[EN]

Uimhir 37 de 1953.


[EN]

AN tACHT GAIRM-OIDEACHAIS (LEASÚ), 1953.

[An tiontó oifigiúil].


ACHT DO LEASÚ NA nACHT GAIRM-OIDEACHAIS, 1930 GO 1950. [23ú Nollaig, 1953.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Méadú ar dhliteanas uasta bliantúil údarás rátúcháin.

1.—(1) Ní bheidh méid an ranníoca áitiúil bhliantúil is iníoctha ag an údarás rátúcháin le coiste gairm-oideachais i leith bliana airgeadais áitiúla a thosnós an 1ú lá d'Aibreán, 1954, nó dá éis sin, níos mó ná suim (dá ngairmtear an dliteanas uasta bliantúil san Acht seo) is comhionann—

[EN]

(a) i gcás na gcoistí gairm-oideachais do chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, buirgí Shligigh agus Dhroichead Atha, ceantar uirbeach Thráighlí agus contaethe Chorcaighe agus Longphoirt, le ráta ocht bpingne déag sa phunt,

[EN]

(b) i ngach cás eile, le ráta cúig pingne déag sa phunt,

[EN]

ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (2A) d'alt 43, agus an Tríú Sceideal, den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930) (a cuireadh isteach ann le halt 2 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1950 (Uimh. 33 de 1950).

[EN]

(3) Measfar fo ailt (1) agus (2) a theacht i ngníomh an 1ú lá de Shamhain, 1953.

[EN]

Liúntais leanaí do mhúinteoirí scortha agus do bhaintreacha múinteoirí.

2.—(1) Féadfaidh coiste gairm-oideachais liúntais leanaí d'íoc, do réir pé rátaí agus faoi réir pé coinníollacha a chinnfeas an tAire Oideachais le toiliú an Aire Airgeadais, i leith leanaí múinteoirí scortha nó éagtha a raibh a dtuarastal idirdhealaithe ó thaobh pósadh.

[EN]

(2) Féadfar liúntais d'íoc faoin alt seo i leith tréimhsí a thosnaigh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1952, nó dá éis sin.

[EN]

Gan liúntas leanaí ná liúntas cíosa a bheith ina luach saothair inphinsin.

3.—Chun deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo nach bhfuil liúntais leanaí ná liúntais i leith cíosa, a íocas coiste gairm-oideachais le múinteoir, inríofa mar thuarastal ná luach saothair chun críocha na n-achtachán a bhaineas le haoisliúntas múinteoirí den tsórt sin.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

4.—(1) Féadfar an tAcht Gairm-Oideachais (Leasú), 1953, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar an hAchta Gairm-Oideachais, 1930 go 1953, a ghairm de na hAchta Gairm-Oideachais, 1930 go 1950, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

(3) Forléireofar na hAchta Gairm-Oideachais, 1930 go 1950, agus an tAcht seo mar aon ní amháin.

Na hAchta Priobhaideacha.

Uimh.

Gearr-Theideal

Teideal

Leathanach

1

(Priobháideach)

Acht Daingnithe Orduithe Shealadaigh Rialtais Áitiúil, 1953.

Acht do Dhaingniú Orduithe Shealadaigh Chathair Bhaile Átha Cliath (Tórainn a Leathnú), 1953.

566

2

(Príobháideach)

An tAcht um an Ospidéal Ríoga do Dholeighsigh, Baile Átha Cliath (Leasú Cairte), 1953.

Acht do Leasu na gCairteacha faoina bhfuil Rialtóiri agus Caomhnóiri an Ospidéil Rioga do Dholeighsigh, Baile Atha Cliath, corpraithe ionas go bhfeadfaidh na Rialtóiri sin iocaíocht agus táilli a ghlacadh agus d'éileamh as othair a chothabháil san Ospidéal Sin.

596