[EN]

Uimhir 34 de 1947.


[EN]

AN tACHT CUANTA, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA CHUANTA, 1946, AGUS DO CHUR DEIREADH LE hÍOCAÍOCHT BHLIANTÚIL DE £369 4s. 8d. IS INÍOCTHA FAOIN CORK HARBOUR ACT, 1820, AG COIMISINÉIRÍ CHUAN CHORCAIGHE LE hARD-MHÉARA, SEANÓIRÍ AGUS BUIRGÉISIGH CHORCAIGHE. [10ú Nollaig, 1947.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Cuanta, 1946 (Uimh. 9 de 1946).

[EN]

(2) Léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus an Príomh-Acht.

[EN]

Alt 7 den Phríomh-Acht a leasú.

2.—In alt 7 den Phríomh-Acht cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (5)—

[EN]

“(5) Beidh feidhm, chun críocha míre (f) d'fho-alt (1) nó míre (c) d'fho-alt (2) (do réir mar is iomchuí) den alt seo, ag na forála seo a leanas maidir le toghchán do chomhaltaí tofa d'údarás cuain a comórfar i mbliain toghcháin áirithe—

[EN]

(a) sa bhfo-alt seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt ‘an bhliain cháilitheach’ an bhliain díreach roimh an mbliain toghcháin sin;

[EN]

ciallaíonn an abairt ‘comhlucht corpraithe Éireannach’ comhlucht corpraithe a corpraíodh sa Stát;

[EN]

ciallaíonn an focal ‘cónaí’ gnáthchónaí sa Stát;

[EN]

ciallaíonn an abairt ‘árthaí cáilithe’ árthaí ar híocadh ina leith leis an údarás cuain sin, i rith na bliana cáilithe, rátaí tonnáiste de mhéid nár lú ina n-iomlán ná an tsuim íosta;

[EN]

(b) i gcás inarbh é dob únaer, an 31ú lá de Nollaig, sa bhliain cháilitheach, ar árthach cáilithe amháin nó níos mó ná—

[EN]

(i) duine ar a raibh cónaí ar feadh na bliana cáilithí, nó

[EN]

(ii) comhlucht corpraithe Éireannach, nó

[EN]

(iii) grúpa ar a bhfuil—

[EN]

(I) duine ar a raibh cónaí ar feadh na bliana cáilithí, nó

[EN]

(II) comhlucht corpraithe Éireannach,

[EN]

ansin, beidh an t-únaer sin ina thoghthóir cáilithe sa toghchán sin;

[EN]

(c) i gcás ina mbeidh an t-únaer, an 31ú lá de Nollaig sa bhliain cháilitheach, ar árthach cáilithe amháin nó níos mó gan bheith, de bhuaidh míre (b) den fho-alt seo, ina thoghthóir cáilithe sa toghchán sin agus ina raibh cónaí ar feadh na bliana cáilithí ar bhainisteoir ionadaitheach an únaera sin, ansin beidh an bainisteoir ionadaitheach sin ina thoghthóir cáilithe sa toghchán sin.”

[EN]

Feidhm ag Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, maidir le húdaráis chuain a sonraítear sa Chéad Sceideal.

3.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “Acht 1926” Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926);

[EN]

ciallaíonn an abairt “Achta 1926 agus 1940” Achta na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, ach amháin fo-ailt (1) agus (2) d'alt 7 agus alt 11 d'Acht 1926;

[EN]

ciallaíonn an abairt “údarás cuain sceidealta” aon údarás cuain is—

[EN]

(a) údarás cuain a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, nó

[EN]

(b) aon chomhlucht ag á mbeidh urlámhas ar phort nó piara agus a mbeidh ordú faoi mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 146 den Phríomh-Acht déanta ina leith agus a mbeidh dearbhaithe leis an ordú sin iad a bheith ina n-údarás cuain sceidealta chun críocha an ailt seo.

