (1) nó fho-alt (2) d'alt 8 den Acht seo.

[EN]

(8) Is mar seo a leanas a bheidh na tréimhsí cáilitheacha oibre chun críocha fho-ailt (1), (2), (4), (6) agus (7) den alt seo:

[EN]

(a) i gcás oibrí tionscail faoi ocht mbliana déag d'aois, nó oibrí faoi ocht mbliana déag d'aois agus a bheidh fostaíthe le mianadóireacht, céad fiche uair a chloig ar a laghad,

[EN]

(b) i gcás oibrí tís, cúig lá is fiche ar a laghad, agus

[EN]

(c) i gcás aon oibrí eile, céad tríocha is cúig uair a chloig ar a laghad.

[EN]

Cuirfear san áireamh na laethanta saoire bliantúla nuair a bheifear ag ríomh na dtréimhsí cáilitheacha oibre a mhínítear san fho-alt seo agus measfar an ghnáth-uimhir uaire a chloig a bheadh oibrithe aige an lá sin faoina chonradh seirbhíse a bheith oibrithe ag an oibrí gach lá dá shaoire bhliantúil.

[EN]

(9) Gach uair a chloig bhreac-fhostaíochta oibrí arb iníoctha sochar forlíontach ina leith faoi alt 28 den Acht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942, measfar gurb uair a chloig í a oibríodh chun críocha an ailt seo suas go dtí caoga uair a chloig ar a mhéid i leith gach tréimhse cáilithí.

[EN]

(10) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is cuí leis, rialacháin a dhéanamh a athróidh, maidir le gach aicme nó aon aicme áirithe (a mhíneofar i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire) oibrithe, aon cheann nó gach ceann de na tréimhsí cáilitheacha oibre a mhínítear i bhfo-alt (8) den alt seo trí cibé méid uaire a chloig nó cibé méid laethanta is cuí leis an Aire a chur ina ionad sin, agus, aon uair a bheidh aon rialacháin den sórt sin i bhfeidhm, beidh éifeacht ag forálacha fho-alt (8) den alt seo, maidir leis na hoibrithe nó an aicme nó na haicmí oibrithe lena mbaineann na rialacháin, amhail is dá ndéanfaí an tréimhse cháilitheach nó na tréimhsí cáilitheacha a mhínítear san fho-alt sin (8) a athrú sa tslí a luaitear sna rialacháin.

[EN]

(11) Má mhainníonn aon duine aon cheann d'fhorálacha an ailt seo a chomhlíonadh maidir le—

[EN]

(a) cearta oibrí a bheidh ar fostú aige a oibríonn don duine sin lá saoire poiblí, nó

[EN]

(b) aon suim is iníoctha de réir na bhforálacha sin le hoibrí a bheidh ar fostú aige a íoc leis an oibrí i dteannta aon phá a bheidh dlite dó,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcion.

[EN]

(12) I gcás—

[EN]

(a) an fostóir do thabhairt íocaíochta d'oibrí faoin alt seo in aghaidh lá saoire poiblí, agus

[EN]

(b) ina bhfoirceannfar seirbhísí an oibrí roimh an lá saoire poiblí,

[EN]

ní mheasfar, chun críocha fhorálacha an Achta Leasa Shóisialaigh, 1952, a bhaineann le sochar dífhostaíochta, an t-oibrí a bheith ar fostú ag an bhfostóir sin an lá saoire poiblí sin.

[EN]

(13) San alt seo ciallaíonn “pá lae iomláin” an méid is iníoctha le hoibrí faoina chonradh serbhíse in aghaidh gnáthlá iomlán oibre.

[EN]

(14) Chun críocha an ailt seo measfar oibrí tís a bheith tar éis oibriú i bhfostaíocht duine áirithe aon lá a bhí sé ar fáil chun seirbhíse ar an duine sin á iarraidh air ar feadh dhá uair a chloig nó níos mó.

[EN]

CUID III

Saoire Bhliantúil.

[EN]

Saoire bhliantúil d'oibrithe neamh-thís.

1942, Uimh. 7.

10.—(1) Déanfaidh gach duine ag a mbeidh oibrí neamh-thís ar fostú, gach bliain fostaíochta de chuid an oibrí a bheidh an t-oibrí ar fostú ag an duine sin go leanúnach nó ó lá go lá, agus a d'oibrigh an t-oibrí san fhostaíocht sin ar feadh—

[EN]

(a) tréimhse nár lú ná sé chéad déag uair a chloig, nó

[EN]

(b) i gcás oibrí tionscail faoi ocht mbliana déag d'aois, nó oibrí faoi ocht mbliana déag d'aois a bheidh fostaithe le mianadóireacht, tréimhse nach lú ná cúig chéad déag uair a chloig,

[EN]

ceithre lá dhéag chomhleanúnacha, ar a n-áirítear dhá Dhomhnach, de laethanta saoire iomlána (dá ngairtear saoire bhliantúil san Acht seo) a lamháil don oibrí cibé tráth is oiriúnach leis an duine sin.

