Uimhir 34 de 1940.
ACHT DÍOMHAOINTIS (OIBREACHA FÓIRTHNE), 1940.
[An tiontódh oifigeamhail.]
Mínithe.
1.—(1) San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;
cialluíonn an abairt “obair fhóntais phuiblí” obair is indéanta, do réir a gcomhacht, ag aon údarás áitiúil, no ag aon dá údarás áitiúil no níos mó ag oibriú le chéile dhóibh;
cialluíonn an focal “bóthar” aon bhóthar puiblí agus foluíonn aon droichead, píopa, áirse, linntéir, cosán, pábháil, claidhe, ráille, no falla is cuid den bhóthar san;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.
(2) Beidh gach cólucht fé leith aca so leanas, agus ní bheidh aon chólucht eile, ina údarás áitiúil chun crícheanna an Achta so, agus déanfar an abairt “údarás áitiúil” do léiriú dá réir sin san Acht so, sé sin le rá:—
(a) bárdas contae-bhuirge no buirge eile,
(b) comhairle chontae,
(c) comhairle bhailecheanntair,
(d) bord sláinte,
(e) có-bhord cheanntair aontuithe ar n-a bhunú fén Public Health (Ireland) Act, 1878, no fén Acht so.
An tAire do thabhairt deimhnithe i dtaobh oibre.
2.—(1) Pé uair a mheasfaidh an tAire, maidir le hobair áirithe fhóntais phuiblí a bheidh á déanamh no bheidh beartuithe a dhéanamh ag údarás áitiúil, gurb é críoch, no gur ceann de chrícheanna, a gabhála de láimh obair do chur ar fáil do dhaoine díomhaoine i líomatáiste áirithe, féadfaidh an tAire (fé réir na teorann a forchuirtear leis an alt so) a dheimhniú gur chun obair do chur ar fáil do dhaoine díomhaoine i líomatáiste áirithe (a luadhfar sa deimhniú san) a ghaibh an t-údarás áitiúil sin an obair fhóntais phuiblí sin de láimh no atáid á gabháil de láimh.
(2) Pé uair a mheasfaidh an tAire, maidir le hobair áirithe fhóntais phuiblí na mbeidh comhacht ag údarás áitiúil áirithe do réir dlí (le n-a n-áirmhítear an tAcht so no aon ordú ar n-a dhéanamh fé) chun í dhéanamh, é bheith oiriúnach, chun obair do chur ar fáil do dhaoine díomhaoine i líomatáiste áirithe, an t-údarás áitiúil sin do ghabháil na hoibre fóntais phuiblí sin de láimh agus dá déanamh, féadfaidh an tAire (fé réir na dteorann a forchuirtear leis an alt so) a dheimhniú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil sin, é bheith ceart an t-údarás áitiúil sin do ghabháil na hoibre fóntais phuiblí sin de láimh chun obair do chur ar fáil do dhaoine díomhaoine sa líomatáiste áirithe sin.
(3) Ní thabharfaidh an tAire aon deimhniú amach fén alt so tar éis dhá bhliain, ón dáta raghaidh an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939), as feidhm, do bheith caithte.
(4) Féadfaidh an tAire deimhniú do thabhairt amach fén alt so d'ainneoin go raibh tosnuithe roimh an Acht so do rith ar an obair le n-a mbainfidh an deimhniú san.
(5) San Acht so—
cialluíonn an abairt “obair dheimhnithe” obair go mbeidh deimhniú tugtha amach ag an Aire ina taobh fén alt so, agus
nuair a húsáidtear an abairt “údarás feidhmiúcháin” maidir le hobair dheimhnithe, cialluíonn sí an t-údarás áitiúil a bheidh luaidhte sa deimhniú, ar n-a thabhairt amach ag an Aire i dtaobh na hoibre sin, mar an údarás áitiúil do ghaibh an obair sin de láimh, no bheidh á gabháil de láimh, no dar cheart í ghabháil de láimh.
Comhacht don Aire chun a chur fé ndeár obair áirithe do dhéanamh.
3.—(1) Beidh sé de dhualgas ar an údarás áitiúil is údarás feidhmiúcháin alos oibre deimhnithe an obair sin do ghabháil de láimh, agus do dhéanamh, agus do chríochnú, chó luath agus is féidir é do réir réasúin.
(2) Pé uair a dhiúltóidh údarás áitiúil d'éinní áirithe do dhéanamh go ndearbhuítear leis an alt so gurb é dualgas an údaráis áitiúil sin é dhéanamh, no bheidh ní ar bith den tsórt san fágtha gan déanamh aca dar leis an Aire, féadfaidh an tAire an t-údarás áitiúil sin do scur le hordú ar n-a dhéanamh aige fé alt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), gan aon fhiosrúchán áitiúil den tsórt a luaidhtear san alt san a dhéanamh agus, leis sin, beidh feidhm agus éifeacht ag an alt san 72, ar n-a leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, dá réir sin.
