Uimhir 35 de 1939.
ACHT MUC AGUS BAGÚIN (LEASÚ), 1939.
CUID I.
Roimhraiteach agus Generalta.
Gearr-theideal agus có-luadh.
1.—(1) Féadfar an tAcht Muc agus Bagúin (Leasú), 1939, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1939, do ghairm de sna hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 agus 1937, agus den Acht so le chéile.
Léiriú.
2.—(1) San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaidheachta;
cialluíonn an abairt “Acht 1935” an tAcht Muc agus Bagúin, 1935 (Uimh. 24 de 1935);
cialluíonn an abairt “Acht 1937” an tAcht Muc agus Bagúin, 1937 (Uimh. 23 de 1937);
cialluíonn an abairt “Achtanna 1935 agus 1937” Acht 1935 agus Acht 1937 le chéile;
cialluíonn an abairt “an Bord Marguithe Bagúin” an Bord Marguithe Bagúin atá bunuithe fé Chuid III d'Acht 1935;
cialluíonn an abairt “an Bord Marguithe Muc” an Bord Marguithe Muc atá bunuithe fé Chuid IV d'Acht 1935;
cialluíonn an abairt “an Coimisiún” an Coimisiún Muc agus Bagúin atá le bunú fén Acht so;
cialluíonn an abairt “oifigeach údaruithe don Choimisiún” duine go n-údarás i scríbhinn ón gCoimisiún chun na gcomhacht do bheirtear d'oifigeach údaruithe don Choimisiún leis an Acht so d'fheidhmiú;
cialluíonn an abairt “dáta an aistrithe” an 1adh lá d'Eanar, 1940;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an gCoimisiún fén Acht so.
(2) Déanfar an tAcht so agus Achtanna 1935 agus 1937 do léiriú mar éinní amháin agus, dá réir sin, gach focal agus abairt dá dtugann Achtanna 1935 agus 1937 brí áirithe chun crícheanna Achtanna 1935 agus 1937, beidh aige san Acht so, agus chun crícheanna an Achta so, an bhrí bheirtear dó amhlaidh.
(3) Déanfar na tagairtí atá san Acht so d'Acht 1935 do léiriú mar thagairtí d'Acht 1935 ar n-a leasú le hAcht 1937.
Athghairm.
3.—Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm, amhail ar dháta an aistrithe agus ón dáta san amach, sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
CUID II.
An Coimisiun Muc agus Baguin.
An Coimisiún Muc agus Bágúin do bhunú.
4.—(1) Ar dháta an aistrithe déanfar cólucht, ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Coimisiún Muc agus Bagúin agus dá ngairmtear an Coimisiún san Acht so, do bhunú chun na bhfeidhmeanna a haistrítear chucha agus a ceaptar dóibh leis an Acht so do chólíonadh.
(2) Beidh an Coimisiún ina gcólucht chorparuithe go síorchomharbas agus fós go gcó-shéala (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúntais) agus go gcomhacht chun lítheadh fé n-a n-ainm chorparuithe agus chun talamh do shealbhú agus do chur de láimh, agus féadfar iad do lítheadh fé n-a n-ainm chorparuithe.
(3) Is trí baill a bheidh ar an gCoimisiún, eadhon, cathaoirleach (da ngairmtear an Cathaoirleach san Acht so) agus dhá ghnáthbhall (dá ngairmtear gnáth-bhaill san Acht so).
Cathaoirleach an Choimisiúin.
5.—(1) Déanfaidh an tAire roimh dháta an aistrithe, agus ina dhiaidh sin fé mar is gá, duine d'ainmniú chun bheith ina Chathaoirleach.
(2) Beidh an Cathaoirleach i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é.
(3) Pé uair a bheidh an Cathaoirleach, mar gheall ar easláinte no leor-chúis eile, neamh-ábalta go sealadach ar dhualgaisí a oifige do chólíonadh, ainmneoidh an tAire duine (eadhon, gnáthbhall) chun dualgaisí an Chathaoirligh do chólíonadh le linn na neamh-ábaltachta san agus, an duine ceapfar amhlaidh, beidh comhachta uile an Chathaoirligh aige, agus is tuigthe chun crícheanna an Achta so gurb é an Cathaoirleach é, le linn na neamh-ábaltachta san, agus is tuigthe fós nach gnáth-bhall é le linn na neamh-ábaltachta san.
(4) Íocfaidh an Coimisiún le duine ar bith a bheidh ainmnithe fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo an luach saothair sin, agus na liúntaisí sin in aghaidh costaisí, cheapfaidh an tAire.
Na gnáth-bhaill.
6.—(1) Déanfaidh an tAire roimh dháta an aistrithe, agus ina dhiaidh sin fé mar is gá, daoine do cheapadh chun bheith ina ngnáth-bhaill.
(2) Ní ceapfar duine ar bith chun bheith ina ghnáth-bhall mara mbeidh sé tar éis fónaimh, ar feadh ocht mblian ar a laighead, mar oifigeach don Aire i bhfeidhmeannas riarachánach no teicniúil.
(3) Beidh gach gnáth-bhall i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é.
(4) Pé uair a bheidh gnáth-bhall den Choimisiún, mar gheall ar easláinte no leor-chúis eile, neamh-ábalta go sealadach ar dhualgaisí a oifige do chólíonadh, féadfaidh an tAire duine eile do cheapadh chun gníomhú ina ghnáth-bhall ar feadh na tréimhse sin (nach sia ná ré na neamh-ábaltachta san) is ceart dar leis agus, gach duine ceapfar amhlaidh, beidh sé ina ghnáth-bhall den Choimisiún in ionad an ghnáth-bhaill sin ar feadh na tréimhse dá gceapfar amhlaidh é, agus is tuigthe nach gnáth-bhall den Choimisiún an gnáth-bhall san ar feadh na tréimhse sin.
(5) Pé uair a dhéanfaidh an tAire, fé fho-alt (3) den alt deiridh sin roimhe seo, gnáth-bhall d'ainmniú chun dualgaisí an Chathaoirligh do chólíonadh ar feadh aon tréimhse áirithe, féadfaidh an tAire duine eile do cheapadh chun gníomhú ina ghnáth-bhall den Choimisiún ar feadh na tréimhse sin agus, aon duine ceapfar amhlaidh, beidh sé ina ghnáth-bhall den Choimisiún in ionad an ghnáth-bhaill sin ar feadh na tréimhse dá gceapfar amhlaidh é.
E toirmeasctha ar na baill leasanna do bheith acu i ngnóthaí áirithe.
7.—(1) Faid a bheidh ball den Choimisiún i seilbh oifige ní dhéanfaidh aon scaireanna ná leas in aon chuideachtain no cólucht trádála, bhíonn ag deighleáil i slí ar bith i muca no muicfheoil no i mbagún no i scartacha, do choinneáil ná do cheannach ná do ghlacadh, ná ní thiocfaidh chun bheith i seilbh, ná ní fhanfaidh i seilbh, leasa thairbhigh in aon scaireanna ná leas den tsórt san.
(2) Is tuigthe leas do bheith ag ball den Choimisiún do réir bhrí an fho-ailt sin roimhe seo agus contrárdha dhó má ghlacann no má gheibheann aon iasacht no aon chongnamh no gar airgeadais de shórt ar bith, díreach no nea-dhíreach, o aon chuideachtain no cólucht trádála, bhíonn ag deighleáil i slí ar bith i muca no i muicfheoil no i mbagún no i scartacha, no o aon stiúrthóir no oifigeach no dílseánach no scaireánach de chuid na cuideachtan no an chóluchta san, no má leanann d'éinní den tsaghas san do ghlacadh no d'fháil amhlaidh.
(3) Má dheineann aon bhall den Choimisiún ní ar bith contrárdha don alt so, cuirfidh an tAire an ball san as oifig agus ní ath-cheapfaidh é, tráth ar bith ina dhiaidh sin, chun bheith ina bhall den Choimisiún.
Luach saothair ball an Choimisiúin.
8.—(1) Íocfaidh an Coimisiún leis an gCathaoirleach an luach saothair sin, agus na liúntaisí sin in aghaidh costaisí, cheapfaidh an tAire o am go ham.
(2) Íocfaidh an Coimisiúin le gach gnáth-bhall fé leith an luach saothair sin (más ann dó), agus na liúntaisí sin in aghaidh costaisí, cheapfaidh an tAire o am go ham le haontú an Aire Airgeadais.
Oifigí agus fuireann an Choimisiúin.
9.—(1) Féadfaidh an Coimisiún, le ceadú an Aire, na hoifigí agus na háitreabhacha eile sin do cheannach no do thógaint ar léas no do thógáil no d'fháil ar shlí eile, agus iad do ghléasadh agus do chothabháil, sna háiteanna san a mheasfaid do bheith riachtanach chun a bhfeidhmeanna d'fheidhmiú go cuibhe, agus féadfaid aon áitreabh a bheidh dílsithe ionta agus a mheasfaid ná beidh riachtanach a thuilleadh chun na críche sin do dhíol no do chur ar léas no do chur de láimh ar shlí eile.
(2) Déanfaidh an tAire chó luath agus a bheidh san riachtanach roimh dháta an aistrithe, agus ina dhiaidh sin fé mar is gá, duine do cheapadh chun bheith ina Rúnaí don Choimisiún.
(3) Beidh Rúnaí an Choimisiúin i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é agus íocfaidh an Coimisiún leis an luach saothair sin, agus na liúntaisí sin in aghaidh costaisí, cheapfaidh an tAire o am go ham.
(4) Féadfaidh an Coimisiún, le ceadú an Aire, pé oifigigh (seachas an rúnaí) agus pé seirbhísigh agus pé gníomhairí, agus pé méid acu san, do cheapadh a mheasfaidh an Coimisiún o am go ham do bheith riachtanach chun a bhfeidhmeanna d'fheidhmiú go cuibhe, agus beidh gach oifigeach agus seirbhíseach agus gníomhaire ceapfar amhlaidh i seilbh oifige ar na téarmaí sin agus fé réir na gcoinníollacha san a chinnfidh an Coimisiún le ceadú an Aire.
