[EN]

Uimhir 34 de 1939.


[EN]

ACHT NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1939.


ACHT CHUN A THABHAIRT GO bhFÉADFAR DEONTAISÍ AGUS IASACHTAÍ FÉ ACHT NA dTITHE (GAELTACHT), 1929, DO THABHAIRT THAR AN MÉID A hÚDARUÍTEAR LE hALT 2 D'ACHT NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1934. [20adh Mí na Nodlag, 1939.] ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Méid iomlán na ndeontas agus na n-iasacht do mhéadú.

1.—Athghairmtear leis seo alt 2 d'Acht na dTithe. (Gaeltacht) (Leasú), 1934 (Uimh. 29 de 1934), agus ina ionad san achtuítear leis seo ná raghaidh méid iomlán na ndeontas agus na n-iasacht a tugadh roimh an Acht so do rith agus a bhéarfar dá éis sin fé Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 (Uimh. 41 de 1929), thar seacht gcéad agus caoga míle púnt.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

2.—(1) Féadfar Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1939, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1939, do ghairm d'Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus 1934, agus den Acht so le chéile.