Uimhir 35 de 1937.
ACHT IASCAIGH, 1937.
Alt 13 den Acht Iascaigh, 1925, do leasú.
1.—Deintear leis seo alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), fé mar atá san leasuithe le halt 1 den Acht Iascaigh, 1935 (Uimh. 34 de 1935), do leasú sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—
(a) tré sna focail “de sna trí bliana fichead airgeadais áitiúil” do chur i bhfo-alt (6) den alt san 13 in ionad na bhfocal “den aon bhliain déag airgeadais áitiúil” atá anois ann;
(b) tré sna focail “cheithre bliana fichead” do chur i bhfo-alt (7) den alt san 13 in ionad na bhfocal “dhá bhliain déag” atá anois ann; agus
(c) tré sna focail “de sna trí bliana fichead” do chur i bhfo-alt (9) den alt san 13 in ionad na bhfocal “den aon bhliain déag” atá anois ann.
Gearr-theideal agus có-luadh.
2.—(1) Féadfar an tAcht Iascaigh, 1937, do ghairm den Acht so.
(2) Chun crícheanna có-luadhchainte folóidh an abairt “na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937,” an tAcht so.