(5) Íocfaidh an Coimisiún le hoifigigh an Choimisiúin (seachas an rúnaí), agus le seirbhísigh agus le gníomhairí an Choimisiúin, an luach saothair sin, agus na liúntaisí sin in aghaidh costaisí, cheapfaidh an Coimisiún o am go ham le ceadú an Aire.
Stát-Sheirbhísigh do thabhairt ar iasacht don Choimisiún.
10.—I gcás duine bheidh ag fónamh i Stát-Sheirbhís an Riaghaltais do cheapadh chun bheith ina bhall den Choimisiún no ina oifigeach dóibh (ar lán-aimsir no ar páirt-aimsir), aisíocfaidh an Coimisiún leis an Stát-Chiste, sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais, tuarastal an duine sin no an cion san de chinnfidh an tAire sin agus fós na muirearacha san, alos aois-liúntais agus liúntaisí agus aiscí eile is iníoctha leis an duine sin no ina thaobh fé sna hAchtanna Aois-liúntais a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, a chinnfidh an tAire sin do bheith ceart.
E toirmeasctha ar bhaill agus ar oifigigh an Choimisiúin colas do nochtadh.
11.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní dleathach d'aon bhall den Choimisiún ná d'aon oifigeach don Choimisiún aon eolas, i dtaobh gnótha dhuine ar bith eile, do gheobhaidh sé mar bhall no mar oifigeach den tsórt san do nochtadh.
(2) Má dheineann duine ar bith éinni contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.
(3) Ní bhainfidh éinní atá i bhfo-alt (1) den alt so le heolas ar bith do nochtadh chun crícheanna aon imeacht dlí (síbhialta no coiriúil) a bunófar no beifear chun a bhunú fé Achtanna 1935 agus 1937 no fén Acht so no chun crícheanna aon eadrascáin fé alt 39 d'Acht 1937.
Nós imeachta an Choimisiúin.
12.—(1) Is beirt is quorum do chruinniú den Choimisiún.
(2) Ní bheidh aon chruinniú ag an gCoimisiún mara mbeidh an Cathaoirleach i láthair ann.
(3) Bhéarfar breith ar gach ceist ag cruinniú den Choimisiún tré mhóráireamh de sna baill a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus i gcás uimhir na vótaí ar gach taobh do bheith cothrom beidh an dara vóta no vóta réitigh ag an gCathaoirleach.
(4) Féadfaidh an Coimisiún gníomhú d'ainneoin folúntas amháin do bheith imeasc na ngnáth-bhall.
(5) Déanfaidh an Coimisiún, le haontú an Aire, an nós imeachta leanfar agus an gnó déanfar ag á gcruinnithe do rialáil tré bhuan-orduithe no ar shlí eile.
Miontuairiscí cruinnithe an Choimisiúin.
13.—Coimeádfaidh an Coimisiún, i leabhar a chuirfid ar fáil chuige sin, miontuairiscí ar na himeachta ag gach cruinniú fé leith den Choimisiún, agus sighneoidh an Cathaoirleach na miontuairiscí uile sin ag an gcruinniú le n-a mbainfid no ag an gcéad chruinniú eile agus, ar iad do bheith sighnithe amhlaidh, glacfar i bhfianaise iad.
Séala an Choimisiúin.
14.—(1) Cuirfidh an Coimisiún có-shéala ar fáil agus beidh san acu.
(2) Déanfar séala an Choimisiúin do dhílse-dheimhniú le sighniú an Chathaoirligh.
(3) Gach scríbhinn do bhéarfaidh le tuigsint bheith ina hordú no ina hionstruim eile ar n-a thabhairt amach no ar n-a dhéanamh ag an gCoimisiún, agus í bheith séaluithe le séala an Choimisiúin ar n-a dhílse-dheimhniú sa tslí foráltar leis an alt so, glacfar i bhfianaise í agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, is tuigthe, gan cruthú ar údarás ná ar shighniú neach sighnithe an orduithe no na hionstruime sin, gurb í an t-ordú no an ionstrium sin í.
Cuntaisí, breacacháin agus tuarasgabhála an Choimisiúin.
15.—(1) Coimeádfaidh an Coimisiún gach leabhar cuntaisí, agus gach leabhar agus breacachán eile, is ceart agus déanfaid, fé cheann sé mhí tar éis deireadh gach bliana, ráiteas ar chuntaisí (agus é iniúchta agus deimhnithe go cuibhe ag iniúchóir ar n-a cheapadh ag an gCoimisiún le toiliú agus le haontú an Aire) in aghaidh na bliana san d'ullmhú agus é do chur chun an Aire agus chun gach ceadúnaí, agus leagfaidh an tAire an ráiteas san ar chuntaisí fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.
(2) Déanfaidh an Coimisiún, gach bliain, tuarasgabháil ar a n-imeachta i rith na bliana roimhe sin do thabhairt don Aire ar an dáta san agus sa bhfuirm sin ordóidh an tAire, agus leagfaidh an tAire an tuarasgabháil sin fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.
(3) Bhéarfaidh an Coimisiún don Aire, sa bhfuirm sin ordóidh an tAire, an t-eolas agus an staitistíocht san agus na tuairisceáin sin a theastóidh ón Aire o am go ham.
(4) Bhéarfaidh an Coimisiún do dhuine ar bith, ar tháille scillinge d'íoc, cóip d'aon ráiteas ar chuntaisí do hullmhuíodh do réir an ailt seo.
Ciste Generálta an Choimisiúin Mhuc agus Bagúin, Ciste an Bhagúin (Praghas do Chobhsú) agus Ciste na Muc (Arachas).
16.—(1) Déanfaidh an Coimisiún na cistí seo leanas do choimeád agus do chothabháil agus do bhainistí do réir na Coda so den Acht so, sé sin le rá—
(a) ciste (dá ngairmtear an Ciste Generálta san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Ciste Generálta an Choimisiúin Mhuc agus Bagúin; agus
(b) ciste (dá ngairmtear an Ciste Cobhsaíochta san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Ciste an Bhagúin (Praghas do Chobhsú); agus
(c) ciste (dá ngairmtear an Ciste Arachais san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Ciste na Muc (Arachas).
(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach ciste fé leith a bheidh á choimeád ag an gCoimisiún de bhun an ailt seo—
(a) íocfar isteach sa chiste sin an t-airgead uile do gheobhaidh an Coimisiún agus is gá do réir an Achta so d'íoc isteach sa chiste sin;
(b) íocfar amach as an gciste sin an t-airgead uile, is gá don Choimisiún do réir an Achta so d'íoc amach as an gciste sin, agus an t-airgead san amháin;
(c) chun muirearacha d'íoc is gá do réir an Achta so d'íoc amach as an gciste sin, féadfaidh an Coimisiún oiread airgid d'fháil ar iasacht, ar urrús an chiste sin, a cheadóidh an tAire;
(d) an méid sin den chiste sin ná beidh, dar leis an gCoimisiún, ag teastáil de thurus na huaire chun suimeanna is iníoctha amach as an gciste sin fén Acht so d'íoc láithreach, suncálfaidh an Coimisiún in urrúis Eireannacha údaruithe é;
(e) féadfaidh an Coimisiún o am go ham, más rogha leo é, aon mhéid airgid (is cuid den chiste sin) a bheidh suncálta fén bhfo-alt so d'atharú no d'aistriú isteach i suncála eile is urrúis údaruithe do réir an ailt seo, agus féadfaid, tráth ar bith, na suncála uile, no aon chuid de sna suncála, bheidh déanta acu fén bhfo-alt so, do dhíol agus airgead d'fháil ar an gcéanna;
(f) an t-airgead uile do gheobhaidh an Coimisiún alos díbhinní agus úis ar shuncála (is cuid den chiste sin) a bheidh déanta acu fén bhfo-alt so, no alos aon tsuncála den tsórt san do dhíol, íocfar isteach sa chiste sin é.
(3) Chun crícheanna fo-ailt (2) den alt so, is urrús Éireannach údaruithe gach ceann acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) aon urrús is muirear ar an bPrímh-Chiste;
(b) aon urrús go ngabhann urraíocht an Aire Airgeadais le n-a ús;
(c) stoc Bhanc na hÉireann;
(d) aon stoc do thug no do bhéarfaidh údarás áitiúil sa Stát amach agus is urrús go mbeidh údaruithe d'iontaobhaithe, leis an dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, cistí iontaobhais do shuncáil ann.
Iocaíochtaí le déanamh as an gCiste Generálta.
17.—Íocfar amach as an gCiste Generálta an t-airgead uile is gá no is cead don Choimisiún do réir an Achta so d'íoc (seachas airgead is gá do réir an Achta so d'íoc amach as an gCiste Cobhsaíochta no as an gCiste Arachais) agus na costaisí uile fé n-a raghaidh an Coimisiún fé Achtanna 1935 agus 1937 agus fén Acht so.
Rialacháin.
18.—(1) Féadfaidh an Coimisiún rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud orduithe.
(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an Coimisiún fén alt so, leagfar é fé bhráid dhá Thigh an Oireachtais chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, fé cheann an lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.
Fianaise in imeachta bheidh ar siúl ag an gCoimisiún no ina gcoinnibh.
19.—(1) Féadfar, in aon imeachta dlí (ar a n-áirmhítear imeachta ar n-a gcoimeád ar siúl leis an Acht so) a bheidh ar siúl ag an gCoimisiún no ina gcoinnibh, fianaise prima facie, ar aon ordú no rialachán ar n-a dhéanamh ag an mBord Marguithe Bagúin no an Bord Marguithe Muc no an Coimisiún, do thabhairt tré chóip den Iris Oifigiúil, do bhéarfaidh le tuigsint an t-ordú no an rialachán san do bheith ann, do thabhairt ar áird.