Aistriú do dhéanamh ar chomachta maidir le bóithre.
4.—(1) Pé uair a mheasfaidh an tAire, maidir le hobair áirithe fhóntais phuiblí arb é bheidh inti ná bóthar nua do dhéanamh no bóthar atá ann cheana d'fheabhsú no déanamh den tsórt san agus feabhsú den tsórt san le chéile, é bheith oiriúnach, chun obair do chur ar fáil do dhaoine díomhaoine, údarás áitiúil áirithe do ghabháil na Loibre fóntais phuiblí sin de láimh agus dá déanamh, cé nach ar an údarás áitiúil sin a bheidh, de bhuadh ailt 24 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), cúram déanta agus cothabhála an bhóthair sin (pé aca bóthar nua é no bóthar atá ann cheana no bóthar 'na bhfuil cuid de nua agus 'na bhfuil cuid de ann cheana) no ná beidh de chúram ortha alos an bhóthair sin, de bhuadh an ailt sin, ach cuid no coda áirithe dhe do dhéanamh agus do chothabháil, féadfaidh an tAire, fé réir na teorann a forchuirtear leis an alt so agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil sin agus leis an gcomhairle ar a mbeidh de bhuadh an ailt sin 24 cúram déanta agus cothabhála an bhóthair sin no cúram déanta agus cothabhála na coda no na gcodanna san de nach cúram déanta agus cothabhála de chuid an údaráis áitiúil sin mar adubhradh (dó réir mar a bheidh), comhachta agus dualgaisí uile na comhairle sin fén Acht Rialtais Áitiúla, 1925, adubhradh, chó fada agus a bhainid leis an mbóthar san no leis an gcuid no na codanna san de (do réir mar a bheidh), agus fós comhachta agus dualgaisí uile na comhairle sin fé aon achtachán eile, chó fada agus a bhainid leis an gcéanna do dhéanamh agus d'fheabhsú agus do chothabháil, d'aistriú le hordú chun an údaráis áitiúil sin ón gcomhairle sin amhail ar dháta áirithe agus ón dáta san amach.
(2) Ní cead don Aire aon ordú, ach amháin ordú leasúcháin fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo, do dhéanamh fén alt so tar éis dhá bhliain, ón dáta raghaidh an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939), as feidhm, do bheith caithte.
(3) Pé uair is ceart san dar leis, féadfaidh an tAire, le hordú, leasú do dhéanamh ar ordú bheidh déanta aige fén alt so, le n-a n-áirmhítear ordú ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so.
(4) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén gcéad fho-alt den alt so, isé údarás áitiúil ag á mbeidh na comhachta agus na dualgaisí a haistreofar leis an ordú san infheidhmithe agus le cólíonadh, ar an dáta agus ón dáta luadhfar chuige sin san ordú san, ná an t-údarás áitiúil chun a n-aistreofar amhlaidh iad agus an t-údarás san amháin, ach san fé réir aon leasuithe ar an ordú san ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so.
(5) Aon chostaisí go mbeidh ar bhárdas chontae no bhuirge eile no comhairle chontae no bhailecheanntair, chun a ndéanfar comhachta agus dualgaisí i dtaobh aon bhóthair d'aistriú le hordú fén alt so, dul fútha agus iad ag feidhmiú agus ag cólíonadh na gcomhachta agus na ndualgas san, déanfar iad do chruinniú agus do mhuirearú fé is dá mba phríomh-bhóthar no bóthar contae no bóthar baile (do réir mar ordóidh an tAire) an bóthar san agus é sa chontae-bhuirg sin, sa bhuirg eile sin, sa chontae sin, no sa bhailecheanntar san, do réir mar a bheidh.
Údarás áitiúil do dhéanamh rann-íoca i gcostas oibre deimhnithe.
5.—(1) San alt so cialluíonn an abairt “údarás tairbhithe”, maidir le hobair dheimhnithe, údarás áitiúil go ndéanfaidh an obair dheimhnithe sin, nuair a bheidh sí críochnuithe, cólíonadh a bhfeidhmeanna d'urusú no costas an chólíonta san do laigheadú.