[EN]

(2) I gcás feidhm a thabhairt (de bhuaidh fo-ailt (4) d'alt 38 den Phríomh-Acht) d'Achta 1926 agus 1940 maidir le haon údarás cuain sceidealta nó le haon údarás nua a cruthnófar de bhun fo-ailt (2) d'alt 6 den Phríomh-Acht agus is comharba ar údarás cuain sceidealta, léireofar fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1926 amhail is dá ndéantaí míreanna (a) agus (b) agus an focal “eile” i mír (c) a scrios.

[EN]

Alt 49 den Phríomh-Acht a leasú.

4.—Leasaítear leis seo alt 49 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:—

[EN]

“(5) Féadfaidh údarás cuain, le toiliú an Aire agus faoi réir pé coinníoll (más ann) is oiriúnach leis d'fhorchur, aon árthaí, a bheas curtha ar fáil acu faoin alt seo, d'fhostú chun paisnéirí d'iompar ar luach saothair.”

[EN]

Cumhachta údarás cuain maidir le hearraí a bheas fágtha ar céibh tar éis an t-am chun a n-aistrithe mar bheas sin sonraithe i bhfo-dhlithe.

5.—(1) Má shonraíonn fo-dhlithe arna ndéanamh ag údarás cuain an t-am a bhféadfar earraí d'fhágaint lena linn ar aon chéibheanna nó áiteanna eile laistigh de chuan an údaráis chuain sin, beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le haon earraí (seachas earraí is infhorghéillte faoi na hAchta Custam) a bheas fágtha ar na céibheanna nó na háiteanna eile sin tar éis an t-am a bheas sconraithe amhlaidh a bheith caite—

[EN]

(a) féadfaidh an t-údarás cuain, le toiliú an bhailitheora nó an oifigigh chuí chustam agus máil i gcás earraí ná beidh iontrálta agus imréitithe ag na custaim, na hearraí d'aistriú, aon tráth tar éis an t-am sin a bheith caite, go dtí áit nó stór eile, faoi réir an t-údarás cuain do thabhairt fógra seacht lá roimh ré d'únaer na n-earraí, más eol dóibh cé hé an t-únaer, go bhfuil beartaithe acu na hearraí d'aistriú amhlaidh, agus féadfaidh an t-údarás cuain costas an aistrithe agus na stórála dá éis sin d'aisgabháil ó únaer na n-earraí,

[EN]

(b) féadfaidh an t-údarás cuain na hearraí a choinneáil go dtí go n-íoctar leis an údarás cuain na rátaí, na cíosanna agus na muirir eile go léir a bheas dlite i leith na n-earraí agus fós costas a n-aistrithe agus a stórála (más ann),

[EN]

(c) féadfaidh an t-údarás cuain na hearraí a dhíol, faoi réir iad do thabhairt fógra cheithre lá déag roimh ré d'únaer na n-earraí, más eol dóibh cé hé an t-únaer, go bhfuil beartaithe acu na hearraí a dhíol.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh údarás cuain, faoi fho-alt (1) den alt seo, aon earra a dhíol chun a húsáidte sa Stát má bhíonn aon toirmeasc nó srian maidir le hallmhuiriú i bhfeidhm ina leith nó más lú an praghas a gheofaí ná méid aon dleacht custam nó máil is iníoctha ina leith.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le hearraí a dhíolfas údarás cuain faoi fho-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) úsáidfear toradh an díola sin chun na muirir seo a leanas d'íoc san ord seo a leanas:—

[EN]

(i) aon dleachta custam nó máil a bheas dlite i leith na n-earraí,

[EN]

(ii) na rátaí, na cíosanna agus na muirir eile go léir a bheas dlite ar na hearraí don údarás cuain,

[EN]

(iii) costas aistrithe agus stórála (más ann) na n-earraí agus na costais a ghabhfas nó a bhainfeas leis an díol,

[EN]

(b) i gcás ina mbeifear tar éis toradh aon díola den tsórt sin d'úsáid amhlaidh—

[EN]

(i) má bhíonn aon bharrachas ann, íocfar é, arna éileamh, leis na daoine ar dóigh leis an údarás cuain gurbh iad únaer na n-earraí iad roimh an díol sin,

[EN]

(ii) má fágtar gan íoc aon chuid de na rátaí, na cíosanna agus na muirir eile a bheas dlite ar na hearraí nó de chostas aistrithe agus stórála na n-earraí agus de na costais a ghabh nó a bhain leis an díol, féadfaidh an t-údarás cuain iarmhéid an chéanna d'aisgabháil ón duine dob únaer ar na hearraí sin roimh an díol sin mar fhiach gnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

(4) Ní dhéanfaidh aon ní sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo difir do chumhachta na gCoimisinéirí Ioncaim faoi alt 73 den Customs Consolidation Act, 1876.

