Uimhir 34 de 1936.
ACHT UM CHLÁRÚ BEIREATAISÍ AGUS BÁSANNA, 1936.
[24adh Iúl, 1936.]
Údarás áitiúil.
1.—San Acht so cialluíonn an abairt “údarás áitiúil” cólucht ina bhfuil riaradh fóirithin na mbocht dílsithe agus, nuair a húsaidtear í maidir le ceann-chlárathóir, ceann-chlárathóir conganta, clárathóir no clárathóir conganta, cialluíonn sí an cólucht ina bhfuil an riaradh san i gceanntar an cheann-chlárathóra, an cheann-chlárathóra chonganta, an chlárathóra no an chlárathóra chonganta san, do réir mar bheidh, dílsithe.
Údaráis áitiúla do bheith freagarthach i gcostaisí áirithe.
2.—(1) Gach ceann-chlárathóir, ceann-chlárathoir conganta, clárathóir agus clárathóir conganta ar a gceangailtear le halt 28 den Registration of Births and Deaths (Ireland) Act, 1863, a chur fé ndeár na nithe luaidhtear san alt san do chur in áit éigin feiceálach ar dhoras béil no in aice dorais bhéil a áite comhnaithe no a áite gnótha aithnidiúla cólíonfaid an fhoráil sin den alt san—
(a) tré chlár de mhéid oiriúnach agus na nithe sin péinteálta air d'fháil agus do choinneáil i dtreo, agus
(b) tré n-a chur fé ndeár an bord san agus é peinteálta amhlaidh mar adubhradh do chur agus do choimeád in áit éigin feiceálach den tsórt a luaidhtear san alt san.
(2) Na costaisí uile fé n-a raghaidh ceann-chlárathóir, ceannchlárathóir conganta, clárathóir no clárathóir conganta de riachtanas agus le ceart, tar éis an Achta so do rith, chun na forála d'alt 28 den Registration of Births and Deaths (Ireland) Act, 1863, a bhaineann leis an gcás do chólíonadh sa tslí ceaptar leis an alt so aisíocfaidh an t-údarás áitiúil iad, ar n-a n-éileamh, leis an gceann-chlárathóir, an ceann-chlárathóir conganta, an clárathóir no an clárathóir conganta san (do réir mar bheidh).
Údaráis áitiúla d'íoc luach saothair le clárathóirí.
3.—(1) Ar dháta an Achta so do rith agus as san amach íocfaidh gach údarás áitiúil le gach duine is clárathóir chun crícheanna na Births and Deaths Registration Acts (Ireland), 1863 to 1880, agus 'na bhfuil a cheanntar i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis áitiúla san no gurb ionann a cheanntar agus an líomatáiste sin, liúntas (i dteanta aon luach saothair is iníochta leis an gclárathóir sin fé aon Acht eile) in aghaidh gach bliana no coda de bhliain do bhí an clárathóir sin i seilbh oifige, liúntas de pé méid acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—
(a) má bhí an clárathóir sin i seilbh oifige ar feadh iomlán na bliana san—ocht bpúint, no
(b) mara raibh an clárathóir sin i seilbh oifige ach ar feadh coda den bhliain sin—méid go mbeidh idir é agus ocht bpúint an cothrom céanna bheidh idir an chuid sin den bhliain sin agus bliain.
(2) An liúntas is iníoctha fén alt so le clárathóir atá i seilbh oifige le linn an Achta so do rith tosnóidh sé ar dháta an rithte sin agus, chun an méid is iníoctha leis alos an liúntais sin d'áireamh, tuigfear gach clárathóir den tsórt san do thosnú ar bheith i seilbh oifige ar an dáta san.
Costaisí údarás áitiúil.
4.—Na costaisí uile fé n-a raghaidh údarás áitiúil fén Acht so cruinneofar agus íocfar iad fé mar a cruinnítear agus a híoctar costaisí fé n-a dtéigheann an t-údarás áitiúil sin chun fóirithin na mbocht do riaradh.
Gearr-theideal agus có-luadh.
5.—(1) Féadfar an tAcht um Chlárú Beireataisí agus Básanna, 1936, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna um Chlárú Beireataisí agus Básanna, 1863 go 1936, do ghairm de sna Births and Deaths Registration Acts (Ireland), 1863 to 1880, agus den Acht so le chéile.