[EN]

Uimhir 39 de 1947


[EN]

AN tACHT UM AN ACHT SOLÁTHAIRTÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (FORÁLA SEALADACHA), 1946 (BUANÚ), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'FHAIDIÚ NA TRÉIMHSE A BHEAS AN tACHT SOLÁTHAIRTÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (FORÁLA SEALADACHA), 1946, I bhFEIDHM. [17ú Nollaig, 1947.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Uimh. 22 de 1946).

[EN]

An Príomh-Acht a bhuanú.

2.—(1) Mura bhforceanntar roimhe sin é faoi fho-alt (2) den alt seo, leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1948, agus raghaidh in éag ansin mura gcinne an tOireachtas a mhalairt.

[EN]

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, a dhearbhú go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta sonraithe, is é sin, roimh an 31ú lá de Nollaig, 1948, agus sa chás sin raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin.

[EN]

(3) Athghairmtear leis seo fo-ailt (3) agus (4) d'alt 16 den Phríomh-Acht.

[EN]

Gearrtheideal.

3.—Féadfar an tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhís (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú), 1947, a ghairm den Acht seo.