[EN]

Alt 120 den Phríomh-Acht a leasú.

6.—Cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach in alt 120 den Phríomh-Acht:—

[EN]

“(8) I gcás ina n-údaróidh an tAire, faoi fho-alt (1) den alt seo, d'údarás cuain airgead d'fháil ar iasacht trí stoc d'eisiúint chun aon fhiach d'aisíoc faoina mbeid tar éis dul faoi údarás reachtúil, féadfaid, le toiliú sealbhóra aon urrúis a bheas arna eisiúint acu i leith an fhéich sin, stoc d'eisiúint in ionad an urrúis sin ar théarmaí lena n-aontóidh an sealbhóir agus a cheadós an tAire.”

[EN]

Údaráis áitiúla do thabhairt cúnaimh d'údaráis chuain.

7.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil a bheartú, le rún, cúnamh a thabhairt d'údarás cuain i slí nó i slite acu seo a leanas:—

[EN]

(a) trí dheontas in aisce a thabhairt don údarás cuain,

[EN]

(b) trí iasacht a thabhairt don údarás cuain agus tríd an tsuim is gá chun na críche sin a sholáthar trí airgead d'fháil ar iasacht nó ar shlí eile,

[EN]

(c) trí ráthú a dhéanamh ar aisíoc aon iasachta a chruinneos an t-údarás cuain agus ar íoc an úis ar an iasacht sin,

[EN]

(d) trí iomlán an úis, nó aon chuid den ús, d'íoc ar aon iasacht a chruinneos an t-údarás cuain, pé acu bheas nó ná beidh aisíoc na hiasachta ráthaithe nó le ráthú ag an údarás áitiúil,

[EN]

(e) trí iomlán iasachta nó aon chuid d'iasacht, a chruinneos údarás cuain d'aisíoc, pé acu bheas nó ná beidh a haisíoc ráthaithe nó le ráthú ag an údarás áitiúil,

[EN]

(f) trí aon fhiach (pé acu roimh an Acht seo a rith a chuathas faoi nó dá éis sin a raghfar faoi) a bheas dlite dhóibh ón údarás cuain a mhaitheamh ar fad nó i bpáirt.

[EN]

(2) Beidh rith rúin ag údarás áitiúil faoi fho-alt (1) den alt seo maidir leis na nithe a luaitear i míreanna (a) agus (f) d'fho-alt (1) den alt seo agus rith rúin eile ag daingniú an rúin chéadluaite sin—

[EN]

(a) más bardas contae-bhuirge an t-údarás áitiúil, ina fheidhm fhorcoimeádta chun críocha na n-achtachán a bhaineas leis an mbardas sin,

[EN]

(b) in aon chás eile, ina fheidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAcht um Bainistí Contae, 1940 agus 1942.

[EN]

(3) I gcás ina mbeidh údarás áitiúil tar éis rún a rith faoi fho-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) déanfaidh an t-údarás áitiúil, laistigh de cheithre lá déag tar éis a rite, an rún d'fhoilsiú i dtrí nuachtáin (ar nuachtán laethúil ceann amháin acu ar a laghad) a léitear ina líomatáiste feidhme,

[EN]

(b) féadfaidh an t-údarás áitiúil, seasca lá ar a luaithe agus céad agus ochtó lá ar a dhéanaí tar éis a rite, an rún a dhaingniú trí rún eile.