(2) I gcás obair dheimhnithe do bheith déanta no á déanamh no ar tí a déanta, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an obair dheimhnithe sin, sé sin le rá:—
(a) is cead d'aon údarás tairbhithe, ach toiliú an Aire do bheith aca chuige sin, a chó-aontú leis an údarás áitiúil is údarás feidhmiúcháin alos na hoibre deimhnithe sin rann-íoc áirithe d'íoc (in aon tsuim amháin no ina thráthchoda) leis an údarás san i gcostas déanta na hoibre deimhnithe sin;
(b) féadfaidh an tAire, le hordú, a cheangal ar aon údarás áitiúil is údarás tairbhithe dar leis rann-íoc de mhéid áirithe d'íoc (in aon tsuim amháin no ina thráth-choda de shuimeanna áirithe is iníoctha tráthanna áirithe, do réir mar a luadhfar san ordú san) leis an údarás feidhmiúcháin sin i gcostas déanta na hoibre deimhnithe sin;
(c) aon rann-íoc no tráth-chuid de rann-íoc, i gcostas déanta na hoibre deimhnithe sin, is iníoctha ag údarás tairbhithe leis an údarás feidhmiúcháin sin de bhuadh có-aontuithe ar n-a dhéanamh fén alt so idir na húdaráis sin no de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh ag an Aire fén alt so, féadfaidh an t-údarás feidhmiúcháin sin é bhaint den údarás tairbhithe sin in aon chúirt dlighinse inniúla mar fhiacha gnáth-chonnartha;
(d) déanfar méid aon rann-íoca, no méid aon tráth-choda de rann-íoc, den tsórt a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so do chruinniú tríd an ráta san, agus é sin ar n-a mhuirearú ar an líomatáiste sin, ordóidh an tAire ag féachaint don tslí agus don mhéid go ndeineann no go ndéanfaidh an obair dheimhnithe sin, agus í críochnuithe, cólíonadh feidhmeanna an údaráis thairbhithe sin d'urusú no costas an chólíonta san do laigheadú, agus do gach cúrsa iomchuibhe eile.
(3) I gcás—
(a) gurb é bheidh in obair dheimhnithe áirithe ná bóthar nua do dhéanamh, no bóthar atá ann cheana d'fheabhsú, no déanamh den tsórt san agus feabhsú den tsórt san le chéile, agus
(b) comhachta agus dualgaisí na comhairle gur uirthi bheidh do réir dlí cúram déanta agus cothabhála an bhóthair sin (pé aca bóthar nua é no bóthar atá ann cheana no bóthar 'na bhfuil cuid de nua agus 'na bhfuil cuid de ann cheana) no aon choda den bhóthar san do bheith aistrithe fén Acht so ón gcomhairle sin chun an údaráis áitiúil is údarás feidhmiúcháin alos na hoibre deimhnithe sin,
beidh feidhm agus éifeacht ag an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so maidir le haon chostaisí agus caiteachaisí, seachas costas déanta na hoibre deimhnithe sin, fé n-a raghaidh an t-údarás feidhmiúcháin sin tráth ar bith tar éis an aistrithe sin chun feidhmiú agus cólíonadh do dhéanamh ar na comhachta agus na dualgaisí bheidh aistrithe amhlaidh fé is dá mba chuid de chostas déanta na hoibre deimhnithe sin na costaisí agus na caiteachaisí sin agus gurbh údarás tairbhithe an chomhairle sin (maran údarás tairbhithe iad), ach san gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe gur cead an rann-íoc a bheidh iníoctha ag an gcomhairle sin leis an údarás feidhmiúcháin sin alos na gcostas agus na gcaiteachas san do bheith ina shuim bhliantúil agus go bhféadfar é atharú o am go ham tré chó-aontú (le toiliú an Aire) idir an chomhairle sin agus an t-údarás feidhmiúcháin sin no tré ordú ón Aire.
Iasacht d'fháil.
6.—(1) I gcás—
(a) an tAire do thoiliú le húdarás áitiúil d'fháil airgid ar iasacht, chun costaisí oibre deimhnithe no oibreacha deimhnithe d'íoc, tré stoc (dá ngairmtear stoc nua sa bhfo-alt so) do bhunú agus do thabhairt amach, agus
(b) airgead do bheith ar seilbh ag an údarás áitiúil sin i gciste fuascailte chun aon stoc (dá ngairmtear sean-stoc sa bhfo-alt so) do thug an t-údarás áitiúil sin amach roimhe sin d'fhuascailt,
féadfaidh an tAire, le hordú, a údarú don údarás áitiúil sin gach cuid no aon chuid, den tsean-stoc is gá d'fhuascailt i gcionn tréimhse nach sia ná cúig bliana o dháta an orduithe sin, do mhalairtiú, tré chó-aontuithe ar n-a ndéanamh leis na sealbhóirí, ar stoc nua d'ainmluach is có-mhéid le hainm-luach an tsean-stuic a malairteofar amhlaidh, agus suim is có-mhéid le hainm-luach an tsean-stuic a malairteofar amhlaidh do tharrac amach as an gcuntas oiriúnach no as na cuntaisí oiriúnacha sa chiste fuascailte sin agus an tsuim sin d'úsáid chun crícheanna na hoibre deimhnithe no na n-oibreacha deimhnithe sin agus chun íoca costaisí an mhalairtithe sin (más ann dóibh).
