[EN]

Uimhir 35 de 1928.


[EN]

ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS (UIMH. 2), 1928.


ACHT CHUN DLEATHACHT DO THABHAIRT DO BHREITHIÚNTAISÍ ÁIRITHE DO FUARTHAS ROIMHE SEO SAN ARD-CHÚIRT TOISC NÁR THÁINIG AN COSANTÓIR I LÁTHAIR AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE ÁIRITHE A LEANANN AS AN DLEATHÚ SAN AGUS GO SONNRÁCH I dTAOBH BREITHIÚNTAISÍ ÁIRITHE EILE DO FUARTHAS AMHLAIDH AGUS DO CHUIR AN ARD-CHÚIRT I LEATAOIBH LE DÉANAÍ. [26adh Mí na Nodlag, 1928.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “Breitheamh” Breitheamh den Ard-Chúirt;

[EN]

cialluíonn an focal “an Máistir” Máistir na hArd-Chúirte; agus

[EN]

nuair a húsáidtear na focail “an ghairm,” “an t-agra,” “an gearánaí,” agus “an cosantóir” i dtaobh breithiúntais le n-a mbaineann an tAcht so, cialluíd fé seach an ghairm achmair no an lán-ghairm (pe'ca aca é) ar a bhfuarthas an breithiúntas san, an t-agra do bunuíodh leis an ngairm sin, agus an gearánaí agus an cosantóir san agra san.

[EN]

Breithiúntaisí le n-a mbaineann an tAcht so.

2.—Más rud é—

[EN]

(a) go bhfuair gearánaí i ngairm achmair no i lán-ghairm um éileamh shocruithe, toise gan an cosantóir inti do theacht i láthair, breithiúntas ar an ngairm sin i gcoinnibh an chosantóra san, agus

[EN]

(b) ná raibh an cosantóir sin ina mhionaoiseach ná ina dhuine nár shlán meabhair agus ná fuarthas é bheith amhlaidh, agus

[EN]

(c) go bhfuarthas an breithiúntas san tré n-a iontráil no tré n-a mharcáil sa Phríomh-Oifig gan an Máistir ná Breitheamh d'éisteacht na gairme sin, agus

[EN]

(d) gur ar an 1adh lá de Dheire Fomhair, 1926, no dá éis sin, agus roimh an 14adh lá d'Iúl, 1928, a fuarthas an breithiúntas san amhlaidh, agus

[EN]

(e) nár dineadh an breithiúntas san do chur i leataoibh, do tharrac siar, ná do ghlana amach roimh an 18adh lá de Dheire Fomhair, 1928, tré ordú do dhéanamh no tré imeacht eile do bhunú san agra do bunuíodh leis an ngairm sin,

[EN]

ansan agus i ngach cás den tsórt san beidh an breithiúntas san ina bhreithiúntas le n-a mbaineann an tAcht so.

[EN]

Dleathacht do thabhairt do bhreithiúntaisí le n-a mbaineann an tAcht so.

3.—(1) Ní féadfar agus tuigfar nárbh féidir ón 17adh lá de Dheire Fomhair, 1928, breithiúntas le n-a mbaineann an tAcht so d'ionnsaidhe, do chur i leataoibh, ná do chlaochló ar an scór go bhfuarthas é gan an Máistir ná gan Breitheamh d'éisteacht na gairme no gan aon tsocrú deiridh do bheith déanta ag an Máistir ná ag Breitheamh ar an mbreithiúntas chun a raibh teideal ag an ngearánaí, agus gach ordú do dineadh no imeacht do bunuíodh tar éis an 17adh lá de Dheire Fomhair, 1928 (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) agus le n-ar dineadh no le n-a ndéanfar an breithiúntas san do chur i leataoibh no do chlaochló ar an scór roimhráite, beidh sé agus, más roimh rith an Achta so do dineadh no do bunuíodh é, tuigfar go raibh sé riamh gan brí gan éifeacht.

[EN]

(2) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, beidh gach breithiúntas le n-a mbaineann an tAcht so agus gach ordú do dineadh, imeacht do bunuíodh, no ní do dineadh (pe'ca mar fheidhmiú do réir dlí no cothruim no mar chlárú ar mhorgáiste bhreithiúntais é no in aon tslí eile in aon chor agus pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) i muinín an bhreithiúntais sin, beid agus, más roimh rith an Achta so do fuarthas, do dineadh, no do bunuíodh iad, tuigfar go rabhdar riamh chó dleathach agus chó héifeachtúil is bheidís dá mba tar éis don Mháistir no do Bhreitheamh (pe'ca aca ba ghá sa chás) an ghairm d'éisteacht agus an socrú deiridh do dhéanamh ar an mbreithiúntas chun a raibh teideal ag an ngearánaí a gheobhfaí an breithiúntas san.