[EN]

(4) Nuair bheas údarás áitiúil tar éis rún a rith faoi fho-alt (1) den alt seo agus a beifear tar éis é d'fhoilsiú agus a dhaingniú go cuí faoi fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil, le hordú, an rún a dhaingniú agus pé forála breise a chur san ordú is dóigh leis is gá chun éifeacht a thabhairt don rún agus air sin tiocfaidh an rún i ngníomh.

[EN]

(5) (a) Féadfaidh údarás áitiúil airgead d'fháil ar iasacht chun aon ní a dheanamh a húdaraítear dóibh a dhéanamh le fo-alt (1) den alt seo—

[EN]

(i) i gcás comhairle contae, amhail is dá mba chríocha a mbeid údaraithe airgead d'fháil ar iasacht chucu faoi Airteagal 22 den Sceideal a ghabhas leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, na críocha sin, agus ní déanfar airgead a gheobhaidh comhairle chontae ar iasacht faoin bhfo-alt seo chun aon chríocha den tsórt sin d'áireamh mar chuid d'fhiach iomlán na comhairle sin chun críocha an Airteagail sin, agus

[EN]

(ii) i gcás bardais chontae-bhuirge nó buirge eile nó comhairle ceantair uirbigh, amhail is dá mba chríocha a mbeid údaraithe airgead d'fháil ar iasacht chucu faoin Public Health (Ireland) Act, 1878, na críocha sin, ach ní déanfar airgead a gheofar ar iasacht amhlaidh d'áireamh mar chuid d'fhiach an údaráis sin chun críocha aon teorannuithe a fhorchuireas an tAcht sin le hairgead d'fháil ar iasacht.

[EN]

(b) Féadfar airgead a gheofar ar iasacht faoin bhfo-alt seo a thabhairt ar iasacht trí eisiúint as ciste na n-iasacht áitiúla amhail is dá mba iasacht do réir bhrí Acht na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1945, an iasacht sin agus go mbeadh sí údaraithe le hAcht ón Oireachtas.

[EN]

(6) I gcás—

[EN]

(a) ina mbeartóidh údarás áitiúil, le rún, faoin alt seo fiach a bheas dlite dhóibh ag údarás cuain a mhaitheamh ar fad nó i bpáirt, agus

[EN]

(b) inar fiach i leith iasachta faoina ndeachaigh an t-údarás cuain agus d'íoc an t-údarás áitiúil an fiach sin, agus

[EN]

(c) ina mbeidh an rún tar éis teacht i ngníomh,

[EN]

ní bheidh duine ar bith i dteideal aon éileamh a dhéanamh i gcoinne an údaráis áitiúil sin de bharr nó i leith an mhaithimh sin.

[EN]

(7) Más rud é go mbeidh an méid is gá d'údarás áitiúil a chruinniú do bhliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú Márta, 1948, nó lá dá éis sin, chun an costas d'íoc a bhainfeas le cúnamh a thabhairt d'údaráis chuain sa bhliain airgeadais áitiúil sin níos mó ná—

[EN]

(a) i gcás bardais chontae-bhuirge, suim is comhionann le ráta scillinge sa phunt ar iomlán na luacháil inrátuithe ar na hoidhreachtáin agus na tionóntáin a bheas inrátuithe chun an ráta bhardasaigh sa chontaebhuirg i dtosach na bliana airgeadais áitiúla sin, nó

[EN]

(b) i gcás bardais bhuirge nach contae-bhuirg ná comhairle cheantair uirbigh, suim is comhionann le ráta ocht bpingne sa phunt ar iomlán na luacháil inrátuithe ar na hoidhreachtáin agus na tionóntáin a bheas inrátuithe chun an ráta bhardasaigh i líomatáiste an údaráis áitiúil i dtosach na bliana airgeadais áitiúla sin, nó

[EN]

(c) i gcás comhairle contae, suim is comhionann le ráta cheithre pingne sa phunt ar iomlán na luacháil inrátuithe ar na hoidhreachtáin agus na tionóntáin a bheas inrátuithe chun an ráta chontae sa chontae iomlán i dtosach na bliana airgeadais áitiúla sin,

[EN]

ansin, féadfaidh an tAire suim is comhionann le leath na breise sin d'íoc, mar ranníoc i leith an chostais sin, leis an údarás áitiúil as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

(8) San alt seo ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil” comhlucht is comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile nó comhairle cheantair uirbigh.

