Uimhir 40 de 1936.
ACHT UM AER-LOINGSEOIREACHT AGUS AER-IOMPAR, 1936.
CUID I
Roimhraiteach agus Generalta.
Gearr-theideal.
1.—Féadfar an tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936, do ghairm den Acht so.
Mínithe.
2.—(1) San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;
cialluíonn an abairt “Convensiún Pharis” an Convensiún Eadarnáisiúnta, i dtaobh aer-loingseoireacht do rialáil, do rinneadh i bParis an 13adh lá de Dheireadh Fómhair, 1919, agus foluíonn sí aon leasú ar an gConvensiún san a déanfar fé Airtiogal 34 de;
cialluíonn an abairt “Convensiún Warsaw” an Convensiún Eadarnáisiúnta, chun ionannú do dhéanamh ar rialacha áirithe maidir le hiompar eadarnáisiúnta d'aer, do sighníodh i Warsaw an 12adh lá de Dheireadh Fómhair, 1929, agus do tháinig i bhfeidhm maidir le Saorstát Éireann an 19adh lá de Mhí na Nodlag, 1935;
cialluíonn an abairt “Convensiún na Róimhe” an Convensiún Eadarnáisiúnta, chun ionannú do dhéanamh ar rialacha áirithe maidir le damáiste dhéanfaidh aer-árthaighe do threas-pháirtithe ar an talamh, do sighníodh sa Róimh an 29adh lá de Bhealtaine, 1933, agus foluíonn sí aon leasú ar an gConvensiún san go bhfuil Saorstát Éireann páirteach ann;
foluíonn an focal “aer-árthach” gach ballún, pe'ca ceangailte no saor dó, eitleog, sceideog, aer-long agus inneall eitill;
cialluíonn an focal “aer-long” aer-árthach úsáideann geas is éadtruime ná an t-aer chun é do choimeád suas, agus ina bhfuil gléas tiomána;
cialluíonn an focal “ballún” aer-árthach úsáideann geas is éadtruime ná an t-aer chun é do choimeád suas, agus ná fuil aon ghléas tiomána ann;
foluíonn an focal “muir-phlána” bád eitill agus aon aer-árthach eile atá ceaptha chun gluaiseacht ar an uisce;
cialluíonn an abairt “aer-árthach Stáit” aer-árthach míleata agus gach aer-árthach ná húsáidtear ach i seirbhísí Stáit, ar a n-áirmhítear seirbhísí puist, custum agus póilíneachta;
cialluíonn an abairt “aer-árthach le Saorstát Éireann” aerárthach atá cláruithe i Saorstát Éireann;
cialluíonn an abairt “aer-árthach coigríche” aer-árthach atá cláruithe i dtír seachas Saorstát Éireann;
foluíonn an focal “earraí” postanna agus ainmhithe;
cialluíonn an focal “aerodróm” aon líomatáiste cinnte teoranta (agus uisce d'áireamh) atá ceaptha chun a úsáidthe, i bpáirt no go hiomlán, chun aer-árthaighe do thúirling ann no d'imeacht as no maidir leis sin;
foluíonn an focal “talamh” talamh atá fé uisce, aon chuan, aon pháirt d'uiscí tíriúla Shaorstáit Éireann, imeall trágha, aon éasáid, ceart uisce, ceart iascaigh no ceart eile de shaghas ar bith i dtalamh no uisce no ar an gcéanna no maidir leis, ach ní fholuíonn talamh is le Saorstát Éireann de bhuadh Airtiogail 11 den Bhunreacht;
foluíonn an abairt “polasaí árachais” nóta díona;
cialluíonn an abairt “an Chuideachta” an Chuideachta atá le bunú agus le clárú fé Chuid VIII den Acht so;
cialluíonn an abairt “fo-chuideachta” cuideachta aer-iompair ina bhfuil breis agus leath a scair-chaipitail eisithe ar seilbh ag an gCuideachtain;
cialluíonn an abairt “údarás áitiúil” cólucht—
(a) is comhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile, no
(b) is comhairle chontae, no
(c) is comhairle bhailecheanntair;
tá na bríonna céanna leis na habairtí “údarás coimeádais” agus “údarás cuain” atá leis na habairtí “conservancy authority” agus “harbour authority” fé seach in alt 742 den Merchant Shipping Act, 1894;
i ngach áit ina bhfuil an focal “orduithe” i gCuid II den Acht so cialluíonn sé orduithe le hordú ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén gCuid sin II;
cialluíonn an focal “orduithe” (ach amháin i gCuid II den Acht so) orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.
(2) Mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt déanfar tagairtí san Acht so do thír no do crích ar bith (le n-a n-áirmhítear Saorstát Éireann) do léiriú mar nithe fholuíonn tagairt do sna huiscí tíriúla (más aon cheann é) atá in aice na tíre no na críche sin.
Feidhm an Achta maidir le haerárthaighe Stáit.
3.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní bhainfidh an tAcht so (ach amháin Cuid III dhe) le haon aer-árthach Stáit.
(2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle a ordú, le hordú, go mbainfidh pé forálacha den Acht so (ach amháin Cuid III dhe), no d'aon ordú no rialacháin a déanfar fé a luadhfar san ordú san, go mbainfid, go n-atharú no gan atharú, le haer-árthaighe Stáit, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san agus a bheidh sé i bhfeidhm beidh feidhm dlí i Saorstát Éireann ag pé forálacha acu san a luadhfar san ordú san, ach san fé réir pé atharuithe (más aon cheann é) a luadhfar san ordú san.
Cosaint d'údaráis tighe sholuis.
4.—Ní dhéanfaidh éinní san Acht so, ná in aon ordú ná rialachán a déanfar fé, dochar ná deifir do chearta, do chomhachta ná do phríbhléidí aon údaráis tighe sholuis, generálta ná áitiúil.
Forálacha generálta maidir le hOrduithe dhéanfaidh an Ard-Chomhairle.
5.—(1) Féadfar ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so do chur i mbaint le haon aer-árthach i Saorstát Éireann no os a chionn no le haer-árthaighe le Saorstát Éireann pé áit ina mbeid.
(2) Féadfar, le hordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so, a údarú don Aire rialacháin do dhéanamh chun crícheanna an orduithe sin do chólíonadh maidir le pé nithe agus rudaí luadhfar san ordú san.
(3) Ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so féadfaidh pé forálacha, có-ghabhálach agus breise agus iarmartach, a bheith ann a chífear don Ard-Chomhairle is gá no is oiriúnach chun crícheanna an orduithe sin.
(4) Féadfar, le hordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so, a fhoráil gur cionta is intrialta ar an slí achmair aon bhriseadh no sárú déanfar ar an ordú san agus a ordú cadiad na pionóisí fhéadfaidh cúirteanna dlighinse achmaire a chur ar dhaoine chiontóidh na cúirteanna san in aon chionta den tsórt san, ach san i slí nach mó aon phionós den tsórt san ná príosúntacht ar feadh téarma de shé mhí no fíneáil de dhá chéad punt no an phríosúntacht agus an fhíneáil sin le chéile.
(5) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú fén bhfo-alt so, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta ag an Ard-Chomhairle fén Acht so, le n-a n-áirmhítear ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so.
(6) Gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so leagfar é fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche shuidhfidh Dáil Éireann tar éis an orduithe sin do leagadh amhlaidh fé bhráid Dháil Éireann, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.
Rialacháin.
6.—Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh—
(a) i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so (ach amháin i gCuid II dhe) mar ní no mar rud atá orduithe;
(b) i dtaobh éinní no aon ruda go n-údarófar don Aire ina thaobh, le hordú ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén Acht so, rialacháin do dhéanamh chun crícheanna an orduithe sin do chólíonadh;
(c) i dtaobh éinní no aon ruda a húdaruítear don Aire leis an Acht so d'ordú le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so.
Táillí.
7.—Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na táillí uile is iníoctha fén Acht so, sé sin le rá:—
(a) déanfar na táillí sin do bhailiú in airgead agus do thógaint i pé slí ordóidh an tAire Airgid o am go ham, agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire Airgid; agus
(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices (Fees) Act, 1879, maidir leis na táillí sin.
An Air Navigation Act, 1920, d'ath-ghairm.
8.—Athghairmtear leis seo an Air Navigation Act, 1920.
Costaisí.
9.—Déanfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire Airgid chun an Achta so d'fheidhmiú agus, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire Dlí agus Cirt, an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, an tAire Puist agus Telegrafa, agus an tAire amhlaidh, déanfar iad d'íoc, mara ndeintear socrú eile ina dtaobh fén Acht so, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
CUID II.
Foralácha I dTaobh Chonvensiún Pharis.
Comhacht chun éifeacht do thabhairt do Chonvensiún Pharis.
10.—Féadfaidh an Ard-Chomhairle o am go ham pé orduithe do dhéanamh a chífear dóibh is gá no is oiriúnach chun Convensiún Pharis do chólíonadh agus chun éifeacht do thabhairt dó no d'aon cheann dá fhorálacha, agus beidh feidhm dlí ag gach ordú den tsórt san i Saorstát Éireann.
