[EN]

Uimhir 35 de 1924.


[EN]

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (UIBHE), 1924.


ACHT CHUN EASPORTÁIL UBH DO REGLEÁIL, AGUS INA CHÓIR SIN CHUN FORÁLACHA DO DHÉANAMH CHUN ÁITREIBH GO bhFUIL BAINT ACU LE hEASPORTÁIL UBH DO CHLÁRÚ, AGUS CHUN SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LE hUIBHE DO DHÍOL. [30 adh Iúl, 1924.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

ROIMHRA.

[EN]

Gear-theideal agus tosach feidhme.

1.—Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924, do ghairm den Acht so agus tiocfa sé i ngníomh pé lá, nách déanaí ná an 1adh lá de Lúnasa, 1925, a cheapfidh an tAire le hordú.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Tailte agus Talmhaíochta;

[EN]

foluíonn an focal “pacáiste” aon bhosca cráta, cás, fillteog, no gléas coinneála eile ina bhfuil uibhe no ina bhféadfadh uibhe bheith chun iad do bhreith o áit go háit, agus, nuair a éilíonn an có-théacs é, foluíonn sé a bhfuil sa ghléas coinneála san;

[EN]

foluíonn on focal “cigire” éinne a údaróidh an tAire (go generálta no i gcóir ócáide áirithe) chun gach comhacht no aon chomhacht, agus gach dualgas no aon dualgas, dá mbronntar agus dá bhforchuirtar leis an Acht so ar chigire, d'fheidhmiú agus do chó-líona;

[EN]

cialluíonn an focal “uibhe” uibhe éanlaithe agus lachan tighis ina bplaosca;

[EN]

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a déanfar fén Acht so;

[EN]

cialluíonn an focal “clár na n-easportálaithe” an clár a cimeádfar do réir an Achta so fén ainm sin;

[EN]

cialluíonn an focal “clar na leasathóirí” an clár a cimeádfar do réir an Achta so fén ainm sin.

[EN]

CUID I.

EASPORTAIL UBH.

[EN]

Easportáil abh.

3.—(1) Lasmuich de sna heisceachtaí a luaidhtear san alt so, na huibhe go léir a cuirfar amach as Saorstát Éireann tar éis tosach feidhme an Achta so beid do réir na gcoiníollacha so a leanas, sé sin le ra:—

[EN]

(a) ní foláir na huibhe do bheith tástálta, grádaithe agus pacálta, do réir forálacha an Achta so agus do réir aon rialachán a déanfar fé, in áitreabh a bheas cláruithe an uair sin i gclár na n-easportálaithe, agus

[EN]

(b) beidh na huibhe gan bheith tógtha as an bpacáiste in ar pacáladh iad amhlaidh san áitreabh san, agus

[EN]

(c) beidh na huibhe glan agus oiriúnach mar bhia do dhaoine, agus

[EN]

(d) gach ceann de sna huibhe agus fós an pacáiste ina mbeidh na huibhe sin, beid marcálta leis na marcanna (más ann dóibh) a hordófar le rialacháin a déanfar fén Acht so, agus

[EN]

(e) déanfidh an t-únaer cláruithe na huibhe d'easportáil díreach ón áitreabh cláruithe in ar pacáladh iad.

[EN]

(2) Gach éinne dhéanfas, aon uair tar éis dhá mhí bheith caithte o thosach feidhme an Achta so, aon uibhe ná beidh do réir na gcoiníollacha go léir atá leagtha amach so bhfo-alt san roimhe seo d'easportáil no tabhairt fé n-a n-easportáil, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

[EN]

(3) Gach éinne a iomprós ar luach saothair, ar muir no ar tír, aon uibhe a bheidh á n-easportáil no le heasportáil contrárdha don alt so, más le linn na huibhe sin do bheith á n-easportáil no chun iad d'easportáil a déanfar an t-iompar san beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighe sé ná raibh a fhios aige agus ná luíonn sé le réasún go bhféadfadh sé a fhios a bheith aige go raibh na huibhe sin á n-easportáil contrárdha don alt so.

[EN]

(4) Gach éinne a bheas ciontach i gcionta fén alt so féadfar, ar a chiontú ann ar an slí achmair, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar fiche púnt má sé an chéad chionta aige é agus fé fhíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más maith leis an gcúirt é, fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no fén bhfíneáil agus fén bpríosúntacht san le chéile i gcás an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin.

[EN]

(5) Ní bhainfidh an t-alt so le haon uibhe a heasportálfar—

[EN]

(a) tré phost na mbeart; no

[EN]

(b) in aon chonsighneacht nách mó a meáchan iomlán ar fad ná an meáchan maximum a leigtar a chur tré phost na mbeart de thurus na huaire; no

[EN]

(c) chun iad do ghora i gcaindíochtaí nách mó ná an maximum orduithe i bpacáistí a marcálfar ar an gcuma orduithe; no

[EN]

(d) fé cheadúnas easportála a deonfar fén Acht so agus do réir an cheadúnais sin; no

[EN]

(e) i bpacáiste a consighneofar agus a cuirfar ar aghaidh tré Shaorstát Éireann o aon áit lasmuich de Shaorstát Éireann go haon áit eile den tsórt san agus ná deighleálfar leis ar aon tslí eile i Saorstát Éireann.