(2) Ní déanfar airgead do gheobhaidh údarás áitiúil ar iasacht chun crícheanna oibre deimhnithe d'áireamh mar chuid d'fhiacha an údaráis áitiúil sin chun crícheanna aon achtacháin a chuireann teora leis an méid is cead don údarás áitiúil sin d'fháil ar iasacht no chuireann teora leis an méid is cead don údarás áitiúil sin d'fháil ar iasacht ar shlí seachas de bhun orduithe shealadaigh ar n-a dhaingniú ag an Oireachtas.
Ceanntair aontuithe do bhunú.
7.—(1) San alt so cialluíonn an abairt “an tAcht” an Public Health (Ireland) Act, 1878, agus tá leis na habairtí “údarás sláintíochta”, “ceanntar sláintíochta” agus “áit rann-íocach”, fé seach, an bhrí chéanna atá leis na habairtí “sanitary authority”, “sanitary district” agus “contributory place”, fé seach, san Acht.
(2) Pé uair a mheasfaidh an tAire é bheith oiriúnach, maidir le hobair fhóntais phuiblí áirithe do dhéanamh, ceanntar aontuithe do bhunú, féadfaidh an tAire, le hordú, aon dá cheann no níos mó de cheanntair shláintíochta no d'áiteanna rann-íocacha do bhunú ina gceanntar aontuithe maidir leis an obair sin do dhéanamh.
(3) Pé uair a bheidh ceanntar aontuithe bunuithe ag an Aire fén alt so, beidh feidhm agus éifeacht (fé réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so), maidir leis an gceanntar aontuithe sin, ag gach achtachán a bhainfidh le ceanntar aontuithe ar n-a bhunú fé alt 12 den Acht fé is dá mba fén alt san 12 a bunófaí an ceanntar aontuithe bheidh bunuithe fén alt so, ach san fé réir an atharuithe go ndéanfar gach tagairt atá san achtachán san don ordú sealadach ag bunú ceanntair aontuithe do léiriú agus go mbeidh éifeacht aige mar thagairt don ordú fén alt so le n-ar bunuíodh an ceanntar aontuithe sin.
(4) Pé uair a bhunóidh an tAire ceanntar aontuithe fén alt so, féadfaidh an tAire, más ceart san dar leis, na nithe seo leanas do dhéanamh le hordú bunuithe an cheanntair aontuithe sin, sé sin le rá:—
(a) bunú có-bhúird, mar chólucht rialuithe don cheanntar aontuithe sin, fé alt 13 den Acht do mhoilliú go ceann tréimhse áirithe, agus
(b) comhachta agus dualgaisí uile an chó-bhúird sin do thabhairt d'údarás shláintíochta aon cheanntair shláintíochta áirithe bheidh i bpáirt no go hiomlán ina chuid den cheanntar aontuithe sin agus do dhílsiú san údarás san i rith tréimhse an mhoillithe sin.
(5) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, aon ordú bheidh déanta aige fén alt so (le n-a n-áirmhítear ordú ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so) do leasú agus go sonnrách féadfaidh, le haon leasú den tsórt san, tréimhse an mhoillithe luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so d'fhaidiú no do ghiorrú.
(6) Ní cead don Aire aon ordú, ach amháin ordú leasúcháin fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, do dhéanamh fén alt so tar éis dhá bhliain, ón dáta raghaidh an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939), as feidhm, do bheith caithte.
Talamh do thógaint i gcóir oibre deimhnithe.
8.—(1) An t-údarás áitiúil is údarás feidhmiúcháin alos oibre deimhnithe áirithe, is cead dóibh talamh ar bith, pé áit ina mbeidh, do thógaint, tré chó-aontú no go héigeanta, maidir leis an obair sin do dhéanamh.
(2) An t-údarás áitiúil is údarás feidhmiúcháin alos oibre deimhnithe áirithe gurb é bheidh inti ná bóthar nua do dhéanamh no bóthar atá ann cheana d'fheabhsú no déanamh den tsórt san agus feabhsú den tsórt san le chéile, is cead dóibh talamh ar bith do thógaint, tré chó-aontú no go héigeanta, chun béal an bhóthair sin d'fheabhsú no chun forbairt cheart an tailimh i gcomharsanacht an bhóthair sin d'urusú no do rialáil.
(3) Is cead d'údarás áitiúil, go mbeidh talamh ar bith tógtha aca fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, aon talamh a bheidh tógtha aca amhlaidh do dhíol no do chur ar cíos, tré cheaint phuiblí no tré chonnradh phríobháideach, in achair oiriúnacha agus fé réir choinníollacha iomchuibhe, ach toiliú an Aire do bheith aca chuige sin.