Comhacht chun feidhm do thabhairt do Chonvensiún Pharis maidir le heiteall inmheánach.
11.—Féadfaidh an Ard-Chomhairle o am go ham, le hordú, a ordú i dtaobh na bhforálacha de Chonvensiún Pharis a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, no i dtaobh aon cheann acu, pe'ca tá na forálacha san ceaptha chun gan baint ach le haer-árthaighe d'aon tsaghas áirithe no le haer-árthaighe dheineann aon tsaghas áirithe loingseoireachta no ná fuilid, go mbeidh feidhm acu maidir no i ndáil le haon aer-árthaighe i Saorstát Éireann no os a chionn agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san beidh feidhm, maidir no i ndáil le haon aer-árthach i Saorstát Éireann no os a chionn, ag pé forálacha acu san a luadhfar san ordú san.
Forálacha speisialta féadfar a dhéanamh le hOrdú ón Ard-Chomhairaile.
12.—Gan dochar do gheneráltacht na gcomhacht a bronntar leis an dá alt deiridh sin roimhe seo féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú ar n-a dhéanamh fé cheachtar alt acu san, socrú do dhéanamh—
(a) á ordú cadé an t-údarás fheidhmeoidh i Saorstát Éireann aon chomhacht dá bhfuil infheidhmithe fé Chonvensiún Pharis ag Stát connarthach no ag aon údarás ann;
(b) chun aerodrómanna do cheadúnú, d'iniúchadh, agus do rialáil, chun dul isteach in aerodrómanna agus in áiteanna ina mbeidh aer-árthaighe tar éis túirlinge, chun dul isteach i monarchana aer-árthach chun na hoibre bheidh ar siúl ionta d'iniúchadh, chun úsáid aerodrómanna nea-cheadúnuithe do thoirmeasc no do rialáil, agus chun an phearsanra do cheadúnú bheidh ar fostú in aerodrómanna chun aer-árthaighe d'iniúchadh no do mhaoirsiú;
(c) i dtaobh na slí ina ndéanfar agus na gcoinníollacha ar a ndéanfar aon deimhniú no ceadúnas, is gá do réir an orduithe no do réir Chonvensiún Pharis, do thabhairt amach agus d'athnuachaint, agus leis sin áirmhítear an scrúdú agus na tástála fé n-a raghfar agus fuirm, coinneáil, taisbeáint, cealú, agus tabhairt-suas aon deimhnithe no ceadúnais den tsórt san, agus a chur ar fiunraoi, agus cúl-scríbhinn do chur air;
(d) i dtaobh aer-árthaighe do chlárú i Saorstát Éireann;
(e) i dtaobh na gcoinníollacha fé n-a bhféadfar aer-árthaighe d'úsáid chun paisnéirí agus earraí d'iompar;
(f) i dtaobh na gcoinníollacha fé n-a bhféadfaidh aer-árthaighe gabháil, no fé n-a bhféadfaidh aer-árthaighe paisnéirí no earraí do thabhairt, isteach i Saorstát Éireann no amach as no o pháirt de Shaorstát Éireann go páirt eile dhe;
(g) ag tabhairt saoirse o fhorálacha an orduithe no o fhorálacha Chonvensiún Pharis, no o aon cheann acu, d'aer-árthaighe a heitleofar chun crícheanna tástála no d'aon aer-árthaighe no daoine eile i gcás ina bhfeicfear nár cheart feidhm do bheith ag an gcéanna;
(h) á ordú cadiad na scálaí d'éilithe bheidh i bhfeidhm in aerodrómanna ceadúnaithe;
(i) ag ceapadh aon líomatáiste chun bheith ina líomatáiste thoirmiscthe chun crícheanna an orduithe;
(j) a ordú cadiad an táillí bheidh le n'íoc as aon deimhniú no ceadúnas do dheonadh no ar shlí eile chun crícheanna an orduithe no Chonvensiún Pharis;
(k) ag foirlíonadh Chonvensiún Pharis, i pé slí chífear do bheith riachtanach no caothúil, le rialacháin a bheidh ceaptha chun cabhrú le sábháltacht aer-árthach agus le sábháltacht daoine agus maoine bheidh á n-iompar ionta, agus chun aer-árthaighe do chosc ar dhaoine agus ar mhaoin eile do chur i mbaol;
(l) chun stiúradh agus rialáil do dhéanamh ar thithe soluis aerdha ar shoillse ag aerodrómanna agus tithe soluis aerdha no ina gcomharsanacht, agus ar shoillse d'fhéadfadh aer-árthaighe do chur i mbaol;
(m) ag déanamh rialála maidir le haer-árthaighe agus daoine ar iompar ionta do dhéanamh comharthaí agus conbharsáidí eile no maidir le comharthaí agus conbharsáidí eile do dhéanamh leo, agus ag déanamh rialála maidir le húsáid aon mheirge bheidh bunuithe chun crícheanna bhaineann le haer-loingseoireacht;
(n) ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht so mar ní no mar rud atá orduithe.
Comhacht chun a chur fhiachaint ar aer-árthach géilleadh nuair ná déanfaidh do réir chomharthaí.
13.—Má eitlíonn aer-árthach ar bith no má bheireann fé eiteall os cionn aon líomatáiste bheidh ceaptha mar líomatáiste thoirmiscthe fé réim no de bhuadh ordú ar n-a dhéanamh fén gCuid seo den Acht so no má théigheann no má bheireann fé dhul isteach i Saorstát Éireann contrárdha d'aon ordú den tsórt san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) beidh sé dleathach d'aon oifigeach a bheidh ceaptha chuige sin leis an ordú san a chur fé ndeár an comhartha san do thabhairt a bheidh orduithe leis an ordú san, agus
(b) más rud é, tar éis an chomhartha san do thabhairt di, go dteipfidh ar an aer-árthach freagra do thabhairt ar an gcomhartha san tré dhéanamh do réir na bhforálacha den ordú san le n-a n-orduítear an gníomh a bheidh le déanamh ar an gcomhartha san do thabhairt, beidh sé dleathach don oifigeach san caitheamh leis an aerárthach san no isteach inti agus éinní agus gach ní eile ar a chumas do dhéanamh chun a chur fhiachaint uirthi déanamh do réir na bhforálacha san;
(c) ní bunófar aon aicsean ná aon imeachta dlí eile ar bith, síbhialta ná coiriúil, in aon chúirt i Saorstát Éireann i dtaobh éinní do dhéanamh a húdaruítear d'aon oifigeach den tsórt san do dhéanamh fén alt so, pe'ca an t-oifigeach san féin a dhéanfaidh an ní sin no duine bheidh ag gníomhú mar chabhair don oifigeach san no fé stiúradh an oifigigh sin.
Costaisí an Choimisiúin Eadarnáisiúnta um Aer-Loingseoireacht, etc.
14.—Íocfaidh an tAire, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, aon tsuimeanna is gá chun íoctha an tsíntiúis o Shaorstát Éireann le haghaidh cóghléasadh agus obair an Choimisiúin Eadarnáisiúnta um Aer-Loingseoireacht do bunuíodh fé Chonvensiún Pharis no fé n-a raghfar de dhruim toscaireachtaí do chur amach.
Orduithe agus rialacháin do rinneadh fé Chuid I den Air Navigation Act, 1920, do leanúint i bhfeidhm.
15.—Gach ordú agus rialachán do rinneadh fé Chuid I den Air Navigation Act, 1920, agus atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith, tuigfear chun crícheanna an Achta so gur fén gCuid seo den Acht so do rinneadh iad agus féadfar dá réir sin iad do leasú no do cheiliúradh le hordú ón Ard-Chomhairle agus, go dtí go gceiliúrfar amhlaidh iad agus fé réir aon leasuithe den tsórt san, leanfaid i bhfeidhm.
Deimhnithe agus ceadúnaisí atá ann cheana do leanúint i bhfeidhm.
16.—Gach deimhniú agus ceadúnas do deonadh fén Air Navigation Act, 1920, no fé aon ordú no rialacháin do rinneadh fé, agus atá i bhfeidhm ar dháta an Achta so do rith, leanfaid i bhfeidhm agus tuigfear, chun gach críche, gur fén Acht so no fén ordú no fén rialachán san do deonadh iad.
CUID III.
Iompar d'Aer.
CAIBIDIL I.
Iompar Eadarnáisiúnta d'Aer.
Feidhm dlí do bheith ag Convensiún Warsaw i Saorstát Éireann.
17.—(1) Sa mhéid go mbainid le cearta agus fiachaisí iompróirí, paisnéirí, consighneoirí, consighnithe agus daoine eile, agus fé réir forálacha an ailt seo agus an chéad ailt eile, beidh feidhm dlí ag forálacha Chonvensiún Warsaw, mar atáid leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, i Saorstát Éireann maidir le haon iompar d'aer le n-a mbaineann Convensiún Warsaw, pé náisiúntacht a bheidh ag an aer-árthach a dhéanfaidh an t-iompar san.