[EN]

Alt 151 den Phríomh-Acht a leasú.

8.—Cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach in alt 151 den Phríomh Acht—

[EN]

“(12) (a) Féadfaidh scéim aoisliúntas, le toiliú an Aire arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, na coinníollacha d'ordú faoina lamhálfar do dhaoine lena mbainfidh an scéim seirbhís áitiúil inphinsin, a thugadar roimh iad a cheapadh ar fhoirinn údaráis chuain, a ríomh chun críocha na scéime sin, agus féadfaidh saghas na seirbhíse áitiúla inphinsin d'ordú agus fós an cion di a féadfar a ríomh amhlaidh agus a mhéid a féadfar agus an tslí ina bhféadfar an tseirbhís áitiúil inphinsin sin a ríomh amhlaidh agus féadfaidh a ordú go n-aisíocfaidh an comhlucht faoina ndearnadh an tseirbhís áitiúil inphinsin sin leis an údarás cuain cuid nó coda den liúntas bliantúil nó den aisce sa tslí agus sa mhéid a bheas ordaithe sa scéim.

[EN]

(b) Chun críocha an fho-ailt seo—

[EN]

beidh leis an abairt ‘údarás áitiúil’ an bhrí a bhéarfar di i sceim aoisliúntas;

[EN]

ciallaíonn an abairt ‘seirbhís áitiúil inphinsin’ seirbhís is inríofa, de bhuaidh fostaíochta duine faoi údarás áitiúil, chun críocha aoisliúntas faoi na hachtacháin a bhí i bhfeidhm i dtaobh daoine i bhfostaíocht údarás áitiúla ar an dáta ar ar scoir an duine sin do sheirbhís a thabhairt faoi údarás áitiúil.”

[EN]

Costais taistil agus liúntais d'íoc le comhaltaí údaráis chuain.

9.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “Acht 1941” an tAcht Rialtais Áitiúil 1941 (Uimh. 23 de 1941);

[EN]

ciallaíonn an abairt “Acht 1946” an tAcht Rialtais Áitiúil, 1946 (Uimh. 24 de 1946);

[EN]

ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil” údarás áitiúil lena mbaineann alt 80 d'Acht 1941;

[EN]

léireofar tagairtí (ach amháin i bhfo-alit (5) agus (7)) do chruinniú d'údarás cuain mar thagairtí a fholaíos tagairtí do chruinniú de choiste arna cheapadh ag an údarás cuain sin.

[EN]

(2) (a) Chun críocha an ailt seo is é áit chónaithe oifigiúil dhuine is comhalta d'údarás cuain ar dháta an Achta seo a rith ná an áit arbh é a áit chónaithe oifigiúil é chun críocha ailt 165 den Phríomh-Acht.

[EN]

(b) Gach duine a thiocfas chun bheith ina chomhalta d'údarás cuain tar éis an tAcht seo a rith, déanfaidh, díreach tar éis é a theacht chun bheith ina chomhalta den tsórt sin, seoladh na háite a mbíonn gnáthchónaí air a chur in iúl i scríbhinn don údarás cuain agus is tuigthe gurb é an áit sin a áit chónaithe oifigiúil chun críocha an ailt seo.

[EN]

(3) (a) Faoi réir fo-alt (4), (5) agus (6) don alt seo, íocfaidh údarás cuain na costais taistil iarbhír faoina raghaidh gach duine dá gcomhaltaí ag taisteal go dtí cruinnithe den údaráis cuain sin agus ó na cruinnithe sin.

[EN]

(b) Ní híocfar costais faoin bhfo-alt seo le duine ar bith i leith cruinnithe a comórfar in áit a bheas faoi bhun cúig mhíle de bhealach ar bith óna áit chónaithe oifigiúil.