(2) Beidh deimhniú, do bhéarfaidh le tuigsint é bheith fé láimh Rúnaí an Choimisiúin (á dheimhniú gur cheadúnaí ar feadh tréimhse áirithe duine bheidh ainmnithe sa deimhniú san), ina fhianase prima facie ar na nithe bheidh á ndeimhniú amhlaidh, agus ní gá aon chruthú ar láimh-scríbhneoireacht ná ar chéim oifigiúil neach deimhnithe an chéanna.
(3) Féadfar, in aon imeachta bhunóidh an Coimisiún i gcoinnibh duine is ceadúnaí no ba cheadúnaí fianaise prima facie, ar gach ní no aon ní no nithe bheidh i dtuairisceán ar n-a chur isteach ag an duine sin no thar a cheann de bhun ailt 112 no ailt 151 d'Acht 1935 no an Achta so, do thabhairt tríd an tuairisceán san do thabhairt ar áird.
Ciontaí do chúiseamh.
20.—(1) Féadfaidh an Coimisiún no féadfar ar agra an Choimisiúin, mar chúisitheoir, aon chionta fé aon alt atá i gCoda III agus IV d'Acht 1935, no i gCoda III agus IV d'Acht 1937 (ar n-a dhéanamh roimh dháta an aistrithe no dá éis sin) do chúiseamh ar dháta an aistrithe no dá éis sin.
(2) Féadfaidh an Coimisiún no féadfar ar agra an Choimisiúin, mar chúisitheoir, aon chionta fé alt ar bith atá san Acht so do chúiseamh.
(3) Ní déanfar, ar dháta an aistrithe ná dá éis sin, aon imeachta i gcionta go bhféadfadh an Coimisiún no go bhféadfaí ar agra an Choimisiúin mar chúisitheoir, de bhuadh an ailt seo, é chúiseamh, do bhunú ach amháin ag an gCoimisiún no le toiliú an Choimisiúin.
CUID III.
An Bord Marguithe Baguin agus an Bord Marguithe Muc do Dhiochur agus Feidhmeanna, Maoin, Fiachaisi, etc., na mBord san d'Aistriu chun an Choimisiuin Mhuc agus Baguin, agus Foralacha Iarmartacha.
An Bord Marguithe Bagúin agus an Bord Marguithe Muc do scur.
21.—(1) Ar dháta an aistrithe scuirfidh an Bord Marguithe Bagúin agus an Bord Marguithe Muc, agus beid ar scur ón dáta san amach, de bhuadh an fho-ailt seo.
(2) Beidh an Bord Marguithe Bagúin agus an Bord Marguithe Muc, gach ceann fé leith acu, ina bhord díochurtha chun crícheanna an Achta so, agus déanfar an abairt “bord díochurtha” do léiriú san Acht so dá réir sin.
Comhachta agus dualgaisí d'aistriú chun an Choimisiúin.
22.—(1) Na comhachta agus na dualgaisí uile agus fé seach, fé Achtanna 1935 agus 1937, a bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, á bhfeidhmiú no á gcólíonadh, no infeidhmithe no inchólíonta, ag an mBord Marguithe Bagúin agus ag an mBord Marguithe Muc fé seach, deintear leis seo iad d'aistriú chun an Choimisiúin, agus do bhronnadh agus d'fhorchur ortha, agus beid aistrithe, agus bronnta agus forcurtha, amhlaidh ar dháta an aistrithe.
(2) Na comhachta, fé alt 68 d'Acht 1937, a bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, á bhfeidhmiú no a gcólíonadh, no infheidhmithe no ionchólíonta, ag Cathaoirleach an Bhúird Mharguithe Muc, deintear leis seo iad d'aistriú chun an Choimisiúin agus do bhronnadh ortha, agus beid aistrithe agus bronnta amhlaidh ar dháta an aistrithe.
Achtanna 1935 agus 1937 d'oiriúnú.
23.—(1) Ar dháta an aistrithe agus dá éis sin, déanfar gach luadh no tagairt do bhord díochurtha, atá in aon fhoráil d'Achtanna 1935 agus 1937, do léiriú, agus beidh éifeacht aige, fé réir forálacha an Achta so—
(a) mar do léirítí é agus mar do bhí éifeacht aige díreach roimh dháta an aistrithe, i gcás éinní ar n-a dhéanamh fén bhforáil sin roimh dháta an aistrithe;
(b) mar luadh no mar thagairt don Choimisiún, i gcás éinní déanfar no is gá no is cead do dhéanamh fén bhforáil sin ar dháta an aistrithe no dá éis sin.
(2) Ar dháta an aistrithe agus dá éis sin, déanfar na tagairtí atá in alt 68 d'Acht 1937, do Chathaoirleach an Bhúird, do léiriú agus beidh éifeacht acu—
(a) mar do léirítí iad agus mar do bhí éifeacht acu díreach roimh dháta an aistrithe, i gcás éinní ar n-a dhéanamh roimh dháta an aistrithe;
(b) mar thagairtí do Choimisiún, i gcás éinní déanfar no bheidh le déanamh no i gcás ruda tharlóidh ar dháta an aistrithe no dá éis sin.
Orduithe, etc., áirithe de chuid an Bhúird Mharguithe Bagúin do bhuanú.
24.—(1) Aon ionstruim le n-a mbaineann an fo-alt so agus a bhaineann no bhainfidh le tréimhse le n-a mbeidh deireadh ar dháta an aistrithe no dá éis sin, leanfaidh i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige, chun crícheanna Achtanna 1935 agus 1937, ar dháta an aistrithe agus dá éis sin fé is dá mb'é an Coimisiún a dhéanfadh an ionstruim sin ar dháta a déanta agus fé is dá mbeadh an Coimisiún tar éis teacht chun bheith ina chomharba don Bhord Mharguithe Bagúin an dáta deiridh sin a luaidhtear.
Baineann an fo-alt so leis na hionstruimí seo leanas, sé sin le rá:—
(a) ordú ar bith ar n-a dhéanamh ag an mBord Marguithe Bagúin fé aon cheann de sna forálacha so leanas d'Acht 1935, eadhon, fo-alt (2) d'alt 98, agus ailt 102 agus 105;
(b) ordú ar bith ar n-a dhéanamh ag an mBord Marguithe Bagúin fé aon cheann de sna forálacha so leanas d'Acht 1937, eadhon, fo-alt (1) d'alt 21, alt 22, fo-alt (1) d'alt 27, alt 28, alt 30, fo-alt (1) d'alt 31, agus alt 32;
(c) deimhniú ar bith ar n-a dhéanamh ag an mBord Marguithe Bagúin fé aon cheann de sna forálacha so leanas d'Acht 1937, eadhon, fo-alt (5) d'alt 21, fo-alt (2) d'alt 27, agus fo-alt (2) d'alt 31.
(2) Aon ordú, ar n-a dhéanamh ag an mBord Marguithe Bagúin fé alt 25 d'Acht 1937 roimh dháta an aistrithe, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, leanfaidh i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige ar dháta an aistrithe agus dá éis sin fé is dá mb'é an Coimisiún a dhéanfadh é ar dháta an aistrithe.
Orduithe, etc., áirithe, ar n-a ndéanamh ag an mBord Marguithe Muc, do bhuanú.
25.—(1) Aon rialacháin, ar n-a ndéanamh ag an mBord Marguithe Muc fé alt 145 d'Acht 1935, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, leanfaid i bhfeidhm agus beidh éifeacht acu ar dháta an aistrithe agus dá éis sin fé is dá mb'é an Coimisiún a dhéanfadh na rialacháin sin ar dháta an aistrithe.
(2) Aon ordú, ar n-a dhéanamh ag an mBord Marguithe Muc fé ailt 52, 54, 56, 57, 58, 59, 62, no 63 d'Acht 1937, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, leanfaidh i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige ar dháta an aistrithe agus dá éis sin fé is da mb'é an Coimisiún a dhéanfadh an t-ordú san ar dháta an aistrithe.
(3) Aon ordú (is ordú um praghas ceaptha no ordú um praghas ceaptha (leasú) ar n-a dhéanamh fé alt 55 d'Acht 1937) a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, leanfaidh i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige ar dháta an aistrithe agus dá éis sin fé is dá mb'é an Coimisiún a dhéanfadh an t-ordú san dáta a dhéanta agus fé is dá mbeadh an Coimisiún tar éis teacht chun bheith ina chomharba don Bhord Mharguithe Bagúin an dáta deiridh sin a luaidhtear.
Maoin bhord díochurtha d'aistriú.
26.—(1) An mhaoin uile, réalta no pearsanta (agus rudaí-arfiunraoi d'áireamh) a bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, dílsithe i mbord díochurtha no dá gcuid féin acu no ar seilbh ar iontaoibh dóibh agus gach ceart agus comhacht agus príbhléid a bhainfidh no a gheobhaidh leis an maoin sin, tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an aistrithe agus gan leithliú ná sannadh ar bith ach fé réir a n-aistrithe i leabhair aon bhainc no corparáide no cuideachtan más gá san, dílsithe sa Choimisiún no dá gcuid féin acu no ar seilbh ar iontaoibh dóibh (do réir mar is gá sa chás) chun an estáit no an téarma no an leasa uile chun a mbeid, díreach roimh dháta an aistrithe, dílsithe sa bhord díochurtha san no dá gcuid féin acu no ar seilbh ar iontaoibh dóibh.
(2) An mhaoin uile bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, i leabhair aon bhainc no cláruithe i leabhair aon bhainc no corparáide no cuideachtan, agus a haistreofar tríd an alt so, déanfaidh an banc no an chorparáid no an chuideachta san, ar n-a iarraidh sin don Choimisiún ar dháta an aistrithe no tráth ar bith ina dhiaidh sin, í d'aistriú sna leabhair sin chun ainm an Choimisiúin.
