[EN]

Uimhir 38 de 1958.


[EN]

AN tACHT UM LEASÚ AN DLÍ (DÍOBHÁLA PEARSANTA), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHUR DEIREADH LE COSAINT NA COMHFHOSTAÍOCHTA. [23 Nollaig, 1958.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Ní cosaint comhfhostaíocht.

1.—(1) San alt seo folaíonn “díobhála pearsanta” aon ghalar agus aon dochar do staid choirp nó mheabhrach dhuine, agus forléireofar “díobhálaithe” dá réir sin.

[EN]

(2) Ní cosaint d'fhostóir a agrófar i leith díobhála pearsanta a tharla de dheasca faillí dhuine ina fhostaíocht gur i gcomhfhostaíocht leis an duine díobhálaithe a bhí an duine sin an tráth a tharla na díobhála.

[EN]

(3) Beidh aon fhoráil i gconradh seirbhíse nó printíseachta nó i gcomhaontú a chomhghabhann leis an gconradh sin (lena n-áirítear conradh nó comhaontú a rinneadh roimh an Acht seo a rith) ar neamhní sa mhéid go mbeadh d'éifeacht aici eisiamh nó teorainniú a dhéanamh ar aon dliteanas de chuid an fhostóra i leith díobhála pearsanta a tharla don duine ar fostú nó ar printíseacht de dheasca faillí dhaoine i gcomhfhostaíocht leis.

[EN]

(4) Ní bheidh cosaint na comhfhostaíochta ag an Aire Airgeadais in aon imeachtaí ina choinne faoi alt 170 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933), nó faoi alt 7 den Acht Díobhála Marfacha, 1956 (Uimh. 3 de 1956).

[EN]

Forálacha maidir le himeachtaí dlíthiúla atá ar feitheamh.

2.—Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir d'aon imeachtaí dlíthiúla a tosaíodh roimh dháta an Achta seo a rith.

[EN]

Athghairm.

3.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

[EN]

Gearrtheideal.

4.—Féadfar an tAcht um Leasú an Dlí (Díobhála Pearsanta), 1958, a ghairm den Acht seo.

[EN]

AN SCEIDEAL.

Achtacháin a Athghairmtear.

Alt 3.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

43 & 44 Vic. c. 42.

Employers' Liability Act, 1880.

An tAcht iomlán.

Uimh. 47 de 1923.

An tAcht um Dhlithe atá ag Dul in Eag, 1923.

Sa Chéad Sceideal, na sonraí a bhaineas leis an Employers' Liability Act, 1880.