Uimhir 38 de 1935.
ACHT UM CHONGNAMH DHÍOMHAOINTIS (LEASÚ), 1935.
ACHT CHUN AN ACHTA UM CHONGNAMH DHÍOMHAOINTIS, 1933, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [7adh Lúnasa, 1935.]
Mínithe.
1.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933).
(2) Gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht so agus dá dtugtar brí áirithe leis an bPríomh-Acht chun crícheanna an Phríomh-Achta tá leis san Acht so an bhrí tugtar do amhlaidh.
Brí an fhocail “lá” sa Phríomh-Acht.
2.—Chun crícheanna an Phríomh-Achta agus an Achta so ciallóidh an focal “lá” tréimhse de cheithre huaire fichead o mheán oíche go meán oíche no pé tréimhse eile de cheithre huaire fichead a hordófar chun aon chríche, generálta no speisialta.
Tréimhsí leanúnacha díomhaointis.
3.—(1) Chun crícheanna an Phríomh-Achta agus an Achta so déanfar dhá thréimhse dhíomhaointis nách giorra ná sé lá an tréimhse (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do thosnuigh ceachtar tréimhse acu san no iad araon) agus 'na mbeidh eatramh nách sia ná sé seachtaine eatorra d'áireamh mar thréimhse leanúnach dhíomhaointis agus beidh brí dá réir sin leis an abairt “díomhaoin go leanúnach.”
(2) Is i dteanta agus ní hin ionad fo-ailt (2) d'alt 4 den Phríomh-Acht a bheidh an fo-alt deiridh sin roimhe seo.
(3) Ní bheidh congnamh díomhaointis iníoctha, de bhuadh fo-ailt (1) den alt so, alos aon lae roimh dháta an Achta so do rith.
Cleithiúnaithe.
4.—(1) Chun crícheanna an Phríomh-Achta agus an Achta so isiad na daoine seo leanas agus ní haon daoine eile is cleithiúnaithe aon duine áirithe, sé sin le rá:—
(a) bean chéile an duine sin, i gcás agus amháin i gcás í bheith in éin-tigheas leis an duine sin agus gan í bheith ag obair (ar shlí seachas bheith ag gabháil dá gnáth-dhualgaisí tighe) de ghnáth ar págh no ar luach saothair eile, ná ag gabháil d'aon ghnó bhíonn ar siúil de ghnáth chun brabúis do dhéanamh as, ná ag fáil aon phinsin no ioncuim is leor chun a cothuithe, agus
(b) fear céile an duine sin, i gcás agus amháin i gcás é bheith in éin-tigheas leis an duine sin agus á chothú ag an duine sin agus nách féidir do de dheascaibh laige cuirp no aigne é féin do chothú, agus
(c) clann díomhaoin an duine sin (ar a n-áirmhítear leaschlann agus clann go ndearna sé no sí é féin no í féin do chur i loco parentis dóibh) ná fuil ocht mbliana déag slán acu agus gurb é an duine sin a dheineann iad do chothú ar fad no nách mór ar fad no go bhfuil ocht mbliana déag slán acu agus ná fuil seachtó blian slán acu agus nách féidir dóibh de dheascaibh laige cuirp no aigne iad féin do chothú agus gurb é an duine sin a dheineann iad do chothú ar fad no nách mór ar fad, agus
(d) máthair an duine sin, i gcás agus amháin i gcás an duine sin do bheith á cothú ar fad no nách mór ar fad agus gan seachtó blian do bheith slán aici ach gur baintreach í agus nách féidir di de dheascaibh laige cuirp no aigne í féin do chothú no gur breoiteacháin í féin agus a fear céile agus nách féidir dóibh de dheascaibh laige cuirp no aigne iad féin do chothú, agus
(e) athair an duine sin, i gcás agus amháin i gcás an duine sin do bheith á chothú ar fad no nách mór ar fad agus gan seachtó blian do bheith slán aige agus gur breoiteachán é agus nách féidir do de dheascaibh laige cuirp no aigne é féin do chothú, agus
(f) driotháracha agus driofúracha an duine sin atá ina ndilleachtaithe agus ná fuil ocht mbliana déag slán acu agus gurb é an duine sin a dheineann iad do chothú ar fad no nách mór ar fad no go bhfuil ocht mbliana déag slán acu agus ná fuil seachtó blian slán acu agus nách féidir dóibh de dheascaibh laige cuirp no aigne iad féin do chothú agus gurb é an duine sin a dheineann iad do chothú ar fad no nách mór ar fad.