(3) Féadfaidh an Coimisiún, ar dháta an aistrithe agus dá éis sin, dul chun dlí ina n-ainm féin mar gheall ar gach rud-ar-fiunraoi bheidh aistrithe tríd an alt so chun an Choimisiúin, no an rud san do bhaint amach no é d'fhoirfheidhmiú amhlaidh, agus ní gá don Choimisiún fógra i dtaobh an aistrithe deintear tríd an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an rud-ar-fiunraoi sin ina cheangal.
(4) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le haon airgead no suncála bheidh aistrithe chun an Choimisiúin tríd an alt so, sé sin le rá:—
(a) i gcás an t-airgead no na suncála san do sheasamh d'airgead ar n-a fháil ag an mBord Marguithe Muc fé alt 70 d'Acht 1937, íocfar an t-airgead san isteach sa Chiste Chobhsaíochta no beidh na suncála san ina gcuid den Chiste sin;
(b) in aon chás eile íocfar an t-airgead san isteach sa Chiste Ghenerálta no beidh na suncála san ina gcuid den Chiste sin.
(5) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le haon rudar-fiunraoi bheidh aistrithe chun an Choimisiúin tríd an alt so, sé sin le rá:—
(a) i gcás an rud-ar-fiunraoi sin do sheasamh d'airgead a bheidh dlite don Bhord Mharguithe Muc fé alt 70 d'Acht 1937, déanfar aon airgead do gheobhaidh an Coimisiún alos an rud-ar-fiunraoi sin d'íoc isteach sa Chiste Chobhsaíochta;
(b) in aon chás eile, déanfar aon airgead do gheobhaidh an Coimisiún alos an rud-ar-fiunraoi sin d'íoc isteach sa Chiste Ghenerálta.
Fiachaisí bord díochurtha d'aistriú.
27.—Na fiacha agus na fiachaisí eile go léir (ar a n-áirmhítear fiachaisí nea-shocruithe ar n-a dteacht as torta no as sáruithe connartha) a bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, dlite ar bhord díochurtha agus gan íoc acu no curtha suas ag bord díochurtha agus gan glanadh acu, tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an aistrithe, ina bhfiacha no ina bhfiachaisí ar an gCoimisiún agus déanfaidh an Coimisiún iad d'íoc no do ghlanadh, agus féadfar iad do bhaint den Choimisiún no iad d'fhoirfheidhmiú ina gcoinnibh dá réir sin.
Connartha leanúnacha do choimeád i bhfeidhm.
28.—Gach banna no urraíocht no urrús eile, de shaghas leanúnach, a bheidh tugtha ag bord díochurtha do dhuine ar bith no tugtha ag duine ar bith don bhord díochurtha san agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, agus gach connradh no có-aontú i scríbhinn a bheidh déanta idir bord díochurtha agus duine eile agus ná beidh feidhmithe agus críochnuithe go hiomlán roimh dháta an aistrithe, leanfaidh i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus dá éis sin, d'ainneoin an bord díochurtha san do bheith scurtha, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí ainm an Choimisiúin ann in ionad ainm an bhúird díochurtha san, agus beidh an t-urrús no an connradh no an có-aontú san ion-fhoirfheidhmithe ag an gCoimisiún no ina gcoinnibh dá réir sin.
Ráiteas ar shócmhainní agus ar fhiachaisí bheidh aistrithe chun an Choimisiúin.
29.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis dáta an aistrithe, cuirfidh an Coimisiún ráiteas dá ullmhú ina mbeidh mion-innste—
(a) ar an maoin agus na fiachaisí uile bheidh aistrithe;
(b) ar cad ba luach ar dháta an aistrithe do sna suncála uile bheidh aistrithe;
(c) ar an airgead no na suncála uile bheidh aistrithe agus is airgead is gá d'íoc isteach sa Chiste Chobhsaíochta no is suncála is suncála is gá do bheith ina gcuid den Chiste sin;
(d) ar gach rud-ar-fiunraoi bheidh aistrithe agus gur gá an t-airgead a bheidh le fáil ina thaobh d'íoc isteach sa Chiste Chobhsaíochta;
(e) ar an airgead no na suncála uile bheidh aistrithe agus is airgead is gá d'íoc isteach sa Chiste Ghenerálta no is suncála is gá do bheith ina gcuid den Chiste sin;
(f) ar gach rud-ar-fiunraoi bheidh aistrithe agus gur gá an t-airgead a bheidh le fáil ina thaobh d'íoc isteach sa Chiste Ghenerálta.
(2) An ráiteas atá le hullmhú fén alt so, bhéarfaidh an Coimisiún don Aire é agus leagfaidh an tAire cóip de fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.
(3) San alt so—
cialluíonn an abairt “bheidh aistrithe”, maidir le ní áirithe, an ní sin do bheith aistrithe chun an Choimisiúin tríd an gCuid seo den Acht so;
cialluíonn an focal “gá”, maidir le ní áirithe, an ní sin do bheith riachtanach do réir na Coda so den Acht so.
Imeachta dlí bheidh ar feitheamh do choimeád ar siúl.
30.—Tiocfaidh an Coimisiún chun bheith agus beid, ar dháta an aistrithe, ina bpáirtí, in ionad búird díochurtha, i ngach aicsean no agra no eadrascán no imeacht, a bheidh ar feitheamh ar dháta an aistrithe in aon chúirt no bínse agus ina mbeidh an bord díochurtha san ina bpáirtí, agus coimeádfar an imeacht san ar siúl idir an Coimisiún agus na páirtithe eile inti dá réir sin, agus ní thuitfidh aon imeacht den tsórt san ar lár, ná ní bheidh deireadh léi ná ní déanfar dochar di, de dhruim an bhúird díochurtha san do bheith scurtha.
Connartha seirbhíse do choimeád i bhfeidhm.
31.—Gach connradh scirbhíse, ráite no tuigthe, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe idir bord díochurtha agus aon duine is oifigeach tuarastail no fostaí don bhord díochurtha san, leanfaidh i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus dá éis sin, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí ainm an Choimisiúin ann in ionad ainm an bhúird díochurtha san, agus beidh gach connradh den tsórt san ion-fhoirfheidhmithe ag an gCoimisiún no ina gcoinnibh dá réir sin.
Forálacha i dtaobh fóirne tuarastail bord díochurtha.
32.—Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haon duine bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, ina oifigeach thuarastail no ina fhostaí do bhord díochurtha, sé sin le rá:—
(a) ní bhfuighidh an duine sin, faid a bheidh i seirbhís an Choimisiúin, luach saothair is lugha ná an luach saothair chun a mbeidh teideal aige i seirbhís an bhúird díochurtha san díreach roimh dháta an aistrithe;
(b) féadfaidh an Coimisiún na dualgaisí bheidh le cólíonadh ag an duine sin d'ath-chóiriú.
Leabhair bhord díochurtha do bheith ionghlactha i bhfianaise.
33.—(1) Gach leabhar agus scríbhinn eile a horduítear no a húdaruítear leis na hAchtanna no fútha d'aon bhord díochurtha do choimeád, agus do bheadh ionghlactha i bhfianaise díreach roimh dháta an aistrithe, beid, d'ainneoin an bhúird díochurtha san do bheith scurtha, ionghlactha i bhfianaise chó hiomlán is dá mba ná rithfí an tAcht so.
(2) I gcás sliocht as lánas no deimhniú ar lánas aon leabhair no scríbhinne eile, a horduítear no a húdaruítear leis na hAchtanna do bhord díochurtha do choimeád, do bheith ionghlactha roimh dháta an aistrithe mar fhianaise ar an lánas san ach an sliocht no an deimhniú san do bheith fíoruithe ar shlí áirithe ag oifigeach áirithe don bhord díochurtha san, beidh sliocht as lánas no deimhniú ar lánas an leabhair no na scríbhinne sin, ach san do bheith fíoruithe sa tslí áirithe sin ag an oifigeach don Choimisiún a bheidh ar có-réir leis an oifigeach áirithe sin, ionghlactha ar dháta an aistrithe no dá éis sin mar fhianaise ar an lánas san sa mhéid gurbh ionghlactha amhlaidh don tsliocht no don deimhniú san a céad-luaidhtear dá mba ná rithfí an tAcht so.
CUID IV.
Dleachta is Inioctha ag Ceadunaithe leis an gCoimisiun, Conganta Airgid ar Bhagun, Cuiteamh do Cheadunaithe alos Muc agus Conablach Daortha agus Damaistithe, Tuairisceain o Cheadunaithe, Breacachain a bheidh le Coimead ag Ceadunaithe, agus Aitreabhacha Ceadunuithe d'Iniuchadh.
Caibidil I.
Dleachta is Iníoctha ag Ceadúnaithe leis an gCoimisiún.
Dleachta is iníoctha leis an gCoimisiún alos conablach ar n-a n-úsáid ag ceadúnaithe chun bagún do tháirgeadh.
34.—(1) Gach duine ag á bhfuil no ag á raibh ceadúnas, íocfaidh alos an cheadúnais sin leis an gCoimisiún, in aghaidh gach tréimhse dleachta go mbeidh no go raibh an ceadúnas san aige ar a feadh no ar feadh aon choda dhi, dleacht, ar n-a áireamh do réir an ráta is ráta oiriúnach maidir leis an tréimhse dleachta san ar gach conablach do húsáideadh chun bagún do tháirgeadh i rith na leathbhliana san san áitreabh le n-a mbaineann no le n-ar bhain an ceadúnas san.
