[EN]

Uimhir 36 de 1947.


[EN]

AN tACHT ATURNAETHE (LEASÚ), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHÉADÚ NA SUIME IS INÍOCTHA FAOI ALT 43 DEN SOLICITORS (IRELAND) ACT, 1898, AGUS DO DHÉANAMH ATHGHAIRME AR PHÁIRT DEN ACHT CHUN AN SOLICITORS (IRELAND) ACT, 1898, A LEASÚ, 1923. [10ú Nollaig, 1947.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An tsuim is iníoctha faoi alt 43 den Solicitors (Ireland) Act, 1898, a mhéadú.

1.—Dhá phunt an tsuim is iníoctha faoi alt 43 den Solicitors (Ireland) Act, 1898 (dá ngairmtear an Príomh-Acht san Acht seo), ar gach deimhniú dá dtagartar san alt sin agus ar an réamhchuardach agus an réamhfhiosrú is gá.

[EN]

Athghairm.

2.—(1) Athghairmtear leis seo míreanna (b) agus (c) d'alt 1 den Acht chun an Solicitors (Ireland) Act, 1898, a Leasú, 1923 (Uimh. 10 de 1923) (dá ngairmtear Acht 1923 san Acht seo).

[EN]

(2) Na forála a cuireadh le halt 29 den Phríomh-Acht trí mhír (b) d'alt 1 d'Acht 1923, leanfaid, d'ainneoin na hathghairme a dhéanann fo-alt (1) den alt seo ar an mír sin (b), d'fheidhm a bheith acu maidir le duine ar bith d'fhág ag Rúnaí Dlí-Chumainn Chorpraithe na hÉireann, roimh an 12ú lá de Shamhain, 1947, na doiciméidí a luaitear i Rialachán I de na Rialacháin d'ordaigh Comhairle an Chumainn sin an 11ú lá d'Iúil, 1923.

[EN]

Gearrtheideal.

3.—Féadfar an tAcht Aturnaethe (Leasú), 1947, a ghairm den Acht seo.