(2) Athghairmtear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht.
(3) Tiocfaidh an t-alt so i bhfeidhm pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire (a húdaruítear leis seo don Aire a dhéanamh).
Oifigigh athchomharc.
5.—(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgid, pé daoine agus pé méid daoine is dóich leis is ceart do cheapadh chun bheith ina n-oifigigh athchomharc chun crícheanna an Phríomh-Achta agus an Achta so, agus beidh gach duine ceapfar amhlaidh i seilbh a oifige mar oifigeach den tsórt san ar pé téarmaí agus coinníollacha agus ar pé luach saothair a chinnfidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.
(2) Féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so, a ordú, le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so, cadé an cleachta agus an nós imeachta leanfaidh oifigigh athchomharc agus iad ag cólíonadh a bhfeidhmeanna fén bPríomh-Acht agus fén Acht so.
(3) San Acht so cialluíonn an abairt “oifigeach athchomharc” oifigeach athchomharc ar n-a cheapadh fén alt so.
Breith do thabhairt ar iarrataisí ar dheimhnithe cáilíochta agus ar cheisteanna eireoidh ina dtaobh.
6.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo isé ghlacfaidh agus a bhreithneoidh gach iarratas ar dheimhniú cáilíochta agus a bhéarfaidh breith ar gach iarratas den tsórt san agus ar gach ceist eireoidh ina thaobh ná oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, agus gach ceist eireoidh i dtaobh deimhnithe cháilíochta no maidir leis tar éis an deimhnithe sin do thabhairt amach is oifigeach um chongnamh dhíomhaointis do bhéarfaidh breith uirthi sin freisin.
Bainfidh an fo-alt so le gach iarratas ar dheimhniú cáilíochta, le gach ceist d'eirigh no eireoidh ina thaobh san agus le gach ceist d'eirigh no eireoidh i dtaobh deimhnithe cháilíochta no maidir leis tar éis an deimhnithe sin do thabhairt amach, pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do rinneadh no déanfar an t-iarratas san no d'eirigh no eireoidh an cheist sin, ach ní bhainfidh le haon chúrsa ar a mbeidh breith tugtha cheana ag oifigeach athchomharc no ag an gCoiste Athchomharc Díomhaointis pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do tugadh an bhreith sin.
(2) Féadfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, más dóich leis san do bheith ceart, aon iarratas no ceist a thiocfaidh fé n-a bhráid chun breithe do thabhairt air fén alt so do chur ar aghaidh chun oifigigh athchomharc in ionad é féin do thabhairt breithe air.
(3) Einne ar a ngoillfe sé oifigeach um chongnamh dhíomhaointis do dhiúltú do ghéilleadh d'iarratas ón duine sin ar dheimhniú cáilíochta no ar a ngoillfidh an bhreith do bhéarfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis fén alt so ar aon chúrsa, féadfaidh, laistigh de lá is fiche ón dáta ar a gcuirfear an diúltú no an bhreith sin in úil do no laistigh de pé am breise (más ann do) a lomhálfaidh an tAire i gcás an duine sin, a cheangal ar oifigeach um chongnamh dhíomhaointis an cúrsa do thuairisciú d'oifigeach athchomharc agus déanfaidh an t-oifigeach san um chongnamh dhíomhaointis an cúrsa san do thuairisciú dá réir sin.
(4) Gach cúrsa cuirfear ar aghaidh chun oifigigh athchomharc no tuairisceofar do fén alt so agus gach ceist eile chífear do d'eirghe i dtaobh iarratais ar dheimhniú cáilíochta no d'eirghe i dtaobh deimhnithe cháilíochta no maidir leis tar éis an deimhnithe sin do thabhairt amach déanfaidh an t-oifigeach athchomharc san iad do bhreithniú agus breith do thabhairt ortha agus, fé réir forálacha an ailt seo, beidh breith an oifigigh athchomharc san ar aon chúrsa thiocfaidh fé n-a bhráid chun breithe do thabhairt air fén alt so ina breith dheiridh gan aon dul tháirse.
(5) Féadfaidh oifigeach athchomharc, más dóich leis san do bheith ceart, aon chúrsa thiocfaidh fé n-a bhráid chun breithe do thabhairt air fén alt so do chur ar aghaidh chun an Choiste Athchomharc Díomhaointis in ionad é féin do thabhairt breithe air.