(2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle o am go ham a dheimhniú, le hordú, cé hiad is Ard-Pháirtithe Connarthacha i gConvensiún Warsaw, cadiad na críocha dar páirtithe iad fé seach, agus cadé an méid feidhme bhaineadar as an bPrótocol Breise ghabhann le Convensiún Warsaw agus, sa mhéid ná beidh sé curtha i leataoibh le hordú ina dhiaidh sin fén bhfo-alt so, beidh aon ordú den tsórt san ina fhianaise dho-chlaoite ar na nithe deimhneofar amhlaidh.
(3) Aon tagairt sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chrích aon Ard-Pháirtí Chonnarthaigh i gConvensiún Warsaw léireofar í mar thagairt do sna críocha, fé n-a fhlaitheas, fé n-a thiarnas, fé n-a mhandáid, no fé n-a údarás, dar páirtí é.
(4) Déanfar, chun crícheanna aicsin i gcoinnibh an iompróra, aon tsuim i bhfrancanna luaidhtear in Airtiogal 22 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'atharú in airgead reatha Shaorstáit Éireann do réir an ráta mhalairte bheidh ann ar an dáta ar a ndéanfaidh an chúirt amach méid aon damáiste bheidh le n'íoc ag an iompróir.
(5) Chun crícheanna an ailt seo déanfar tagairtí do ghníomhairí sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do léiriú mar nithe fholuíonn tagairtí do sheirbhísigh.
Fiachas iompróra i gcás paisnéir d'éagadh.
18.—Aon fhiachas a fhorchuireann Airtiogal 17 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so ar iompróir mar gheall ar bhás paisnéara beidh sé in ionad aon fhiachais do bheadh ar an iompróir fé aon reacht no do réir an ghnáth-dhlí mar gheall ar bhás an phaisnéara san, agus beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na daoine ag á mbeidh agus gur chun tairbhe dhóibh a bheidh an fiachas a forchuirtear amhlaidh ionfhoirfheidhmithe agus maidir leis an slí ina bhféadfar é d'fhoirfheidhmiú, sé sin le rá:—
(a) beidh an fiachas ionfhoirfheidhmithe chun tairbhe do sna baill sin de líntighe an phaisnéara dá ndearnadh damáiste de dheascaibh a bháis;
(b) chun crícheanna míre (a) den alt so:—
(i) cialluíonn an abairt “ball de líntighe” bean chéile no fear céile, athair, máthair, leas-athair, leasmháthair, athair mór, máthair mhór, driotháir, drifiúr, leas-driotháir, leas-drifiúr, leanbh, leasleanbh, gar-leanbh,
(ii) le linn aon ghaol do chóimhreamh, tuigfear go bhfuil no go raibh aon duine mí-dhlisteanach ina leanbh dhlisteanach le n-a mháthair agus le n-a athair toimhdean;
(c) féadfaidh ionadaí pearsanta an phaisnéara, no éinne go mbeidh an fiachas ionfhoirfheidhmithe chun tairbhe dhó fé mhír (a) den alt so, aicsean do bhunú chun an fhiachais d'fhoirfheidhmiú, ach ní bunófar ach aon aicsean amháin i Saorstát Éireann maidir le bás aon phaisnéara áirithe agus, pé duine bhunóidh é, bunófar gach aicsean den tsórt san chun tairbhe do sna daoine sin uile bheidh i dteideal amhlaidh agus a bheidh ina gcomhnaí i Saorstát Éireann no, mara mbeid ina gcomhnaí ansan, a chuirfidh in úil gur mian leo tairbhe an aicsin do ghlacadh;
(d) an méid a féadfar a bhaint amach in aon aicsean den den tsort san ní bheidh sé níos mó ná an chailliúint a bheidh tagtha agus is deallrathach a thiocfaidh as an mbás san do bhaill líntighe an phaisnéara;
(e) fé réir forálacha míre (f) den alt so déanfar an méid a bainfear amach in aon aicsean den tsórt san do roinnt, tar éis aon chostaisí ná bainfear don chosantóir do bhaint as, ar na daoine bheidh ina theideal i pé cionúireachtaí chinnfidh agus ordóidh an breitheamh a thriailfidh an t-aicsean san no gur ina láthair a triailfear é;
(f) an chúirt gur ina láthair a bunófar aon aicsean den tsórt san féadfaidh, le linn aon chéime de sna himeachta, pé ordú do dhéanamh do chífear don chúirt do bheith ceart agus cothrom ag féachaint do sna forálacha, den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, a theorannuíonn fiachas iompróra agus ag féachaint d'aon imeachta do tosnuíodh no is deallrathach a tosnófar lasmuich de Shaorstát Éireann maidir le bás an phaisnéara bheidh i gceist.
Aicsin in aghaidh Ard-Pháirtithe Connarthacha ghlacann do láimh iompar d'aer do dhéanamh.
19.—(1) Gach Ard-Pháirtí Connarthach i gConvensiún Warsaw nár bhain feidhm as forálacha an Phrótocuil Bhreise ghabhann leis an gConvensiún san tuigfear ina thaobh, chun crícheanna aon aicsin a bunófar i gCúirt le Saorstát Éireann do réir forálacha Airtiogail 28 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so chun éileamh maidir le hiompar do ghlac sé do láimh d'fhoirfheidhmiú, gur ghéill sé d'údarás na Cúirte sin, agus dá réir sin féadfar a shocrú le rialacha cúirte cadé an tslí ina dtosnófar aon aicsean den tsórt san agus ina raghfar ar aghaidh leis.
(2) Ní údaróidh éinní san alt so rit fheidhmiúcháin do thabhairt amach in aghaidh maoine aon Ard-Pháirtí Chonnarthaigh.
CAIBIDIL II.
Iompar d'aer nach iompar eadarnáisiúnta.
Feidhm do thabhairt do Chaibidil I den Chuid seo den Acht so maidir le hiompar d'aer nach iompar eadarnáisiúnta.
20.—Féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú, feidhm do thabhairt d'fhorálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht so agus d'aon fhoráil (seachas an t-alt deiridh sin roimhe seo) de Chaibidil I den Chuid seo den Acht so maidir le pé iompar d'aer, nach iompar eadarnáisiúnta d'aer mar a mínítear san sa Chéad Sceideal san, agus a luadhfar san ordú san, ach san fé réir pé eisceachtaí, oiriúnuithe agus atharuithe luadhfar san ordú san, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san beidh feidhm dlí i Saorstát Éireann ag forálacha an Chéad Sceidil sin, agus ag aon fhoráil den Chaibidil sin I a luadhfar san ordú san, maidir le haon iompar d'aer, nach iompar eadarnáisiúnta d'aer mar a mínítear san amhlaidh, agus a luadhfar san ordú san, ach san fé réir pé eisceachtaí, oiriúnuithe agus atharuithe (más aon cheann é) a luadhfar san ordú san.
CUID IV.
Fiachas mar gheall ar Dhamáiste Dhéanfaidh Aer-Árthaighe do Dhaoine agus do Mhaoin ar Talamh no ar Uisce, Cúiseanna Aicsin Eireoidh as an bhFiachas san do Mharthain tar éis Bháis Daoine Áirithe, an Fiachas san do Theorannú, agus é bheith d'Oblagáid ar Unaerí Aer-Árthach Arachú in aghaidh Fiachais den tSórt san.
CAIBIDIL I.
Fiachas mar gheall ar Dhamáiste Dhéanfaidh Aer-Arthaighe do Dhaoine no do Mhaoin ar Talamh no ar Uisce.
Fiachas mar gheall ar dhamáiste dhéanfaidh aer-árthaighe do dhaoine no do mhaoin ar talamh no ar uisce.
21.—(1) Más rud é, le linn aer-árthach do bheith ag eiteall no ag eirghe no ag túirling, go dtárlóidh damáiste no caillteanas substainteach d'aon daoine no maoin ar talamh no ar uisce tré bhíthin an aer-árthaigh sin no tré bhíthin éinne inti no tré bhíthin aon earra no duine ag tuitim aisti, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) beidh airgead damáiste ionbhainte d'únaer an aerárthaigh sin alos an damáiste no an chaillteanais sin, gan cruthúnas ar fhaillí ná ar intinn ná ar chúis eile aicsin, fé is dá mb' é a ghníomh no a fhaillí thoiliúil ba thrúig leis an gcéanna, ach amháin i gcás in ar thárla an damáiste no an caillteanas de dheascaibh faillí an té dá dtárla an céanna no inar chabhair chuige an fhaillí sin;
(b) más rud é, mar gheall ar chúrsaí an cháis ina dtárlóidh an damáiste no an caillteanas san—
(i) ná beidh airgead damáiste ionbhainte den únaer sin alos an damáiste no an chaillteanais sin ach de bhuadh na bhforálacha san roimhe seo den fho-alt so, agus
(ii) go mbeidh fiachas dlíthiúil ar dhuine éigin, seachas an t-únaer sin, airgead damáiste d'íoc alos an damáiste no an chaillteanais sin,
beidh an t-únaer sin i dteideal an duine eile sin dá shlánú i gcoinnibh aon éilimh mar gheall ar an damáiste no an caillteanas san.
