[EN]

Uimhir 37 de 1977


[EN]

AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1969 GO 1975.

[21 Nollaig, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1975;

[EN]

ciallaíonn “an tUdarás” an tUdarás Forbartha Tionscail;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhorbairt Tionscail. 1969.

[EN]

Deontais, etc. chun tionscal a athchóiriú.

2.—(1) Chun athchóiriú tionscail a chur ar aghaidh, féadfaidh an tUdarás, i gcás a bhfaighidh gnóthas tionscail gnóthas tionscail eile go léir nó cuid de nó i gcás a gcónascfaidh dhá ghnóthas tionscail nó níos mó, i dteannta na gcumhachtaí a thugtar don Údarás leis na hAchtanna—

[EN]

(a) deontas a thabhairt, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, chun laghdú ar ús is iníoctha ar iasacht a fuarthas i ndáil le fáil nó cónascadh den sórt sin.

[EN]

(b) a ráthú go n-aisíocfar go cuí iomlán príomhshuime, nó cuid de phríomhshuim, aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a gheofar ar iasacht i ndáil le fáil nó cónascadh den sórt sin nó go n-íocfar an t-ús ar an bpríomhshuim sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús sin.

[EN]

(2) Ní thabharfaidh an tUdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, ráthaíocht i leith airgead a gheofar ar iasacht i ndáil le fáil nó cónascadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo i gcás ar mó ná £500,000 méid comhiomlán phríomhshuim aon airgid is ábhar don ráthaíocht.

[EN]

Deontais fhorbartha fiontar, etc.

3.—(1) Chun duine cuí-cháilithe nárbh úinéir, nó nárbh úinéir ar shlí mhór ar bith, roimhe sin, ar ghnóthas tionscail a spreagadh chun gnóthas tionscail a bhunú, féadfaidh an tUdarás, i dteannta na gcumhachtaí a thugtar dó leis na hAchtanna—

[EN]

(a) deontas a thabhairt, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, chun laghdú ar an ús is iníoctha ar iasacht a fuarthas chun caipiteal oibre a sholáthar do ghnóthas den sórt sin,

[EN]

(b) a ráthú go n-aisíocfar go cuí iomlán príomhshuime, nó cuid de phríomhshuim, aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a gheofar ar iasacht i ndáil leis an gcaipiteal oibre do ghnóthas den sórt sin nó go n-íocfar an t-ús ar an bpríomhshuim sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús sin.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh an tUdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, ráthaíocht a thabhairt i leith airgead a gheofar ar iasacht i ndáil le caipiteal oibre do ghnóthas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ná deontas a thabhairt chun laghdú ar an ús is iníoctha ar iasacht a fuarthas chun caipiteal oibre a sholáthar do ghnóthas den sórt sin, i gcás ar mó san iomlán ná £150,000 méid príomhshuime aon airgid is ábhar don ráthaíocht agus méid an deontais is iníoctha chun laghdú ar an ús.

[EN]

Cúnamh ón Údarás do thíortha forfhásacha.

4.—Beidh d'fheidhm ag an Údarás, i dteannta na bhfeidhmeanna a shanntar dó le halt 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1950, agus le halt 11 den Phríomh-Acht, cúnamh de chineál teicniúil nó comhairleach a sholáthar, de réir mar is cuí leis an Aire, do thír fhorfhásach.

[EN]

Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

5.—(1) Leasaítear leis seo alt 17 (2) (a) (a cuireadh isteach leis an Acht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1975) den Phríomh-Acht trí “agus na scaireanna a cheannóidh nó a thógfaidh an tUdarás faoi alt 44 den Acht seo agus na ndeontas ón Údarás faoi alt 2 nó 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1977” a chur isteach i ndiaidh “alt 15 den Acht seo”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 17 (2) (a cuireadh isteach leis an Acht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1975) den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

[EN]

“(b) Ní rachaidh comhiomlán an airgid a bheidh ráthaithe i leith príomhshuime ag an Údarás faoi alt 37 den Acht seo nó faoi alt 2 nó 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1977, agus a bheidh gan aisíoc, agus na n-íocaíochtaí ón Údarás i leith príomhshuime ar scór ráthaíochtaí faoi aon cheann de na hailt sin, thar £100,000,000 tráth ar bith.”.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo alt 17 (arna leasú leis an Acht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1975) den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

[EN]

“(3) (a) Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas faoi alt 12 d'Acht 1952, faoi alt 3 den Acht um Dheontais Tionscail, 1956, agus faoi fho-alt (1) (b) den alt seo (gan aon mhéideanna a áireamh a theastóidh ón Údarás le go bhféadfaidh sé freastal dá oibleagáidí nó dá dhliteanais de bharr ráthaíochtaí faoi alt 37 den Acht seo nó faoi alt 2 nó 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1977) thar £400,000,000.

[EN]

(b) Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh an tAire don Údarás le go bhféadfaidh sé freastal dá oibleagáidí nó dá dhliteanais de bharr ráthaíochtaí faoi alt 37 den Acht seo nó faoi alt 2 nó 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1977, i leith príomhshuime thar £100,000,000.

[EN]

(c) Maidir le ráthaíocht dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo agus san fho-alt roimhe seo in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, glacfar gurb é atá sna tagairtí do phríomhshuim sna míreanna sin tagairtí do mhéid in airgead reatha an Stáit is cóimhéid leis an bpríomhshuim iarbhír, agus an cóimhéid sin a ríomh de réir an mhéid in airgead reatha an Stáit arb é costas na príomhshuime iarbhír é tráth na ráthaíochta a thabhairt.”.