(2) Féadfaidh an Coimisiún a dhearbhú tráth ar bith, le hordú, ná beidh aon dleacht iníoctha fén alt so alos aon chonablach ar n-a n-úsáid chun bagún do tháirgeadh i rith aon tréimhse dleachta áirithe no aon choda áirithe de thréimhse dhleachta, agus féadfaid, tráth ar bith, ordú ar bith den tsórt san do cheiliúradh no do leasú, agus pé uair a bheidh ordú ar bith den tsórt san i bhfeidhm, ansan, d'ainneoin éinní atá san alt so, ní bheidh aon dleacht iníoctha fén alt so alos aon chonablach ar n-a n-úsáid chun bagún do tháirgeadh i rith na tréimhse dleachta no na coda de thréimhse dhleachta le n-a mbainfidh an t-ordú san.
(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an ráta dleachta fén alt so, sé sin le rá:—
(a) déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse dleachta dar tosach dáta an aistrithe, ordú ag ceapadh ráta an dleachta san, agus féadfaid ina dhiaidh sin, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, ordú den tsaghas san do dhéanamh;
(b) is tuigthe an chéad ordú fén bhfo-alt so do theacht i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus tiocfaidh gach ordú ina dhiaidh sin, ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so, i bhfeidhm an chéad lá den chéad tréimhse dhleachta thosnóidh tar éis an orduithe sin do dhéanamh;
(c) fanfaidh gach ordú, ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so, i bhfeidhm go dtí go dtiocfaidh ordú ina dhiaidh sin, ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so, i bhfeidhm;
(d) déanfar na tagairtí atá i bhfo-alt (1) den alt so don ráta dleachta oiriúnach maidir le tréimhse dhleachta áirithe do léiriú mar thagairtí don ráta dleachta, ar n-a cheapadh le hordú fén bhfo-alt so, do bhí i bhfeidhm i gcaitheamh na tréimhse dleachta san.
(4) Is tréimhse dhleachta, chun crícheanna an ailt seo, gach tréimhse acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) an tréimhse dar tosach dáta an aistrithe agus dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1940;
(b) tréimhse ar bith de thrí mhí thosnóidh, tar éis dáta an aistrithe, ar aon 1adh lá d'Abrán no 1adh lá d'Iúl no 1adh lá de Dheireadh Fómhair no 1adh lá d'Eanar.
(5) Íocfar isteach sa Chiste Ghenerálta aon airgead do gheobhaidh an Coimisiún fén alt so.
(6) Má dheineann ceadúnaí, ar dháta an aistrithe no dá éis sin, bagún do tháirgeadh thar ceann an Choimisiúin fé alt 146 d'Acht 1935, ní bheidh aon dleacht iníoctha fé fho-alt (1) den alt so alos na gconablach a húsáidfear chun an bhagúin sin do tháirgeadh.
Dleachta alos bagúin ar n-a dhíol sa Stát ag ceadúnaithe.
35.—(1) Gach duine ag á bhfuil no ag á raibh ceadúnas, íocfaidh alos an cheadúnais sin leis an gCoimisiún, in aghaidh gach mí thosnóidh ar dháta an aistrithe no dá éis sin agus go raibh an ceadúnas san aige ar a fheadh no ar feadh aon choda dhe, dleacht, ar n-a áireamh do réir an ráta is ráta oiriúnach maidir leis an mí sin, ar gach céad meáchaint bagúin (is bagún ar n-a tháirgeadh san áitreabh le n-a mbaineann no le n-ar bhain an ceadúnas san) do dhíol an duine sin i rith an mhí sin chun a ithte sa Stát.
(2) Féadfaidh an Coimisiún a dhearbhú tráth ar bith, le hordú, ná híocfar aon dleacht fén alt so alos mí áirithe agus, pé uair a déanfar ordú ar bith den tsórt san alos mí áirithe, ní bheidh aon dleacht iníoctha fén alt so alos an mhí sin.
(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an ráta dleachta is iníoctha fén alt so—
(a) déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná deireadh an mhí dar tosach dáta an aistrithe, ordú ag ceapadh ráta an dleachta san, agus féadfaid ina dhiaidh sin, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, ordú den tsórt san do dhéanamh;
(b) is tuigthe an chéad ordú fén bhfo-alt so do theacht i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus tiocfaidh gach ordú ina dhiaidh sin, ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so, i bhfeidhm an chéad lá den chéad mhí tar éis an mhí ina ndéanfar an t-ordú san;
(c) fanfaidh gach ordú, ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so, i bhfeidhm go dtí go dtiocfaidh ordú ina dhiaidh sin, ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so, i bhfeidhm;
(d) déanfar na tagairtí atá i bhfo-alt (1) den alt so, don ráta dleachta oiriúnach maidir le mí áirithe, do léiriú mar thagairtí don ráta dleachta, ar n-a cheapadh le hordú fén bhfo-alt so, do bhí i bhfeidhm i gcaitheamh an mhí sin.
(4) Íocfar isteach sa Chiste Chobhsaíochta aon airgead do gheobhaidh an Coimisiún fén alt so.
Dleachta alos bagúin ar n-a easportáil ag ceadúnaithe.
36.—(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, féadfaidh an Coimisiún a dhearbhú, le hordú, go ndéanfaidh gach duine, ag á bhfuil no ag á raibh ceadúnas, dleacht, ar n-a áireamh do réir an ráta luadhfar san ordú san, d'íoc leis an gCoimisiún, in aghaidh tréimhse áirithe do thosnuigh tar éis dáta an orduithe sin agus go raibh an ceadúnas san aige ar a feadh no ar feadh aon choda dhi, ar gach céad meáchaint bagúin d'easportáil an duine sin i rith na tréimhse sin chun tíre áirithe agus, pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san, déanfaidh gach duine, ag á bhfuil no ag á raibh ceadúnas, dleacht, ar n-a áireamh do réir an ráta luadhfar san ordú san, d'íoc leis an gCoimisiún, in aghaidh na tréimhse luadhfar san ordú san agus go raibh an ceadúnas san aige ar a feadh no ar feadh aon choda dhi, ar gach céad meáchaint bagúin d'easportáil an duine sin i rith na tréimhse luadhfar san ordú san chun na tíre luadhfar san ordú san.
(2) Féadfaidh an Coimisiún, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú bheidh déanta fé fho-alt (1) den alt so do leasú.
(3) Íocfar isteach sa Chiste Chobhsaíochta aon airgead do gheobhaidh an Coimisiún fén alt so.
Dleachta alos muc ar n-a gceannach ag ceadúnaithe.
37.—(1) Déanfaidh gach duine, ag á bhfuil no ag á raibh ceadúnas, dleacht, is có-mhéid leis an suim a bheidh ceaptha de thurus na huaire ina liúntas árachais le hordú ar n-a dhéanamh ag an gCoimisiún no is tuigthe do rinne an Coimisiún fé alt 58 d'Acht 1937, d'íoc leis an gCoimisiún, in aghaidh gach mí do thosnuigh ar dháta an aistrithe no dá éis sin agus go raibh an ceadúnas san aige ar a fheadh no ar feadh aon choda dhe, ar gach muic do cheannuigh, agus do tugadh isteach san áitreabh le n-ar bhain an ceadúnas san, i rith an mhí sin.
(2) Pé uair agus chó minic agus a mheasfaidh an Coinisiún nach leor an t-airgead a bheidh i gcreidiúint don Chiste Arachais chun na n-éilithe bheidh déanta no is deallrathach a déanfar fé Chaibidil III den Chuid seo den Acht so d'íoc, féadfaid a dhearbhú, le hordú, go ndéanfaidh gach duine, ag á bhfuil no ag á raibh ceadúnas, dleacht, do réir an ráta luadhfar san ordú san, d'íoc leis an gCoimisiún, in aghaidh tréimhse áirithe do chríochnuigh ar dháta an orduithe sin no roimhe sin agus go raibh an ceadúnas san aige ar a feadh no ar feadh aon choda dhi, ar gach muic do cheannuigh i rith na tréimhse sin agus, pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san, déanfaidh gach duine, ag á bhfuil no ag á raibh ceadúnas, dleacht, do réir an ráta luadhfar san ordú san, d'íoc leis an gCoimisiún, in aghaidh na tréimhse luadhfar san ordú san agus go raibh an ceadúnas san aige ar a feadh no ar feadh aon choda dhi, ar gach muic do cheannuigh i rith na tréimhse sin.
(3) Íocfar isteach sa Chiste Arachais aon airgead do gheobhaidh an Coimisiún fén alt so.
Dleachta do bhaint amach.
38.—(1) I gcás dleacht do bheith iníoctha fé aon alt atá sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so, in aghaidh tréimhse áirithe, ag duine ag á raibh ceadúnas ar feadh na tréimhse sin no ar feadh aon choda dhi, beidh feidhm ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfaidh an Coimisiún méid an dleachta san amach chó luath agus is féidir é tar éis deireadh na tréimhse sin;
(b) féadfaidh an Coimisiún, i gcás an tAire do dhéanamh ceiliúrtha fé Chuid II d'Acht 1935 ar cheadúnas an duine sin, méid an dleachta san do dhéanamh amach an túisce ceiliúrfar an ceadúnas san más oriúnach leo é;
(c) chó luath agus a bheidh méid an dleachta san déanta amach amhlaidh, déanfaidh an Coimisiún deimhniú (dá ngairmtear deimhniú féichiúnais san alt so), á dheimniú cadé an tréimhse gur ina haghaidh is iníoctha don dleacht san agus cé hé an duine ag á bhfuil an dleacht san iníoctha agus cadé méid an dleachta san, agus seirbheálfaid cóip den deimhniú san ar an duine sin.
(2) I gcás cóip de dheimhniú féichiúnais do sheirbheáil ar an duine go mbeidh deimhnithe leis an deimhniú san eisean do dhligheadh an dleacht le n-a mbainfidh san d'íoc, tiocfaidh an méid a bheidh deimhnithe leis an deimhniú san chun bheith, agus beidh, iníoctha ag an duine sin leis an gCoimisiún agus, mara n-íoctar é i gcionn ocht lá fichead o dháta na cóipe sin do sheirbheáil, beidh sé ionbhainte amach ag an gCoimisiún, mar fhiacha gnáth-chonnartha, i gcúirt dlighinse inniúla.