[EN]

(2) I gcás ina lamhálfar saoire bhliantúil d'oibrí neamhthís, íocfaidh fostóir an oibrí leis an oibrí in aghaidh na saoire bliantúla suim is comhionann le dhá oiread gnáth-phá seachtaine an oibrí.

[EN]

(3) Más rud é—

[EN]

(a) i gcás oibrí neamh-thís a bheidh ar fostú ag duine do scor de bheith ar fostú ag an duine sin aon uair seachas i ndeireadh bliain fostaíochta an oibrí,

[EN]

(b) nár lamháil an duine sin saoire bhliantúil don oibrí sin roimh an scor in aghaidh na coda den bhliain fostaíochta a bhí sé ar fostú amhlaidh,

[EN]

íocfaidh an duine sin leis an oibrí ar an scor suim is comhionann leis an séú cuid dá ghnáth-phá seachtainiúil in aghaidh gach mí sa chuid sin den bhliain fostaíochta a d'oibrigh sé.

[EN]

(c) i gcás oibrí tionscail faoi ocht mbliana déag d'aois, nó oibrí faoi ocht mbliana déag d'aois a bheidh fostaithe le mianadóireacht, ar feadh céad fiche uair a chloig ar a laghad an mhí sin, agus

[EN]

(d) i gcás aon oibrí eile, ar feadh céad tríocha is cúig uair a chloig ar a laghad an mhí sin.

[EN]

(4) Chun críocha fho-ailt (2) agus (3) den alt seo is éard a bheidh i ngnáth-phá seachtainiúil oibrí—

[EN]

(a) i gcás ina ríomhtar gnáth-luach saothair an oibrí go hiomlán faoi threoir ama, suim is comhionann leis an méid (gan an pá as obair bhreis-ama a áireamh) a fuair an t-oibrí ón bhfostóir mar thuarastal nó pá in aghaidh na seachtaine, díreach roimh an tsaoire bhliantúil nó an scor, a d'oibrigh an t-oibrí an ghnáthuimhir uaire a chloig an ghnáth-uimhir uasta laethanta faoina chonradh seirbhíse, agus

[EN]

(b) in aon chás eile, suim is comhionann le méid an mheántuillimh sheachtainiúil (gan an pá as obair bhreis-ama a áireamh) i gcaitheamh na sé mhí díreach roimh an tsaoire bhliantúil nó an scor má bhíonn sé fostaithe an fad sin ag an bhfostóir ach mura mbeidh, ansin aon tréimhse is lú ná sin a bheidh sé fostaithe ag an bhfostóir.

[EN]

(5) Gach uair a chloig breac-dhífhostaíochta oibrí arb iníoctha sochar forlíontach ina leith faoi alt 28 den Acht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942, measfar gurb uair a chloig í a oibríodh chun críocha an ailt seo suas go dtí dhá céad caoga uair a chloig ar a mhéid aon bhliain fostaíochta de chuid an oibrí.

[EN]

(6) Féadfaidh an tAire le hordú, aon uair agus a mhinice is cuí leis, rialacháin a dhéanamh a athróidh, maidir le gach aicme nó aon aicme nó aicmí áirithe (a mhíneofar i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire) oibrithe neamh-thís, gach tréimhse nó aon cheann de na tréimhsí sé chéad déag uair a chloig, cúig chéad déag uair a chloig, céad fiche uair a chloig nó céad tríocha is cúig uair a chloig a luaitear i bhfo-ailt (1) agus (3) den alt seo trí cibé uimhir eile uaire a chloig nó cibé uimhir laethanta is cuí leis an Aire a chur ina ionad sin, agus, aon uair a bheidh aon rialacháin den sórt sin i bhfeidhm, beidh éifeacht ag na fo-ailt sin maidir leis na hoibrithe neamh-thís nó an aicme nó na haicmí oibrithe neamh-thís lena mbainfidh na rialacháin, amhail is dá ndéanfaí na tréimhsí sin nó cibé ceann acu dá ndéanfaidh na rialacháin difir a athrú sa tslí a luafar sna rialacháin.

[EN]

(7) I gcás aon lá neamhoibre nó aon dá lá neamhoibre comhleanúnacha nó níos mó do thitim díreach roimh lá nó díreach i ndiaidh lae a lamháil fostóir lá saoire iomlán d'oibrí neamhthís measfar chun críocha an ailt seo gur lá a lamháil an fostóir lá saoire iomlán don oibrí an lá neamhoibre nó gach lá de na laethanta neamhoibre comhleanúnacha (de réir mar a bheidh) murar oibrigh sé an lá sin don fhostóir.

