[EN]

Uimhir 39 de 1933.


[EN]

ACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE (UIMH. 2), 1933.


ACHT CHUN FO-AILT (1) D'ALT 3 DEN ACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1933, DO LEASÚ. [13adh Deire Fómhair, 1933.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Alt 3 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933, do leasú.

1.—(1) Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 3 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 8 de 1933), do leasú tré sna figiúirí agus na focail “an 31adh lá de Dheire Fómhair, 1933,” do chur in ionad na bhfocal “mí tar éis dáta an Achta so do rith” atá sa bhfo-alt san anois, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag an alt so agus tuigfear go raibh éifeacht aige o dháta an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1933, do rith.

[EN]

Gearr-theideal.

2.—Féadfar an tAcht um Iompar ar Bhóithre (Uimh. 2), 1933, do ghairm den Acht so.