(3) Má theipeann ar aon cheadúnaí íoc do dhéanamh no má fhaillíonn sé íoc do dhéanamh, fé cheann ceithre seachtaine tar éis cóip de dheimhniú féichiúnais do sheirbheáil air, sa mhéid a bheidh deimhnithe leis an deimhniú san do bheith iníoctha aige, féadfaidh an tAire an ceadúnas gur ina thaobh a bheidh an méid sin iníoctha do cheiliúradh, ach ní shaorfaidh an ceiliúradh san an duine sin o n-a bheith air an méid sin d'íoc.
(4) Beidh feidhm ag fo-alt (3) d'alt 30 d'Acht 1935 (alt a bhaineann le ceadúnaisí d'atharú agus do cheiliúradh) i gcás an tAire do cheiliúradh ceadúnais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo.
(5) Déanfar an focal “an Achta so” i bhfo-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1935 (alt a bhaineann le scríbhinní do sheirbheáil) do léiriú mar fhocal a fholuíonn an t-alt so.
Atharú do theacht ar únaeracht cheadúnais i rith tréimhse go mbeidh dleacht iníoctha ina haghaidh.
39.—I gcás ceadúnas do bheith ag beirt no níos mó i ndiaidh a chéile i rith aon tréimhse, go mbeidh dleacht iníoctha ina haghaidh fé alt ar bith atá sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so, ansan, chun crícheanna na Caibidile sin—
(a) is tuigthe an ceadúnas san do bheith, ar feadh iomlán na tréimhse sin, ag an duine (dá ngairmtear an sealbhóir deiridh san alt so) gur aige is déanaí bhí an ceadúnas san i rith na tréimhse sin agus gan é bheith ag aon duine eile tráth ar bith i rith na tréimhse sin;
(b) i gcás duine ba réamh-theachtaidhe teidil don tsealbhóir dheiridh do dhíol aon bhagúin sa Stát, no d'á easportáil, i rith na tréimhse sin, is tuigthe gurb é an sealbhóir deiridh do dhíol an bagún san sa Stát, no d'easportáil é, i rith na tréimhse sin;
(c) i gcás duine ba réimh-theachtaidhe teidil don tsealbhóir dheiridh do cheannach aon mhuc i rith na tréimhse sin, is tuigthe gurb é an duine ba réamh-theachtaidhe teidil don tsealbhóir dheiridh do cheannuigh na muca san i rith na tréimhse sin.
Caibidil II.
Conganta Airgid ar Bhagún.
Conganta airgid ar bhagún ar n-a easportáil ag ceadúnaithe.
40.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, íocfaidh an Coimisiún, le gach sealbhóir ceadúnais easportálfaidh aon bhagún (is bagún ar n-a tháirgeadh san áitreabh le n-a mbainfidh an ceadúnas san) ar dháta an aistrithe no dá éis sin, congnamh airgid, ar bhagún a heasportálfar amhlaidh, a bheidh do réir an ráta—
(a) a bheidh ceaptha le hordú, bheidh déanta fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo agus a bheidh i bhfeidhm le linn na heasportála, agus
(b) a bhainfidh, do réir an orduithe sin, leis an mbagún san.
(2) Lá nach déanaí ná deireadh an mhí dar tosach dáta an aistrithe, déanfaidh an Coimisiún ordú fén bhfo-alt so, agus féadfaid ina dhiaidh sin, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, ordú do dhéanamh fén bhfo-alt so, ag ceapadh ráta an chonganta airgid ar bhagún a heasportálfar, agus beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le horduithe ar n-a ndéanamh fén bhfo-alt so, sé sin le rá:—
(a) nuair a bheidh ordú á dhéanamh acu fén bhfo-alt so, féadfaidh an Coimisiún—
(i) bagún do roinnt sna haicmí sin agus san oiread san aicmí (ar n-a míniú mar is ceart dar leis an gCoimisiún) is oiriúnach leis an gCoimisiún, agus
(ii) rátaí deifriúla conganta airgid do cheapadh alos aicmí deifriúla bagúin;
(b) is tuigthe an chéad ordú fén bhfo-alt so do theacht i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus tiocfaidh gach ordú ina dhiaidh sin i bhfeidhm an lá san a luadhfar chuige sin;
(c) fanfaidh gach ordú, ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt so, i bhfeidhm go dtí go dtiocfaidh ordú, ar n-a dhéanamh ina dhiaidh sin, i bhfeidhm.
(3) Féadfaidh an Coimisiún, le hordú fén bhfo-alt so (dá ngairmtear ordú fiunraíochta sa bhfo-alt so), a dhearbhú tráth ar bith—
(a) ná beidh aon chongnamh airgid iníoctha fén alt so ar bhagún a heasportálfar ar dháta áirithe no dá éis sin, no
(b) ná beidh aon chongnamh airgid iníoctha ar aon aicme no aicmí áirithe (ar n-a míniú mar is ceart dar leis an gCoimisiún) a heasportálfar ar dháta áirithe no dá éis sin,
agus féadfaid tráth ar bith, le hordú, ordú fiunraíochta do cheiliúradh, agus pé uair a déanfar ordú fiunraíochta, á dhearbhú ná beidh aon chongnamh airgid iníoctha fén alt so ar bhagún no ar aon aicme áirithe bhagúin a heasportálfar ar dháta áirithe no dá éis sin, ní bheidh aon chongnamh airgid iníoctha fén alt so ar bhagún no ar an aicme sin bhagúin (do réir mar a bheidh) a heasportálfar ar an dáta san, no dá éis sin faid a bheidh an t-ordú fiunraíochta san i bhfeidhm.
(4) Féadfaidh an Coimisiún, nuair a bheidh aon aicme áirithe bhagúin á míniú acu chun crícheanna an ailt seo, an aicme sin do mhíniú tríd an tír áirithe chun a n-easportálfar an bagún san do luadh.
(5) Is le haontú an Aire déanfar gach ordú déanfar fén alt so.
Conganta airgid ar bhagún ar n-a dhíol sa Stát ag ceadúnaithe.
41.—(1) Féadfaidh an Coimisiún, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, a dhearbhú, le hordú, go n-íocfaidh an Coimisiún, le gach sealbhóir ceadúnais a dhíolfaidh aon bhagún (is bagún ar n-a tháirgeadh in áitreabh le n-a mbainfidh an ceadúnas san) sa Stát i rith tréimhse áirithe, congnamh airgid, do réir an ráta luadhfar san ordú san, ar bhagún den tsórt san a dhíolfaidh an ceadúnaí sin sa Stát i rith na tréimhse sin, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san, íocfaidh an Coimisiún, le gach sealbhóir ceadúnais a dhíolfaidh aon bhagún (is bagún ar n-a tháirgeadh san áitreabh le n-a mbainfidh an ceadúnas san) sa Stát i rith na tréimhse luadhfar san ordú san, congnamh airgid, ar an mbagún uile den tsórt san a dhíolfaidh an ceadúnaí sin sa Stát i rith na tréimhse sin, do réir an ráta luadhfar san ordú san agus a bheidh i bhfeidhm nuair a díolfar an bagún san.
(2) Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith, le hordú fén bhfo-alt so, ordú bheidh déanta fé fho-alt (1) den alt so do leasú.
Ioc i gcongnamh airgid d'iarraidh.
42.—(1) Féadfaidh gach duine, adeir go bhfuil sé i dteideal congnamh airgid fén gCuid seo den Acht so d'fháil, a iarraidh ar an gCoimisiún sa bhfuirm agus sa tslí orduithe an congnamh airgid sin d'íoc leis.
(2) Beidh i ngach iarratas a déanfar fén alt so, á iarraidh go n-íocfaí congnamh airgid, na mion-innste orduithe i dtaobh an éilimh ar an gcongnamh airgid sin, agus beidh na scríbhinní orduithe bhainfidh leis an éileamh san i dteanta an iarratais.
Conganta airgid do bheith iníochta amach as an gCiste Cobhsaíochta.
43.—Is amach as an gCiste Cobhsaíochta a híocfar an t-airgead uile is gá chun aon chongnamh airgid d'íoc fén gCuid seo den Acht so.
Caibidil III.
Cúiteamh do Cheadúnaithe alos Muc agus Conablach Daortha agus Damáistithe.
Cúiteamh do cheadúnaithe alos muc agus conablach damáistithe.
44.—(1) Féadfaidh duine ar bith, adeir gur leis aon mhuca no conablaigh áirithe le n-a mbaineann an t-alt so, cúiteamh alos na muc no na gconablach san d'iarraidh ar an gCoimisiún.
(2) Féadfaidh an Coimisiún, ar dhuine d'iarraidh cúitimh ortha fén alt so agus tar éis an fhiosruithe sin is oiriúnach leis an gCoimisiún do dhéanamh, an cúiteamh san, alos na muc no na gconablach le n-a mbainfidh an t-iarratas, is dóich leis an gCoimisiún (ag féachaint do chúrsaí uile an cháis) is cóir d'íoc leis an duine sin, más oiriúnach leo é, amach as an gCiste Arachais.
(3) Baineann an t-alt so—
(a) leis na muca uile cuirfear os cóir scrúdóra thréidliaghachta fé Chuid II d'Acht 1935 ar dháta an aistrithe no dá éis sin agus ná beidh deimhnithe ag an scrúdóir sin iad do bheith ionmharbhtha, agus
(b) le gach conablach muice no cuid de chonablach mhuice cuirfear os cóir scrúdóra thréidliaghachta fé Chuid II d'Acht 1935 ar dháta an aistrithe no dá éis sin agus go mbeidh faighte gan é bheith oiriúnach mar bhia do dhaoine;
(c) le gach conablach muice (is muc ar n-a ceannach ag ceadúnaí) a dhaorfaidh údarás sláintíochta áitiúil fé chomhachta reachtúla ar dháta an aistrithe no dá éis sin.