[EN]

(c) Ní ghabhfaidh an méid costais a híocfar faoin bhfo-alt seo le duine i leith aon chruinnithe áirithe thar méid an chostais taistil faoina raghadh an dhuine sin do réir réasúin ag taisteal óna áit chónaithe oifigiúil go dtí áit an chruinnithe sin agus ó áit an chruinnithe sin go dtí a áit chónaithe oifigiúil.

[EN]

(4) (a) Féadfaidh údarás cuain a chinneadh, le rún, gurb amhlaidh a dhéanfas an t-údarás cuain sin, in ionad na costais d'íoc faoina raghaidh gach duine dá gcomhaltaí iarbhír ag taisteal go dtí a gcruinnithe agus uathu, go n-íocfaid le gach comhalta den tsórt sin, i leith gach cruinnithe den tsórt sin a fhreasatalós sé in áit nach giorra ná cúig mhíle de bhealach ar bith óna áit chónaithe oifigiúil, suim chinnte in aghaidh gach míle ón áit chónaithe oifigiúil sin go dtí áit an chruinnithe sin agus ó áit an chruinnithe sin go dtí an áit chónaithe oifigiúil sin arna thomhas feadh an bhealaigh a ghabhfadh an comhalta sin de ghnáth.

[EN]

(b) Féadfar rún a bheas rite ag údarás cuain faoi mhír (a) den fho-alt seo a chúlghairm tráth ar bith le rún eile ón údarás cuain sin.

[EN]

(c) Ní bheidh éifeacht ag rún faoi mhír (a) nó faoi mhír (b) den fho-alt go dtí seo go gceadóidh an tAire é.

[EN]

(d) An fhaid a bheas rún a rith údarás cuain faoi mhír (a) den fho-alt seo i bhfeidhm, ní íocfaidh an t-údarás cuain sin, faoi fho-alt (3) den alt seo, na costais taistil faoina ndeachaigh gach duine dá gcomhaltaí iarbhír ag taisteal go dtí cruinnithe den údaras cuain sin agus ó na cruinnithe sin, ach, ina ionad sin, déanfaid, faoi réir fo-alt (5) agus (6) den alt seo, íocaíochta le comhaltaí a fhreastalós cruinnithe den tsórt sin do réir téarmaí an rúin sin.

[EN]

(5) I gcás—

[EN]

(a) duine is comhalta d'údarás cuain a bheith ina chomhalta freisin de choiste a cheap an t-údarás cuain sin, agus

[EN]

(b) an duine sin d'fhreastal cruinnithe den údarás cuain agus den choiste sin an lá céanna, agus

[EN]

(c) an duine sin a bheith, i leith a fhreastail ar an gcruinniú sin den údarás cuain sin, i dteideal íocaíochta faoi fho-alt (3) nó fo-alt (4) den alt seo.

[EN]

ansin, mura gá le haghaidh an fhreastail sin turas breise óna áit chónaithe oifigiúil agus thar n-ais chuige, ní déanfar aon íocaíocht faoi fho-alt (3) nó fo-alt (4) (pé acu is iomchuí) den alt seo leis an duine sin i leith a fhreastail ar an gcruinniú den choiste sin.

[EN]

(6) I gcás—

[EN]

(a) duine is comhalta d'údarás cuain a bheith ina chomhalta freisin d'údarás áitiúil, agus

[EN]

(b) an duine sin do dhéanamh freastail an lá céanna, ar chruinniú den údarás cuain sin agus den údarás áitiúil sin a comórfar san áit chéanna nó in áiteanna nach sia ná míle ó chéile, agus

[EN]

(c) an duine sin a bheith, i leith a fhreastail ar an gcruinniú sin den údarais áitiúil sin, i dteideal íocaíochta faoi fho-alt (3) d'alt 80 d'Acht 1941 nó faoi fho-alt (6) d'alt 67 d'Acht 1946.

[EN]

ansin, mura gá le haghaidh an fhreastail sin turas breise óna áit chónaithe oifigiúil agus thar n-ais chuige, ní déanfar aon íocaíocht faoi fho-alt (3) nó fo-alt (4) (pé acu is iomchuí) den alt seo leis an duine sin i leith a fhreastail ar an gcruinniú den údarás cuain sin.

