[EN]

Uimhir 38 de 1961.


[EN]

ACHT NA gCÚIRTEANNA (BUNÚ AGUS COMHDHÉANAMH), 1961

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT CHUN CÚIRT ACHOMHAIRC DHEIRIDH, AN CHÚIRT ACHOMHAIRC CHOIRIÚIL AGUS CÚIRTEANNA CÉADCHÉIME A BHUNÚ, DE BHUN AIRTEAGAL 34 DEN BHUNREACHT, CHUN COMHDHÉANAMH NA gCÚIRTEANNA SIN A SHONRÚ, CHUN SOCRÚ A DHÉANAMH FAOI SCARADH LE hOIFIGÍ BREITHIÚNACHA AGUS FOLÚNTAIS IONTU A LÍONADH, AGUS, DE BHUN AIRTEAGAL 58 DEN BHUNREACHT, CHUN NA CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS ÉAGSÚLA A LUAITEAR SAN AIRTEAGAL SIN A DHÍBHUNÚ AGUS OIFIGÍ BREITHIÚNA NA gCÚIRTEANNA SIN A DHÍCHUR. [16 Lúnasa, 1961.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Bunú agus comhdhéanamh na Cúirte Uachtaraí.

1.—(1) I dtosach feidhme an Achta seo, beidh an Chúirt Achomhairc Dheiridh, dar teideal de bhun Airteagal 34 den Bhunreacht An Chúirt Uachtarach (The Supreme Court), arna bunú.

[EN]

(2) Beidh an Chúirt Uachtarach comhdhéanta de na breithiúna seo a leanas—

[EN]

(a) uachtarán na cúirte sin, eadhon, An Príomh-Bhreitheamh (The Chief Justice), agus

[EN]

(b) cibé líon (nach lú ná ceathrar) gnáth-bhreithiúna (a ngairfear de gach duine acu “Breitheamh den Chúirt Uachtarach” (“Judge of the Supreme Court”)) a shocrófar ó am go ham le hAcht ón Oireachtas.

[EN]

(3) Is breitheamh breise den Chúirt Uachtarach ex officio Uachtarán na hArd-Chúirte

[EN]

(4) Más rud é, toisc breitheamh den Chúirt Uachtarach a bheith breoite nó ar chúis ar bith eile, nach mbeidh leorlion breithiúna den Chúirt Uachtarach ar fáil chun gnó na Cúirte sin a dhéanamh, féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh a iarraidh ar ghnáth-bhreitheamh nó gnáth-bhreithiúna ar bith den Ard-Chúirt suíle linn éisteacht aon achomhairc chun na Cúirte Uachtaraí nó aon ábhair eile is intriailte ag an gCúirt Uachtarach, agus aon bhreitheamh a n-iarrfar sin air amhlaidh suífidh sé le linn éisteacht an achomhairc nó an ábhair eile sin agus beidh sé ina bhreitheamh breise den Chúirt Uachtarach i leith an achomhairc nó an ábhair eile sin.

[EN]

Bunú agus comhdhéanmh na hArd-Chúirte.

2.—(1) I dtosach feidhme an Achta seo, beidh an Chúirt Chéadchéime ar a dtugtar an Ard-Chúirt (The High Court) in Airteagal 34 den Bhunreacht arna bunú.

[EN]

(2) Beidh an Ard-Chúirt comhdhéanta de na breithiúna seo a leanas—

[EN]

(a) uachtarán na cúirte sin, dá ngairfear “Uachtarán na hArd-Chúirte” (“The President of the High Court”), agus

[EN]

(b) cibé líon gnáth-bhreithiúna (a ngairfear de gach duine acu “Breitheamh den Ard-Chúirt” (“Judge of the High Court”)) a shocrófar ó am go ham le hAcht ón Oireachtas.

[EN]

(3) Is breitheamh breise den Ard-Chúirt ex officio an Príomh-Bhreitheamh.

[EN]

(4) Is breitheamh breise den Ard-Chúirt ex officio Uachtarán na Cúirte Cuarda.

[EN]

(5) (a) Más rud é, toisc breitheamh den Ard-Chúirt a bheith breoite nó ar chúis ar bith eile, nach mbeidh leorlíon breithiúna den Ard-Chúirt ar fáil chun gnó na Cúirte sin a dhéanamh nó, mar gheall ar an méid gnó atá le déanamh san Ard-Chúirt nó ar chúis ar bith eile de bharr staid an ghnó sa Chúirt sin, gurb oircheas an líon breithiúna atá ar fáil chun críocha na hArd-Chúirte a mhéadú go sealadach, féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh, ar Uachtarán na hArd-Chúirte dá iarraidh sin air, a iarraidh ar ghnáth-bhreitheamh ar bith den Chúirt Uachtarach suí san Ard-Chúirt mar bhreitheamh breise di, agus gach gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach a n-iarrfar sin air amhlaidh suífidh sé san Ard-Chúirt.

[EN]

(b) Aon uair a shuífidh gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach san Ard-Chúirt de bhun an fho-ailt seo, beidh sé ina bhreitheamh breise den Ard-Chúirt chun críocha uile na Cúirte sin.

[EN]

Bunú agus comhdhéanamh na Cúirte Achomhairc Choiriúil.

3.—(1) I dtosach feidhme an Achta seo, beidh Cúirt Achomhairc, dar teideal An Chúirt Achomhairc Choiriúil (The Court of Criminal Appeal), arna bunú.

