Uimhir 34 de 1926.
ACHT NA nÚDARÁS nÁITIÚIL (COMHAR-ÁRACHAS), 1926.
Míniú.
1.—San Acht so cialluíonn agus foluíonn an focal “údarás áitiúil” na cóluchtaí agus na daoine seo a leanas, sé sin le rá:—
(a) comhairle chontae, chontae-bhuirge, bhuirge, bhailecheanntair, no thuathcheanntair, agus
(b) bord caomhnóirí, agus
(c) údarás sláintíochta puirt, agus
(d) coimisinéirí baile, agus
(e) aon chólucht, daoine, no duine a bunuíodh no a ceapadh le haon reacht, no fé, chun feidhmeanna no aon cheann d'fheidhmeanna aon chomhairle, búird, údaráis, no coimisinéirí den tsórt san roimhráite d'fheidhmiú, agus
(f) coiste no có-choiste d'aon cheann no cinn no do ceapadh ag aon cheann no cinn de sna comhairlí, búird, coimisinéirí, cóluchtaí, no daoine sin, agus
(g) comhlachas d'aon chomhairlí, búird, coimisinéirí, cóluchtaí, daoine no coistí den tsórt san, a bunuíodh agus a cimeádtar ar bun chun crícheanna a bhaineann le rialtas áitiúil amháin.
Cuideachtana le n-a mbaineann an tAcht so.
2.—Baineann an tAcht so le gach cuideachtain atá cláruithe i Saorstát Éireann fén Companies (Consolidation) Act, 1908, agus atá do réir na gcoiníoll so a leanas, sé sin le rá:—
(a) caithfidh gan a bheith in iomlán cuspóirí na cuideachtan no sa chuid is mó dhíobh ach ní no an dá ní acu so a leanas, sé sin le rá:—
(i) a baill do chur fé chomhar-árachas in aghaidh damáiste a dhéanfadh teine no do thiocfadh de dheascaibh teine do thithe no do mhaoin eile is leo no atá ar seilbh acu, agus
(ii) a baill do chur fé chomhar-árachas in aghaidh fiachais in íoc cúitimh no damáiste le fir oibre do bheadh ar fostú acu, agus
(b) caithfidh fiachas a ball do bheith teoranta le hurraíocht agus caithfidh an méid go raghaidh aon bhall aonair in urrús air gan dul thar dheich bpúint, agus
(c) caithfidh scair-chaipital gan bheith ag an gcuideachtain, agus
(d) caithfidh gach ball den chuideachtain do bheith ina údarás áitiúil.
Údaráis áitiúla ag ceangal mar bhaill de chuideachtain.
3.—(1) Féadfidh údarás áitiúil cabhrú chun cuideachta do bhunú 'na bhfuil sé ceaptha an tAcht so do bheith ag baint léi agus féadfidh aon údarás áitiúil ceangal mar bhall agus bheith mar bhall de chuideachtain le n-a mbaineann an tAcht so.
(2) Nuair a bheidh údarás áitiúil mar bhall de chuideachtain le n-a mbaineann an tAcht so, féadfidh duine dá mbaill no dá n-oifigigh no éinne eile 'na mbeidh údarás aige uatha chuige sin an ceart vótála agus gach ceart no comhacht eile a bhaineann leis an mballraíocht san d'fheidhmiú thar cheann an údaráis áitiúla san.
(3) Féadfidh údarás áitiúil is ball de chuideachtain le n-a mbaineann an tAcht so bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachtain sin agus i ngach eás den tsórt san isé a fheidhmeoidh na feidhmeanna a bheidh ag an údarás áitiúil mar stiúrthóir den tsórt san ná duine dá mbaill no dá n-oifigigh no éinne eile 'na mbeidh údarás aige uatha chuige sin.
(4) Féadfidh údarás áitiúil liúntas cothuithe agus costaisí taistil d'íoc do réir rialachán a dhéanfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí le héinne dá mbaill no dá n-oifigigh a bheidh i láthair, thar cheann an údaráis áitiúla san, ag aon chruinniú de bhunathóirí, de bhaill no de stiúrthóirí cuideachtan le n-a mbaineann an tAcht so.
Saoirse ón oblagáid chun éarlaisí do chur síos.
4.—An méid d'fhorálacha an Assurance Companies Act, 1909, a bhaineann le héarlaisí fén Acht san, ní bhainfid leis an gcás maidir le gnó teine-árachais ná le gnó fiachais fostóirí a bheidh ar siúl ag cuideachtain a chuirfidh ina luighe ar an Aire Tionnscail agus Tráchtála go bhfuil na coiníollacha uile a horduítear le halt 2 den Acht so cólíonta aici.
Costaisí údarás áitiúil.
5.—Aon chostaisí fé n-a raghaidh údarás áitiúil fén Acht so is mar chuid de sna costaisí generálta a bhí ar an údarás áitiúil sin ag cólíona a ndualgaisí a glanfar agus a híocfar iad.
Gearr-theideal.
6.—Féadfar Acht na nUdarás nAitiúil (Comhar-Arachas), 1926, do ghairm den Acht so.