(6) I gcás oifigigh athchomharc do thabhairt breithe ar aon chúrsa fén alt so féadfaidh an duine le n-a mbainfidh an bhreith sin, má thugann an t-oifigeach athchomharc cead do san do dhéanamh, féadfaidh, laistigh de lá is fiche ón dáta ar a gcuirfear an bhreith sin in iúl do no laistigh de pé am breise (más ann do) a lomhálfaidh an tAire i gcás an duine sin, a cheangal ar oifigeach athchomharc an cúrsa do thuairisciú don Choiste Athchomharc Díomhaointis agus déanfaidh an t-oifigeach athchomharc san an cúrsa san do thuairisciú dá réir sin.
(7) Gach cúrsa cuirfear ar aghaidh chun an Choiste Athchomharc Díomhaointis no tuairisceofar dóibh fén alt so agus gach ceist eile chífear don Choiste d'eirghe i dtaobh iarratais ar dheimhniú cáilíochta no d'eirghe i dtaobh deimhnithe cháilíochta no maidir leis tar éis an deimhnithe sin do thabhairt amach déanfaidh an Coiste sin iad do bhreithniú agus breith do thabhairt ortha agus beidh breith an Choiste sin ar aon chúrsa no ceist den tsórt san ina breith dheiridh gan aon dul tháirse.
(8) Féadfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, oifigeach athchomharc, no an Coiste Athchomharc Díomhaointis tráth ar bith, ar fhíora nua do chur in úil do no dóibh, aon bhreith bheidh tugtha roimhe sin fén alt so no bheidh tugtha roimh dháta an Achta so do rith fé alt 11 den Phríomh-Acht in aon chás áirithe do chlaochló no d'athscrúdú, agus na forálacha san roimhe sin den alt so, maidir le cúrsa do chur ar aghaidh chun oifigigh athchomharc no chun an Choiste Athchomharc Díomhaointis no do thuairisciú do no dhóibh, bainfid leis an gclaochló no leis an athscrúdú san fé mar a bhainid leis an mbreith is abhar don chlaochló no don athscrúdú san.
Déanfar tagairtí sa bhfo-alt so agus sna forálacha ina dhiaidh seo den alt so do bhreith fén alt so do léiriú mar nithe fholuíonn tagairtí do chlaochló no d'athscrúdú fén bhfo-alt so.
(9) Fé réir forálacha an chéad dá fho-alt ina dhiaidh seo, gach claochló no athscrúdú dhéanfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, oifigeach athchomharc no an Coiste Athchomharc Díomhaointis ar aon bhreith bheidh tugtha roimhe sin fén alt so no bheidh tugtha roimh dháta an Achta so do rith fé alt 11 den Phríomh-Acht beidh éifeacht aige ar dháta an chlaochló no an athscrúduithe sin agus on dáta san amach.
(10) Gach claochló no athscrúdú dhéanfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, oifigeach athchomharc no an Coiste Athchomharc Díomhaointis ar aon bhreith bheidh tugtha roimhe sin fén alt so no bheidh tugtha roimh dháta an Achta so do rith fé alt 11 den Phríomh-Acht beidh sé, in aon chás gur tré chalaois no tré cham-thuairisc chalaoisigh do fuarthas deimhniú cáilíochta, fé mar a bheadh éifeacht aige ar dháta agus o dháta na breithe gur dá barr a tugadh amach an deimhniú san.
(11) In aon chás ina ndearna no ina ndéanfaidh sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta (ar a n-áirmhítear deimhniú cáilíochta do tugadh amach roimh dháta an Achta so do rith) aon fhíora no nithe no eolas do choimeád siar no do cheilt go calaoiseach a dhéanfadh an deimhniú san nea-dhleathach no d'fhágfadh an sealbhóir sin gan teideal chun an deimhnithe sin do shealbhú beidh breith oifigigh um chongnamh dhíomhaointis, oifigigh athchomharc no an Choiste Athchomharc Díomhaointis fén alt so fé mar a bheadh éifeacht aici ar an dáta san agus ón dáta san (ar a n-áirmhítear dáta roimh dháta na breithe sin) a cheapfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, oifigeach athchomharc no an Coiste Athchomharc Díomhaointis, do réir mar bheidh.