(4) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, féadfaidh an Coimisiún a dhearbhú, le hordú, go mbainfidh an t-alt so freisin le muca, nach muca monarcha-cheannuithe, ar n-a gceannach ag ceadúnaithe, agus ar n-a ndamáistiú, tar éis a gceannuithe, le linn a dtarchurtha go háitreabh an cheannuitheora, agus féadfaid aon ordú den tsórt san do cheiliúradh, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san, bainfidh an t-alt so freisin le haon mhuca, nach muca monarcha-cheannuithe, ar n-a gceannach ag ceadúnaithe, agus ar n-a ndamáistiú amhlaidh le linn bheith i bhfeidhm don ordú san.
(5) Ní híocfar aon chúiteamh fén alt so maran rud é—
(a) go n-éileofar an cúiteamh san fé cheann na haimsire orduithe, agus
(b) go n-iarrfar é sa tslí orduithe agus go mbeidh na mioninnste orduithe san iarratas.
Caibidil IV.
Tuairisceáin o Cheadúnaithe, Breacacháin a bheidh le Coimeád ag Ceadúnaithe, agus Aitreabhacha Ceadúnuithe d'Iniúchadh.
Ceadúnaithe do thabhairt tuairisceán don Choimisiún.
45.—(1) Féadfaidh an Coimisiún rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no aon ní no nithe acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) na tuairisceáin (ar a n-áirmhítear tuairisceáin in aghaidh aon tréimhse no tréimhsí thosnuigh no thosnóidh ar dháta, roimh dháta na rialachán san, nár thúisce ná an 1adh lá d'Iúl, 1939) do bhéarfaidh sealbhóirí ceadúnas don Choimisiún;
(b) na trátha do bhéarfar na tuairisceáin sin don Choimisiún;
(c) na fuirmeacha ina ndéanfar amach na tuairisceáin sin.
(2) Gach duine ar a mbeidh ceangailte, le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, aon tuairisceán do thabhairt uaidh agus a fhailleoidh no dhiúltóidh an tuairisceán san do thabhairt uaidh agus é ar gach slí do réir na rialachán san, no chuirfidh in aon tuairisceán den tsórt san éinní bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.
(3) Go dtí go mbeidh rialacháin déanta fén alt so agus tagtha i bhfeidhm, leanfaidh ailt 112 agus 151 d'Acht 1935, agus fós aon rialacháin a bheidh déanta fé sna hailt sin, i bhfeidhm ach san fé réir an atharuithe go ndéanfar aon chuid de sna rialacháin sin, le n-a mbeidh ceangailte aon tuairisceán áirithe do thabhairt do bhord díochurtha, do léiriú mar ní le n-a gceangailtear gur don Choimisiún do bhéarfar aon tuairisceán den tsórt san a bheidh á thabhairt ar dháta an aistrithe no dá éis sin agus, ar theacht i bhfeidhm do rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, scuirfidh ailt 112 agus 151 d'Acht 1935 de bheith i bhfeidhm.
Breacacháin a bheidh le coimeád ag ceadúnaithe.
46.—(1) Déanfaidh gach duine is ceadúnaí fé cheadúnas, no bhéarfaidh go ndéanfar, na breacacháin orduithe do choimeád, sa bhfuirm orduithe, san áitreabh le n-a mbainfidh an ceadúnas san, agus déanfaidh, no bhéarfaidh go ndéanfar, na hiontrála orduithe do chur, fé cheann na haimsire orduithe, i ngach breacachán den tsórt san.
(2) Féadfaidh oifigeach údaruithe don Choimisiún gach breacachán a bheidh á choimeád de bhun an ailt seo d'iniúchadh am ar bith le linn tráthanna oifige agus, an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád, beidh sé de dhualgas air an breacachán san do thabhairt ar áird, ar n-a iarraidh sin air, chun an oifigigh údaruithe sin d'á iniúchadh agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) go mbeidh sé réasúnta don oifigeach údaruithe sin a iarraidh chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe bheidh sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.
(3) Má thárlann do dhuine ar bith—
(a) ná déanfaidh no ná tabharfaidh go ndéanfar breacachán den tsórt san do choimeád is gá dhó do réir an ailt seo a choimeád no a thabhairt go gcoimeádfar é, no
(b) ná déanfaidh no ná tabharfaidh go ndéanfar aon iontráil áirithe do chur sa bhreacachán san, fé cheann na haimsire ceaptar leis an alt so, is gá dhó do réir an ailt seo do chur sa chéanna, no
(c) ná déanfaidh no ná tabharfaidh go ndéanfar, ar n-a iarraidh sin air, aon bhreacachán no scríbhinn áirithe no cóip áirithe de scríbhinn do thabhairt ar áird, chun iniúchta ag oifigeach údaruithe don Choimisiún, is gá dhó do réir an ailt seo do thabhairt ar áird, no go mbacfaidh aon oifigeach údaruithe den tsórt san agus iniúchadh den tsórt san á dhéanamh aige, no
(d) go ndéanfaidh no go dtabharfaidh go ndéanfar iontráil ar bith a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur sa bhreacachán san,
beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.
(4) Chun crícheanna an ailt seo—
(a) fólóidh breacachán no scríbhinn d'iniúchadh cóipeanna den chéanna, no de shleachta as an gcéanna, do dhéanamh, agus
(b) is tuigthe breacachán is gá do réir an ailt seo do choimeád in aon áitreabh áirithe, no aon scríbhinn eile go mbeidh sé réasúnta d'oifigeach údaruithe don Choimisiún é iarraidh fén alt so chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as, d'iarraidh go cuibhe, chun a iniúchta, ar an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád, má hiarrtar san de bhréithre béil san áitreabh san ar an mball is sinsearaighe (den fhuirinn bhainistí no chléireachais) a bheidh i láthair an uair sin no ar an saoiste no ar an duine sinsearach eile i bhfeighil an áitreibh, agus
(c) má diúltuítear no má faillítear breacachán do thabhairt ar áird is gá do réir an ailt seo do choimeád in aon áitreabh áirithe no aon scríbhinn eile do thabhairt ar áird go mbeidh sé réasúnta d'oifigeach údaruithe don Choimisiún é iarraidh fén alt so chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as, agus más san áitreabh san agus ag an mball is sinsearaighe (den fhuirinn bhainistí no chléireachais) a bheidh i láthair an uair sin no ag an saoiste no an duine sinsearach eile i bhfeighil an áitreibh a diúltófar no failleofar amhlaidh, is tuigthe an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán no an scríbhinn sin do thabhairt ar áird do dhiúltú no d'fhailliú amhlaidh.
(5) Go dtí go mbeidh rialacháin ag ordú na nithe no na rudaí dá dtagartar mar nithe no mar rudaí orduithe i bhfo-alt (1) den alt so déanta agus tagtha i bhfeidhm, leanfaidh ailt 113 agus 152 d'Acht 1935 i bhfeidhm maraon le haon rialacháin, ar n-a ndéanamh i dtaobh aon nithe dá dtagartar sna hailt sin mar nithe orduithe, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, ach ar theacht i bhfeidhm do rialacháin den tsórt san a céadluaidhtear scuirfidh na hailt sin 113 agus 152 de bheith i bhfeidhm.
(6) Déanfar na tagairtí atá in ailt 113 agus 152 d'Acht 1935 d'oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Bagúin agus d'oifigeach údaruithe don Bhord Mharguithe Muc, fé seach, do léiriú ar dháta an aistrithe, agus dá éis sin faid a leanfaidh na hailt sin i bhfeidhm de bhuadh fo-ailt (5) den alt so, mar thagairtí d'oifigeach údaruithe don Choimisiún.
Oifigigh údaruithe don Choimisiún d'iniúchadh áitreabhacha ceadúnuithe, etc.
47.—(1) Beidh oifigeach údaruithe don Choimisiún i dteideal (ach a údarás i scríbhinn mar oifigeach údaruithe den tsórt san do thabhairt ar áird má hiarrtar san air) gach tráth réasúnta—
(a) dul isteach in áitreabh cheadúnuithe ar bith agus aon mhuca agus conablaigh agus bagún a bheidh san áitreabh san d'iniúchadh agus aon phróiseas a bheidh ar siúl san áitreabh san d'fhaire agus do scrúdú, agus
(b) dul isteach in aon fhuar-stóras agus aon bhagún a bheidh sa bhfuar-stóras san d'iniúchadh.
(2) Gach duine bhacfaidh no choiscfidh aon oifigeach údaruithe don Choimisiún, agus eisean ag feidhmiú aon chomhachta dá dtugtar dó leis an alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
CUID V.
Leasuithe ar Achtanna 1935 agus 1937 agus Foralacha Ilghneitheacha.
Feidhm ailt 30 d'Acht 1935.
48.—Is tuigthe, chun crícheanna ailt 30 d'Acht 1935 (alt a bhaineann le ceadúnaisí d'atharú agus do cheiliúradh), sárú ar bith a déanfar ar aon fhorfáil atá i gCuid III no i gCuid IV d'Acht 1937, no ar aon fhoráil den Acht so, do bheith ina shárú ar fhoráil d'Acht 1935, agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt san 30 dá réir sin.
Alt 40 d'Acht 1935 do leasú.
49.—Deintear leis seo fo-alt (2) d'alt 40 d'Acht 1935 do leasú tré sna focail “ná ar luach saothair” do chur isteach i ndiaidh an fhocail “dhíolta” agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
Fo-alt (2) d'alt 98 d'Acht 1935 do chur ar fiunraoi.
50.—(1) Féadfaidh an tAire ar dháta an aistrithe, no pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é dá éis sin, a dhearbhú le hordú (dá ngairmtear ordú fiunraíochta san alt so) fo-alt (2) d'alt 98 d'Acht 1935 (alt a bhaineann le tréimhsí agus quotaí táirgthe) do bheith ar fiunraoi.