[EN]

(8) Ní áireofar mar lá de shaoire bhliantúil lá is lá saoire poiblí nó lá a mheasfar, de bhun an ailt sin díreach roimhe seo den Acht seo, lá saoire iomlán a bheith lamháilte d'oibrí neamhthís, ach má thagann aon lá den sórt sin idir laethanta de shaoire bhliantúil, measfar na laethanta sin a bheith comhleanúnach d'ainneoin an lá sin a theacht amhlaidh.

[EN]

(9) Bainfidh an t-alt seo leis an mbliain fostaíochta a bheidh ann i dtosach feidhme an Achta seo maidir le gach duine is oibrí neamh-thís ag an tosach feidhme sin, agus beidh éifeacht ag an alt seo maidir leis an mbliain fostaíochta sin agus an duine sin amhail is dá mbeadh an t-alt seo i ngníomh i dtosach na bliana fostaíochta sin, ach sin faoi réir na modhnuithe—

[EN]

(a) má théann an bhliain fostaíochta sin in éag laistigh de mhí tar éis tosach feidhme an Achta seo, go measfar an t-alt seo a bheith comhlíonta ag an bhfostóir má lamhálann sé don duine sin, tráth nach déanaí ná trí mhí i ndiaidh an bhliain fostaíochta sin dul in éag, cibé saoire bhliantúil a mbeidh sé ina teideal faoin alt seo in aghaidh na bliana fostaíochta sin, agus

[EN]

(b) má lamháil an fostóir roimh an tosach feidhme sin don duine sin an bhliain fostaíochta sin lá saoire iomlán amháin nó níos mó ba shaoire bhliantúil chun críocha an ailt seo mura mbeadh gur lú ná ceithre lá dhéag iad, nó nach raibh siad comhleanúnach nó, d'eile, gur lú ná ceithre lá dhéag iad agus nach raibh siad comhleanúnach, go measfar gur shaoire bhliantúil chun críocha an ailt seo an tsaoire sin go léir a lamháladh amhlaidh agus nach mbeidh an duine sin i dteideal in aghaidh na bliana fostaíochta sin ach cibé méid (más aon mhéid é) de laethanta saoire iomlána comhleanúnacha i ndiaidh an tosach feidhme sin a bheidh comhionann leis an méid (más aon mhéid é) laethanta a bheidh an méid laethanta saoire sin a lamháladh amhlaidh níos lú ná ceithre lá dhéag.

[EN]

(10) I gcás é a bheith beartaithe ag duine ag a bhfuil oibrí neamh-thís ar fostú saoire bhliantúil a lamháil don oibrí de bhun an ailt seo—

[EN]

(a) déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag roimh an lá a bheidh an tsaoire bhliantúil le tosú, fógra a thabhairt ag insint go bhfuil sé ar intinn aige an tsaoire a lamháil agus an lá a thosóidh sí;

[EN]

(b) má mhainníonn sé mír (a) den fho-alt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(11) Má lamhálann fostóir oibrí neamh-thís aon bhliain fostaíochta tréimhse de shaoire bhliantúil don oibrí níos luaithe ná na ceithre lá dhéag deiridh (is laethanta is ináirithe mar laethanta den tsaoire bhliantúil chun críocha an ailt seo) den bhliain fostaíochta agus go bhfágfaidh an t-oibrí fostaíocht an fhostóra sula mbeidh deireadh leis an mbliain fostaíochta, ní bheidh an fostóir i dteideal, maidir le saoire bhliantúil a lamháil, an tréimhse fógra is gá chun an fhostaíocht a fhoirceannadh ná an pá ná aon díolaíochtaí eile a mbeidh teideal ag an oibrí chucu an tráth a fhágfaidh sé an fhostaíocht sin a laghdú.

[EN]

Mainneachtain i saoire bhliantúil a lamháil d'oibrí neamh-thís.

11.—Má mhainníonn fostóir oibrí neamh-thís saoire bhliantúil a lamháil don oibrí in aghaidh bliain fostaíochta an oibrí de réir an Achta seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

[EN]

(a) beidh an fostóir ciontach i gcion, agus

[EN]

(b) íocfaidh an fostóir (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh imeachtaí tionscanta faoi mhír (a) den alt seo) leis an oibrí suim is comhionann leis an méid a dhlífeadh sé, faoi fho-alt (2) d'alt 10 den Acht seo, a íoc leis an oibrí dá mbeadh sé, iarbhír, tar éis an tsaoire bhliantúil a lamháil don oibrí agus gur lamháladh í i rith na gceithre lá dhéag deiridh den bhliain fostaíochta.