(12) Má bhíonn breith oifigigh um chongnamh dhíomhaointis, oifigigh athchomharc no an Choiste Athchomharc Díomhaointis éifeachtach, fé cheachtar den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo, ar dháta agus o dháta roimh dháta na breithe sin do thabhairt, ansan, in ainneoin éinní atá sa Phríomh-Acht no san Acht so, tuigfear chun crícheanna an Phríomh-Achta agus an Achta so, másé breith é ná fuil an duine le n-a mbaineann sí i dteideal deimhnithe cáilíochta do bheith aige, gan é bheith ina shealbhóir ar dheimhniú cáilíochta ar dháta ná o dháta na breithe sin do dhul in éifeacht agus, tuigfear chun na gcrícheanna san, másé breith é go bhfuil an duine sin i dteideal deimhnithe cáilíochta do bheith aige, gan é bheith ina shealbhóir ach ar an deimhniú san a bheidh sé i dteideal d'fháil fén mbreith ar dháta agus o dháta na breithe sin do dhul in éifeacht.
(13) I gcás ina ndearna oifigeach um chongnamh dhíomhaointis aon iarratas no ceist do chur ar aghaidh chun an Choiste Athchomharc Díomhaointis fé fho-alt (2) d'alt 11 den Phríomh-Acht roimh dháta an Achta so do rith ach ná dearna an Coiste sin an t-iarratas no an cheist sin do bhreithniú roimh an dáta san, tuigfear gur chuir an t-oifigeach um chongnamh dhíomhaointis sin an t-iarratas no an cheist sin ar aghaidh chun oifigigh athchomharc fé fho-alt (2) den alt so.
(14) Má rinne oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, fé alt 11 den Phríomh-Acht, roimh dháta an Achta so do rith, diúltú d'iarratas ar dheimhniú cáilíochta no breith do thabhairt ar aon cheist beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) i gcás an duine le n-a mbaineann an diúltú no an bhreith sin do cheangal, roimh an dáta san, ar oifigeach um chonghnamh dhíomhaointis an diúltú no an bhreith sin do thuairisciú don Choiste Athchomharc Díomhaointis fé fho-alt (3) den alt san 11, ach ná dearnadh an diúltú no an bhreith sin do thuairisciú amhlaidh roimh an dáta san no go ndearnadh an diúltú no an bhreith sin do thuairisciú ach ná dearna an Coiste sin é do bhreithniú roimh an dáta san, déanfaidh an t-oifigeach san um chongnamh dhíomhaointis, i gcás ná dearnadh an diúltú no an bhreith sin do thuairisciú amhlaidh, an diúltú no an bhreith sin do thuairisciú d'oifigeach athchomharc agus, in aon chás eile, tuigfear go ndearna sé an diúltú no an bhreith sin do thuairisciú amhlaidh;
(b) i gcás an duine sin do bheith, aon am roimh an dáta san, i dteideal, fé fho-alt (3) den alt san 11, a cheangal an diúltú no an bhreith sin do thuairisciú don Choiste sin ach nar fheidhmigh sé an ceart san roimh an dáta san—
(i) scuirfidh an ceart san de bheith infheidhmithe,
(ii) féadfaidh an duine sin, laistigh de lá is fiche roimh an dáta san no laistigh de pé am breise (más ann do) a lomhálfaidh an tAire i gcás an duine sin, a cheangal ar oifigeach um chongnamh dhíomhaointis an diúltú no an bhreith sin do thuairisciú d'oifigeach athchomharc agus leis sin déanfaidh an t-oifigeach san um chongnamh dhíomhaointis an diúltú no an bhreith sin do thuairisciú d'oifigeach athchomharc;
(c) má tuairiscítear diúltú no breith no má tuigtear san do bheith tuairiscithe d'oifigeach athchomharc fén bhfo-alt so tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, an diúltú no an bhreith sin do bheith tuairiscithe don oifigeach athchomharc san fé fho-alt (3) den alt so, agus beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha an ailt seo dá réir sin maidir leis an diúltú no leis an mbreith sin.
