Uimhir 37 de 1959.
AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (LEASÚ), 1959.
[An tiontó oifigiúil.]
An Príomh-Acht.
1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chleachtais Srianta Trádála, 1953.
Alt 7 den Phríomh-Acht a leasú.
2.—(1) Leasaítear leis seo alt 7 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1) :
“(1) Féadfaidh an Coimisiún, as a dtreoir féin, a chur faoi deara, agus ar an Aire dá iarraidh sin, cuirfidh siad faoi deara, fiosrúchán a dhéanamh—
(a) i dtaobh na ndála atá ann maidir le soláthar agus imdháil aon chineál earraí nó maidir le gné amháin nó níos mó de sholáthar agus imdháil chineál amháin nó níos mó earraí, nó
(b) i dtaobh gné amháin nó níos mó d'oibriú ordaithe faoi alt 9 den Acht seo.”
(2) Leasaítear leis seo alt 7 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (5) :
“(5) Féadfaidh an Coimisiún, i gcúrsa fiosrúcháin, fiosrú a dhéanamh i dtaobh na ndála atá ann maidir le haon seirbhísí, a bhaineann le soláthar nó imdháil na n-earraí atá i gceist, a thabhairt i gcúrsa aon trádáil nó gnó a sheoladh.”
Alt 8 den Phríomh-Acht a leasú.
3.—Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad míre (a) d'fho-alt (1) :
“(a) tuairisceofar inti—
(i) na dála atá ann maidir le soláthar nó imdháil na n-earraí atá i gceist, agus
(ii) más iomchuí é, na dála maidir le haon seirbhísí, a bhaineann leis an soláthar nó an imdháil sin, a thabhairt i gcúrsa aon trádáil nó gnó a sheoladh,
a mhéid atá éifeacht ag na dála sin maidir le hurramú na rialacha cóir-thrádála, nó a thagann na dála sin faoi réim, nó go bhfuil éifeacht acu i leith, an fhiosrúcháin, cibé acu é, lena mbainfidh an tuarascáil;”.
Fiosrúcháin i dtaobh daoine do dhiúltú ábhair nó modhanna áirithe a úsáid chun críocha áirithe.
4.—(1) Cuirfidh an Coimisiún faoi deara, aon uair a iarrfaidh an tAire orthu é, fiosrúchán a dhéanamh i dtaobh diúltú nó diúltú líomhnaithe ag fostóirí nó fostaithe (nó ag aon chuallaíocht fostóirí nó fostaithe nó fostóirí agus fostaithe) ábhair áirithe nó modhanna áirithe a úsáid chun críocha monaraíochta nó foirgníochta.
(2) Beidh éifeacht maidir le fiosrúchán faoin alt seo ag fo-ailt (2), (3), (4), agus (6) d'alt 7 den Phríomh-Acht agus ag mír 7 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.
(3) Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar gach fiosrúchán faoin alt seo a chur faoi bhráid an Aire.
Léirbhreithniú ginearálta ar orduithe faoi alt 9 den Phríomh-Acht.
5.—Coimeádfaidh an Coimisiún oibriú orduithe faoi alt 9 den Phríomh-Acht faoi léirbhreithniú.
Léirbhreithniú speisialta ar ordú faoi alt 9 den Phríomh-Acht.
6.—(1) Féadfaidh an Coimisiún, as a dtreoir féin, léirbhreithniú speisialta a dhéanamh, agus, ar an Aire dá iarraidh sin, déanfaidh siad léirbhreithniú speisialta, ar oibriú ordaithe faoi alt 9 den Phríomh-Acht.
(2) Féadfaidh leirbhreithniú speisialta baint a bheith aige le hoibriú ordaithe go hiomlán nó le gnéithe áirithe d'oibriú ordaithe.
(3) Cuirfidh an Coimisiún faoi deara go bhfoilseofar i cibé slí is oiriúnach leo fógra go bhfuil ar intinn acu léirbhreithniú speisialta a dhéanamh agus tabharfaidh siad caoi d'aon duine ar mian leis é chun aighneachtaí a chur faoina mbráid i dtaobh ábhair an léirbhreithnithe; agus sonrófar san fhógra an t-am agus an tslí chun aighneachtaí a dhéanamh.
(4) Nuair a fhoilseoidh an Coimisiún fógra go bhfuil ar intinn acu léirbhreithniú speisialta a dhéanamh, féadfaidh aon duine a iarraidh ar an gCoimisiún an léirbhreithniú a dhéanamh trí fhiosrúchán faoi alt 7 den Phríomh-Acht arna leasú le halt 2 den Acht seo.
(5) Má chinneann an Coimisiún, tar éis dóibh iarratas a fháil faoi fho-alt (4) den alt seo, gan léirbhreithniú speisialta a dhéanamh trí fhiosrúchán faoin alt sin 7, cuirfidh siad in iúl don duine a rinne an t-iarratas na fátha gur chinneadar amhlaidh.
(6) Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar gach léirbhreithniú speisialta a chur faoi bhráid an Aire, agus luafar sa tuarascáil cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh aon iarratas chun an Choimisiúin faoi fho-alt (4) den alt seo, agus, má rinneadh, na fátha gur chinn siad gan géilleadh don iarratas.
(7) Más é tuairim an Choimisiúin gur cheart don Aire an t-ordú is ábhar do léirbhreithniú speisialta a leasú, déanfaidh siad moladh dá réir sin ina dtuarascáil ar an léirbhreithniú agus luafaidh siad inti foirm an ordaithe leasaithigh a mholann siad.
(8) Más é tuairim an Choimisiúin gur cheart don Aire an t-ordú is ábhar do léirbhreithniú speisialta a chúlghairm, déanfaidh siad moladh dá réir sin ina dtuarascáil ar an léirbhreithniú.
Cóipeanna de thuarascála a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
7.—(1) Leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas cóip den tuarascáil a thabharfaidh an Coimisiún ar gach fiosrúchán faoi alt 4 den Acht seo agus ar gach léirbhreithniú speisialta faoi alt 6 den Acht seo.
(2) Is dleathach don Aire tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún aon eolas sa tuarascáil a fhágáil ar lár as an gcóip más dóigh leis go ndéanfadh foilsiú an eolais sin dochar ábhartha do leasa dlisteanacha gnó dhuine ar bith, más rud é nach gá an t-eolas sin chun an tuarascáil a thuiscint go hiomlán.
(3) Leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, i dteannta na cóipe den tuarascáil, ráiteas ag tabhairt cuntais ghinearálta ar aon eolas a fágadh ar lár amhlaidh.
An Príomh-Acht a leasú tuilleadh.
8.—(1) Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht trí “nó faoin bhfo-alt seo” a chur isteach i ndiaidh “faoi fho-alt (1)” i bhfo-alt (2).
(2) Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht trí “(is trí mhí a shuigh Dáil Éireann nó Seanad Éireann trí lá ar a laghad)” a chur isteach i ndiaidh “de thrí mhí” i bhfo-alt (5).
(3) Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht trí “agus oibriú orduithe faoi alt 9” a scrios.
Tagairtí áirithe don Phríomh-Acht a fhorléiriú.
9.—Déanfar na tagairtí don Phríomh-Acht atá i bhfo-mhír (3) de mhír 8 agus i mír 9 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Acht seo.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
10.—(1) Féadfar an tAcht um Chleachtais Srianta Trádála (Leasú), 1959, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar mar aon ní amháin an Príomh-Acht agus an tAcht seo agus féadfar na hAchtanna um Chleachtais Srianta Trádála, 1953 agus 1959, a ghairm díobh le chéile.