(2) I gcás—
(a) aon aer-árthach do bheith aistrithe no leigthe no curtha ar aimsir bona fide ag á húnaer chun aon duine eile ar feadh tréimhse is sia ná ceithre lá déag, agus
(b) gan aon phíolóid, ceannasaí ná loingseoir don aer-árthach san ná aon bhall oibritheach dá fuirinn do bheith ar fostú ag an únaer sin,
beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt so fé is dá gcuirtí ann, in ionad na dtagairtí atá ann don únaer, tagairtí don duine chun a mbeidh an t-aer-árthach aistrithe no leigthe no curtha ar aimsir amhlaidh.
(3) Ní dhéanfaidh éinní san alt so deifir d'oibriú Coda III den Acht so ná d'aon chonnradh chun paisnéirí no earraí d'iompar d'aer sa mhéid go socrófar leis an gconnradh i dtaobh fiachas an iompróra fé do chinneadh no do theorannú.
CAIBIDIL II.
Cúiseanna Aicsin eireoidh as Fiachas mar gheall ar Dhamáiste Dhéanfaidh Aer-Árthaighe do Dhaoine agus do Mhaoin ar Talamh no ar Uisce do Mharthain tar éis Bháis Daoine áirithe, an Fiachas san do Theorannú, agus é bheith d'Oblagáid ar Unaerí Aer-Árthach Árachú in aghaidh Fiachais den tsórt san.
Tosach feidhme Caibidil II de Chuid IV.
22.—Tiocfaidh an Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so i ngníomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.
Cúis aicsin, alos caillteanais no damáiste thárlóidh do dhaoine agus do mhaoin ar talamh no ar uisce tré bhíthin aer-árthach, do mharthain tar éis bháis daoine áirithe.
23.—(1) Bainfidh an t-alt so le gach cúis aicsin alos caillteanais no damáiste thárlóidh, tar éis tosach feidhme na Caibidile seo den Chuid seo den Acht so, do dhaoine no do mhaoin ar talamh no ar uisce tré bhíthin aer-árthaigh, no tré bhíthin duine inti, no tré bhíthin earra no duine ag tuitim aisti, agus an t-aer-árthach san ag eiteall no ag eirghe no ag túirling.
(2) Fé réir forálacha an ailt seo, ar fháil bháis do dhuine ar bith tar éis tosach feidhme na Caibidile seo den Chuid seo den Acht so, leanfaidh gach cúis aicsin, le n-a mbainfidh an t-alt so agus a bheidh ann i gcoinnibh an duine sin no dílsithe ann de bheith ar marthain i gcoinnibh a estáit no chun tairbhe dá estát (pe'ca aca é).
(3) I gcás—
(a) cúis aicsin le n-a mbainfidh an t-alt so do mharthain, de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo, chun tairbhe d'estát duine mhairbh, agus
(b) bás an duine sin do thárlachtaint tré bhíthin na gcúrsaí as ar eirigh an chúis aicsin sin,
déanfar an t-airgead damáiste is ionbhainte amach chun tairbhe dá estát d'áireamh gan áird do thabhairt ar éinní do chaill no do bhuaidh a estát de dhruim a bháis, ach amháin go bhféadfar suim in aghaidh costaisí sochraide do chur san áireamh.
(4) Ní bheidh aon imeachta ionsuidhte mar gheall ar chúis aicsin a mhairfidh, de bhuadh an ailt seo, i gcoinnibh estáit duine mhairbh maran rud é—
(a) go mbeidh imeachta ina choinnibh mar gheall ar an gcúis aicsin sin ar feitheamh ar dháta a bháis, no
(b) go n-eireoidh an chúis aicsin sin ar dháta nach luaithe ná sé mhí roimh a bhás agus go mbunófar imeachta mar gheall uirthi ar dháta nach déanaí ná sé mhí tar éis dá ionadaí pearsanta litreacha riaracháin do thógaint amach.
(5) I gcás damáiste do dhéanamh de bhíthin aon chúrsaí do bhéarfadh go mbeadh cúis aicsin le n-a mbainfeadh an t-alt so ann i gcoinnibh duine ar bith dá mba ná héagfadh an duine sin roimh am déanta an damáiste no le n-a linn sin, tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, pé cúis aicsin, de bhíthin na gcúrsaí sin, do bheadh ann dá mba tar éis am déanta an damáiste d'éagfadh sé do bheith ann ina choinnibh roimh a bhás.
(6) I gcás estát go mbeidh imeachta ionsuidhte ina choinnibh de bhuadh an ailt seo do bheith dócmhainneach, tuigfear, maidir le haon fhiachas alos na cúise aicsin gur ina taobh a bheidh na himeachta san ionsuidhte, gur fiacha é is ionchruthuithe in obair riartha an estáit, d'ainneoin gurb éileamh é de shaghas airgead damáiste neamh-íoctha d'eirigh ar shlí seachas tré chonnradh no tré gheallúint.
Fiachas mar gheall ar dhamáiste dhéanfaidh aer-árthaighe do dhaoine agus do mhaoin ar talamh no ar uisce do theorannú.
24.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní dhlighfidh duine no a estát (do réir mar a bheidh), mar gheall ar chaillteanas no damáiste thárlóidh tar éis tosach feidhme na Caibidile seo den Chuid seo den Acht so, gan aon fhaillí mhór ná mí-iompar toiliúil ar a thaobh féin agus gan aon fháillí mhór ná mí-iompar toiliúil (ar a raibh eolas aige) ar thaobh a sheirbhíseach no a ghníomhairí, ar aon ócáid áirithe do dhaoine no do mhaoin ar talamh no ar uisce tré bhíthin aon aer-árthaigh áirithe no tré bhíthin duine inti, no tré bhíthin earra no duine ag tuitim aisti, agus an t-aer-árthach san ag eiteall no ag eirghe no ag túirling, ní dhlighfidh suim is mó ar fad ná suim acu so leanas d'íoc mar airgead damáiste:—
(a) i gcás gurb aer-long an t-aer-árthach san, cúig mhíle fichead punt, no
(b) i gcás gur ballún (ceangailte no saor) an t-aer-árthach san, cúig mhíle punt, no
(c) i gcás gur sceideog an t-aer-árthach san, míle punt, no
(d) in aon chás eile—
(i) oiread punt d'airgead reatha Shaorstáit Éireann agus a bheidh de phúint meáchainte i meáchaint an aer-árthaigh sin fé lán-ualach, no
(ii) más lugha ná cúig mhíle punt no más mó ná cúig mhíle fichead punt an tsuim a déanfar amach fé fho-mhír (i) den mhír seo, cúig mhíle punt no cúig mhíle fichead punt, do réir mar a bheidh.
(2) Gan dochar d'oibriú an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, ní bheidh duine no a estát (do réir mar a bheidh) i dteideal tairbhe fo-ailt (1) den alt so maidir le haon chaillteanas no damáiste más rud é, le linn an ní ba thrúig leis an gcaillteanas no leis an damáiste do thárlachtaint, nárbh eisean únaer an aer-árthaigh a bheidh i gceist agus go raibh sé san aer-árthach no go raibh an t-aer-árthach ina sheilbh no fé n-a urláimh gan údarás ná cead a únaera.
(3) Ní bheidh duine no a estát (do réir mar a bheidh) i dteideal tairbhe fo-ailt (1) den alt so maidir le haon éileamh a déanfar alos caillteanais no damáiste den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san (1) mara gcruthuítear—
(a) polasaí árachais do thug árachoir ceaduithe aer-árthach amach agus a dheineann, fé réir aon tsrianta no coinníollacha luaidhtear ann, únaer an aer-árthaigh a bheidh i gceist d'árachú in aghaidh an fhiachais uile fé n-a raghaidh alos an chaillteanais no an damáiste sin, do bheith i bhfeidhm maidir leis an aer-árthach san le linn an ní do thárlachtaint ba thrúig leis an gcaillteanas no leis an damáiste as ar eirigh an t-éileamh, no
(b) más i gcoinnibh an té gur leis an t-aer-árthach an uair sin no i gcoinnibh a estáit a déanfar an t-éileamh, an t-aer-árthach do bheith an uair sin i seilbh no fé urláimh duine éigin eile gan údarás ná cead an únaera, no
(c) únaer an aer-árthaigh do bheith an uair sin ina dhuine eiscithe do réir bhrí na Caibidile seo den Chuid seo den Acht so.