[EN]

Leasú ar alt 20 den Phríomh-Acht.

6.—Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 20 den Phríomh-Acht:

[EN]

“20.—(1) Féadfaidh an tUdarás, le toiliú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil ón Údarás faoi chomhair caiteachais reatha a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí.

[EN]

(2) San alt seo folaíonn ‘caiteachas reatha’ caiteachas ag an Údarás ag feidhmiú aon cheann dá fheidhmeanna, cibé acu is feidhm riaracháin nó feidhm chaipitiúil í.”.

[EN]

Leasú ar alt 39 den Phríomh-Acht.

7.—Leasaítear leis seo alt 39 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

[EN]

“(4) Ní dhéanfaidh an tUdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, deontas oiliúna ná deontais oiliúna is mó san iomlán na £850,000 a thabhairt i leith gnóthais áirithe.”.

[EN]

Leasú ar alt 40 den Phríomh-Acht.

8.—Leasaítear leis seo alt 40 den Phríomh-Acht trí “£50,000” a chur in ionad “£15,000” i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (4), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

“(4)  (a) Faoi réir mhír (b), ní rachaidh méid deontais taighde thar 50 faoin gcéad de chostais cheadaithe an tionscadail iomchuí nó £50,000, cibé suim acu is lú.

(b) Féadfaidh méid deontais taighde dul, le ceadú an Rialtais i gcás áirithe, thar £50,000 de cibé suim a shonróidh an Rialtas sa chás ach ar choinníoll nach rachfar thar an teorainn chéatadáin a shonraítear i mír (a) den fho-alt seo.

(c) San fho-alt seo ciallaíonn ‘costais cheadaithe’, maidir le deontas taighde molta áirithe, an caiteachas sin ag an ngnóthas tionscail nó ag na gnóthais tionscail áirithe is deimhin leis an Údarás a tabhaíodh chun an tionscadal iomchuí a chur chun cinn agus gur caitheadh é—

(i) ag soláthar láithreán nó áitreabh (lena n-áirítear talamh a fháil), ag foirgniú agus ag oiriúnú foirgneamh, agus ag soláthar seirbhísí agus oibreacha eile:

(ii) ag soláthar gléasra, innealra, trealamh agus ábhar;

(iii) ag íoc tuarastal agus pá le daoine a bhí ag gabháil don tionscadal;

(iv) ag íoc táillí nó luach saothair eile le comhairleoirí teicniúla lena ndeachthas i gcomhairle i ndáil leis an tionscadal.”.

[EN]

Leasú ar alt 44 den Phríomh-Acht.

9.—Cuirtear leis seo an méid seo a leanas in ionad alt 44 den Phríomh-Acht:

[EN]

44.—(1) I gcás arb é tuairim an Údaráis go gcomhlíonann gnóthas tionscail ceanglais ailt 33 (3) agus 34 (3) den Acht seo, féadfaidh an tUdarás, as cistí faoina réir—

[EN]

(a) scaireanna a cheannach nó a thógáil, a mhéid is inmhianaithe leis, sa chomhlacht corpraithe ar leis an gnóthas nó a rialaíonn nó a bhainistíonn an gnóthas nó i gcomhlacht corpraithe atá rannpháirteach in úinéireacht, i rialú nó i mbainistí an ghnóthais.

[EN]

(b) comhlachtaí corpraithe den sórt sin a fhoirmiú nó bheith páirteach le daoine eile á bhfoirmiú,

[EN]

ach ní cheannóidh ná ní thógfaidh an tUdarás scaireanna ar bith i gcás a mbeadh de thoradh air sin go mbeadh tromlach na scaireanna i gcomhlacht corpraithe ag an Údarás, mura mbeidh ceannach nó tógáil na scaireanna, mar a bheidh beartaithe, ceadaithe ag an Aire.

[EN]

(2) Is in ainm an Aire Airgeadais a chlárófar scaireanna a cheannóidh nó a thógfaidh an tUdarás faoin alt seo.

[EN]

(3) Déanfar na suimeanna go léir in ionannas díbhinní nó airgid eile a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna a cheannófar nó a thógfar faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

(4) Ní chaithfidh an tUdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, thar £1,000,000 ag ceannach nó ag tógáil scaireanna i gcomhlacht corpraithe áirithe.”.

[EN]

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

10.—Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 6:

[EN]

“6.—(1) Déanfar gnáthshéala an Údaráis, nuair a chuirfear ar dhoiciméad é, a fhianú le síniú beirt chomhaltaí nó le síniú comhalta den Údarás agus oifigigh nó seirbhísigh don Údarás a bheidh údaraithe ag an Údarás gníomhú chuige sin nó le síniú beirt oifigeach nó beirt seirbhíseach don Údarás a bheidh údaraithe amhlaidh.

[EN]

(2) Tabharfaidh na cúirteanna breithiúnais go léir aird bhreithiúnach ar ghnáthshéala an Údaráis, agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an tUdarás agus a bheith séalaithe leis an ngnáthshéala agus a bheith fianaithe de réir na míre seo glacfar i bhfianaise é, agus measfar gurb í an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais, mura suífear a mhalairt.”.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

11.—(1) Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1977, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar na hAchtanna agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 go 1977, a ghairm díobh le chéile.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950     ...     ...

1950, Uimh. 29.

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969     ...     ...     ...

1969, Uimh. 32.

An tAcht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1975     ...     ...

1975, Uimh. 29.