(4) Gach suim do gheobhaidh údarás áitiúil alos talamh do dhíol no do chur ar léas fén alt so, úsáidfidh an t-údarás áitiúil sin é, ar an gcéad dul síos, chun íoctha an chostais a bhainfidh leis an talamh san do thógaint agus, an méid de bheidh gan úsáid amhlaidh, úsáidfid é chun íoctha costaisí na hoibre deimhnithe iomchuibhe agus, má bhíonn aon iarmhéid ann ansan, úsáidfid an t-iarmhéid sin chun crícheanna a gcomhacht agus a ndualgas sa tslí sin is ceart dar leo agus le n-a dtoileoidh an tAire.
(5) D'ainneoin éinní atá san alt so, ní dhéanfaidh údarás áitiúil talamh ar bith do thógaint go héigeanta fén alt so is talamh a bheidh ar únaeracht no ar seilbh ag údarás áitiúil eile no ag aon chólucht corparuithe chun crícheanna aon ghnóthais bhóthair iarainn, thrambhealaigh, dhuga, chanáile, ghása no leictreachais, no aon ghnóthais phuiblí eile.
Réamh-ordú chun talamh do thógaint.
9.—(1) Déanfaidh údarás áitiúil a bheidh ar intinn aon talamh áirithe do thógaint go héigeanta fén Acht so a dhearbhú le hordú (dá ngairmtear réamh-ordú san Acht so) é bheith ar intinn aca an talamh san do thógaint amhlaidh.
(2) Luadhfar i réamh-ordú cadé an talamh a bheidh le tógaint, cadé an obair dheimhnithe gur ina taobh a bheidh an talamh san ag teastáil, agus conus a bheidh an talamh san le húsáid.
(3) Pé uair a dhéanfaidh údarás áitiúil réamh-ordú, beidh ar an údarás áitiúil sin, agus san fé cheann seacht lá tar éis an orduithe sin do dhéanamh—
(a) cóip den ordú san do chur suas ar an talamh no in aice an tailimh le n-a mbainfidh an t-ordú san, agus
(b) cóip den ordú san do thabhairt don duine (más aon duine é) i seilbh an tailimh sin agus, fós, do gach duine (más aon duine é), go n-estát no leas sa talamh san no go gceart air, gur féidir don údarás áitiúil sin, tré fhiosrú réasúnta, a fháil amach é bheith ann agus cad is ainm dó agus cad is seoladh dá ghnáth-chomhnaidhe, agus
(c) cóip den ordú san d'fhoillsiú i bpáipéar nuachta léightear i líomatáiste ina bhfuil an talamh san.
(4) I gcas mapa no plean den talamh le n-a mbainfidh réamhordú do bheith san ordú san, is cead an mapa no an plean san d'fhágaint ar lár sna cóipeanna den ordú san a cuirfear suas agus a foillseofar de bhun míreanna (a) agus (c) den fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, ach déanfar cóip den mhapa no den phlean san do lóisteáil in oifig údaráis áitiúil déanta an orduithe sin agus do choimeád ar fáil ansan chun a hiniúchta ar thráthanna réasúnta, agus déarfar sna cóipeanna san den ordú san go bhfuil an mapa no an plean san lóisteálta agus á choimeád ar fáil chun a iniúchta mar adubhradh.
Iarratas chun réamh-ordú do chur ar nea-mbrí.
10.—(1) Is cead do shealbhaire an tailimh le n-a mbainfidh réamh-ordú, no do dhuine ar bith go n-estát no leas sa talamh san no go gceart air, a iarraidh ar an Aire, fé cheann lá is fiche tar éis an orduithe sin do chur suas ar an talamh no in aice an tailimh le n-a mbainfidh an t-ordú san no fé cheann ocht lá fichead tar éis san do chur suas amhlaidh (i gcás foirgint ghabhtha do bheith ar an talamh), an t-ordú san do chur ar nea-mbrí agus, ar an iarratas san do bhreithniú, féadfaidh an tAire an t-ordú san do chur ar neambrí, no a shocrú gan an t-ordú san do bhaint ach le cuid den talamh le n-ar bhain sé i dtosach, do réir mar is rogha leis.
(2) Sara dtugaidh breith ar iarratas fén alt so, féadfaidh an tAire fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh abhair an iarratais sin agus bainfidh Airteagal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, le gach fiosrúchán puiblí den tsórt san fé mar a bhaineann an tAirteagal san leis na fiosrúcháin áitiúla atá luaidhte ann.
Orduithe dílsiúcháin.