[EN]

Srian le hobair i rith saoire bliantúla.

12.—(1) Ní dleathach do dhuine is oibrí tionscail nó comhalta d'fhoireann siopa aon obair thionscail nó obair siopa a dhéanamh d'aon duine ar luach saothair i rith aon tréimhse de shaoire bhliantúil.

[EN]

(2) Má dhéanann duine is oibrí tionscail nó comhalta d'fhoireann siopa aon ní a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Saoire bhliantúil oibrithe tís.

13.—(1) Déanfaidh gach duine ag a mbeidh oibrí tís ar fostú, gach bliain fostaíochta de chuid an oibrí a bheidh an t-oibrí ar fostú ag an duine sin go leanúnach nó ó lá go lá agus trí chéad lá ar a laghad a bheith oibrithe aige san fhostaíocht sin, ceithre lá dhéag comhleanúnacha de laethanta saoire iomlána, ar a n-áirítear dhá Dhomhnach, (dá ngairtear saoire bhliantúil freisin san Acht seo) a lamháil don oibrí cibé tráth is oiriúnach leis an duine sin.

[EN]

(2) I gcás ina lamhálfaidh duine seacht lá comhleanúnacha de laethanta saoire iomlána (dá ngairtear saoire leathbhliantúil san Acht seo) d'oibrí tís a bheidh ar fostú aige an chéad leath de bhliain fostaíochta an oibrí tís agus ina lamhálfaidh sé saoire leathbhliantúil freisin don oibrí an dara leath den bhliain fostaíochta sin, ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (1) den alt seo maidir leis an oibrí sin an bhliain fostaíochta sin.

[EN]

(3) I gcás ina lamhálfar saoire bhliantúil nó saoire leathbhliantúil d'oibrí tís, íocfaidh fostóir an oibrí leis an oibrí, in aghaidh na saoire bliantúla nó na saoire leathbhliantúla, suim is comhionann leis an méid a fuair an t-oibrí ón bhfostóir mar thuarastal nó pá in aghaidh—

[EN]

(a) i gcás ina lamhálfar saoire bhliantúil don oibrí, an dá sheachtain chomhleanúnacha, díreach roimh an tsaoire bhliantúil a d'oibrigh an t-oibrí an ghnáth-uimhir uaire a chloig an uasuimhir laethanta faoina chonradh seirbhíse,

[EN]

(b) i gcás ina lamhálfar saoire leathbhliantúil don oibrí, na seachtaine díreach roimh an tsaoire leathbhliantúil a d'oibrigh an t-oibrí an ghnáth-uimhir uaire a chloig an uasuimhir laethanta faoina chonradh seirbhíse.

[EN]

(4) I gcás—

[EN]

(a) oibrí tís a bheith ar fostú ag duine faoi chonradh seirbhíse a fholaíonn lóistín,

[EN]

(b) an duine sin do thabhairt fógra don oibrí go bhfuil ar intinn aige saoire bhliantúil nó saoire leathbhliantúil a lamháil don oibrí i rith tréimhse áirithe, agus

[EN]

(c) an t-oibrí, le toiliú an duine sin, d'fhanacht ag obair don duine sin ar feadh na tréimhse sin,

[EN]

measfar, má íocann an duine sin, i dteannta an phá in aghaidh na tréimhse sin, leis an oibrí, suim is comhionann le méid an phá, gur lamháladh lá saoire iomlán don oibrí gach lá de na laethanta sa tréimhse sin.

[EN]

(5) I gcás—

[EN]

(a) oibrí tís do scor de bheith i bhfostaíocht duine i rith an chéad leath de bhliain fostaíochta an oibrí, agus

[EN]

(b) céad caoga lá ar a laghad a bheith oibrithe ag an oibrí san fhostaíocht an chéad leath, agus

[EN]

(c) nár lamháladh saoire bhliantúil ná saoire leathbhliantúil, an chéad leath, don oibrí roimh an scor,

[EN]

íocfaidh an duine sin leis an oibrí ar an scor suim is comhionann leis an méid a dhlífeadh sé a íoc leis an oibrí faoi fho-alt (3) den alt seo, dá mbeadh sé, iarbhír, tar éis saoire leathbhliantúil a lamháil don oibrí an chéad leath agus gur lamháladh í i rith na seacht lá díreach roimh an scor.