[EN]

(7) (a) I gcás—

[EN]

(i) duine is comhalta d'údarás cuain do dhéanamh freastail ar chruinniú den údarás cuain sin nó (ina chomhalta dhó de choiste a cheap an t-údarás cuain sin) ar chruinniú den choiste sin, agus

[EN]

(ii) an áit ina mbeidh an cruinniú sin a bheith trí mhíle ar a laghad de bhealach ar bith óna áit chónaithe oifigiúil, agus

[EN]

(iii) é a bheith ar an duine sin, mar gheall ar an bhfreastal sin, bheith as láthair óna áit chónaithe oifigiúil ar feadh tréimhse leanúnaí nach giorra ná trí huaire a chloig,

[EN]

ansin, faoi réir forál an fho-ailt seo, féadfaidh an t-údarás cuain sin (pé acu bheid nó ná beid faoi cheangal íocaíocht a dhéanamh, faoi fho-alt (3) nó fo-alt (4) den alt seo (do réir mar bheas), leis an gcomhalta sin i leith a fhreastail ar an gcruinniú sin, agus, má bhíd faoin gceangal sin, ansin i dteannta na híocaíochta sin) liúntas d'íoc leis an gcomhalta sin i leith a bheith as láthair amhlaidh.

[EN]

(b) I gcás—

[EN]

(i) duine is comhalta d'údarás cuain a bheith ina chomhalta freisin de choiste den údarás cuain sin, agus

[EN]

(ii) an duine sin do dhéanamh freastail, an lá céanna, ar chruinnithe den údarás cuain sin agus den choiste sin in áit nach giorra ná trí mhíle de bhealach ar bith óna áit chónaithe oifigiúil agus

[EN]

(iii) é a bheith ar an duine sin, mar gheall ar a fhreastal ar na cruinnithe sin, bheith as láthair óna áit chónaithe oifigiúil ar feadh tréimhse leanúnaí nach giorra ná trí huaire a chloig,

[EN]

ansin, faoi réir forál an fho-ailt seo, féadfaidh an t-údarás cuain sin (pé acu bheid nó ná beid faoi cheangal íocaíocht a dhéanamh, faoi fho-alt (3) nó fo-alt (4) den alt seo (do réir mar bheas), le comhalta i leith a fhreastail ar na cruinnithe sin, agus, má bhíd faoin gceangal sin, ansin i dteannta na híocaíochta sin) liúntas d'íoc leis an duine sin i leith a bheith as láthair amhlaidh.

[EN]

(c) Déanfar liúntas faoi mhír (a) nó mír (b) den fho-alt seo a ríomh do réir rialacha a húdaraítear leis seo don Aire a dhéanamh.

[EN]

(d) Ní tabharfar liúntas faoi mhír (a) agus faoi mhír (b) den fho-alt seo do chomhalta d'údarás cuain i leith a bheith as láthair óna áit chónaithe oifigiúil lá áirithe

[EN]

(e) I gcás—

[EN]

(i) ina mbeidh duine is comhalta d'údarás cuain ina chomhalta freisin d'údarás áitiúil, agus

[EN]

(ii) ina gceangaltar ar an údarás áitiúil sin le fo-alt (7) d'alt 67 d'Acht 1946 liúntas d'íoc leis an duine sin i leith tréimhse áirithe ar lá áirithe, agus

[EN]

(iii) ina mbeadh údaraithe, mura mbeadh an mhír seo, don údarás cuain sin le mír (a) nó mír (b) den fho-alt seo liúntas d'íoc leis an duine sin i leith a bheith as láthair óna áit chónaithe oifigiúil an lá sin,

[EN]

ansin, ní íocfaidh an t-údarás cuain sin aon liúntas faoi mhír (a) ná mír (b) den fho-alt seo leis an duine sin i leith a bheith as láthair óna áit chónaithe oifigiúil an lá sin.