[EN]

Uibhe do scrúdú, etc.

4.—(1) Beidh teideal ag aon chigire ar gach tráth réasúnta chun dul isteach agus chun saorchead a bheith aige istigh—

[EN]

(a) in aon áitreabh atá cláruithe fén Acht so; no

[EN]

(b) in aon áitreabh ina ndíoltar uibhe no ina dtaisbeántar, ina gcimeádtar, no ina dtaiscítear iad chun iad do dhíol; no

[EN]

(c) in aitreabh éinne i mbun gnó earraí d'iompar ar luach saothair; no

[EN]

(d) in aon stóras no áitreabh eile le héinne i mbun gnó stórála earraí atá le heasportáil no atá a n-easportáil; no

[EN]

(e) ar aon phiara, céibh, caladh, fánán no dug, no in aon áitreabh duga; no

[EN]

(f) in aon long, bád, bhaigín traenach, laraí mótair, trucail, no árthach no feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar.

[EN]

(2) Féadfidh aon chigire scrúdú dhéanamh ar aon uibhe, no ar aon phacáiste a gheobhfar in aon áit a mbeidh teideal aige fén alt so chun dul isteach ann no chun saorchead istigh a bheith aige ann no in no ar aon áit phuiblí, agus féadfa sé aon phacáiste den tsórt san a gcreideann sé le réasún no a bhfuil amhrus réasúnta aige go bhfuil uibhe ann d'oscailt, agus féadfa sé na rudaí seo do thógaint agus d'aistriú gan íoc asta—

[EN]

(a) samplaí réasúnta d'aon uibhe a gheobhfar in aon áit den tsórt san, pe'ca i bpacáiste do sna huibhe sin no nach ea; agus

[EN]

(b) samplaí réasúnta d'aon abhair phacála ina bhfuil aon uibhe den tsórt san pacálta; agus

[EN]

(c) aon phacáiste áirithe is cuid de chonsighneacht ubh a gheobhfar in aon áit den tsórt san.

[EN]

(3) Má dhineann éinne—

[EN]

(a) aon chigire do chosc no do bhac i bhfeidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so; no

[EN]

(b) agus a fhios aige cad is ainm do chonsighneoir, do chonsighné, no d'únaer aon uibhe no aon phacáiste a bhfuil teideal ag cigire chun a scrúduithe fén alt so, no fios aige ar nithe eile i dtaobh éinne acu, diúltú don ainm sin no do sna nithe eile sin d'innsint don chigire sin; no

[EN]

(c) aon ainm no eolas eile, atá bréagach no a chuirfadh duine amú, do thabhairt, go toiliúil no ar nós cumaliom, don chigire sin ar aon chonsighneoir, consighné no únaer den tsórt san,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar, má sé an chéad chionta aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus, i gcás an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint.

[EN]

(4) Má thógann cigire aon tsampla no pacáiste fén alt so beidh sé de dhualgas ar an gcigire sin a chur in úil don únaer no don chonsighneoir agus don chonsighné (más rud é agus sa mhéid go bhfuil fios a n-ainmneacha agus a seolta aige no go luíonn sé le réasún go bhféadfadh sé eolas do chur ortha) gur thóg sé an sampla no an pacáiste sin.

[EN]

(5) Ar iniúcha aon phacáiste a tógfar fén alt so má chítar don Aire gur dineadh no gur tugadh fé aon cheann d'fhorálacha an Achta so no aon rialacháin a dineadh fé do shárú maidir leis an gconsighneacht as ar tógadh an pacáiste, geallbhruidfar an pacáiste don Aire, agus in aon chás eile deighleálfar leis an bpacáiste do réir orduithe an chonsighneora no, mara dtuga sé orduithe ina thaobh, díolfar an pacáiste agus íocfar sochar glan a dhíolta leis an gconsighneoir.

[EN]

(6) Ní bheidh an tAire ná aon chigire freagarthach in aon chailliúint ná damáiste a thiocfidh as cigire d'fheidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, agus ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh an chonsighneora ná éinne eile i dtaobh ná de dheascaibh aon chailliúna ná damáiste den tsórt san roimhráite.

[EN]

Ceadúnaisí chun uibhe d'easportáil.

5.—(1) Féadfidh an tAire, ar iarratas o éinne sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus ar íoc na dtáillí a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so don duine sin, ceadúnas do dheona don duine sin chun an chonsighneacht d'uibhe a luadhfar sa cheadúnas d'easportáil chun pé consighné (más ann do), ar pé cúrsa (más ann do), agus fé réir pé coiníollacha a luadhfar sa cheadúnas.

[EN]

(2) Aon cheadúnas a deonfar fén alt so, oibreoidh sé mar údarás don té dá ndeonfar é chun an chonsighneacht d'uibhe a luadhfar ann d'easportáil do réir téarmaí an cheadúnais.

[EN]

(3) Aon uair sara n-easportáltar consighneacht d'uibhe a luaidhtear i gceadúnas, féadfidh an tAire an ceadúnas a bhaineas leis an gconsighneacht san d'athghairm.