11.—(1) Más rud é ná déanfar aon iarratas, fé réim agus do réir an ailt deiridh sin roimhe seo, á iarraidh go gcuirfí réamh-ordú áirithe ar nea-mbrí no, i gcás aon iarratas den tsórt san do dhéanamh, ná cuirfear an réamh-ordú san ar nea-mbrí ar an mbreith do thabhairt ar an iarratas san, is cead d'údarás áitiúil déanta an réamh-orduithe sin an talamh le n-a mbainfidh an réamhordú san do thógaint le hordú (dá ngairmtear ordú dílsiúcháin san Acht so) no, i gcás an bhreith sin do shrianadh feidhme an réamhorduithe sin i dtreo ná bainfidh ach le cuid den talamh san, an chuid sin den talamh san do thógaint amhlaidh.
(2) I gcás é theacht chun eolais d'údarás áitiúil, sara ndeinid ordú dílsiúcháin, an talamh a bheidh le tógaint leis an ordú san do bheith (ina aonar no i dteanta tailimh eile) fé aon bhlianacht no íocaíocht eile is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann, no fé aon bhlianacht no íocaíocht is iníoctha le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn, no fé aon mhuirear alos diúité estáit no diúité comharbais is iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncuim ar dhuine ar bith d'fháil bháis, déanfaidh an t-údarás áitiúil sin láithreach a chur in úil do Choimisiún Talmhan na hÉireann no do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn no do sna Coimisinéirí Ioncuim (do réir mar a bheidh) go bhfuilid ar intinn an t-ordú san do dhéanamh.
(3) Pé uair a dhéanfaidh údarás áitiúil ordú dílsiúcháin, beidh ortha, agus san fé cheann seacht lá tar éis an orduithe sin do dhéanamh—
(a) cóip den ordú san do chur suas ar an talamh no in aice an tailimh a bheidh á thógaint leis an ordú san, agus
(b) cóip den ordú san do thabhairt don duine (más aon duine é) i seilbh an tailimh sin agus, fós, do gach duine (más aon duine é), go n-estát no leas sa talamh san no go gceart air, gur féidir don údarás áitiúil sin, tré fhiosrú réasúnta, a fháil amach é bheith ann agus cad is ainm dó agus cad is seoladh dá ghnáth-chomhnaidhe.
Fuirm agus éifeacht na n-orduithe dílsiúcháin.
12.—(1) Ní foláir gach ordú dílsiúcháin le n-a dtógfaidh údarás áitiúil talamh ar bith do bheith sa bhfuirm orduithe agus mapa no plean den talamh san do bheith ann, agus déarfaidh agus déanfaidh an talamh san do dhílsiú san údarás áitiúil sin i mbith-dhílse, saor o ualaighe agus fós o gach estát agus ceart agus teideal agus leas de shaghas ar bith, ar dháta luadhfar san ordú san agus nach luatha ná ceithre lá déag tar éis dáta déanta an orduithe sin, agus is cead don údarás áitiúil sin dul isteach ar an talamh san agus seilbh do thógaint air an dáta luadhfar amhlaidh.
(2) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, má thógann údarás áitiúil, le hordú dílsiúcháin, talamh a bheidh, ina aonar no i dteanta tailimh eile, fé bhlianacht cheannaigh no fé íocaíocht in ionad cíosa no fé shuim bhliantúil eile (nach cíos fé chonnradh thionóntachta agus san amháin a bheidh inti) is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann, tiocfaidh an t-údarás áitiúil sin chun bheith agus beid freagarthach, o dháta an talamh san do dhílsiú ionta leis an ordú dílsiúcháin sin, in íoc do dhéanamh le Coimisiún Talamhan na hÉireann sa tsuim bhliantúil sin, no sa chion san di a cheapfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann don talamh san, fé is dá ndeineadh únaer an tailimh sin an talamh san d'aistriú chun an údaráis áitiúil sin ar an dáta san.
(3) Má bhacann duine ar bith údarás áitiúil, no má chuireann isteach ortha, maidir le hiad do dhul isteach ar aon talamh no do thógaint seilbhe ar aon talamh fén alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air no príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná trí mhí no, más rogha leis an gcúirt é, an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
Teideal chun tailimh le n-a mbainfidh ordú dílsiúcháin do chlárú.
13.—I gcás aon talamh áirithe do dhílsiú in údarás áitiúil tré ordú dhílsiúcháin, cuirfidh an t-údarás áitiúil sin an t-ordú dhílsiúcháin sin go dtí an t-údarás is údarás clárathachta fén Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, chó luath agus is féidir é tar éis dáta an dílsithe agus, ar an ordú san d'fháil dóibh, bhéarfaidh an t-údarás clárathachta san go ndéanfar teideal an údaráis áitiúil sin chun únaerachta an tailimh sin i mbith-dhílse do chlárú fén Acht san, agus déarfar sa chlárú san an talamh san do bheith á dhílsiú san údarás áitiúil sin fé réir íoc do dhéanamh in aon bhlianacht cheannaigh no íocaíocht in ionad cíosa no suim bhliantúil eile, no in aon chuid den chéanna, is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann fé alt 12 den Acht Díomhaointis (Oibreacha Fóirthne), 1940.