[EN]

Deireadh le híocaíocht bhliantúil is iníoctha le Bardas Chorcaighe faoin Cork Harbour Act, 1820.

10.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí Chuan Chorcaighe;

[EN]

ciallaíonn an abairt “an Bardas” Ard-Mhéara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chorcaighe.

[EN]

(2) An tsuim bhliantúil de £369 4s. 8d. is iníoctha ag na Coimisinéirí leis an mBardas faoi alt 53 den Cork Harbour Act, 1820, scoirfidh sí de bheith iníoctha in aghaidh aon bhliana dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1948, agus dá éis sin.

[EN]

(3) Íocfaidh na Coimisinéirí cúiteamh leis an mBardas i leith an scoir a déantar le fo-alt (2) den alt seo agus déanfar, cheal comhaontuithe idir na Coimisinéirí agus an Bardas, a mhéid a chinneadh ag eadránaí (dá ngairmtear an t-eadránaí san alt seo) a cheapfas an Príomh-Bhreitheamh ar an Aire dá iarraidh sin air.

[EN]

(4) Nuair bheas an cúiteamh is iníoctha faoin alt seo á chinneadh ag an eadránaí bhéarfaidh sé aird ar imthosca uile an cháis agus go háirithe ar na himthosca ina dtáinig an tsuim bhliantúil, ar i leith a scortha a bheas an cúiteamh iníoctha, chun bheith iníoctha.

[EN]

(5) Cinnfidh an Príomh-Bhreitheamh, agus íocfaidh na Coimisinéirí, luach saothair an eadránaí.

[EN]

(6) Féadfaidh an t-eadránaí, maidir le costais agus caiteachais na bpáirtithe sna himeachta os a chomhair, trína dhámhachtain agus as a chomhairle féin—

[EN]

(a) a ordú do na Coimisinéirí suim (a mheasfas sé) d'íoc leis mBardas i leith costas agus caiteachas an Bhardais, nó

[EN]

(b) a ordú don Bhardas suim (a mheasfas sé) d'íoc leis na Coimisinéirí i leith costas agus caiteachas na gCoimisinéirí, nó

[EN]

(c) a ordú do na Coimisinéirí agus don Bhardas faoi seach a gcostais féin d'íoc.

[EN]

(7) Mura n-íoctar cúiteamh faoin alt seo roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1949, beidh ús do réir trí faoin gcéad sa bhliain ag gabhail leis amhail ar an 1ú lá d'Eanáir, 1949, adúradh, agus ón lá sin go dtí dáta a íoctha.

[EN]

Athghairm.

11.—Déantar leis seo an t-achtachán (an Príomh-Acht) a luaitear i gcolun (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

12.(1) Féadfar an tAcht Cuanta, 1947, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Cuanta, 1946 agus 1947, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

[EN]

AN CHEAD SCEIDEAL.

Udarais Chuain a nDeantar srianadh ar fheidhm Acht na nUdaras Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, maidir leo.

Alt. 3.

1. Coimisinéirí Phiara Atha na gCasan.

2. Coimisinéirí Chuan Bhéal Atha Seanaigh.

3. Coimisinéirí Chuan Dhún na Séad agus an Sciobairín.

4. Coimisinéirí Chuan Bhun Crannóige.

5. Coimisinéirí Chuan Dhaingean Uí Chúise.

6. Coimisinéirí Chuan na gCealla Beaga.

7. Comhairle cheantair uirbigh Chill Ruis ina bhfeadhmanas mar údarás cuain.

8. Coimisinéirí Chuan Cheann Sáile.

9. Coimisinéirí Chuan Ros Mhic Thriúin.

10. Coimisinéirí Phort agus Cuan Chathair na Mart.

11. Coimisinéirí Cuan Chill Mantán.

12. Comhairle cheantair uirbigh Eochaille ina bhfeadhmanas mar údarás cuain.

AN DARA SCEIDEAL.

Achtachan a nAthghairmtear Pairt De.

Alt. 11.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 9 de 1946 ...

An tAcht Cuanta, 1946

Fo-alt (5) d'alt 7, ailt 133 agus 165.