[EN]

(6) I gcás oibrí tís do scor de bheith i bhfostaíocht duine i rith an dara leath de bhliain fostaíochta an oibrí agus nár lamháladh don oibrí roimh an scor saoire bhliantúil in aghaidh na bliana fostaíochta ná saoire leathbhliantúil in aghaidh an chéad leath den bhliain fostaíochta agus, fós, an dara leath, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

[EN]

(a) má d'oibrigh an t-oibrí céad caoga lá ar a laghad an chéad leath agus céad caoga lá ar a laghad an dara leath, íocfaidh an duine sin ar an scor leis an oibrí suim is comhionann leis an méid a dhlífeadh sé, faoi fho-alt (3) den alt seo, a íoc leis an oibrí dá mbeadh sé, iarbhír, tar éis saoire bhliantúil a lamháil don oibrí agus gur lamháladh í i rith na gceithre lá dhéag díreach roimh an scor;

[EN]

(b) más rud é—

[EN]

(i) gur oibrigh an t-oibrí san fhostaíocht ar feadh tréimhse nár lú ná céad caoga lá an chéad leath, ach ba lú ná céad caoga lá an dara leath, agus

[EN]

(ii) nár lamháladh saoire leathbhliantúil an chéad leath don oibrí roimh an scor,

[EN]

íocfaidh an duine sin leis an oibrí ar an scor suim is comhionann leis an méid a dhlífeadh sé, faoi fho-alt (3) den alt seo, a íoc leis an oibrí dá mbeadh sé, iarbhír, tar éis saoire leathbhliantúil a lamháil don oibrí an chéad leath agus gur lamháladh í i rith na seacht lá deiridh den chéad leath;

[EN]

(c) más rud é—

[EN]

(i) gur oibrigh an t-oibrí san fhostaíocht ar feadh tréimhse nár lú ná céad caoga lá an chéad leath, ach ba lú ná céad caoga lá an dara leath, agus

[EN]

(ii) nár lamháladh saoire leathbhliantúil an chéad leath ná an dara leath don oibrí roimh an scor,

[EN]

íocfaidh an duine sin leis an oibrí ar an scor suim is comhionann leis an méid a dhlífeadh sé, faoi fho-alt (3) den alt seo, a íoc leis an oibrí dá mbeadh sé, iarbhír, tar éis saoire leathbhliantúil a lamháil an dara leath agus gur lamháladh í i rith na seacht lá deiridh den dara leath.

[EN]

(7) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is cuí leis, rialacháin a dhéanamh a athróidh, maidir le gach aicme nó aon aicme nó aicmí áirithe (a mhíneofar i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire) oibrithe tís, gach tréimhse nó aon cheann de na tréimhsí trí chéad lá nó céad caoga lá a luaitear i bhfo-alt (1), (5) agus (6) den alt seo trí cibé uimhir laethanta is cuí leis an Aire a chur ina ionad, agus, aon uair a bheidh aon rialacháin mar sin den sórt sin i bhfeidhm, beidh éifeacht ag na fo-ailt sin, maidir leis na hoibrithe tís nó an aicme nó na haicmí oibrithe tís lena mbaineann na rialacháin, amhail is dá ndéanfaí na tréimhsí sin nó cibé tréimhse acu dá ndéanfaidh na rialacháin difir a athrú sa tslí a luafar sna rialacháin.

[EN]

(8) I gcás aon lá neamh-oibre nó aon dá lá neamh-oibre comhleanúnacha nó níos mó do thitim díreach roimh lá nó díreach i diaidh lae a lamháil an fostóir lá saoire iomlán d'oibrí tís, measfar chun críocha an ailt seo gur lá a lamháil an fostóir lá saoire iomlán don oibrí an lá neamh-oibre nó gach ceann de na laethanta neamh-oibre comhleanúnacha (de réir mar a bheidh), murar oibrigh an t-oibrí an lá sin don fhostóir.

[EN]

(9) Ní áireofar mar lá de shaoire bhliantúil aon lá is lá saoire poiblí nó lá a measfar, de bhun alt 9 den Acht seo, lá saoire iomlán a bheith lamháilte d'oibrí neamh-thís, ach má thagann aon lá den sórt sin idir laethanta de shaoire bhliantúil, measfar na laethanta sin a bheith comhleanúnach d'ainneoin an lá sin a theacht amhlaidh.

[EN]

(10) Bainfidh an t-alt seo leis an mbliain fostaíochta a bheidh ann i dtosach feidhme an Achta seo maidir le gach duine is oibrí tís ag an tosach feidhme sin, agus beidh éifeacht ag an alt seo maidir leis an mbliain fostaíochta sin agus an duine sin amhail is dá mbeadh an t-alt seo i ngníomh i dtosach na bliana fostaíochta sin.