[EN]

(4) Má dhineann éinne dar deonadh ceadúnas fén alt so aon téarma no coiníoll dá bhfuil sa cheadúnas san do shárú, no má dhineann éinne, go bréagach, a thabhairt le tuisgint, le marc ar an gconsighneacht no ar aon tslí eile, go bhfuil aon chonsighneacht d'uibhe á heasportáil do réir aon cheadúnais den tsórt san, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar fiche púnt.

[EN]

(5) Déanfidh gach éinne dá ndeonfar ceadúnas na táillí a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'íoc leis an Aire.

[EN]

Comhachta oifigeacha custum agus máil.

6.—Beidh ag oifigigh custum agus máil, maidir le haon uibhe agus pacáistí, a gcoiscthar no a sriantar a n-easportáil leis an Acht so, na comhachta céanna atá ag na hoifigigh sin fé seach do réir dlí maidir le hearraí eile a bhfuil a n-easportáil coiscthe no srianta do réir dlí.

CUID II.

CLARU AITREABHACHA.

[EN]

Clárú áitreabhacha.

7.—(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár go gcimeádfar—

[EN]

(a) clár (dá ngairmfar Clár na nEasportálaithe) de sna háitreabhacha go léir i Saorstát Éireann ina ndintar uibhe do thástáil, do ghrádáil, agus do phacáil i gcóir a n-easportála; agus

[EN]

(b) clár (dá ngairmfar Clár na Leasathóirí) de sna háitreabhacha go léir i Saorstát Éireann ina ndintar uibhe do leasú (le fuar-choinneáil, le saille, no ar aon tslí eile), ach ná dintar ionta uibhe do thástáil, do ghrádáil agus do phacáil i gcóir a n-easportála, ná aon chuid den ghnó san.

[EN]

(2) Cuirfar isteach sna cláracha san, maidir le gach áitreabh a clárófar ionta fé seach, na mion-innste seo a leanas:—

[EN]

(a) ainm agus tuairisc iomlán an duine (dá ngairmtear an t-únaer cláruithe san Acht so) a mbíonn ar siúl aige san áitreabh san-an gnó gur mar gheall air atá an t-áitreabh cláruithe; agus

[EN]

(b) tuairisc ar shuíomh an áitreibh (dá ngairmtear an t-áitreabh cláruithe san Acht so) is leor chun an t-áitreabh agus a theoranta agus a mhéid d'aithint.

[EN]

(3) Roimh chlárú aon áitreibh i gclár na n-easportálaithe don Aire, déanfa sé deimhin de—

[EN]

(a) go bhfuil an t-áitreabh oiriúnach ina dhéanamh do ghnó uibhe do thástáil, do ghrádáil, agus do phacáil i gcóir a n-easportála agus gur leor a bhfuil ann de ghléasa, d'fheistisí agus d'fhearaistí atá oiriúnach don ghnó san; agus

[EN]

(b) go bhfuil an t-áitreabh agus a chuid gléas, feistisí agus fearaistí glan agus dea-dheisithe; agus

[EN]

(c) go bhfuil san áitreabh slí is leor agus is oiriúnach chun gnó tástáil, grádáil agus pacáil ubh do dhéanamh ann do réir an Achta so agus do réir rialachán a déanfar fé, agus chun roinnt pacáistí agus roinnt abhar pacála do stóráil sa cheart, oiread agus is leor, ar feadh pé tréimhse a hordófar agus nách sia na ocht lá fichead, i gcóir gnáth-riachtanaisí an ghnótha san mar a dintar é san áitreabh; agus

[EN]

(d) go bhfuil an t-áitreabh gléasta mar is cóir leis na fearaistí agus na riachtanaisí orduithe chun uibhe do thástáil, do ghrádáil, agus do phacáil agus chun uibhe agus na pacáistí ina bpacáltar iad i gcóir a n-easportála do mharcáil; agus

[EN]

(e) nách lú ná an chaindíocht mhinimum an méid ubh a tástáltar, a grádáltar, agus a pacáltar san áitreabh i rith gach seachtaine (dar tosach meán lae an Domhnaigh) a dintar aon uibhe do thástáil, do ghrádáil, no do phacáil san áitreabh.

[EN]

Iarratas chun áitreabh do chlárú.

8.—(1) Gach iarratas chun aon áitreabh do chlárú fén Acht so, no chun aon chlárú den tsórt san d'atharú no do chur ar neambrí, déanfar é i scríbhinn sa bhfuirm agus sa tslí a hordófar le rialacháin a déanfar fén Acht so agus beidh ann na mion-innste a hordófar amhlaidh.

[EN]

(2) I ngach cás ina ndéanfar iarratas fén alt so chun aon áitreabh do chlárú cuirfidh an tAire fé ndeár go scrúdóidh cigire an t-áitreabh san.

[EN]

(3) I ngach diúltú a dhéanfidh an tAire do ghéille d'iarratas chun aon áitreabh áirithe do chlárú fén Acht so neosfar réasún an diúltuithe sin, agus ní choiscfidh aon diúltú den tsórt san iarratas nua do dhéanamh i dtaobh an áitreibh chéanna aon uair ina dhiaidh sin.

