[EN]

Uimhir 34 de1959.


[EN]

AN tACHT SRIANTA CÍOSA (BUANÚ AGUS LEASÚ), 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHOIMEÁD AN ACHTA SRIANTA CÍOSA, 1946, I nGNÍOMH, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ, LE LINN É A BHEITH I nGNÍOMH, I gCÓIR BREISEANNA DLEATHACHA AR AONDUL LEIS NA BREISEANNA DLEATHACHA FAOI ALT 11, FO-ALT (2), MÍR (g), AGUS FAOI ALT 17, FO-ALT (2), MÍR (e), DEN ACHT SIN, ARNA MHODHNÚ LEIS AN ACHT SRIANTA CÍOSA (LEASÚ), 1949. [8 Nollaig, 1959.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS : — [EN]

An tAcht Srianta Cíosa, 1946, a bhuanú

1946, Uimh. 4.

1.—Leanfaidh an tAcht Srianta Cíosa, 1946, i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1960.

[EN]

Breis dleathach i gcás an tiarna talún do dhéanamh deisiúcháin áirithe.

1949, Uimh. 24.

1958, Uimh. 32.

2.—(1) I gcás ina ndéanfaidh an tiarna talún, i rith na tréimhse dhá bhliain 1959 agus 1960, suim a chaitheamh is mó ná dhá dtrian de chíos bunúsach áitribh rialaithe ag cur an áitribh i ndeisriocht réasúnach, is breis dleathach ar chíos bunúsach an áitribh suim a ríomhfar de réir an scála atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1949.

[EN]

(2) Dá réir sin, déantar leis seo an tAcht Srianta Cíosa, 1946, a leasú trí “nó 1959 agus 1960” a chur isteach i mír (g) d'fho-alt (2) d'alt 11, agus i mír (e) d'fho-alt (2) d'alt 17 díreach i ndiaidh “1958 agus 1959” (a cuireadh isteach sa dá áit sin leis an Acht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1958).

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3.—(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1959, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Srianta Cíosa, 1946 go 1959, a ghairm de na hAchtanna Srianta Cíosa, 1946 go 1958, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

(3) Déanfar na hAchtanna Srianta Cíosa, 1946 go 1958, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.