[EN]

(3) Ní dhocharfidh ná ní choiscfidh éinní san Acht so breithiúntas le n-a mbaineann an tAcht so ná aon ordú do dineadh ná aon imeacht do bunuíodh ná éinní do dineadh (pe'ca roimh rith an Achta so é ná dá éis sin) i muinín an bhreithiúntais sin do chur i leataoibh, do chlaochló, do ghlana amach ná do chur i neamh-éifeacht, pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin, ar aon scór ach ar an scór go bhfuarthas an breithiúntas san gan an Máistir ná gan Breitheamh d'éisteacht na gairme no gan aon tsocrú deiridh do bheith déanta ag an Máistir ná ag Breitheamh ar an mbreithiúntas chun a raibh teideal ag an ngearánaí.

[EN]

Breithiúntaisí atá curtha i leataoibh cheana ag an gCúirt.

4.—Más toisc gan an cosantóir do theacht i láthair do fuarthas breithiúntas ón Ard-Chúirt ar ghairm achmair no ar lán-ghairm um éileamh shocruithe agus má chuir an Ard-Chúirt no Breitheamh den Ard-Chúirt i leataoibh é roimh an 18adh lá de Dheire Fomhair, 1928, no má dhin an Chúirt Uachtarach cur-ileataoibh an bhreithiúntais sin do dhaingniú ar an scór go bhfuarthas é gan an Máistir ná gan Breitheamh d'éisteacht na gairme, beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) más rud é, roimh chur an bhreithiúntais sin i leataoibh amhlaidh, gur tugadh amach ordú de shaghas riteach fieri facias chun an tsuim sa bhreithiúntas san do bhaint amach agus gur gabhadh agus gur díoladh áirnéis de chuid an chosantóra fén ordú san ní bheidh an cosantóir i dteideal go mbainfadh sé den ghearánaí ná den fho-shirriam ná den chlárathóir chontae d'fheidhmigh an t-ordú san ná d'éinne eile, mar gheall ar an ngabháil agus ar an díol san, aon tsuim (pe'ca mar dhamáiste é no mar airgead do fuair agus do ghlac sé chun a úsáide no ar aon tslí eile) is mó ná an tsuim ar ar díoladh an áirnéis sin amhlaidh lú-de aon airgead d'íoc an fo-shirriam no an clárathóir contae sin leis an gcosantóir amach as an tsuim sin;

[EN]

(b) más rud é, roimh chur an bhreithiúntais sin i leataoibh amhlaidh gur dhin an gearánaí aon airgead ar cuntas na suime sa bhreithiúntas san do bhaint den chosantóir tré gharnisé, tré ghlacadóir do cheapa mar fheidhmiú chothrom, no tré aon tsaghas eile feidhmiúcháin ná tráchtar go sonnrách air san alt so, ní bheidh an cosantóir i dteideal go mbainfadh sé den ghearánaí, mar gheall ar an bhfeidhmiú san, aon tsuim (pe'ca mar dhamáiste é no mar airgead do fuair agus do ghlac sé chun a úsáide no ar aon tslí eile) is mó ná suim an airgid do bhain an gearánaí amach amhlaidh;

[EN]

(c) más rud é, roimh chur an bhreithiúntais sin i leataoibh amhlaidh, gur chláruigh an gearánaí an breithiúntas san mar mhorgáiste bhreithiúntais i gcoinnibh tailte de chuid an chosantóra, ní bheidh an cosantóir i dteideal go mbainfadh sé den ghearánaí, mar gheall ar an gclárú san an bhreithiúntais sin, aon tsuim in aon chor (pe'ca mar dhamáiste é no ar aon tslí eile) ach amháin na costaisí agus na caithteachaisí (más ann dóibh) fé n-ar chuaidh an cosantóir agus é á chur fé ndeár go ndéanfí an morgáiste breithiúntais sin do ghlana amach no do chur i nea-mbrí.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

5.—(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais (Uimh. 2), 1928, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Chun crícheanna có-luadhachainte folóidh an focal “na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1928,” an tAcht so.