Uimhir 34 de 1930.
ACHT OIDEACHAIS (BÉILÍ DO SHOLÁTHAR) (LEASÚ), 1930.
[23adh Mí na Nodlag, 1930.]
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “na Príomh-Achtanna” na Education (Provision of Meals) (Ireland) Acts, 1914 to 1917;
cialluíonn an focal “baile-choimisinéirí” na daoine is coimisinéirí, chun crícheanna an Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, do bhaile nách bailecheanntar.
Bainfidh na Príomh-Achtanna le bailechoimisinéirí.
2.—Is údarás áitiuil baile-choimisinéirí chun crícheanna na bPríomh-Achtanna agus beidh feidhm ag na hAchtanna san dá réir sin.
Costaisí bailechoimisinéirí fé sna Príomh-Achtanna.
3.—Na costaisí uile fé n-a raghaidh baile-choimisinéirí fé sna Príomh-Achtanna mar a leathanuítear leis an Acht so iad, is amach as an ráta is inghearrtha acu fé alt 60 den Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, a híocfar iad ach ní háireofar chun crícheanna aon teorann le méid an ráta san cuid ar bith den ráta san a cruinneofar chun na gcostas san d'íoc.
Gearr-theideal agus luadh.
4.—(1) Féadfar an tAcht Oideachais (Béilí do Sholáthar) (Leasú), 1930, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna Oideachais (Béilí do Sholáthar), 1914 go 1930, do ghairm de sna Príomh-Achtanna agus den Acht so le chéile.