(15) Má dheineann oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, roimh dháta an Achta so do rith, deimhniú cáilíochta do cheiliúradh no do leasú fé alt 12 den Phríomh-Acht beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) i gcás sealbhóra an deimhnithe sin a cheangal, roimh an dáta san, ar oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, fé fho-alt (6) den alt san 12, an ceiliúradh no an leasú san do thuairisciú don Choiste Athchomharc Díomhaointis, ach ná dearnadh an ceiliúradh no an leasú san do thuairisciú amhlaidh roimh an dáta san no go ndearnadh an ceiliúradh no an leasú san do thuairisciú amhlaidh ach ná dearna an Coiste sin é do bhreithniú roimh an dáta san, tuairisceofar an ceiliúradh no an leasú san d'oifigeach athchomharc;
(b) i gcás sealbhóra an deimhnithe sin do bheith, aon am roimh an dáta san, i dteideal, fé fho-alt (6) den alt san 12, a cheangal an ceiliúradh no an leasú san do thuairisciú don Choiste sin ach nar fheidhmigh sé an ceart san roimh an Acht so do rith—
(i) scuirfidh an ceart san de bheith infheidhmithe,
(ii) féadfaidh an sealbhóir sin, laistigh de lá is fiche tar éis an dáta san no laistigh de pé am breise (más ann do) a lomhálfaidh an tAire i gcás an duine sin, a cheangal ar oifigeach um chongnamh dhíomhaointis an ceiliúradh no an leasú san do thuairisciú d'oifigeach athchomharc agus leis sin déanfaidh an t-oifigeach san um chongnamh dhíomhaointis an céanna do thuairisciú d'oifigeach athchomharc dá réir sin;
(c) má deintear ceiliúradh no leasú ar dheimhniú cáilíochta do thuairísciú d'oifigeach athchomharc fén bhfo-alt so deighleálfar leis an gceiliúradh no leis an leasú san, chun crícheanna na bhforálacha san roimhe seo den alt so, fé is dá mba chlaochló no athscrúdú ar bhreith maidir leis an deimhniú san é do tuairiscíodh d'oifigeach athchomharc do réir fo-ailt (3) den alt so, agus beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha san dá réir sin.
(16) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gurb iad ceisteanna eireoidh i dtaobh deimhnithe cháilíochta no maidir leis tar éis an deimhnithe sin do thabhairt amach ná iad so leanas—
(a) an leanann sealbhóir an deimhnithe sin de bheith do réir na gcoinníollacha luaidhtear ann;
(b) an tré chalaois no tré cham-thuairisc chalaoisigh do fuarthas an deimhniú san;
(c) an ndearna sealbhóir an deimhnithe sin aon fhíora no nithe no eolas do choimeád siar no do cheilt go calaoiseach a dhéanfadh an deimhniú san neadhleathach no d'fhágfadh an sealbhóir sin gan teideal chun an deimhnithe sin do shealbhú;
(d) aon cheist eile eireoidh i dtaobh an deimhnithe sin no maidir leis tar éis é do thabhairt amach.
(17) Athghairmtear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht.
Deimhnithe cáilíochta do cheiliúradh agus do leasú.
7.—(1) Pé uair a scuirfidh duine is sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta de bheith do réir na gcoinníollacha luaidhtear sa deimhniú san no bheidh acfuinn an duine sin tar éis méaduithe thar an bhfigiúir a luaidhtear sa deimhniú san mar a acfuinn beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfaidh an sealbhóir sin, laistigh de sheacht lá tar éis an scurtha san no tar éis an dáta ar ar tháinig méadú ar an acfuinn sin no, más roimh dháta an Achta so do rith do thárla an scur no an méadú san, laistigh de sheacht lá tar éis an Achta so do rith, an scur san maraon leis an gcúis do bhí leis no an méadú san (pe'ca aca é) do chur in úil d'oifigeach um chongnamh dhíomhaointis,
(b) má thárlann don tsealbhóir sin go dteipfidh air no go dtabharfaidh faillí maidir le déanamh do réir forálacha na míre deiridh sin roimhe seo beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar dhá phúnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.
(2) Pé uair is deimhin le hoifigeach um chongnamh dhíomhaointis no le hoifigeach athchomharc no leis an gCoiste Athchomharc Díomhaointis gur tré chalaois no tré cham-thuairisc chalaoisigh do fuair aon duine áirithe a dheimhniú cáilíochta (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é), beidh an duine dar tugadh amach an deimhniú san (pe'ca ciontuíodh an duine sin i gcionta fé alt 29 den Phríomh-Acht maidir leis an deimhniú san d'fháil no nár ciontuíodh) dí-cháilithe chun aon deimhnithe cháilíochta d'fháil no do shealbhú ar feadh an sé mhí díreach tar éis an dáta ar a gcinnfear ná raibh an duine sin i dteideal an deimhnithe sin d'fháil.