[EN]

(11) I gcás é a bheith beartaithe ag duine ag a bhfuil oibrí tís ar fostú aon laethanta saoire iomlána a dheonú don oibrí de bhun an ailt seo—

[EN]

(a) déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag roimh an lá a bheidh na laethanta saoire iomlána le tosú, fógra a thabhairt ag insint go bhfuil sé ar intinn aige na laethanta saoire iomlána a dheonú agus an lá thosóidh siad;

[EN]

(b) má mhainníonn sé mír (a) den fho-alt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(12) Chun críocha an ailt seo measfar oibrí tís a bheith tar éis oibriú i bhfostaíocht duine áirithe aon lá a bhí sé ar fáil chun seirbhíse ar an duine sin á iarraidh air ar feadh dhá uair a chloig nó níos mó.

[EN]

Mainneachtain i saoire bhliantúil a lamháil d'oibrí tís.

14.—Má mhainníonn fostóir oibrí tís saoire bhliantúil a lamháil don oibrí in aghaidh bliain fostaíochta an oibrí sin de réir an Achta seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

[EN]

(a) beidh an fostóir ciontach i gcion;

[EN]

(b) íocfaidh an fostóir (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh imeachtaí tionscanta faoi mhír (a) den alt seo) leis an oibrí suim is comhionann leis an méid a dhlífeadh sé, faoi fho-alt (3) d'alt 13 den Acht seo, a íoc leis an oibrí dá mbeadh sé, iarbhír, tar éis saoire bhliantúil a lamháil don oibrí agus gur lamháladh í i rith na gceithre lá dhéag deiridh den bhliain fostaíochta.

[EN]

Iocaíocht in ionad iostais agus lóistín le linn saoire.

15.—(1) I gcás—

[EN]

(a) ina lamhálfaidh an fostóir saoire bhliantúil nó saoire leathbhliantúil don oibrí, agus

[EN]

(b) go raibh an t-oibrí, díreach roimh an tsaoire bhliantúil nó an tsaoire leathbhliantúil, i dteideal cóiríochta mar chuid dá luach saothair,

[EN]

íocfaidh an fostóir, i dteannta aon suim is iníoctha leis an oibrí faoin Acht seo in aghaidh saoire bhliantúil nó saoire leathbhliantúil, in aghaidh aon lá a thitfidh laistigh den tsaoire bhliantúil nó den tsaoire leathbhliantúil nach bhfaighidh sé cóiríocht, i gcás an t-oibrí a bheith ar fostú i gcontae-bhuirg nó i mbuirg Dhún Laoghaire, suim trí scilling nó, in aon chás eile, suim dhá scilling.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is cuí leis, rialacháin a dhéanamh a athróidh an tsuim a íocfaidh fostóir le hoibrí faoi fho-alt (1) den alt seo trí cibé suim eile is cuí leis an Aire a chur in ionad na suime a luaitear san fho-alt sin i leith an oibrí sin, agus, aon uair a bheidh rialacháin den sórt sin i bhfeidhm, beidh éifeacht ag forálacha an fho-ailt sin (1) maidir leis an oibrí lena mbainfidh na rialacháin amhail is dá ndéanfaí an tsuim a luaitear ann i leith an oibrí sin a athrú mar a déarfar sna rialacháin.

[EN]

(3) San alt seo ciallaíonn “cóiríocht”—

[EN]

(a) maidir le hoibrí atá i dteideal iostais agus sin amháin, iostas;

[EN]

(b) maidir le hoibrí atá i dteideal lóistín agus sin amháin, lóistín;

[EN]

(c) maidir le hoibrí atá i dteideal iostais agus lóistín, iostas agus lóistín.

[EN]

Saoire bhliantúil oibrithe neamhthís i dtréimhse amháin nó níos mó de laethanta comhleanúnacha.

16.—Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le cibé Airí Stáit nó eagrais fostóirí agus le cibé eagrais oibrithe arb iomchuí leis dul i gcomhairle leo, rialacháin a dhéanamh á fhoráil go bhféadfar saoire bhliantúil a lamháil do gach aicme nó d'aon aicme nó aicmí áirithe (a mhíneofar i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire) oibrithe neamh-thís i níos mó ná tréimhse amháin de laethanta comhleanúnacha a shonrófar sna rialacháin, agus féadfaidh na rialacháin aon cheann d'fhorálacha an Achta seo a mhodhnú chun críocha na rialachán.

[EN]

Laethanta Saora faoi phá a ríomh mar shaoire bhliantúil.

17.—(1) I gcás inar ghnás ag fostóir, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, laethanta saora faoi phá a lamháil d'aon oibrí ina fhostaíocht i dteannta laethanta saoire poiblí agus saoire bhliantúil, agus go leanfar den ghnás sin tar éis tosach feidhme an Achta seo maidir le hoibrí cibé acu ar fostú dó amhlaidh roimh an tosach feidhme sin agus dá éis nó tar éis an tosach feidhme sin, féadfar, chun críocha an Achta seo, na laethanta saora sin faoi phá a áireamh mar laethanta den tsaoire bhliantúil i leith seacht lá ar a mhéid den tsaoire bhliantúil sin.