(4) Má deirtear aon duine no estát aon duine do bheith fé fhiachas ar bith alos caillteanais no damáiste den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, agus go ndéanfar no go measfar go ndéanfar éilithe iomdha alos an fhiachais sin, féadfaidh an duine sin no a ionadaí pearsanta, pe'ca aca é, iarratas do dhéanamh chun na hArd-Chúirte, agus leis sin féadfaidh an chúirt—
(a) méid an fhiachais do chinneadh agus, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, an méid sin do roinnt go rátúil ar na héilitheoirí uile;
(b) aon imeachta bheidh ar feitheamh in aon chúirt eile i dtaobh an ní chéanna do stad; agus
(c) pé orduithe is ceart dar leis an gcúirt do thabhairt chun daoine go mbaint acu leis an gcúrsa do chur le chéile mar pháirtithe sna himeachta, chun éilithe ná tabharfar os cóir na cúirte fé cheann aimsire áirithe do dhúnadh amach, agus chun a cheangal ar an té do rinne an t-iarratas chun na cúirte urrús do thabhairt uaidh.
(5) Más rud é, de bhuadh an ailt seo, gur lugha méid an fhiachais ná méid iomlán an airgid damáiste go mbeadh na héilitheoirí uile, mara mbeadh an t-alt so, i dteideal é bhaint amach, déanfar an méid a céad-luaidhtear, chó fada le n-a leath, do leithreasú ar an gcéad ásc chun aon éilithe mar gheall ar chailliúint anama no díobháil phearsanta d'íoc, agus déanfar aon chuid den mhéid sin ná leithreasófar amhlaidh do roinnt ar na héilitheoirí uile do réir méid a n-éilithe, ar a n-áirmhítear aon éilithe mar gheall ar chailliúint anama no díobháil phearsanta más mó iad agus sa mhéid gur mó iad ná an méid sin a leithreasófar amhlaidh.
(6) Ní léireofar éinní atá san alt so mar ní dheineann deifir do mhéid aon chúitimh is iníoctha fén Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 (Uimh. 9 de 1934).
(7) Ní dhéanfaidh éinní san alt so deifir d'oibriú Coda III den Acht so ná d'aon chonnradh chun paisnéirí no earraí d'iompar d'aer sa mhéid go socrófar leis an gconnradh i dtaobh fiachas an iompróra fé do chinneadh no do theorannú.
(8) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh á ordú cadé an tslí ina ndéanfar amach meáchaint aer-árthaigh fé lán-ualach chun crícheanna an ailt seo, agus á ordú, i gcás aer-árthaigh d'aon chineál áirithe, go mbeidh pé scríbhinn (eadhon, scríbhinn ina ndéarfar gur meáchaint áirithe is meáchaint don aerárthach fé lán-ualach) a luadhfar sna rialacháin ina fianaise ar an meáchaint sin.
E bheith d'oblagáid ar únaerí aer-árthach bheith árachuithe in aghaidh fionntracha treaspháirtí áirithe.
25.—(1) Tar éis tosach feidhme na Caibidile seo den Chuid seo den Acht so, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aerárthach d'eiteall ná a chur fé ndeár ná a leigint d'aon duine eile san do dhéanamh maran rud é—
(a) go mbeidh polasaí árachais i bhfeidhm maidir leis an duine sin no an duine eile sin d'eiteall an aer-árthaigh sin, sé sin, polasaí árachais (dá ngairmtear polasaí árachais ceaduithe sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so) do thug árachóir ceaduithe aer-árthach amach agus a dheineann, fé réir aon tsrianta no coinníollacha luaidhtear ann, únaer an aer-árthaigh sin d'árachú in aghaidh an fhiachais uile fé n-a raghaidh alos caillteanais no damáiste thárlóidh do dhaoine no do mhaoin ar talamh no ar uisce i Saorstát Éireann tré bhíthin an aer-árthaigh, no tré bhíthin duine inti, no tré bhíthin aon earra no duine ag tuitim aisti, agus an t-aer-árthach san ag eiteall no ag eirghe no ag túirling; no
(b) gur duine eiscithe do réir bhrí na Caibidile seo den Chuid seo den Acht so únaer an aer-árthaigh sin.
(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé cointach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá cheád punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
Aímsiritheoirí aer-árthach d'áireamh ina n-únaerí i gcásanna áirithe.
26.—I gcás—
(a) aon aer-árthach do bheith aistrithe no leigthe no curtha ar aimsir bona fide ag á húnaer chun aon duine eile ar feadh tréimhse is sia ná ceithre lá déag, agus
(b) gan aon phíolóid, ceannasaí ná loingseoir don aerárthach san ná aon bhall oibritheach dá fuirinn do bheith ar fostú ag an únaer sin,
beidh éifeacht ag an dá alt deiridh sin roimhe seo fé is dá gcuirtí ionta, in ionad na dtagairtí atá ionta don únaer, tagairtí don duine chun a mbeidh an t-aer-árthach aistrithe no leigthe no curtha ar aimsir amhlaidh.
Arachóir ceaduithe aer-árthach.
27.—(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, a dhearbhú gur árachóir ceaduithe aer-árthach chun crícheanna na Coda so den Acht so duine áirithe, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san agus a bheidh sé i bhfeidhm beidh an té go ndearbhuítear leis gur árachóir ceaduithe aer-árthach chun crícheanna na Coda so den Acht so é ina árachóir cheaduithe aer-árthach chun na críche sin.
(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú bheidh déanta fén alt so do cheiliúradh.
Deimhniú árachais.
28.—Ní bheidh éifeacht ar bith ag polasaí árachais chun crícheanna na bhforálacha san roimhe seo den Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an t-árachóir deimhniú (dá ngairmtear deimhniú árachais sa Chuid seo den Acht so) do thabhairt amach don árachaí i dtaobh an pholasaí sin i pé fuirm agus go pé mion-innste ann éileoidh an tAire.
“Daoine eiscithe”.
29.—(1) Sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “duine eiscithe” duine—
(a) do lóisteáil agus do choimeád ar lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, alos aon aer-árthaigh is leis, an méid oiriúnach údaruíonn an chéad alt ina dhiaidh seo do dhaoine, gur mian leo bheith ina ndaoine eiscithe, a lóisteáil; agus
(b) dar dheon an tAire deimhniú (a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire) fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo alos an aer-árthaigh sin.
(2) Má chuireann duine ár bith is únaer ar aon aer-árthach ina luighe ar an Aire gur lóisteáil sé an méid oiriúnach le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais alos an aer-árthaigh sin, bhéarfaidh an tAire amach don duine sin deimhniú (dá ngairmtear deimhniú urrúis sa Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so) i pé fuirm agus go pé mion-innste ann is ceart dar leis an Aire.
(3) Más rud é—
(a) go ndéanfaidh an tAire deimhniú urrúis do thabhairt amach do dhuine ar bith fén alt so, agus
(b) (i) ná déanfar an méid, a luadhfar i bhfógra easnaimh do bhéarfaidh Cuntasóir na gCuirteanna Breith iúnais don duine sin do réir na bhforálacha den Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so bhaineann le fiacha breithiúntais d'íoc amach as éarlais, do lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais fé cheann ceithre lá déag tar éis don duine sin an fógra san d'fháil, no
(ii) go scuirfidh an éarlais do lóisteáil an duine sin am deonta an deimhnithe sin de bheith á coimeád ar lóisteáil,
ceiliúrfaidh an tAire an deimhniú san.
(4) San alt so cialluíonn an abairt “an méid oiriúnach” maidir le haon éarlais a lóisteálfar le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais—
(a) más únaer ar dhá aer-árthach ar a mhéid an té lóisteálfaidh an éarlais sin, an tsuim a luaidhtear i bhfo-alt (1) den chéad alt ina dhiaidh seo alos na n-aer-árthach san, agus
(b) más únaer ar thrí aer-árthach no níos mó an duine sin, an tsuim a luaidhtear i bhfo-alt (2) den chéad alt ina dhiaidh seo alos na n-aer-árthach san.
Earlaisí o dhaoine eiscithe.
30.—(1) Einne is únaer ar dhá aer-árthach ar a mhéid agus gur mian leis bheith ina dhuine eiscithe féadfaidh suim is cóionann leis an suim mhaximum a cinntear maidir leis na haerárthaighe sin le fo-alt (1) d'alt 24 den Acht so (alt a bhaineann le fiachas mar gheall ar dhamáiste dhéanfaidh aer-árthaighe do dhaoine agus do mhaoin ar talamh no ar uisce do theorannú) do lóisteáil agus do choimeád ar lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais.
(2) Einne is únaer ar thrí aer-árthach no níos mó agus gur mian leis a bheith ina dhuine eiscithe féadfaidh suim is có-ionann le méid iomlán an dá cheann is mó de sna suimeanna maximum uile agus fé seach a cinntear fé fho-alt (1) d'alt 24 den Acht so maidir leis na haer-árthaighe sin fé seach do lóisteáil agus do choimeád ar lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais.
(3) Déanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais gach suim a lóisteálfar leis fén alt so do shúncáil i pé cinn, de sna hurrúis go mbeidh údaruithe do réir dlí cistí san Ard-Chúirt do shúncáil ionta, ordóidh an té lóisteálfaidh no chothabhálfaidh an éarlais sin, agus déanfar an t-ioncuim a fhásfaidh ar na hurrúis sin d'íoc leis an duine sin.
(4) Ní ghlacfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais le héarlais fén alt so ach amháin ar bharántas ón Aire.