[EN]

Na táillí is iníoctha as áitreabh do chlárú.

9.—(1) An té a bheas á iarraidh go gclárófar aon áitreabh i gclár na n-easportálaithe, íocfa sé leis an Aire an táille a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus beidh íoc na táille sin mar roimh-choiníoll a có-líonfar sara mbreithneoidh an tAire an t-iarratas.

[EN]

(2) An té a bheas á iarraidh go gclárófar aon áitreabh i gclár na n-easportálaithe, íocfa sé leis an Aire an éarlais a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so ar cuntas na céad táille bliantúla is iníoctha mar gheall ar an áitreabh san, agus beidh íoc na héarlaise sin mar roimh-choiníoll a có-líonfar sara gclárófar an t-áitreabh.

[EN]

(3) Déanfidh únaer cláruithe gach áitreibh atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe an táille (dá ngairmtear an táille bhliantúil san Acht so) a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'íoc leis an Aire in aghaidh gach bliana.

[EN]

(4) An chéad táille bhliantúil a íocfidh únaer aon áitreibh atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe áireofar í do réir an méid ubh a heasportáladh ón áitreabh san, rud a gheobhfar amach ar an slí orduithe i rith na tréimhse idir chríochnú an chláruithe agus deire na bliana caileandair in ar cláruíodh an t-áitreabh, agus beidh sí dlite an 31adh lá de Mhí Nodlag na bliana san, agus roimh an 17adh lá de Mhárta na bliana dár gcionn íocfidh an t-únaer no tabharfar thar n-ais do (pe'ca aca é) an difríocht idir an táille sin agus an éarlais a híocadh, mar adubhradh, ar cuntas na táille sin.

[EN]

(5) Beidh gach táille bhliantúil ina dhiaidh sin dlite an 31adh lá de Mhí Nodlag no bliana a mbeidh an táille sin iníoctha ar a son agus íocfar í roimh an 17adh lá de Mhárta na bliana dár gcionn, agus áireofar í do réir an méid ubh a heasportáladh ón áitreabh cláruithe, rud a gheobhfar amach ar an slí orduithe, sa bhliain a mbeidh an táille iníoctha ar a son.

[EN]

(6) Chó luath agus is féidir é tar éis deire gach bliana, gheobhfar amach ar an slí orduithe cá mhéid ubh a heasportáladh o gach áitreabh cláruithe fé leith i rith na bliana san, agus áireofar dá réir sin méid na táille bliantúla is iníoctha ar son na bliana san.

[EN]

(7) Chun crícheanna an ailt seo, déanfidh gach únaer cláruithe pé cuntaisí a hordófar i gcóir pé daoine, ar pé tráthanna, agus i pé fuirmeacha a hordófar.

[EN]

(8) Mara ndinidh aon únaer cláruithe áirithe aon táille bhliantúil áirithe is iníoctha mar gheall ar a áitreabh cláruithe, no aon tsuim áirithe a cuireadh leis an táille bhliantúil sin mar cheartú fén alt so, d'íoc roimh an 17adh lá de Mhárta na bliana a mbeidh sí iníoctha ar a son fén alt so, beidh clárú an áitreibh chláruithe sin ar nea-mbrí de bhua an ailt seo an 17adh lá den Mhárta san agus ón lá san amach.

[EN]

(9) Má bhíonn clárú aon áitreibh chláruithe ar nea-mbrí do réir an ailt seo, agus go n-íocfar, laistigh de thrí mhí tar éis na neambríochainte sin, an táille arbh é a neamh-íoc fé ndeár an neambríochaint sin, féadfidh an tAire an t-áitreabh san d'ath-iontráil sa chlár san chun bheith ann ar an dáta agus ón dáta ar a n-íocfar an táille sin.

[EN]

(10) San alt so léireofar an focal “unaer cláruithe” mar thagairt don té is únaer cláruithe de thurus na huaire, ach má scuir an t-áitreabh de bheith cláruithe léireofar an focal san mar thagairt don té a bhí ina únaer chláruithe láithreach sarar stad an clárú.

[EN]

Clárú do cheartú agus do chur ar nea-mbrí.

10.—(1) Féadfidh an tAire aon uair clárú aon áitreibh fén Acht so d'atharú no do chur ar nea-mbrí ar iarratas an únaera chláruithe no, más éinne amháin an t-únaer cláruithe, ar iarratas a ionadaí phearsanta no, más cólucht ionchorpruithe é, ar iarratas an té is socrathóir do.

[EN]

(2) Féadfidh an tAire aon uair, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite d'fháil, clárú aon áitreibh fén Acht so d'atharú maidir le haon tslí ina bhfeicfar do go bhfuil an clárú san earráideach no go gcuirfadh sé duine amú.