[EN]

(2) Chun aon achomharc áirithe is intriailte ag an gCúirt Achomhairc Choiriúil a éisteacht agus a chinneadh, déanfar an Chúirt Achomhairc Choiriúil a chomóradh de réir orduithe a thabharfaidh an Príomh-Bhreitheamh, agus beidh an Chúirt comhdhéanta go cuí má bhíonn triúr breitheamh ar a laghad inti agus—

[EN]

(a) gur duine acu—

[EN]

(i) an Príomh-Bhreitheamh, nó

[EN]

(ii) gnáth-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach arna ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh, agus

[EN]

(b) gurb iad an bheirt eile—

[EN]

(i) beirt ghnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt arna n-ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh, nó

[EN]

(ii) Uachtarán na hArd-Chúirte, i gcás é dá ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh agus é a bheith toilteanach gníomhú, agus gnáth-bhreitheamh amháin den Ard-Chúirt arna ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh,

[EN]

ach féadfaidh breitheamh nó breithiúna ar bith eile a bheidh ar fáil den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt freastal mar chomhalta nó comhaltaí den Chúirt, ar an bPríomh-Bhreitheamh dá iarraidh sin.

[EN]

Bunú agus comhdhéanamh na Cúirte Cuarda.

4.—(1) I dtosach feidhme an Achta seo, beidh Cúirt Chéadchéime, dar teideal An Chúirt Chuarda (The Circuit Court), arna bunú.

[EN]

(2) Beidh an Chúirt Chuarda comhdhéanta de na breithiúna seo a leanas—

[EN]

(a) breitheamh, dá ngairfear “Uachtarán na Cúirte Cuarda” (“The President of the Circuit Court”), agus

[EN]

(b) cibé líon gnáth-bhreithiúna (a ngairfear de gach duine acu “Breitheamh den Chúirt Chuarda” (Judge of the Circuit Court”)) a shocrófar ó am go ham le hAcht ón Oireachtas.

[EN]

Bunú agus comhdhéanamh na Cúirte Dúiche.

5.—(1) I dtosach feidhme an Achta seo; beidh Cúirt Chéadchéime, dar teideal An Chúirt Dúiche (The District Court), arna bunú.

[EN]

(2) Beidh an Chúirt Dúiche comhdhéanta de na breithiúna seo a leanas—

[EN]

(a) breitheamh dá ngairfear “Uachtarán na Cúirte Dúiche” (“The President of the District Court”), agus

[EN]

(b) cibé líon de bhreithiúna eile (a ngairfear de gach duine acu “Breitheamh den Chúirt Dúiche” (“Justice of the District Court”)) a shocrófar ó am go ham le hAcht ón Oireachtas.

[EN]

Scaradh le hoifig bhreithiúnach agus líonadh folúntais.

6.—(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “oifig bhreithiúnach” oifig arb í oifig í—

[EN]

(a) oifig an Phríomh-Bhreithimh, Uachtarán na hArd-Chúirte, ghnáth-bhreithimh den Chúirt Uachtarach, ghnáthbhreithimh den Ard-Chúirt, Uachtarán na Cúirte Cuarda nó ghnáth-bhreithimh den Chúirt Chuarda, nó

[EN]

(b) oifig Uachtarán na Cúirte Dúiche nó bhreithimh den Chúirt Dúiche.

[EN]

(2) Féadfaidh duine ar bith scaradh le hoifig bhreithiúnach a bheidh ar seilbh aige trína éirí as oifig a chur in iúl i scríbhinn faoina láimh a bheidh dírithe chun an Uachtaráin agus a chuirfear chun an Taoisigh.

[EN]

(3) Aon duine a mbeidh oifig bhreithiúnach ar seilbh aige scarfaidh sé leis an oifig sin ar é a cheapadh, lena thoiliú, d'oifig bhreithiúnach eile.

[EN]

(4) Gach duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ina bhreitheamh d'aon chúirt bhreithiúnais dá luaitear in Airteagal 58 den Bhunreacht, scarfaidh sé leis an oifig a bhí ar seilbh aige ar é a cheapadh, lena thoiliú, d'oifig bhreithiúnach.

[EN]

(5) Measfar gach Cúirt acu seo a leanas, eadhon, an Chúirt Uachtarach, an Ard-Chúirt agus an Chúirt Chuarda, a bheith comhdhéanta go cuí le linn agus d'ainneoin aon fholúntais in oifig aon bhreithimh den Chúirt sin.

[EN]

(6) Measfar an Chúirt Dúiche a bheith comhdhéanta go cuí le linn agus d'ainneoin aon fholúntais in oifig Uachtarán na Cúirte sin nó in oifig aon bhreithimh di.

[EN]

(7) I gcás oifig bhreithiúnach a bheith folamh, féadfar duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh.

[EN]

Na cúirteanna a luaitear in Airteagal 58 den Bhunreacht a scor de dhlínse a oibriú, na cúirteanna sin a dhíbhunú agus oifigi breithiúna na gcúirteanna sin a dhíchur.

7.—(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “na cúirteanna do láthair” na cúirteanna breithiúnais éagsúla a luaitear in Airteagal 58 den Bhunreacht.

[EN]

(2) I dtosach feidhme an Achta seo, scoirfidh na cúirteanna do láthair de dhlínse ar bith a oibriú.

[EN]

(3) Nuair a bheidh gach duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, i seilbh oifig bhreithimh d'aon cheann de na cúirteanna do láthair tar éis scaradh leis an oifig sin—

[EN]

(a) scoirfidh na cúirteanna do láthair de bheith ar bun,

[EN]

(b) beidh gach oifig acu sin arna díchur.

[EN]

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

8.—(1) Féadfar Acht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh), 1961, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar cibé dáta a shocrófar chuige sin le hordú ón Rialtas.