(3) Pé uair a cinnfear go raibh aon duine áirithe gan bheith i dteideal a dheimhnithe cháilíochta d'fháil (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do tugadh amach an deimhniú san) no gan bheith i dteideal deimhnithe cháilíochta do shealbhú den chineál a bheidh á shealbhú aige (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do tugadh amach an deimhniú san) déanfaidh sealbhóir an deimhnithe sin, ar n-a éileamh san air d'oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, an deimhniú san do sheachadadh láithreach don oifigeach san.
(4) Gach duine dá dtárlóidh, ar oifigeach um chongnamh dhíomhaointis d'éileamh air fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo a dheimhniú cáilíochta do sheachadadh, é do theip air an deimhniú san do sheachadadh láithreach don oifigeach san beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.
(5) Má ciontuítear duine i gcionta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo féadfaidh an chúirt a chiontóidh é, más gá san sa chás, pé ordú do dhéanamh, is ceart dar leis an gcúirt, chun a chur in áirithe go ndéanfar an deimhniú cáilíochta gur ina thaobh do rinneadh an cionta san do sheachadadh d'oifigeach um chongnamh dhíomhaointis.
(6) Athghairmtear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht.
Alt 15 den Phríomh-Acht do leasú.
8.—(1) Leasuítear leis seo mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 15 den Phríomh-Acht tré sna focail “a iarr congnamh díomhaointis sa tslí orduithe agus” do chur isteach ann i ndiaidh an fhocail “sin” atá anois sa mhír sin agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(2) Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an mhír seo leanas isteach i bhfo-alt (1) d'alt 15 den Acht san in ionad míre (e) atá anois ann, sé sin le rá:—
“(e) i gcás duine bheidh ina chomhnaí i mbaile-líomatáiste d'iarraidh congnaimh dhíomhaointis, gur duine é do bhí ina ghnáth-chomhnaí sa bhaile-líomatáiste sin ar feadh bliana ar a laighead díreach roimh dháta a iarratais ar chongnamh dhíomhaointis no do bhí ag obair ar feadh trí mhí ar a laighead sa bhaile-líomatáiste sin laistigh den bhliain díreach roimh dháta an iarratais sin.”
(3) Má deintear, de bhithin baile-líomatáiste do leathnú, aon líomatáiste (dá ngairmtear an líomatáiste có-cheangailte sa bhfo-alt so) do chur isteach sa bhaile-líomatáiste sin, ansan, chun crícheanna míre (e) d'fho-alt (1) d'alt 15 den Phríomh-Acht mar a leasuítear san leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, tuigfear, ar dháta an churtha isteach san agus dá éis, comhnaí no fostaíocht sa líomatáiste có-cheangailte roimh an gcur isteach san do bheith ina chomhnaí no ina fostaíocht (pe'ca aca é) sa bhaile-líomatáiste sin.
(4) Má bhíonn áit suidhte i líomatáiste thiocfaidh chun bheith ina bhaile-líomatáiste tar éis an Achta so do rith, ansan, chun crícheanna míre (e) d'fho-alt (1) d'alt 15 den Phríomh-Acht mar a leasuítear san le fo-alt (2) den alt so, tuigfear comhnaí no fostaíocht san áit sin sarar tháinig an áit sin chun bheith curtha isteach i mbaile-líomatáiste do bheith, ar dháta an churtha isteach san agus dá éis, ina chomhnaí no ina fostaíocht (pe'ca aca é) i mbaile-líomatáiste faid a leanfaidh an líomatáiste sin de bheith ina bhaile-líomatáiste.
(5) Leasuítear leis seo mír (f) d'fho-alt (1) d'alt 15 den Phríomh-Acht tré sna focail “cheithre bliana árachais, do réir bhrí na nAchtanna san,” do chur sa mhír sin in ionad na bhfocal “cheithre bliana” atá anois inte, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(6) Tiocfaidh an t-alt so i bhfeidhm pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire (a húdaruítear leis seo don Aire a dhéanamh).
Dí-cháilíocht maidir le congnamh díomhaointis d'fháil.
