[EN]

Uimhir 35 de 1925.


[EN]

ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA), 1925.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN AIRGEAD A SHOLÁTHRÓIDH AN tOIREACHTAS DO CHUR CHUN AN DEONTAS TALMHAÍOCHTA A DEONTAR FÉN LOCAL GOVERNMENT (IRELAND) ACT, 1898, DO MHÉADÚ AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS SIN AGUS, DÁ BHARR SAN, CHUN ALT 84 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1925, DO LEASÚ. [15adh Iúl, 1925.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT EIREANNMAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “deontas talmhaíochta” an deontas talmhaíochta dá dtagartar in alt 48 den Local Government (Ireland) Act, 1898, mar a oiriúnuítear é le haon achtachán no do réir aon achtacháin ina dhiaidh sin;

[EN]

ní fholuíonn an focal “comhairle chontae” comhairle chontaebhuirge;

[EN]

cialluíonn focail eile na nithe céanna a chialluíd sna Local Government (Ireland) Acts, 1898 to 1919.

[EN]

Méadú an deontais thalmhaíochta.

2.—(1) An bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1925, agus gach bliain airgeadais ina dhiaidh sin cuirfidh an tAire Airgid leis an deontas talmhaíochta pé méid (dá ngairmtear an deontas breise san Acht so) a sholáthróidh an tOireachtas chuige sin an bhliain airgeadais sin.

[EN]

(2) Fé réir forálacha an Achta so tuigfar chun crícheanna aon achtacháin gur cuid den deontas talmhaíochta an deontas breise agus go sonnrách beidh an deontas breise fé réir na bhforálacha d'alt 40 den Irish Land Act, 1903, a bhaineann leis an deontas talmhaíochta.

[EN]

(3) Gach bliain airgeadais a sholáthróidh an tOireachtas deontas breise deimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, le haontú an Aire Airgid, na codacha den deontas san a bheidh iníoctha le gach comhairle chontae no comhairle chontae-bhuirge fé leith agus, i gcás gach comhairle contae fé leith, na cionúireachtaí ina mbeidh gach ceann de sna codacha san ionchurtha chun muirir chontae iomláine, bhúird shláinte contae, aontais, no cheanntair, pe'ca aca é, do mhaitheamh, agus chun na críche sin tabharfa sé aire do sna cionúireachtaí ina bhfuil an deontas talmhaíochta iníoctha leis an gcomhairle chontae no leis an gcomhairle chontaebhuirge sin agus ionchurtha acu.

[EN]

(4) Na suimeanna is iníoctha no is ionchurtha ag comhairle chontae fé fho-alt (1) d'alt 50 den Local Government (Ireland) Act, 1898, chun rátaí ar thalamh thalmhaíochta i mbaile-cheanntar contae do mhaitheamh, déanfar, má thagann aon chuid de dheontas bhreise chun bheith iníoctha le comhairle chontae, iad do mhéadú do réir an chothruim a bheidh idir an chuid den deontas breise is iníoctha leis an gcomhairle sin agus an chuid den deontas talmhaíochta is iníoctha leis an gcomhairle sin.

[EN]

An deontas breise do chur láithreach chun rátaí áirithe do mhaitheamh agus rátaí do leasú.

3.—(1) Déanfidh comhairle chontae ’na dtiocfidh cuid de dheontas bhreise chun bheith iníoctha leo an bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1925, pé nithe is gá chun an chuid sin do chur láithreach chun rátaí ar thalamh thalmhaíochta laistigh dá gcontae do mhaitheamh do réir na gcionúireacht do dheimhnigh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí fén Acht so, agus san sa tslí chéanna gurb ionchurtha, fé alt 51 den Local Government (Ireland) Act, 1898, an chuid den deontas talmhaíochta is iníoctha leis an gcomhairle sin, agus chuige sin leasóid sa mhéid gur gá é aon ráta atá déanta acu.

[EN]

(2) Lomhálfidh comhairle chontae d'éinne d'íoc aon ráta a húdaruítear a leasú leis an Acht so suim chó mór leis an méid a luíoduíodh, do réir an Achta so, an ráta d'íoc an duine sin agus féadfid an lomháil sin do dhéanamh tríd an méid sin d'íoc leis an duine sin no tré bhaint as méid aon ráta atá dlite fós ar an duine sin.

[EN]

(3) Einne d'íoc aon ráta a húdaruítear a leasú leis an Acht so agus nár tugadh do, roimh an 1adh lá d'Eanair, 1926, an lomháil a héilítear le fo-alt (2) den alt so, beidh sé i dteideal méid na lomhála san do bhaint, le haicsean, den chomhairle chontae ar a n-éilítear an lomháil sin do dhéanamh.

[EN]

(4) Bainfidh an t-alt so le comhairle chontae-bhuirge no bhailecheanntair, maidir le haon tsuim is iníoctha, no is ionchurtha, amach as an deontas breise ar son tailimh thalmhaíochta laistigh de cheanntar chontae-bhuirge no de bhailecheanntar chontae, agus le héinne d'íoc aon ráta a dhin an chomhairle sin, agus san sa tslí chéanna ina mbaineann sé le comhairle chontae.

[EN]

Faillí chomhairle contae i leorráta do dhéanamh.

4.—Más dó leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí nár dhin comhairle chontae leor-sholáthar, tríd an ráta dealbhais, chun na costaisí d'íoc fé n-a raghaid an bhliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1926, déanfidh an chomhairle chontae sin, má orduíonn an tAire sin é, aon chuid den deontas bhreise a thiocfidh chun bheith iníoctha chun na comhairle contae sin an bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1925, do chur chun costaisí reatha d'íoc, no i pé slí eile is dó leis an Aire sin is oiriúnach, agus ní bhainfidh forálacha alt 3 den Acht so leis an gcás san.

[EN]

Conus a chuirfidh comhairle chontae farasbár.

5.—Aon fharasbár a bheidh ar fáil den chuid den deontas breise is ionchurtha chun muirir chontae iomláine, bhúird shláinte contae, aontais, no ceanntair, pe'ca aca é, do mhaitheamh, déanfidh comhairle chontae é chur i pé slí a ordóidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí chun rátaí ar thalamh thalmhaíochta do mhaitheamh.

[EN]

Leasú ar alt 84 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925.

6.—Léireofar fo-alt (1) d'alt 84 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na focail “gcéad lá de Lúnasa, 1925” ann in ionad na bhfocal “gcéad lá de Mheitheamh, 1925.”

[EN]

Gníomhartha a dineadh roimh rith an Achta so do bheith dleathach.

7.—Aon ghníomh, ní, no rud a dhin comhairle chontae no comhairle chontae-bhuirge roimh rith an Achta so do réir aon orduithe no treoracha a thug an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí do réir forálacha agus chun crícheanna an Achta so, tuigfar gur dineadh é go cuibhe agus go dleathach.

[EN]

Gearr-theideal.

8.—Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta), 1925, do ghairm den Acht so.