[EN]

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo measfar lá saor faoi phá a bheith lamháilte ag fostóir d'oibrí má lamhálann sé lá saoire iomlán (ar chúis eile seachas i leith saoire bhreoiteachta) don oibrí a ndéanfaidh sé pá lae iomláin mar a mhínítear i bhfo-alt (13) d'alt 9 den Acht seo a íoc leis an oibrí ina aghaidh.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le cibé Airí Stáit nó eagrais fostóirí agus cibé eagrais oibrithe arb iomchuí leis dul i gcomhairle leo, rialacháin a dhéanamh á fhoráil go bhféadfar an gnás a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a chur chun feidhme go hiomlán nó go páirteach amhail idir aon fhostóir agus aon oibrí (nó aon aicme nó tuairisc oibrithe a mhíneofar i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire) dá dtagrófar sna rialacháin agus a thoileoidh leis an ngnás sin a chur chun feidhme a mhéid a shonrófar sna rialacháin, agus, ar na rialacháin sin a bheith déanta agus an toiliú sin a bheith tugtha, bainfidh forálacha fho-alt (1) den alt seo leo amhail mar a bhaineann siad leo siúd a luaitear san fho-alt sin (1), ach sin go hiomlán nó go páirteach (de réir mar is iomchuí).

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire aon cheann d'fhorálacha an Achta seo a mhodhnú d'fhonn go mbeidh éifeacht ag forálacha fho-alt (1) den alt seo nó ag na forálacha sin arna gcur chun feidhme le fo-alt (3) den alt seo.

CUID IV

Ilghnéitheach.

[EN]

Oibrithe do ghnóthú airgid a bheidh dlite de fhostóirí.

18.—(1) Má mhainníonn aon fhostóir oibrí aon airgead a thiocfaidh chun bheith iníoctha ag an bhfostóir leis an oibrí faoi aon fhoráil san Acht seo a íoc leis an oibrí—

[EN]

(a) beidh an fostóir ciontach i gcion;

[EN]

(b) féadfaidh an t-oibrí (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh imeachtaí tionscanta faoi mhír (a) den fho-alt seo) an t-airgead sin a ghnóthú ón bhfostóir mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.

[EN]

(2) Má dhéantar agus nuair a dhéanfar fostóir aon oibrí a chiontú i gcion faoi aon alt den Acht seo maidir leis an oibrí, féadfaidh an chúirt a chiontóidh an fostóir a ordú dó aon airgead a íoc leis an oibrí a bhí dlite don oibrí den fhostóir, tráth an chiontaithe, faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo.

[EN]

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

19.—Má dhéanann comhlacht corpraithe cion faoi aon alt den Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó le haontú, nó gur urasaíodh a dhéanamh trí aon mhainneachtain ar thaobh, aon stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, measfar freisin an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí nó an t-oifigeach eile sin a bheith ciontach sa chion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina aghaidh agus é a phionósú dá réir.

[EN]

Cionta a ionchúiseamh.

20.—(1) Féadfaidh an tAire cion faoi aon alt den Acht seo a ionchúiseamh.

[EN]

(2) Féadfaidh an t-oibrí nó aon oifigeach de cheardchumann cláraithe ar comhalta de an t-oibrí cion faoi aon alt den Acht seo a dhéanfaidh fostóir an oibrí a ionchúiseamh.

[EN]

(3) Féadfar ionchúiseamh i leith cion faoi aon alt den Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an cion a dhéanamh.

[EN]

Eigeandáil mar chosaint.

21.—I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoi aon alt den Acht seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh má chruthaíonn sé chun sástachta na cúirte a bheidh ag triail na cúise gur ghá nó gur chuí go réasúnach an sárú líomhnaithe ar an alt mar gheall ar thine, tuile, stoirm, foréigean, cliseadh gléasra nó innealra, nó aon éigeandáil eile tarlú iarbhír nó bagairt nó coinne réasúnach a bheith ann go dtarlódh sé.

[EN]

Pionóis i leith cionta.

22.—Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi aon alt den Acht seo, dlífear, ar é a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air i gcás inarb é an chéad chion é faoin alt sin agus, fíneáil nach mó ná caoga punt i gcás aon chion eile dá éis faoin alt sin.

[EN]

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

23.—Gach ordú agus rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

[EN]

Cumhachtaí cigirí.

24.—(1) San alt seo ciallaíonn “cigire” duine arna cheapadh ag an Aire chun bheith ina chigire chun críocha an ailt seo.