[EN]

(3) Féadfidh an tAire aon uair, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite d'fháil, clárú aon áitreibh atá cláruithe fén Acht so do chur ar nea-mbrí más deimhin leis—

[EN]

(a) gur tré chalaois a tugadh chun críche an t-áitreabh do chlárú, no tré mhí-aithris cúise pe'ca calaoiseach no nea-chiontach di; no

[EN]

(b) ná fuil an t-áitreabh ionchláruithe feasta sa chlár ina bhfuil sé cláruithe; no

[EN]

(c) más duine amháin an t-únaer gur éag sé no, más cólucht ionchorpruithe é, gur scuireadh é, agus nár dineadh, laistigh de mhí tar éis an bháis no an scuir sin, éinne eile do chlárú mar únaer in ionad an únaera chláruithe a d'éag no a scuireadh amhlaidh; no

[EN]

(d) gur dineadh aon tsárú (le gníomh nó le faillí) san áitreabh ar an Acht so no ar aon rialacháin a dineadh fé; no

[EN]

(e) gur dhin an t-únaer cláruithe, gan cúis réasúnta bheith aige leis, teip no faillí i gcó-líona connra a bhí déanta aige chun uibhe do dhíol i gcóir a n-easportála o áitreabh ar ar únaer cláruithe é,

[EN]

(4) Roimh atharú no nea-mbríochaint a dhéanamh (ar aon tslí eile seachas do réir iarratais a dineadh chuige sin fén alt so) ar chlárú aon áitreibh fén Acht so, tabharfidh an tAire don únaer chláruithe, i scríbhinn, fógra coicís ar a luíod go bhfuil sé chun an clárú san d'atharú no do chur ar nea-mbrí amhlaidh, agus breithneoidh sé aon aithris cúise a dhéanfidh an t-únaer san sara mbeidh téarma an fhógra san istigh, agus féadfa sé, más oiriúnach leis é, a chur fé ndeár go gcomórfar fiosrúchán i dtaobh an scéil.

[EN]

Foillsiú ar nithe bheas i gcláir.

11.—(1) Féadfidh an tAire foillsiú do dhéanamh, ar aon tslí is oiriúnach leis—

[EN]

(a) ar gach ní no éinní dá mbeidh iontrálta in aon chlár a bheidh á chimeád fen Acht so; agus

[EN]

(b) ar fhógra nea-mbríochaint no atharú ar chlárú aon áitreibh chláruithe; agus

[EN]

(c) ar fhógra i dtaobh aon chiontú i gcionta i gcoinnibh an Achta so no i gcoinnibh aon ailt de no i gcoinnibh aon rialacháin a dineadh fé.

[EN]

(2) Ni déanfar aon chuntas áirithe ná cuid de chuntas a tugadh do réir an Achta so d'fhoillsiú ná do nochta ach amháin chun crícheanna cúisimh fén Acht so.

[EN]

(3) Féadfidh an tAire o am go ham eolas staitistíochta (ar a n-áirítear staitistíocht as cuntaisí a dineadh do réir an Achta so) do bhailiú agus d'fhoillsiú i dtaobh méid agus cor trádáil na n-ubh fe mar is oiriúnach leis.

[EN]

Fianaise i dtaobh nithe sna cláir.

12.—(1) Maidir le clár na n-easportálaithe agus clár na leasathóirí—

[EN]

(a) tuigfar iad fé seach de bheith sa chimeád cheart nuair a bheid i gcimeád ag an Aire no ag aon oifigeach don Aire a mbeidh údarás aige chuige sin ón Aire; agus

[EN]

(b) beid fé seach ionghlactha mar fhianaise gan aon chruthúnas eile má tugtar iad i láthair as an gcimeád ceart.

[EN]

(2) Féadfar fianaise prima facie ar aon iontráil i gclár na n-easportálaithe no i gclár na leasathóirí do thabhairt in aon chúirt no in aon imeacht dlí tré chóip den iontráil sin do thabhairt i láthair, cóip a bheas, do réir cosúlachta, deimhnithe mar chóip dhílis ag aon oifigeach don Aire dar tugadh údarás chuige sin, agus ní bheidh sé riachtanach a chruthú gurb é an t-oifigeach san do shighnigh í ná gurbh é an t-oifigeach san é ná gur tugadh an t-údarás san do.

[EN]

(3) Aon deimhniú ar aon áitreabh a luadhfar sa deimhniú san do bheith gan bheith iontrálta i gclár na n-easportálaithe no i gclár na leasathóirí (pe'ca aca é) agus é, do réir cosúlachta, fé láimh oifigigh don Aire dar thug an tAire údarás chuige sin, beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite ar na nithe a bheas deimhnithe amhlaidh, agus ní bheidh sé riachtanach a chruthú gurb é an t-oifigeach san do shighnigh é ná gurbh é an t-oifigeach san é ná gur tugadh an t-údarás san do.

[EN]

(4) Féadfidh éinne—

[EN]

(a) clár na n-easportálaithe no clár na leasathóirí do scrúdú ar íoc pé táille a hordófar agus ná raghaidh thar scilling an scrúdú;

[EN]

(b) ar íoc pé táille a hordófar agus ná raghaidh thar réal an fólio den chóip, cóip d'fháil d'aon iontráil i gceachtar de sna cláracha roimhráite, agus í deimhnithe mar chóip dhílis ar an slí a luaidhtear anso roimhe seo;

[EN]

(c) ar íoc pé táille a hordófar agus ná raghaidh thar dhá scilling agus réal an deimhniú, deimhniú d'fháil, den tsórt san a luaidhtear anso roimhe seo, ar aon áitreabh áirithe do bheith gan bheith cláruithe i gceann de sna cláracha san.