(5) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacha do dhéanamh maidir le hiarrataisí ar bharántaisí chun crícheanna an ailt seo, le héarlaisí d'íoc agus iad do shúncáil no deighleáil leo, le stuic, scáireanna, no urrúis eile do lóisteáil in ionad airgid, leis an ioncum d'íoc a thiocfaidh chun bheith dlite o am go ham ar aon urrúis ina mbeidh éarlaisí súncálta de thurus na huaire, agus le héarlaisí do tharrac amach agus d'aistriú.
Fiacha breithiúntais d'íoc amach as éarlais.
31.—(1) San alt so—
cialluíonn an focal “éarlais” éarlais d'airgead no d'urrúis in ionad airgid a lóisteálfar le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so d'fhonn duine do cháiliú chun bheith ina dhuine eiscithe;
cialluíonn an focal “lóisteálach” duine do lóisteáil éarlais.
(2) I gcás duine (dá ngairmtear creidmheasóir breithiúntais san alt so) do bhaint amach breithiúntais in aon chúirt in aghaidh lóisteálaigh i suim le n-a mbaineann an t-alt so féadfaidh an Ard-Chúirt, ar n-a iarraidh sin i slí achmair don chreidmheasóir bhreithiúntais agus más deimhin léi ná fuil aon earraí ag an lóisteálach is féidir do thógaint i bhfeidhmiúchán chun an bhreithiúntais sin do shásamh, a ordú go ndéanfar méid an bhreithiúntais sin, maraon le costaisí an orduithe sin agus an iarratais air agus na n-imeacht fé, d'íoc leis an gcreidmheasóir breithiúntais amach as an éarlais a bheidh á coimeád ar lóisteáil ag an lóisteálach san.
(3) Pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chúirt ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo alos éarlaise déanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais an t-airgead a luadhfar san ordú san d'íoc amach as an éarlais sin leis an gcreidmheasóir breithiúntais a luadhfar san ordú san agus chuige sin díolfaidh oiread, de sna súncála is ionann agus an éarlais sin, agus is gá (tar éis costaisí an díola san do ghlanadh) chun go bhféadfar an t-airgead san d'íoc
(4) Pé uair a dhéanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais do réir orduithe ar n-a dhéanamh ag cúirt fén alt so, aon airgead d'íoc amach as éarlais, no aon chuid do dhíol de sna súncálanna is ionann agus éarlais, a bheidh á coimeád ar lóisteáil leis ag lóisteálach do réir na Coda so den Acht so, áirmheoidh agus déanfaidh amach láithreach luach margaidh an mhéide bheidh gan díol de sna súncála is ionann agus an éarlais sin agus, más lugha ná lán-mhéid ceart na héarlaise sin an luach margaidh sin maraon le haon airgead nea-shúncálta is cuid den éarlais sin, bhéarfaidh fógra i scríbhinn don Aire agus don lóisteálach san i dtaobh an easnaimh sin agus a mhéide.
(5) Más rud é, nuair a bhéarfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais fógra i dtaobh easnaimh ar éarlais do lóisteálach do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo, go lóisteálfaidh an lóisteálach san le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, ceithre lá déag ar a mhéid tar éis an fhógra san d'fháil, suim is có-ionann le méid an easnaimh a luadhfar sa bhfógra san, déanfar an tsuim a lóisteálfar amhlaidh do chur leis an éarlais sin agus d'áireamh mar chuid di agus tuigfear gur choimeád an lóisteálach san an éarlais sin ina lán-mhéid cheart.
(6) Pé uair a thárlóidh maidir le lóisteálacha, más pearsa é, go dtiocfa sé chun bheith ina fhéimhí no chun bheith dócmhainneach no go n-éagfa sé no, más cólucht corpruithe é, go bhforceannófar é no, más páirtnéireacht no comhlachas neamh-ionchorpruithe eile é, go scuirfear é, beidh an éarlais do lóisteáil an lóisteálach san ionchurtha, ar an gcéad ásc, chun na bhfiachaisí sin amháin d'íoc a bheidh ar an lóisteálach maidir le suimeanna le n-a mbaineann an t-alt so agus nuair a bheidh gach fiachas den tsórt san a bheidh ar an lóisteálach san glanta ar fad beidh an éarlais sin ionchurtha mar shócmhainní generálta leis an lóisteálach.
(7) Baineann an t-alt so le haon tsuim ar n-a moladh i gcoinnibh lóisteálaigh mar airgead damáiste alos damáiste no caillteanais do thárla do dhaoine no do mhaoin ar talamh no ar uisce tré bhíthin aer-árthaigh leis an lóisteálach san, no tré bhíthin duine inti, no tré bhíthin earra no duine ag tuitim aisti, agus an t-aer-árthach san ag eiteall no ag eirghe no ag túirling.
Earlaisí do scaoileadh.
32—Pé uair is deimhin leis an Ard-Chúirt, ar iarratas do dhéanamh i slí achmair do lóisteálach no do dhuine bheidh ag éileamh tré lóisteálach no fé agus tar éis fógra do bheith tugtha don Aire agus tar éis fógráin d'fhoillsiú fé mar ordóidh an Ard-Chúirt, go bhfuil sé ceart agus oiriúnach go n-íocfaí le neach déanta an iarratais sin an éarlais no cuid den éarlais do lóisteáil an lóisteálach san, ordóidh an Ard-Chúirt an éarlais sin no pé cuid di luadhfar san ordú san d'íoc leis an duine sin gan coinníoll no fé réir pé coinníollacha is dóich leis an Ard-Chúirt is ceart do luadh san ordú san, agus ordóidh do Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais na nithe sin uile do dhéanamh (ar a n-áirmhítear na súncála is ionann agus an éarlais sin no cuid de sna súncála san do dhíol) do chífear don Ard-Chúirt do bheith riachtanach no oiriúnach chun éifeacht do thabhairt don ordú san.
Rialacháin chun crícheanna Coda IV.
33.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinne acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) iarrataisí ar dheimhnithe urrúis;
(b) cóipeanna no deimhnithe nua do thabhairt amach in ionad aon deimhnithe den tsórt san a caillfear no a dítheofar;
(c) scríbhinní d'iompar in aer-árthaighe agus na scríbhinní sin do thaisbeáint, nuair a hiarrfar san, do pé daoine luadhfar sna rialacháin sin
(2) Má dheineann duine ar bith éinní tré ghníomh no tré fhaillí) contrárdha d'aon rialacháin a bheidh deanta fén alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.
CAIBIDIL III.
Socrú maidir le Convensiún na Róimhe.
Tosach feidhme Caibidile III de Chuid IV.
34.—Tiocfaidh an Chaibidil seo den Chuid seo den Acht so i ngníomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.
Socrú chun éifeacht do thabhairt do Chonvensiún na Róimhe.
35.—(1) Má chítear don Ard-Chomhairle é bheith riachtanach no oiriúnach dóibh san do dhéanamh chun éifeacht do thabhairt do Chonvensiún na Róimhe féadfaid ordú do dhéanamh—
(a) á ordú—
(i) i dtaobh na bhforálacha bheidh leagtha amach san ordú san, go mbeidh éifeacht acu, maidir le haerárthaighe bheidh cláruithe in aon tír (seachas Saorstát Éireann) dá luadhfar san ordú, in ionad forálacha Caibidilí I agus II den Chuid seo den Acht so, no
(ii) i dtaobh gach ceann no aon cheann d'fhorálacha na gCaibidilí sin I agus II, go mbeidh éifeacht acu, maidir leis na haer-árthaighe sin, fé réir pé atharuithe, oiriúnuithe agus eisceachtaí luadhfar san ordú; agus
(b) ag déanamh pé socruithe do chífear don Ard-Chomhairle is gá chun a áirithiú ná himeoidh aer-árthach le Saorstát Éireann as Saorstát Éireann ar eiteall chun aon tíre den tsórt san ná os a cionn mara mbeidh deimhniú árachais no deimhniú urrúis maidir leis an aer-árthach ar bord an aer-árthaigh, eadhon, deimhniú i pé fuirm agus ar n-a thabairt amach ag pé duine agus go pé mion-innste ann a ceapfar leis an ordú.
(2) Má deintear ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo roimh thosach feidhme Caibidile II den Chuid seo den Acht so tuigfear, chun crícheanna an fho-ailt sin ach ní níos sia na san ná ar shlí eile, an Chaibidil sin II do bheith i bhfeidhm.
(3) Gach ordú déanfar fén alt so beidh feidhm dlí aige i Saorstát Éireann.
CUID V.
An tAire Tionnscail agus Trachtála agus Údaráis Áitiúla do Bhunú agus do Chothabháil Aerodrómanna agus do Thógaint Tailimh, etc., chun na gCrícheanna san.
Leathnú ar bhrí na habairte “crícheanna na Coda so den Acht so”.