9.—(1) Beidh duine dí-cháilithe chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil—
(a) faid a bheidh sé ina chomhnaí, pe'ca go sealadach no go buan é, lasmuich de Shaorstát Éireann; no
(b) faid a bheidh sé fé phríosúntacht no fé choinneáil in aon phríosún no áit choinneála eile coimeádtar suas ar fad no go leathrannach as airgead puiblí; no
(c) faid a bheidh sé ina iostaí in aon fhundúireacht a coimeádtar suas ar fad no go leathrannach as airgead puiblí no as airgead údaráis áitiúla; no
(d) faid a bheidh sé ag fáil no i dteideal—
(i) pinsin fé alt 6 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932 (Uimh. 18 de 1932), no
(ii) aon liúntais bhreoiteachta no mhí-ábaltachta fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1934, no
(iii) aon tsochair fé scéim speisialta fé alt 18 den Unem- ployment Insurance Act, 1920, no fé alt 19 den Acht san no fé scéim bhreise fé alt 20 den Acht san, no
(iv) aon phinsin fé aon achtachán do rith an tOireachtas (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) ag déanamh socruithe i dtaobh pinsean do bhaintreabhacha agus dilleachtaithe áirithe.
(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 16 den Phríomh-Acht.
Toirmeasc ar chongnamh dhíomhaointis agus ar shochar dhíomhaointis d'íoc i dteanta chéile.
10.—Ní bheidh congnamh díomhaointis agus sochar díomhaointis fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1933, iníoctha alos an lae no na laetheanta céanna.
Alt 17 den Phríomh-Acht do leasú.
11.—(1) Leasuítear leis seo fo-alt (2) d'alt 17 den Phríomh-Acht tríd an bhfocal “scilling” do chur isteach ann in ionad na bhfocal “dhá scilling” i ngach áit ina bhfuil na focail sin sa bhfo-alt san, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt so i bhfeidhm pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire (a húdaruítear leis seo don Aire a dhéanamh).
Saoirse ón oblagáid breith do thabhairt ar iarrataisí ar chongnamh dhíomhaointis i gcásanna áirithe.
12.—Má tugadh mar bhreith ná raibh sealbhóir dheimhnithe cháilíochta do réir an choinníll reachtúla atá i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 15 den Phríomh-Acht, ansan, aon iarratas ina dhiaidh sin a dhéanfaidh an sealbhóir sin ar chongnamh dhíomhaointis roimh dheireadh sé seachtaine ón dáta ar a raibh an sealbhóir sin gan bheith do réir an choinníll reachtúla san ní gá breith do thabhairt air fé alt 20 den Phríomh-Acht.
Alt 20 den Phríomh-Acht do leasú.
13.—(1) Leasuítear leis seo fo-alt (3) d'alt 20 den Phríomh-Acht tré sna focail “agus sa tslí orduithe” atá anois ann do scriosadh amach, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(2) Másé thiocfaidh as an ngníomh a dhéanfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis do réir molta chuirfidh cúirt réiteoirí chuige fé alt 20 den Phríomh-Acht, no as breith bhéarfaidh an Moltóir fén alt san, no as claochló no athscrúdú dhéanfaidh aon oifigeach den tsórt san no an Moltóir fén alt san ar aon bhreith bheidh tugtha roimhe sin ná congnamh díomhaointis do lomháladh roimhe sin (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) do dhiúltú no do laigheadú beidh éifeacht ag na forálacha so leanas—
(a) i gcás inar deimhin leis an oifigeach san um chongnamh dhíomhaointis no leis an Moltóir (pe'ca aca é), maidir leis an mbreith bhunaidh, gur toisc no de dhruim aon ráitis no plé cúise (pe'ca tré scríbhinn no tré bhréithre béil é) do rinne an duine le n-a mbaineann an bhreith bhunaidh sin agus dob' eol don duine sin do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do tugadh an bhreith sin, no gur toisc no de dhruim an duine sin do cheilt aon fhíora táchtacha tugadh í, beidh éifeacht ag an ngníomh, ag an mbreith, ag an gclaochló no ag an athscrúdú san (pe'ca ciontuíodh an duine sin i gcionta fé alt 29 den Phríomh-Acht no fén alt san, mar atá san leasuithe leis an Acht so, maidir leis an ráiteas, leis an bplé cúise no leis an gceilt sin no nár ciontuíodh) ón dáta thug an t-oifigeach um chongnamh dhíomhaointis an bhreith bhunaidh no o pé dáta (más ann do) níos déanaí ná san, a shocróidh an Moltóir i gcás breithe do thug no claochló no athscrúduithe do rinne an Moltóir, no shocróidh an t-oifigeach um chongnamh dhíomhaointis in aon chás eile;
(b) in aon chás eile, beidh éifeacht ag an ngníomh, ag an mbreith, ag an gclaochló no ag an athscrúdú san o dháta a dhéanta no a tugtha.