Cúiteamh.
14.—(1) Údarás áitiúil a dhéanfaidh ordú dílsiúcháin maidir le talamh ar bith, dlighfid cúiteamh d'íoc alos an tailimh sin do thógain fé is dá mba chun crícheanna na nAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, do thógfadh an t-údarás áitiúil sin an talamh san.
(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na hachtacháin seo leanas, sé sin le rá:—
(a) Achtanna na gClásanna Talmhan, ar n-a leasú leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, agus
(b) an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, ar n-a leasú leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh) 1925 (Uimh. 22 de 1925),
maidir leis an gcúiteamh is iníoctha ag údarás áitiúil fén alt so, sa mhéid go mbaineann na hachtacháin sin le ceapadh agus le híoc cúitimh alos údarás sláintíochta do thógaint tailimh chun crícheanna na nAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931.
(3) Féadfar, i gcás cúiteamh is iníoctha ag údarás áitiúil fén alt so d'fhágaint gan íoc, an cúiteamh san do bhaint den údarás áitiúil sin mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.
Ús ar chúiteamh d'íoc.
15.—(1) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, déanfaidh údarás áitiúil a thógfaidh talamh fén Acht so íoc le gach duine le n-a mbeidh cúiteamh iníoctha fén Acht so in ús ar mbéid an chúitimh sin, ar bheith ceaptha dhó, do réir ceithre punt per cent. per annum o dháta an tailimh sin do dhílsiú san údarás áitiúil sin go dtí dáta an chúitimh sin do cheapadh amhlaidh.
(2) I gcás údarás áitiúil do dhéanamh tairgseana gan choinníoll i scríbhinn, á thairgsint aon tsuim áirithe d'íoc le duine ar bith mar chúiteamh alos tailimh a bheidh tógtha aca fén Acht so, agus gan an duine sin do ghlacadh leis an tairgsint sin agus gan an tsuim a mholfaidh an t-eadarascánaidhe oifigiúil mar chúiteamh don duine sin do dhul thar an suim a tairgfear amhlaidh, ní bheidh aon ús iníoctha ar an gcúiteamh san fén alt so i rith tréimhse ar bith tar éis dáta na tairgseana san.
(3) Gach suim is iníoctha ag údarás áitiúil fén alt so mar ús ar mhéid aon chúitimh áirithe féadfar, i gcás í fhágaint gan íoc, í bhaint den údarás áitiúil sin mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.
Iocaíocht as feabhsú.
16.—(1) Pé uair a méadófar luach aon mhaoine tré obair dheimhnithe do dhéanamh, beidh feidhm agus éifeacht ag ailt 72, 73, 75, 77 agus 78 (a bhaineann le híocaíocht as feabhsú) den Acht um Bailte agus Líomatáistí do Shíneadh Amach, 1934 (Uimh. 22 de 1934), maidir leis an luach méaduithe sin fé is dá mb'é fé ndeár an méadú san ná údarás freagarthach do dhéanamh oibre de bhun forála i scéim phleanála, ach san gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfar gach tagairt no luadh don údarás freagarthach atá in aon alt aca san do léiriú agus beidh éifeacht aige mar thagairt no mar luadh don údarás áitiúil is údarás feidhmiúcháin alos na hoibre deimhnithe sin;
(b) is cead iarratas, ar íocaíocht as feabhsú, do dhéanamh tráth ar bith fé cheann dhá mhí dhéag tar éis na hoibre deimhnithe le n-a mbainfidh do chríochnú;
(c) déanfar gach tagairt no luadh don chlár atá in aon alt aca san do léiriú agus beidh éifeacht aige mar thagairt no mar luadh don chlár is gá, do réir an ailt seo, do gach údarás áitiúil a bheidh ag déanamh oibre deimhnithe do choimeád;
(d) na hatharuithe eile sin (más aon atharú é) is ceart dar leis an Aire a dhéanamh le hordú d'fhonn lán-fheidhm agus lán-éifeacht do bheith ag na hailt sin chun crícheanna an Achta so.
(2) Gach údarás áitiúil a bheidh ag déanamh oibre deimhnithe, coimeádfaid clár chun crícheanna na n-alt san den Acht um Bailte agus Líomatáistí do Shíneadh Amach, 1934 (Uimh. 22 de 1934), atá á gcur i mbaint tríd an alt so, agus cuirfid sa chlár san gach iontráil is gá do réir na n-alt san, ar n-a gcur i mbaint amhlaidh, a chur ann.