36.—Ar na cinn sin de chrícheanna na Coda so den Acht so chun a bhféadfar talamh do thógaint tré chó-aontú no go héigeanta beidh na crícheanna so leanas, eadhon—
(a) a áirithiú ná déanfar an talamh in aice le haerodróm a bheidh bunuithe no ar tí a bhunuithe ag an Aire no ag údarás áitiúil d'úsáid i slí go gcuirfí isteach ar aerárthaighe bheadh san aerodróm no ag druidim leis no á fhágaint no go gcuirfí i mbaol iad no go ndéanfaí damáiste dhóibh; agus
(b) a áirithiú go ndéanfar crainn agus foirgintí ar an talamh in aice le haerodróm a bheidh bunuithe no ar tí a bhunuithe ag an Aire no ag údarás áitiúil do leagadh d'fhonn sábháltacht aer-árthach, agus iad ag druidim leis an aerodróm no á fhágaint, do chur in áirithe.
Comhacht don Aire agus d'údarás áitiúil chun aerodrómanna do bhunú agus do chothabháil.
37—Féadfaidh an tAire, agus féadfaidh aon údarás áitiúil le toiliú an Aire ar n-a thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí agus fé réir pé coinníollacha fhorchuirfe sé, aerodrómanna do bhunú agus do chothabháil agus bóithre, droichid, bealaighe isteach, fearaistí, gléasra, agus foirgintí agus cóiríocht eile do chur ar fáil agus do chothabháil maidir leo.
Comhacht d'údaráis áitiúla chun gnóthaí bheith ar siúl acu maidir le haerodrómanna.
38.—(1) Más deimhin leis an Aire, i dtaobh aon aerodróma bheidh á chothabháil ag údarás áitiúil fén alt deiridh sin roimhe seo, é bheith riachtanach no oiriúnach comhacht do thabhairt don údarás áitiúil sin chun aon ghnó áirithe bheith ar siúl acu maidir leis an aerodróm san, eadhon, gnó is dóich leis a ghabhann le haerodróm do choimeád ar siúl ach ná beadh comhacht ag an údarás áitiúil sin chun é bheith ar siúl acu mara mbeadh san, féadfaidh, lé hordú, a údarú don údarás áitiúil sin, fé réir pé coinníollacha (más aon cheann é) a luadhfar san ordú san, an gnó san do bheith ar siúl acu maidir leis an aerodróm san.
(2) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar ordú bheidh déanta fén alt so, le n-a n-áirmhítear an fo-alt so.
(3) Sara ndéanfaidh an tAire ordú fén alt so raghaidh i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí ina thaobh.
Ceart don Aire agus d'údaráis áitiúla chun dul isteach ar thalamh.
39.—(1) Féadfaidh duine ar bith (dá ngairmtear oifigeach údaruithe san alt so) go n-údarás aige chuige sin ón Aire no o údarás áitiúil ceachtar ní acu so leanas no iad araon do dhéanamh, sé sin le rá:—
(a) dul isteach ar thalamh ar bith chun aon fhiosrú, lorgaireacht, no scrúdú do dhéanamh is indéanta roimh an talamh san do thógaint chun crícheanna na Coda so den Acht so no a ghabhann leis sin;
(b) dul isteach, chun suirbhéireachtaí do dhéanamh, ar thalamh ar bith a bheidh teoranta no in aice le talamh do tógadh no go mbeifear ag cuimhneamh ar é thógaint chun crícheanna na Coda san.
(2) Má dheineann duine ar bith oifigeach údaruithe do chosc no do bhac agus an t-oifigeach údaruithe sin ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
An tAire do thógaint tailimh tré chó-aontú.
40.—Féadfaidh an tAire, chun crícheanna na Coda so den Acht so, talamh ar bith do thógaint tré chó-aontú.
An tAire do thógaint tailimh, etc., go héigeanta.
41.—(1) Más dóich leis an Aire agus pé uair is dóich leis gur ceart aon talamh do thógaint go héigeanta no aon cheart loctha, claonta, no eastósctha uisce do thógaint no d'úsáid go héigeanta chun crícheanna na Coda so den Acht so, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, a dhearbhú, le hordú, go bhfuil sé ar intinn an talamh san do thógaint amhlaidh no an ceart san do thógaint no d'úsáid amhlaidh, agus oibreoidh gach ordú den tsórt san chun lán-chomhacht do bhronnadh ar an Aire chun an tailimh a luadhfar ann do thógaint go héigeanta no chun an chirt a luadhfar ann do thógaint no d'úsáid go héigeanta fé réim agus do réir an ailt seo.
(2) Ní dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so i dtaobh aon tailimh a bheidh fé uisce no is imeall trágha ná i dtaobh aon chirt loctha, claonta, no eastósctha uisce gan dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta roimh ré.
(3) Sara ndéanfaidh an tAire ordú fén alt so—
(a) lóisteálfaidh agus coimeádfaidh ar nochtadh chun a n-iniúchta in áit éigin oiriúnach (rud go dtabarfar fógra puiblí ina thaobh) pé pleananna, áireamheachtaí, agus scríbhinní eile thaisbeánfaidh go hiomlán agus go soiléir cadé an talamh no an ceart a beifear ar intinn a thógaint no a úsáid de bhuadh an orduithe;
(b) bhéarfaidh fógra, i pé slí is dóich leis is fearr chun eolas do thabhairt do dhaoine gur deallrathach go ndéanfaidh an t-ordú deifir dóibh, i dtaobh é bheith ar intinn a bhreithniú an ceart an t-ordú do dhéanamh agus i dtaobh na slí ina bhféadfar cúis do phlé agus agóidí do dhéanamh maidir leis an ordú, agus
(c) cuirfidh fé ndeár, más dóich leis san do bheith oiriúnach, fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh an orduithe do dhéanamh.
(4) Féadfar—
(a) an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus
(b) Achtanna na gClásanna Talmhan sa mhéid ná fuilid sin buiniscionn leis an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, adubhradh,
d'ionchorprú in ordú déanfar fén alt so.
(5) Ní údaróidh éinní san alt so don Aire aon talamh do thógaint ná d'úsáid, ná cur isteach air ar shlí eile, go héigeanta fén alt so más rud é, ar an dáta ar a gcéad-fhoillseofar fógra i dtaobh an Aire bheith ar intinn a bhreithniú an ceart ordú speisialta do dhéanamh chuige sin, go mbeidh an talamh san dá chuid féin ag aon ghnóthaire bóthair iarainn, leictreachais, geas, no uisce agus go mbeidh sé á úsáid ag an ngnóthaire sin no go mbeidh údaruithe dhó é d'úsáid chun críche a ghnótha.
(6) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haon fhiosrúchán puiblí déanfar fén alt so:—
(a) ceapfaidh an tAire duine ceart oiriúnach chun an fhiosrúcháin sin do dhéanamh;
(b) údaruítear leis seo don duine sin daoine thiocfaidh i láthair mar fhínnéithe ag an bhfiosrúchán san do chur fé mhionn;
(c) éinne go mbeidh baint aige le habhar an fhiosrúcháin sin beidh sé i dteideal teacht i láthair i bpearsain, no tré abhcóide no atúrnae, agus fianaise do thabhairt ar áird.
An tAire do chur tailimh ná beidh ag teastáil de láimh.
42.—(1) Aon talamh a thógfaidh an tAire fén Acht so agus go bhfeicfear dó gan é bheith ag teastáil uaidh a thuilleadh chun a dhualgaisí do chólíonadh no a fheidhmeanna d'fheidhmiú fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an tAire é chur de láimh tráth ar bith ar pé slí is dóich leis is ceart.
(2) Déanfar airgead ar bith do gheobhaidh an tAire as talamh do chur de láimh fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.
Údaráis áitiúla do thógaint tailimh.
43.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí ar n-a thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, talamh do thógaint (laistigh no lasmuich de líomatáiste fheidhmiúcháin an údaráis áitiúla san) chun críche na Coda so den Acht so tré chó-aontú no go héigeanta fén Acht so agus fé sna hAchtanna bheidh ionchorpruithe leis.
(2) Chun údarás áitiúil do thógaint tailimh fén alt so beidh feidhm ag ailt 203, 210, 212, 213, 214, agus 215 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a leasuítear iad le halt 8 den Public Health (Ireland) Act, 1896, agus ag alt 68 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), fé is dá ndeintí na hailt sin, mar a leasuítear amhlaidh iad, d'ath-achtú anso agus feidhm do thabhairt dóibh maidir leis an údarás áitiúil sin gus na hatharuithe agus fén réir na n-atharuithe deintear leis an Acht so ar an nós imeachta fé sna hailt sin.
(3) Féadfaidh údarás áitiúil tráth ar bith, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí ar n-a thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire aon talamh a thógfaidh an t-údaráis san fén alt so do dhíol no do chur ar cíos, tré cheaint phuiblí no tré chonnradh phríobháideach, ina choda oiriúnacha.
Atharú ar an nós imeachta chun talamh do thógaint.
