[EN]

Uimhir 36 de 1936.


[EN]

ACHT UM OILEÁIN ÁRANN (IOMPAR), 1936.

ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN CABHRUITHE LE COTHABHÁIL DEIGH-SHEIRBHÍSE GALTÁIN IDIR CATHAIR NA GAILLIMHE AGUS OILEÁIN ÁRANN AGUS CHUN A ÚDARÚ GO nÍOCFAÍ CONGNAMH AIRGID LE DAOINE AG A mBEIDH AN tSEIRBHÍS SIN AR SIÚL. [24adh Iúl, 1936.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An tAire

1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

[EN]

Connartha i gcóir seirbhíse galtáin go dtí Oileáin Árann.

2.—(1) Féadfaidh an tAire, ina aonar no i dteanta aon Aire no Airí eile agus le toiliú an Aire Airgid, connradh do dhéanamh o am go ham le haon duine chun seirbhís ghaltáin, a bheidh ar fáil don phuiblíocht chun paisnéirí agus earraí d'iompar ar luach saothair, do bheith ar siúl ag an duine sin idir Cathair na Gaillimhe agus Oileáin Arann agus féadfaidh, leis an toiliú san roimhráite, socrú do dhéanamh tríd an gconnradh san i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an t-árthach no na hárthaighe a húsáidfear chun críche na seirbhíse sin agus cothabháil, deisiú agus árachú an árthaigh no na n-árthach san;

[EN]

(b) minicíocht agus tráthanna na seirbhíse sin;

[EN]

(c) na héilithe a héileofar ar phaisnéirí agus earraí d'iompar ar an seirbhís sin;

[EN]

(d) ré, buanú, athnuachaint, agus scur an chonnartha san;

[EN]

(e) aon árthach a bheidh á húsáid chun críche na seirbhíse sin do chur de láimh ar scur an chonnartha san, pe'ca tré n-a haistriú chun an Aire no ar shlí eile é;

[EN]

(f) éinní eile is dóich leis an Aire agus le gach Aire eile (más aon Aire é) is páirtí sa chonnradh san do bheith riachtanach no oiriúnach chun éifeachtúlacht agus tuilleamh na seirbhíse sin do mhéadú.

[EN]

(2) Le toiliú an Aire Airgid agus fé réir na dteoranta forchuirtear tríd an Acht so, féadfaidh an tAire le haon chonnradh déanfar fén alt so a ghabháil le n-a ais go n-íocfaidh, pé tráthanna agus fé réir pé coinníollacha luadhfar sa chonnradh san, congnamh airgid bliantúil no congnamh airgid ócáideach no an dá chongnamh airgid sin leis an duine ag á mbeidh an tseirbhís ghaltáin is abhar don chonnradh san ar siúl de thurus na huaire.

[EN]

(3) An t-údarás a bronntar leis na fo-ailt sin roimhe seo den alt so chun an chonnartha san a luaidhtear sna fo-ailt sin do dhéanamh bainfidh le haon chonnradh den tsórt san do bhuanú, d'athnuachaint, d'atharú agus do scur le toiliú an Aire Airgid ach beidh san, maidir leis an méid sin den chonnradh san a bhainfidh le congnamh airgid, fé réir na dteoranta forchuirtear tríd an Acht so.

[EN]

Teoranta le conganta airgid fén Acht so.

3.—Bainfidh na teoranta so leanas le conganta airgid d'íoc fén Acht so no fé aon chonnradh déanfar fén Acht so, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní híocfar aon chongnamh airgid bliantúil in aghaidh aon bhliana ná coda de bhliain tar éis na bliana 1945;

[EN]

(b) ní mó ná trí chéad púnt an méid iomlán is iníoctha ar scór congnaimh airgid bhliantúla no conganta airgid bliantúla in aghaidh aon bhliana áirithe;

[EN]

(c) ní bheidh conganta airgid ócáideacha iníoctha ach mar chabhair chun íoctha costaisí fé n-a raghfar chun géar-scrúdú no deisiú do dhéanamh ar árthach a bheidh á húsáid chun críche na seirbhíse gur ina taobh a bheidh an congnamh airgid sin iníoctha;

[EN]

(d) ní híocfar aon chongnamh airgid ócáideach mar gheall ar aon ghéar-scrúdú no deisiú ná beidh déanta agus críochnuithe roimh an 1adh lá d'Eanar, 1946.

[EN]

Costaisí.

4.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é agus, maidir le conganta airgid, fé réir na dteoranta fhorchuireann an tAcht so is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so (ar a n-áirmhítear conganta airgid a híocfar fé chonnradh déanfar fén Acht so).

[EN]

Gearr-theideal.

5.—Féadfar an tAcht um Oileáin Arann (Iompar), 1936, do ghairm den Acht so.