(3) An t-airgead uile do gheobhaidh údarás áitiúil, de bhuadh na n-alt san den Acht um Bailte agus Líomatáistí do Shíneadh Amach, 1934 (Uimh. 22 de 1934), atá á gcur i mbaint tríd an alt so, mar íocaíocht as feabhsú alos oibre deimhnithe ar n-a dhéanamh ag an údarás áitiúil sin, úsáidfidh an t-údarás áitiúil sin é chun no mar chabhair chun íoctha na gcostas fé n-a ndeachthas chun na hoibre sin do dhéanamh, agus déanfar an barrachas (más ann dó) den airgead san a bheidh fágtha, tar éis na gcostas san d'íoc, d'úsáid sa tslí sin a chinnfidh an t-údarás áitiúil sin le toiliú an Aire.
Talamh ná beidh ag teastáil do chur de láimh.
17.—(1) I gcás gan iomlán aon tailimh, no aon chuid áirithe d'aon talamh, a bheidh tógtha chun críche ar bith fén Acht so, do bheith ag teastáil chun na críche sin, aon tráth áirithe, ón údarás áitiúil do thóg é, is cead don údarás áitiúil sin, ach toiliú an Aire do bheith aca chuige sin, an talamh san d'úsáid chun críche ar bith eile bhainfidh le n-a gcomhachta agus le n-a ndualgaisí, no an t-iomlán san no an chuid sin (do réir mar a bheidh) do dhíol no do chur ar cíos, tré cheaint phuiblí no tré chonnradh phríobháideach, in aon achar amháin no níos mó.
(2) Gach suim do gheobhaidh údarás áitiúil, alos talamh do dhíol no do chur ar léas fén alt so, úsáidfidh an t-údarás áitiúil sin í chun críche a gcomhacht agus a ndualgas sa tslí sin a mheasfaid, le toiliú an Aire, do bheith ceart.
Obair fhóntais phuiblí do thuairisciú i ndeimhniú no in ordú.
18.—Aon obair fhóntais phuiblí go mbainfidh deimhniú no ordú fén Acht so léi, féadfar í thuairisciú sa deimhniú no san ordú san tré ráiteas ghenerálta i dtaobh cineáil agus críche na hoibre sin do chur ann, agus ní gá suidheamh gach coda ná aon choda áirithe dhi do luadh ná, i gcás bóthair, puintí cinn scríbe ná cúrsa an bhóthair sin do luadh go beacht.
Ailt áirithe den Public Health (Ireland) Act, 1878, d'atharú.
19.—(1) I gcás obair dheimhnithe do bheith ina hobair le n-a mbaineann ailt 35 agus 36 den Public Health (Ireland) Act, 1878, go díreach no de bhuadh ailt 64 den Acht san, is gus na hatharuithe seo leanas agus fé n-a réir a bheidh éifeacht ag na hailt sin 35 agus 36 maidir leis an obair dheimhnithe sin, sé sin le rá:—
(a) cuirfear mí in ionad na tréimhse de thrí mhí luaidhtear san alt san 35, agus
(b) cuirfear mí in ionad na tréimhse de thrí mhí luaidhtear san alt san 36.
(2) I gcás obair dheimhnithe do bheith ina hobair le n-a mbaineann alt 63 den Public Health (Ireland) Act, 1878, is fé is dá ndeintí an tréimhse sin de mhí do chur in ionad na tréimhse de dhá mhí luaidhtear san alt san a bheidh éifeacht ag an alt san maidir leis an obair dheimhnithe sin.
Cóipeanna d'orduithe do thabhairt do dhaoine.
20.—(1) I gcás inar gá, do réir an Achta so, cóip d'ordú do thabhairt do dhuine ar bith, díreofar an chóip sin chun an duine sin, agus bhéarfar dó í i slí aca so leanas, sé sin le rá:—
(a) tré n-a seachadadh don duine sin;
(b) tré n-a fágaint ag seoladh ghnáth-chomhnaidhe an duine sin;
(c) tré n-a cur tríd an bpost i leitir chláruithe roimh-íoctha ar n-a díriú chun an duine sin fé sheoladh a ghnáthchomhnaidhe.
(2) Chun cóip d'ordú do thabhairt, de bhun an Achta so, do chuideachtain a bheidh cláruithe fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, is tuigthe an chuideachta san do bheith ina ngnáthchomhnaidhe ina n-oifig chláruithe.
(3) Chun cóip d'ordú do thabhairt, de bhun an Achta so, do chólucht chorparuithe (seachas aon chuideachta den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so) no do chólucht neamh-ionchorparuithe, is tuigthe an cólucht san do bheith ina ngnáth-chomhnaidhe ina bpríomh-oifig no ina bpríomh-áit ghnótha.
Rialacháin.
21.—Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú fuirmeacha bheidh le n-úsáid fén Acht so.
Costaisí an Aire.
22.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.
Gearr-theideal.
23.—Féadfar an tAcht Díomhaointis (Oibreacha Fóirthne), 1940, do ghairm den Acht so.