[EN]

Cimeádfar clár i ngach áitreabh cláruithe.

13.—(1) Beidh sé de dhualgas ar gach únaer cláruithe clár sa bhfuirm orduithe do chimeád no a chur fé ndeár é chimeád san áitreabh cláruithe ar ar únaer cláruithe é, clár de gach consighneacht d'uibhe a cuirfar amach ón áitreabh san, agus, laistigh de dhá uair déag a' chluig tar éis cur-amach aon chonsighneachta den tsórt san, na mion-innste orduithe i dtaobh an méid ubh a bhí sa chonsighneacht, agus ainm agus seola an té chun ar cuireadh agus an bealach a cuireadh an céanna, do chur sa chlár san no a chur fé ndeár go gcuirfar ann iad.

[EN]

(2) Féadfidh aon chigire gach clár a bheas á chimeád do réir an ailt seo do scrúdú aon uair le linn tráthanna oifige, agus ar a iarraidh sin don chigire, beidh sé de dhualgas ar an únaer cláruithe an clár san do thaisbeáint, chun go scrúdóidh an cigire sin é, agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil, agus scríbhinn eile (ar a n-áirítear cóipeanna dhíobh i gcás gan iad féin a bheith ar fáil) a iarrfidh an cigire sin go réasúnta chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa chlár san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.

[EN]

(3) Má ráiníonn d'aon únaer cláruithe—

[EN]

(a) gan an clár san a héilítear leis an alt so do chimeád no gan a chur fé ndeár é chimeád, no

[EN]

(b) gan aon iontráil áirithe do chur so chlár san, no gan a chur fé ndeár é chur ann, laistigh den am a horduítear leis an alt so, iontráil a héilítear leis an alt so a chur sa chlár san, no

[EN]

(c) gan aon chlár no scríbhinn áirithe no cóip de scríbhinn áirithe do thaisbeáint, no gan a chur fé ndeár é thais beáint, ar iarratas cigire, chun go scrúdóidh an cigire é, agus go n-éilítear leis an alt so é thaisbeáint, no cose do chur le haon chigire den tsórt san agus é ag déanamh an scrúduithe sin, no

[EN]

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil atá bréagach no a chuirfadh duine amú in aon phonc táchtach do chur sa chlár san,

[EN]

beidh sé ciontach i gcionta i gcoinnibh an ailt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar é chur fé phionós ná raghaidh thar fiche púnt.

[EN]

(4) Chun crícheanna an ailt seo—

[EN]

(a) folóidh scrúdú cláir no scríbhinne cóipeanna dhéanamh den chéanna no sleachta thógaint as; agus

[EN]

(b) tuigfar gur éilíodh go cuibhe ar an únaer cláruithe cead chun clár no scríbhinn eile do scrúdú má héilíodh é tré chomhrá béil san áitreabh cláruithe ar éinne ar fostú ag an únaer cláruithe; agus

[EN]

(c) más san áitreabh cláruithe a dineadh agus más duine ar fostú ag an únaer cláruithe a dhin diúltú no teip maidir le clár no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go scrúdófí é, tuigfar gurb é an t-únaer cláruithe a dhin an diúltú no an teip sin; agus

[EN]

(d) cialluíonn an focal “tráthanna oifige” aon am idir a deich a chlog ar maidin agus a cúig a chlog um thráthnóna a mbíonn gnó ar siúl no obair á dhéanamh le n-a linn san áitreabh cláruithe.

[EN]

Rialacháin chun uibhe do thástáil, etc., in áitreabh cláruithe.

14.—(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an módh agus an chaoi chun uibhe do thástáil ar gach slí no ar aon tslí;

[EN]

(b) an módh agus an chaoi chun uibhe do ghrádáil ar gach slí no ar aon tslí;

[EN]

(c) an módh agus an chaoi chun uibhe do phacáil ar gach slí no ar aon tslí, maraon leis na habhair agus na pacáistí a húsáidfar i gcóir na pacála san;

[EN]

(d) na grádanna agus na saghsanna ubh a féadfar no ná féadfar a phacáil san aon phacáiste amháin;

[EN]

(e) cosc do chur le haon ghrádanna no saghsanna áirithe ubh do phacáil;

[EN]

(f) an módh ina gcuirfar agus na meáin tré n-a gcuirfar na marcanna orduithe ar uibhe agus ar phacáistí;

[EN]

(g) an saghas ubh a féadfar no ná féadfar a thabhairt isteach san áitreabh.

[EN]

(2) Ní bhainfidh rialacháin a déanfar fén alt so ach le háitreibh atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe.

[EN]

(3) Na huibhe go léir a tástálfar, a grádálfar agus a pacálfar in aon áitreabh atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe, tástálfar, grádálfar, pacálfar agus marcálfar iad, agus déanfar na pacáistí ina bpacálfar na huibhe sin amhlaidh do mharcáil leis, ar gach slí do réir na rialachán a déanfar fén alt so agus a bheas i bhfeidhm de thurus na huaire.

