[EN]

Uimhir 35 de 1929.


[EN]

ACHT CHOLÁISTE PHRÍOMH-SCOILE NA GAILLIMHE, 1929.


ACHT CHUN SOLÁTHAR DO DHÉANAMH CHUN AN DEONTAS BLIANTÚIL IS INÍOCTHA LE COLÁISTE NA PRÍOMH-SCOILE, GAILLIMH, DO MHÉADÚ AGUS CHUN A CHUR IN ÁIRITHE GO mBEIDH NA DAOINE A CEAPFAR CHUN OIFIGÍ AGUS POSTANNA SA CHOLÁISTE SIN INNIÚIL AR A nDUALGAISÍ DO CHÓLÍONA TRÍD AN nGAEDHILG.

[17adh Mí na Nodlag, 1929.]

DE BHRÍ go bhfuil deontas bliantúil de dhá mhíle déag punt iníoctha anois, fén Irish Universities Act, 1908, le Coláiste na Príomh-Scoile, Gaillimh, as airgead a sholáthruíonn an tOireachtas:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil Cólucht Rialúcháin an Choláiste sin tar éis socrú do dhéanamh, le goirid, tré reacht chun a chur in áirithe gur tríd an nGaedhilg a thabharfaidh daoine áirithe d'ollamhain agus de léigheachtóirí an Choláiste sin a gcuid léigheacht agus go bhfuil beartuithe acu pé nithe eile is féidir do dhéanamh chun a chur in áirithe go mbeidh ag méadú ar an gcion d'fheidhmeanna acadaimh agus riaracháin an Choláiste sin a bheidh á dhéanamh tríd an nGaedhilg:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil an Cólucht Rialúcháin sin tar éis na táillí is iníoctha sa Choláiste sin ag na mic léighinn ann do laigheadú le goirid agus tar éis a ghabháil le n-a n-ais, fós, scéim scoláireachta do bhunú do mhic léighinn sa Choláiste sin atá ina gcainteoirí dúthchais Gaedhilge:

AGUS DE BHRÍ, mar gheall ar na nithe atá luaidhte anso roimhe seo agus ar an ísliú ar luach airgid le blianta goiride, nách leor anois do riachtanaisí an Choláiste sin an deontas bliantúil sin de dhá mhíle déag punt:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

[EN]

Míniú.

1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Coláiste” Coláiste na Príomh-Scoile, Gaillimh.

[EN]

An deontas bliantúil do mhéadú.

2.—(1) An méid d'fho-alt (2) d'alt 7 den Irish Universities Act, 1908, agus den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san le n-a bhforáltar suim bhliantúil de dhá mhíle déag pnnt d'íoc leis an gColáiste scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige ón 31adh lá de Mhárta, 1930, agus ina ionad san achtuítear leis seo go n-íocfar leis an gColáiste, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, suim d'ocht míle fichead punt sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1930, agus i ngach bliain airgeadais ina dhiaidh sin.

[EN]

(2) Mar chabhair bhreise chun íoctha costaisí pé nithe dhéanfaidh an Coláiste ina dhiaidh seo le haghaidh an cion den teagasc a tugtar tríd an nGaedhilg do mhéadú no socrú níos fearr do dhéanamh i gcóir stuidéir ar theangain agus ar litríocht na Gaedhilge féadfaidh an tAire Airgid, más oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é, le hordú a déanfar ar mhola an Aire Oideachais, an tsuim sin d'ocht míle fichead punt do mhéadú tré pé suim ná raghaidh thar dhá mhíle punt agus a luadhfar san ordú san do chur léi, agus féadfaidh an tAire Airgid le haon ordú a déanfar ar an slí chéanna ina dhiaidh sin an tsuim sin d'ocht míle fichead punt do mhéadú tuille ach san i slí ná raghaidh méid an mhéaduithe sin, maraon le gach méadú do dineadh roimhe sin fén bhfo-alt so, thar suim dhá mhíle punt.

[EN]

(3) Pé uair a déanfar ordú fén bhfo-alt san roimhe seo déanfar an tsuim sin d'ocht míle fichead punt is iníoctha leis an gColáiste fén alt so do mhéadú do réir an orduithe sin in aghaidh na bliana airgeadais a bheidh ann ar dháta an orduithe sin agus in aghaidh gach bliana airgeadais ina dhiaidh sin agus íocfar leis an gColáiste í dá réir sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

(4) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire Airgid fén alt so leagfar é fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Dáil dá éis sin, rún do rith ag cur an orduithe sin i nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha i nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do dineadh roimhe sin fén ordú san.

[EN]

(5) Gach airgead a híocfar leis an gColáiste fén alt so cuirfidh an Coláiste chun crícheanna generálta an Choláiste é.

[EN]

Oibliogáid cainteoirí Gaedhilge do cheapa.

3.—Beidh sé de dhualgas ar Sheanad Phríomh-Scoil Náisiúnta na hÉireann, ar Chólucht Rialúcháin an Choláiste, no ar Uachtarán an Choláiste (do réir mar bheidh), le linn duine do cheapa chun aon oifige no puist sa Choláiste, duine do cheapa chun na hoifige no an phuist sin a bheidh inniúil ar dhualgaisí an chéanna do chólíona tríd an nGaedhilg: ach duine a bheidh inniúil amhlaidh agus, fós, a bheidh oiriúnach ar gach slí eile do bheith le fáil imeasc na ndaoine bheidh ina n-iarrthóirí no is féidir d'fháil ar aon tslí eile don oifig no don phost san.

[EN]

Gearr-theideal.

4.—Féadar Acht Choláiste Phríomh-Scoile na Gaillimhe, 1929, do ghairm den Acht so.