(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fiunraíochta i rith tréimhse táirgthe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) d'alt 98 d'Acht 1935, ní dhéanfaidh an Coimisiún ordú táirgthe ar dháta an orduithe fiunraíochta san, ná dá éis sin faid a bheidh an t-ordú fiunraíochta san i bhfeidhm;
(b) más rud é go mbeidh ordú táirgthe, ag ceapadh tréimhse chun bheith ina céad tréimhse tháirgthe eile, déanta ag an gCoimisiún, de bhun an fho-ailt sin (2), roimh dháta an orduithe fiunraíochta san, ansan—
(i) is tuigthe, i dtaobh an orduithe tháirgthe sin, ná dearnadh é, agus
(ii) is tuigthe, i dtaobh éinní (ar n-a leanúint as an ordú táirgthe sin do dhéanamh) a bheidh déanta ag an gCoimisiún maidir leis an gcéad tréimhse tháirgthe eile sin de bhun ailt 21 no 22 no 23 d'Acht 1937, ná dearnadh é.
(3) Pé uair a bheidh ordú fiunraíochta i bhfeidhm, féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, an t-ordú fiunraíochta san do cheiliúradh, agus leis sin scuirfidh an t-ordú fiunraíochta san de bheith i bhfeidhm.
(4) In aon chás—
(a) ina mbeidh forálacha fo-ailt (2) d'alt 98 d'Acht 1935 gan cólíonadh, agus
(b) in arb iad na srianta forchuirtear le mír (a) d'fho-alt (2) den alt so fé ndeár gan iad do chólíonadh,
beidh feidhm ag forálacha fo-ailt (3) den alt san 98 maidir leis an nea-chólíonadh san.
(4) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so, leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, fé cheann an lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.
Alt 102 d'Acht 1935 do scur.
51.—Ní déanfar aon ordú, ar dháta an aistrithe ná dá éis sin, fé fho-alt (1) d'alt 102 d'Acht 1935 (alt a bhaineann le tréimhsí agus quotaí díola).
Dleachta fé ailt 111 agus 150 d'Acht 1935 do scur agus forálacha iarmartacha.
52.—(1) Ní bheidh aon dleacht iníoctha fé alt 111 d'Acht 1935 (alt a bhaineann le dleacht alos conablach ar n-a n-úsáid chun bagún do tháirgeadh) ná fé alt 150 d'Acht 1935 (alt a bhaineann le dleacht is iníoctha ag ceadúnaithe leis an mBord Marguithe Muc) in aghaidh aon leath-bhliana ar n-a críochnú tar éis dáta an aistrithe.
(2) Aon dleacht a thiocfaidh chun bheith iníoctha, fé alt 111 no alt 150 d'Acht 1935, in aghaidh na leath-bhliana dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1939, is leis an gCoimisiún a bheidh sé iníoctha.
(3) Íocfar isteach sa Chiste Ghenerálta aon airgead do gheobhaidh an Coimisiún, no bhainfid amach, de bhuadh an ailt seo.
Alt 23 d'Acht 1937 do scur.
53.—Scuirfidh alt 23 d'Acht 1937 d'fheidhm do bheith aige maidir le haon tréimhse tháirgthe thosnóidh ar dháta an aistrithe no dá éis sin.
Alt 39 d'Acht 1937 do leasú.
54.—(1) Ar dháta an aistrithe agus dá éis sin, is fé réir na n-atharuithe seo leanas a bheidh éifeacht ag alt 39 d'Acht 1937 (alt a bhaineann leis an mBord Marguithe Bagúin do dhéanamh íocaíochtaí le daoine áirithe ba leasuitheoirí tráth), sé sin le rá:—
(a) déanfar na tagairtí atá san alt san do Chathaoirleach an Bhúird Mharguithe Bagúin do léiriú mar thagairtí do Chathaoirleach an Choimisiúin;
(b) déanfar na tagairtí atá san alt san don Bhord Mharguithe Bagúin do léiriú mar thagairtí don Choimisiún;
(c) déanfar an tagairt atá i bhfo-alt (7) den alt san don Chiste Mharguithe Bagúin do léiriú mar thagairt don Chiste Ghenerálta;
(d) ní bheidh aon chúiteamh iníoctha le duine ar bith fén alt san mara n-iarrtar an cúiteamh san ar an mBord Marguithe Bagúin roimh dháta an aistrithe.
(2) I gcás na headrascánaithe uile no furmhór na n-eadrascánaithe, ar n-a gceapadh chun cúiteamh do chinneadh fé alt 39 d'Acht 1937, do bheith, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, gan aontú ar mhéid an chúitimh sin, déanfaidh an duine sin de sna headrascánaithe sin (is duine seachas Cathaoirleach an Bhúird Mharguithe Bagúin i gcás an ceapadh san do dhéanamh roimh dháta an aistrithe, no seachas Cathaoirleach an Choimisiúin i gcás an ceapadh san do dhéanamh ar dháta an aistrithe no dá éis sin) ainmneoidh an tAire méid an chúitimh sin do chinneadh, agus ní bheidh dul thar breith an duine a hainmneofar amhlaidh.
Alt 55 d'Acht 1937 do leasú.
55.—Nuair a bheidh aon ordú um praghas ceaptha no aon ordú um praghas ceaptha (leasú) á dhéanamh ag an gCoimisiún fé alt 55 d'Acht 1937 ar dháta an aistrithe no dá éis sin, déanfaid, i dteanta féachaint do sna nithe luaidhtear i bhfo-alt (4) den alt san, féachaint d'oblagáidí ceadúnaithe fé alt 28 d'Acht 1935 (alt a bhaineann le táillí is iníoctha ag ceadúnaithe leis an Aire alos muc ar n-a seachadadh i gcóir scrúduithe thréidliaghachta) agus fé alt 34 den Acht so (alt a bhaineann le dleachta is iníoctha leis an gCoimisiún alos conablach ar n-a n-úsáid ag ceadúnaithe chun bagún do tháirgeadh).
Alt 60 d'Acht 1937 do leasú.
56.—(1) Ar dháta thosach feidhme an chéad orduithe um praghas ceaptha no an chéad orduithe um praghas ceaptha (leasú) (pé aca san is túisce déanfar) a dhéanfaidh an Coimisiún fé alt 55 d'Acht 1937, agus ón dáta san amach, léireofar alt 60 d'Acht 1937 agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí clásanna (i) agus (ii) de mhír (a) d'fho-alt (3) den alt san 60 d'fhágaint ar lár san alt san.
(2) Ar dháta an aistrithe, agus dá éis sin go dtí an dáta luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, déanfar an tagairt atá i gclás (i) de mhír (a) d'fho-alt (3) d'alt 60 d'Acht 1937, don tsuim a bheidh orduithe de thurus na huaire chun crícheanna an dleachta is iníoctha leis an mBord ag ceadúnaithe fé alt 150 d'Acht 1935, do léiriú mar thagairt don tsuim a bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, orduithe chun na gcrícheanna san.
Alt 69 d'Acht 1937 do scur agus cosaint do dhleachta fé alt 70 d'Acht 1937.
57.—(1) Ní déanfar aon ordú um praghas barúlach fé alt 69 d'Acht 1937 ar dháta an aistrithe ná dá éis sin.
(2) I gcás ordú um praghas barúlach fé alt 69 d'Acht 1937 do bheith i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe—
(a) is tuigthe, chun crícheanna ailt 70 d'Acht 1937 (alt a bhaineann le dleachta is iníoctha ag ceadúnaithe), an t-ordú san do scur de bheith i bhfeidhm ar dháta an aistrithe;
(b) aon dleacht a bheidh iníoctha fén alt san 70 ar an ordú san do scur, is leis an gCoimisiún a bheidh sé iníoctha;
(c) déanfar na tagairtí atá i bhfo-alt (5) den alt san 70. don Bhord Mharguithe Muc, do léiriú, maidir le haon dleacht den tsórt san, mar thagairtí don Choimisiún;
(d) ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) den alt san 70 maidir le haon dleacht den tsórt san.
(3) Íocfar isteach sa Chiste Chobhsaíochta aon airgead do gheobhaidh an Coimisiún, no bhainfid amach, de bhuadh an ailt seo.
Costas táirgthe bhagúin agus muc-tháirgthe eile do dhéanamh amach agus d'fhoillsiú.
58.—Féadfaidh an Coimisiún an mór-mhéid agus an méid glan, a chosnuíonn táirgeadh bagúin agus táirgeadh gach táirgeachta eile gheibhtear as muca, do dhéanamh amach agus d'fhoillsiú sa tslí sin is oiriúnach leo.
Asbhaint agus baíliú airgid áirithe do dhéanamh bailidhe.
59.—I gcás aon tsuim do thug le tuigsint í do sheasamh do mhéid na táille iniúchta dob iníoctha fé alt 28 d'Acht 1935 (alt a bhaineann le táillí is iníoctha ag ceadúnaithe) do bhaint, i rith na tréimhse dar thosach an 1adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1937, as an bpraghas d'íoc ceadúnaí as aon mhuic no conablach do cheannuigh—
(a) is tuigthe riamh an asbhaint sin do dhéanamh go bailidhe, agus
(b) is tuigthe aon airgead do bhailigh an tAire o cheadúnaithe den tsórt san alos asbhainte den tsórt san do bhailiú go bailidhe.
SCEIDEAL.
Achtachain a hAthghairmtear.
Uimh. agus Bliain | Gearr-theideal | Méid na hAthghairme |
Ailt 74 go 97, fo-alt (5) d'alt 98, alt 110, ailt 117 go 139, alt 149. | ||
Ailt 13 go 13, ailt 43 go 50. | ||
An tAcht Muc agus Bagúin, 1938. | An tAcht iomlán. |