[EN]

Rialacháin i dtaobh marcáil ubh agus pacáistí.

15.—(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh á ordú cadiad na marcanna a cuirfar ar gach pacáiste ubh a díolfar in aon áitreabh atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe, no a heasportálfar no a consighneofar o n-a leithéid sin d'áitreabh, chun gach ní no éinní dhíobh so a leanas do thaisbeáint, sé sin le rá:—

[EN]

(a) grád na n-ubh atá sa phacáiste sin;

[EN]

(b) an t-áitreabh in ar pacáladh na huibhe sin;

[EN]

(c) i gcás ubh leasuithe, gur uibhe leasuithe iad;

[EN]

(d) gur i Saorstát Éireann a rugadh na huibhe sin; agus

[EN]

(e) éinní eile is dó leis an Aire ba chóir a thaisbeáint ar an bpacáiste sin.

[EN]

(2) Féadfidh an tAire, leis, le hordú, rialacháin do dhéanamh á ordú cadiad na marcanna á cuirfar ar gach ubh a díolfar in aon áitreabh atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe, no a consighneofar o n-a leithéid sin d'áitreabh. chun gach ní no éinní dá luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do thaisbéaint agus éinní eile is dó leis an Aire ba chóir a thaisbeáint ar na huibhe sin.

[EN]

(3) Chun críche oiread de sna fo-ailt sin roimhe seo agus bhaineas le n-a thaisbeáint cadé an t-áitreabh in ar pacáladh uibhe, féadfidh an tAire marc fe leith do cheapa do gach áitreabh fé leith atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe, agus leis na rialacháin a dhéanfa sé fén alt so féadfa sé a éileamh go ndéanfar na marcanna a ceapfar amhlaidh d'úsáid mar mharc chun a thaisbeáint cadé an t-áitreabh in ar pacáladh pacáistí no uibhe.

[EN]

(4) Má dintar le rialacháin a déanfar fén alt so aon mharc d'ordú mar mharc atá le cur ar uibhe d'aon ghrád no saghas áirithe no o aon áit áirithe beirthe, no a pacáladh in aon áitreabh áirithe, no ar phacáistí ina bhfuil uibhe d'aon ghrád no saghas den tsamhail sin, no o aon áit beirthe den tsamhail sin, no a pacáladh in aon áitreabh den tsamhail sin, tuigfar gur tuairisc trádála bréagach an marc san do réir brí na Merchandise Marks Acts, 1887 to 1911, má cuirtar é ar uibhe d'aon ghrád no saghas eile, no o aon áit eile beirthe, no ar aon phacáiste ina bhfuil aon uibhe den tsórt san, no ar aon uibhe no pacáiste a pacáladh in aon áitreabh eile, agus bainfidh forálacha na nAchtanna san, idir fhorálacha peannaideacha agus eile, leis an gcás dá réir sin.

[EN]

(5) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar gur cuireadh marc ar rud má cuireadh air é do réir brí na Merchandise Marks Acts, 1887 to 1911.

[EN]

(6) San alt so foluíonn an focal “marc” aon fhocal, leitir, figiúir, no pátrún, no aon fhocail, leitreacha, figiúirí agus pátrúin le chéile no aon cheann no cinn acu.

[EN]

Díol ubh in áitreabh cláruithe.

16.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne aon mhéid ubh ina bhfuil tríocha dosaen no breis do dhíol, ná d'ofráil ná do chonsighniú chun a ndíolta, in aon áitreabh ná o aon áitreabh atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe, marar dineadh na huibhe sin do ghrádáil, do thástáil, agus do phacáil, agus na huibhe agus fós na pacáistí ina bhfuil na huibhe sin do mharcáil ar gach slí do réir forálacha na rialachán a dineadh fén Acht so agus atá i bhfeidhm de thurus na huaire.

[EN]

(2) Má dintar aon uibhe do dhíol, no iad do thairisgint no do chonsighniú chun a ndíolta, contrárdha don alt so, beidh únaer cláruithe an áitreibh, ina ndéanfar no o n-a ndéanfar amhlaidh na huibhe sin do dhíol no do thairisgint no do chonsighniú chun a ndíolta, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar é chur fé phionós ná raghaidh thar deich bpúint i gcás an chéad chionta no fé phionós ná raghaidh thar fiche púnt i gcás an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin.

[EN]

Iniúcha áitreibh chláruithe.

17.—(1) Beidh teideal ag aon chigire chun dul isteach ar gach tráth réasúnta in aon áitreabh atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe no a bhfuiltar tar éis iarratas a dhéanamh chun é chlárú sa chlár san, agus gach ní no éinní dhíobh so a leanas do dhéanamh ann, sé sin le rá:—

[EN]

(a) gach páirt no aon pháirt den áitreabh san agus na gléasa, na fearaistí agus na feistisí ann d'iniúcha;

[EN]

(b) gach ní no éinní a dintar san áitreabh san i dtástáil, i ngrádáil, agus i bpacáil ubh, do thabhairt fé ndeara;

[EN]

(c) gach ceann no aon cheann de sna huibhe, na pacáistí agus na habhair phacála san áitreabh do scrúdú agus samplaí réasúnta de sna huibhe, na pacáistí, agus na habhair phacála san no d'aon tsaghas acu do thógaint.