[EN]

(2) D'fhonn forálacha an Achta seo a chur i bhfeidhm féadfaidh an tAire gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:

[EN]

(a) faoi réir fhorálacha an ailt seo, dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh nó áit a bhfuil cúis réasúnach aige chun a mheas go bhfuil aon oibrí ar fostú ann,

[EN]

(b) cibé scrúdú nó fiosrú is gá a dhéanamh chun a fháil amach cé acu atáthar nó nach bhfuiltear ag comhlíonadh forálacha an Achta seo maidir le haon oibrí a bheidh ar fostú in aon áitreabh nó áit den sórt sin,

[EN]

(c) a cheangal ar fhostóir aon oibrí nó ar ionadaí an fhostóra sin aon taifid a thabhairt ar aird dó atá de cheangal, faoi ordú taifead, ar an bhfostóir sin a choimeád agus na nithe a bheidh sna taifid sin a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh,

[EN]

(d) scrúdú, maidir le haon ábhair faoin Acht seo, a dhéanamh ar aon duine a bhfuil cúis réasúnach aige chun a chreidiúint gurb oibrí nó gurbh oibrí é nó gur fostóir nó gur fhostóir aon oibrí é agus a cheangal ar an duine sin cibé ceisteanna (seachas ceisteanna a fhéadfaidh an duine sin a ionchoiriú) a fhéadfaidh an cigire a chur maidir leis na hábhair sin a fhreagairt agus dearbhú a shíniú go bhfuil na freagraí ar na ceisteanna sin fíor.

[EN]

(3) Ní bheidh na cumhachtaí a thugtar do chigire le mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo infheidhmithe maidir le haon teach cónaithe príobháideach mura ndeimhneoidh an tAire nó oifigeach don Aire arna cheapadh ag an Aire chuige sin go bhfuil cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go ndearna fostóir an oibrí cion faoin alt seo maidir le haon oibrí i bhfostaíocht sa teach, agus go dtabharfaidh an cigire an deimhniú ar aird nuair a iarrfaidh sé cead dul isteach sa teach.

[EN]

(4) Aon duine—

[EN]

(a) a choiscfidh nó a bhacfaidh cigire i bhfeidhmiú aon cheann de na cumhachtaí a thugtar don chigire leis an alt seo,

[EN]

(b) a dhiúltóidh aon taifead a thabhairt ar aird a cheanglóidh cigire go dleathach air a thabhairt ar aird,

[EN]

(c) a thabharfaidh ar aird, nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh go feasach go dtabharfar ar aird, do chigire aon taifead a bheidh bréagach in aon phonc ábhartha agus a fhios aige é a bheith bréagach,

[EN]

(d) a dhéanfaidh aon duine, nó a fhéachfaidh le haon duine, a thoirmeasc ó láithriú os comhair cigire nó óna cheistiú ag cigire, nó

[EN]

(e) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ceanglas dleathach cigire faoi mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, a chomhlíonadh,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcion.

[EN]

(5) Tabharfar deimhniú a cheapacháin do gach cigire agus, nuair a iarrfaidh sé cead dul isteach in aon áitreabh nó áit chun críocha an Achta seo, tabharfaidh sé an deimhniú ar aird, má iarrtar sin air, don áititheoir agus d'aon duine a bheidh á scrúdú aige.

[EN]

Taifid.

25.—(1) Féadfaidh an tAire aon uair agus a mhinice is cuí leis le hordú (dá ngairtear ordú taifead san Acht seo) a cheangal ar fhostóirí oibrithe nó ar aon aicme d'fhostóirí oibrithe taifid a choimeád d'aon ábhar nó ní a measann an tAire gur gá é bheith ar taifead chun an tAcht seo a chur i bhfeidhm agus, más oiriúnach leis, foirm aon taifead den sórt sin a ordú.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire faoin alt seo orduithe taifead éagsúla a dhéanamh maidir le haicmí éagsúla d'fhostóirí oibrithe.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire le hordú faoin alt seo aon ordú a rinneadh faoin alt nó faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, le haon ordú a dhéanfar faoin alt seo, an áit nó na háiteanna a shonrú ina gcoimeádfar na taifid a cheanglófar leis an ordú agus féadfaidh sé cibé forálacha a dhéanamh is oiriúnach leis maidir leis na taifid a thabhairt ar aird agus a iniúchadh.

[EN]

(5) Má tharlaíonn aon uair a bheidh ordú taifead i bhfeidhm go mainneoidh nó go bhfailleoidh nó go ndiúltóidh aon fhostóir ceanglais an ordaithe a chomhlíonadh, nó má chuireann sé in aon taifead a cheanglóidh an t-ordú air a choimeád aon ní a bheidh bréagach in aon phonc ábhartha agus a fhios aige é a bheith bréagach, beidh an fostóir ciontach i gcion.