Uimhir 36 de 1937.
ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (AINMNIÚ IARRTHÓIRÍ D'OIFIG AN UACHTARÁIN), 1937.
Deireadh do chur le hamhrais maidir le hainmniúcháin i dtoghacháin uachtaráin.
1.—Chun deireadh do chur le hamhrais dearbhuítear agus achtuítear leis seo mar leanas, sé sin le rá:—
(a) ní oibreoidh éinní atá in alt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), no in aon ordú ar n-a dhéanamh (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) fén alt san, chun aistriú do dhéanamh chun aon chóluchta, no daoine, no duine ar cheart no ar chomhacht chomhairle contae no contae-bhuirge, ar n-a scur (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) fén alt san, chun iarrthóir d'ainmniú no chun bheith páirteach in iarrthóir d'ainmniú, fé alt 4 d'Airtiogal 12 den Bhunreacht, chun é do thogha chun oifige an Uachtaráin;
(b) ní déanfar aon tagairt, atá no bheidh in aon Acht eile (ar n-a rith roimh an Acht so do rith no dá éis sin) d'Oireachtas Shaorstáit Éireann no bheidh in aon Acht den Oireachtas, do chomhairlí contaethe no contaebhuirgí, maidir le hiarrthóirí d'ainmniú chun iad do thogha chun oifige an Uachtaráin, do léiriú (mara ndeirtear a mhalairt go soiléir san Acht san) mar thagairt d'aon chólucht no daoine no duine chun ar haistríodh no chun a n-aistreofar (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) maoin, comhachta, no dualgaisí aon chomhairle den tsórt san fén alt san 72 ná mar thagairt fholuíonn an céanna.
Tosach feidhme.
2.—Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh do Bhunreacht na hÉireann d'achtuigh an pobal le déanaí.
Gearr-theideal.
3.—Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Ainmniú Iarrthóirí d'Oifig an Uachtaráin), 1937, do ghairm den Acht so.