Alt 29 den Phríomh-Acht do leasú.
14.—Leasuítear leis seo alt 29 den Phríomh-Acht tré sna focail “no má dheineann, chuige sin, éinní táchtach do cheilt” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “in aon phonc táchtach” atá anois san alt san, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
Baint ailt 30 den Phríomh-Acht.
15.—Bainfidh alt 30 den Phríomh-Acht le cionta fé alt 29 den Phríomh-Acht, mar a leasuítear san leis an Acht so, no fé fho-alt ar bith den Acht so fé mar a bhaineann sé le cionta fé alt ar bith den Phríomh-Acht.
Forálacha i gcás congnaimh dhíomhaointis do dheonadh do dhuine bheidh ag fáil fóirithine allamuich.
16.—(1) I gcás—
(a) údaráis um chongnamh phuiblí do dheonadh fóirithine alos aon tréimhse (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é), ar shlí seachas i bhfundúireacht, do dhuine no mar gheall ar dhuine atá i dteideal chongnaimh dhíomhaointis ach ná fuil ag fáil íocaíochtaí alos an chéanna an tráth san, agus
(b) na fóirithine sin do bheith níos mó ná an méid a deonfaí don duine sin dá mbeadh sé ag fáil íocaíochta alos congnaimh dhíomhaointis, agus
(c) aon tsuime (dá ngairmtear an riaráiste sa bhfo-alt so) fhásfaidh in aghaidh coda ar bith den tréimhse sin alos congnaimh dhíomhaointis do theacht ina dhiaidh sin chun bheith iníoctha leis an duine sin, agus
(d) an údaráis sin um chongnamh phuiblí do dheimhniú don Aire, sara n-íocfar an riaráiste leis an duine sin, cadé an méid (dá ngairmtear an bhreis sa bhfo-alt so) d'íoc an t-údarás san um chongnamh phuiblí amhlaidh sa mbreis in aghaidh na tréimhse gur ina haghaidh d'fhás an riaráiste sin,
féadfaidh an tAire méid nách mó ná méid na breise do bhaint as an riaráiste agus déanfaidh, sa chás san, an méid a bainfear amhlaidh d'íoc leis an údarás san um chongnamh phuiblí.
(2) San alt so cialluíonn an abairt “údarás um chongnamh phuiblí” an t-údarás áitiúil ar a gcuirtear mar chúram, le haon achtachán no dá réir, na dlithe bhaineann le fóirithin na mbocht in aon líomatáiste áirithe do riaradh.
Ionadaíocht do dhaoine atá as a meabhair agus do dhaoine atá marbh.
17.—Féadfaidh an tAire, le rialacháin fén Acht so, a shocrú go gceapfar duine chun aon tsuimeanna do ghlacadh, thar ceann iarratasóra no mar ionadaí d'iarratasóir ar chongnamh dhíomhaointis a thiocfaidh chun bheith ina dhuine nách slán meabhair no gheobhaidh bás, is suimeanna bheidh iníoctha leis no ina thaobh i bhfuirm chongnaimh dhíomhaointis.
Bean no fear ciontathóra do bheith ina fhínné inniúil in imeachta dlí.
18.—In ainneoin éinní atá in alt 1 den Acht Breithiúnais Choiriúla (Fianaise), 1924 (Uimh. 37 de 1924), féadfar bean no fear duine bheidh á chúiseamh i gcionta fé alt ar bith den Phríomh-Acht, no den Phríomh-Acht mar a leasuítear san leis an Acht so, no fé fho-alt ar bith d'alt den Acht so do ghlaoch mar fhínné ar thaobh an chúisimh no ar thaobh na cosanta agus san gan cead an duine bheidh á chúiseamh.
Rialacháin.
19.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú no ag ordú éinní no aon ruda a húdaruítear go soiléir leis an Acht so a ordú no a shocrú le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.
(2) Gach rialachán a déanfar fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.
Costaisí.
20.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.
Gearr-theideal agus luadh.
21.—Féadfar an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935, do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 agus 1935, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.