[EN]

(2) Beidh teideal ag aon chigire chun dul isteach ar gach tráth réasúnta in aon áitreabh atá cláruithe i gclár na leasathóirí no a bhfuiltar tar éis iarratas a dhéanamh chun é chlárú sa chlár san, agus gach páirt no aon pháirt den áitreabh san agus na gléasa, na fearaistí agus na feistisí ann d'iniúcha.

[EN]

(3) Gach éinne a chuirfas cosc le haon chigire no bac air agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta i gcoinnibh an ailt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar pionós ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

CUID III.

ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA.

[EN]

Cosc le díol ubh atá salach no neamh-oiriúnach.

18.—(1) Einne a dhéanfas aon uibhe atá salach ar an taobh amuich no atá neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine do dhíol, do shóinseáil no do mhalairtiú, no iad do thairisgint no do thaisbeáint chun a ndíolta, a sóinseálta no a malairtithe, beidh se ciontach i gcionta fén alt so agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

[EN]

(2) Chun cosc do chur le huibhe atá salach ar an taobh amuich no atá neamh-oiriúnach mar bhia do dhaoine do dhíol, do shóinseáil no do mhalairtiú, agus le hiad do thairisgint no do thaisbeáint chun a ndíolta, a sóinseálta no a malairtithe, féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní dhíobh so a leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) na pacáistí agus na habhair phacála a húsáidfar chun uibhe do phacáil;

[EN]

(b) an módh agus an chaoi ar gach slí no ar aon tslí chun uibhe do chosaint ar fhliche, ar thaise, ar shalachar no ar thruailliú d'aon tsaghas le linn iad do bheith i dtaisce no le linn iad do bheith á bpacáil no á n-iompar;

[EN]

(c) uibhe no pacáistí ina bhfuil uibhe do mharcáil chun crícheanna aitheantais.

[EN]

(3) Einne a bhrisfas in aon tslí aon rialachán a déanfar fén alt so beidh sé ciontach i gcionta i gcoinnibh an ailt seo agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.

[EN]

(4) Einne a bheas ciontach i gcionta fén alt so, féadfar, ar a chiontú ann ar an slí achmair, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar deich bpúint i gcás an chéad chionta agus, i gcás an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin, é chur fé fhíneáil ná raghaidh thar fiche púnt no, más maith leis an gcúirt é, é chur fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no fén bpríosúntacht agus fén bhfíneáil sin le chéile.

[EN]

(5) Ní bhainfidh rialacháin a déanfar fén alt so le haon chás, a n-údaruítear don Aire ina thaobh le haon alt eile den Acht so, rialacháin do dhéanamh i dtaobh abhair den tsamhail chéanna.

[EN]

Cosaint do chomhachta an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

19.—Na comhachta a bronntar ar an Aire leis an Acht so beid gan dochar agus feidhmeofar iad gan dochar don Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí d'fheidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an Public Health (Regulations as to Food) Act, 1907.

[EN]

Rialacháin ghenerálta.

20.—(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no atá á ordú no a hordófar.

[EN]

(2) Féadfidh aon rialacháin a dhéanfidh an tAire fén Acht so baint a bheith acu le nithe iomdha a mbronntar le hailt difrúla den Acht so comhacht chun rialacháin do dhéanamh ina dtaobh.

[EN]

(3) Aon rialacháin a dhéanfidh an tAire fén Acht so i dtaobh táillí beid fé réir ceadú ón Aire Airgid.

[EN]

(4) Aon rialacháin a dhéanfidh an tAire fén Acht so leagfar iad fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a ndéanta, agus má dhineann ceachtar de dhá Thigh an Oireachtais, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith, chun na rialacháin sin do chur ar neambrí, beidh na rialacháin sin gan brí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fé sna rialacháin sin.

[EN]

Costaisí.

21.—Sa mhéid a cheadóidh an tAire Airgid, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas o am go ham a híocfar gach costas a bhainfidh leis an Acht so chur in éifeacht.

[EN]

Ciontaí.

22.—Féadfidh an tAire, mar chúisitheoir, no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, gach cionta fé aon fhoráil den Acht so do chúiseamh.

SCEIDEAL.

TAILLI.

Táille ar a iarraidh go ndéanfar clárú i gclár na n-easportálaithe     ...     ...

Púnt.

Earlais ar a iarraidh go ndéanfar clarú i gclár na n-easportálaithe     ...     ...

Cúig Púint.

Táille bhliantúil ar son ubh (nach uibhe atá gearrtha amach o bhaint a bheith ag alt 3 den Acht so leo) a heasportáladh i rith na bliana     ...     ...     ...     ...

Pingin ar gach tríocha dosaen iomlán d'uibhe.

Táille ar dheona ceadúnais easportála, ar gach pacáiste ubh le na mbaineann an ceadúnas     ...     ...     ...     ...

Mara bhfuil thar tríocha dosaen ubh sa phacáiste—pingin; má tá breis is tríocha dosaen ubh sa phacáiste — pingin ar gach tríocha dosaen no cuid de thríocha dosaen ubh.