44.—Má bheartuíonn údarás áitiúil talamh do thógaint (ar shlí seachas tré chó-aontú), chun crícheanna na Coda so den Acht so, i bhfeidhmiú comhachta bronntar le reacht seachas an tAcht so no i bhfeidhmiú comhachta bronntar go soiléir leis an Acht so, féadfar na fógráin a luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 203 den Public Health (Ireland) Act, 1878, d'fhoillsiú mí ar bith agus sa chás san déanfar na fógraí luaidhtear sa bhfo-alt san do sheirbheáil an chéad mhí tar éis mí foillsithe na bhfógrán san.
Cur isteach ar cheart loingseoireachta agus ar chearta eile.
45.—(1) Pé uair a dhéanfaidh an tAire no údarás áitiúil aerodróm do bhunú agus do chothabháil, no a bheid chun aerodróm do bhunú, fén gCuid seo den Acht so agus a bheidh an t-aerodróm san suidhte no le suidheamh cois faraige no cois aon ghóilín mhara intseolta féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, ordú do dhéanamh fén alt so, másé a thuairim go raghadh san chun leasa don phuiblíocht, ag cur teorann no toirmisc le feidhmiú aon chirt loingseoireachta agus le feidhmiú aon chirt iascaireachta no chaluithe éisc, puiblí no príobháideach, no aon chirt eile, puiblí no príobháideach, maidir le haon chuid den fharaige no le haon ghóilín mhara no imeall trágha san aerodróm san no comhgarach dó.
(2) Pé uair a dhéanfaidh ordú déanfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so teora no toirmeasc do chur le feidhmiú aon chirt phríobháidigh iascaireachta no chaluithe éisc no le feidhmiú aon chirt phríobháidigh eile maidir le haon chuid den fharaige no le haon ghóilín mara no imeall trágha, íocfaidh an tAire cúiteamh le húnaer an chirt sin no leis an duine eile bheidh i dteideal an chirt sin d'fheidhmiú agus, cheal có-aontuithe, is fé réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, a ceapfar an cúiteamh san.
(3) Pé uair a bheidh aon ordú a déanfar fén alt so i bhfeidhm de thurus na huaire beidh teora no toirmeasc, do réir an orduithe sin, le haon cheart le n-a mbainfidh an t-ordú san.
Cur isteach ar bhóithre agus ar dhroichid phuiblí.
46.—Féadfaidh an tAire agus féadfaidh aon údarás áitiúil, le toiliú an Aire, aon bhóthar no droichead puiblí do chlaonadh, do dhúnadh no d'aistriú go héigeanta no cur isteach ar shlí eile air go héigeanta.
Bóithre agus droichid phuiblí do chosaint.
47.—Más gá agus pé uair is gá, chun aon oibreacha do dhéanamh, fén gCuid seo den Acht so, aon bhóthar no droichead puiblí do chlaonadh no d'aistriú no aon chur-isteach eile do dhéanamh air, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) i gcás gur gá an bóthar no an droichead do dhúnadh in aghaidh tráchta chun na n-oibreacha do dhéanamh déanfaidh an tAire no an t-údarás áitiúil (pe'ca aca é) sa tsuidheamh chéanna no i suidheamh éigin eile caothúil, agus cothabhálfaid faid a bheidh an bóthar no an droichead san dúnta amhlaidh in aghaidh tráchta, bóthar no droichead sealadach is leor chun an méid agus an saghas tráchta d'iompar a théigheann ar an mbóthar no ar an droichead san de ghnáth;
(b) ar chríochnú na n-oibreacha no roimhe sin cuirfidh an tAire no an t-údarás áitiúil (pe'ca aca é) an bóthar no an droichead sa riocht ina raibh sé no, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, déanfaid, sa tsuidheamh chéanna no i suidheamh éigin eile caothúil, buan-bhóthar no buan-droichead nua is leor chun an tráchta chéanna (chó fada le méid agus saghas) d'iompar d'fhéadfadh an seana-bhóthar no an seana-dhroichead d'iompar agus gan é puinn níos nea-chaothúla fána agus cuar ná an seana-bhóthar no an seana-dhroichead; san
(c) má dheineann an tAire no má dheineann údarás puiblí lasmuich dá líomatáiste feidhmiúcháin féin buandroichead nua agus gur mó de chuid mhaith na buntáistí bhéarfaidh an droichead san do phuiblíocht na contae-bhuirge no na buirge eile no na contae no an bhailecheanntair ina ndéanfar é ná an seanadroichead, tré shlí chonbharsáide níos fearr do thabhairt dóibh no tré éinní eile, deimhneoidh an tAire costas an droichid nua san agus deimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí cadé an chuid den chostas san is dóich leis ba chóir do réir réasúin do bheith ar chomhairle na contae-bhuirge no na buirge eile sin no na contae no an bhaile-cheanntair sin, agus leis sin déanfaidh an chomhairle sin suim is có-ionann leis an gcuid a bheidh deimhnithe amhlaidh den chostas san do chruinniú mar chuid de chostaisí cothabhála an bhóthair dar cuid an droichead nua san agus íocfaidh an chomhairle sin í leis an Aire no leis an údarás áitiúil sin (pe'ca aca é);
(d) má eiríonn aon amhrus no aighneas no ceist i dtaobh ce'ca chólíon no nár chólíon an tAire no údarás áitiúil forálacha an fho-ailt seo agus aon bhóthar no droichead, sealadach no buan, á dhéanamh no á chothabháil no á chur ina sheana-riocht acu do réir an fho-ailt seo, no, i gcás buan-droichid nua do rinne an tAire no do rinne údarás áitiúil lasmuich dá líomatáiste feidhmiúcháin féin, i dtaobh ce'ca is mó no nach mó de chuid mhaith na buntáistí bheireann sé do phuiblíocht na contae-bhuirge no na buirge eile no na contae no an bhailecheanntair ina ndearnadh é ná do thugadh an seana-dhroichead, isé an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí do bhéarfaidh breith ar an amhrus no ar an aighneas no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.
Údarás áitiúil no údarás coimeádais no údarás cuain do dhéanamh ranníocanna le húdarás áitiúil a bheidh ag cothabháil aerodróma, agus forálacha i dtaobh có-choiste do bhainistí an aerodróma san.
48—(1) Má dheineann no má bheartuíonn údarás áitiúil (dá ngairmtear údarás forthógálach san alt so) aerodróm do bhunú agus do chothabháil fén gCuid seo den Acht so féadfaidh aon údarás (dá ngairmtear údarás neamh-fhorthógálach san alt so) is údarás áitiúil eile no is údarás coimeádais no údarás cuain a chó-aontú leis an údarás forthógálach san go ndéanfaid rann-íoc leis an údarás forthógálach san, ar pé coinníollacha ar a gcó-aontófar idir an dá údáras agus fé réir forálacha an ailt seo, mar chabhair chun íoctha na gcostaisí fé n-a raghaidh an t-údarás forthógálach san chun an aerodróma san do bhunú agus do chothabháil no maidir leis sin.
(2) Féadfaidh dhá údarás neamh-fhorthógálacha no níos mó có-aontú do dhéanamh fén alt so le húdarás forthógálach i dtaobh aerodróma.
(3) Féadfar scéim d'ionchorprú, i gcó-aontú déanfar fén alt so idir aon údarás neamh-fhorthógálach amháin no níos mó agus údarás forthógálach, chun an aerodróma le n-a mbainfidh an có-aontú do bhainistí tré choiste den údarás fhorthógálach san agus ag an gcoiste sin, agus sa chás san socrófar leis an scéim sin, mara mbeidh ach aon údarás neamh-fhorthógálach amháin páirteach sa chó-aontú san, go n-ainmneoidh an t-údarás neamhfhorthógálach san uimhir áirithe de bhaill an choiste sin no, má bhíonn dhá údarás neamh-fhorthógálacha no níos mó páirteach sa chó-aontú san, socrófar léi go n-ainmneoidh gach údarás neamh-fhorthógálach fé leith uimhir áirithe de sna baill sin a luadhfar in aghaidh an údaráis neamh-fhorthógálaigh sin, agus féadfar leis an scéim sin comhacht a thabhairt don choiste sin chun aon ghníomh do dhéanamh (le n-a n-áirmhítear imeachta dlí do bhunú) i dtaobh bainistí an aerodróma san d'fhéadfadh an t-údarás forthógálach san féin a dhéanamh go dleathach, agus féadfar a shocrú léi go mbainfidh forálacha ailt 58 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), leis an gcoiste sin fé is dá mba údarás contae do réir bhrí an ailt sin an coiste sin, agus go dtabharfaidh an t-údarás forthógálach san don choiste sin an t-airgead is gá chun a gcostaisí d'íoc.
(4) Isé rann-íoc is iníoctha ag údarás neamh-fhorthógálach do réir cho-aontuithe ar n-a dhéanamh fén alt so ná suim bhliantúil chinnte no cionúireacht chinnte do chostaisí cothabhála an aerodróma le n-a mbainfidh an có-aontú, no ceann acu san go leathrannach agus an ceann eile go leathrannach, agus beidh an rann-íoc san iníoctha i pé tráthchoda agus pé tráthanna luadhfar sa chó-aontú.
(5) Ní thiocfaidh aon chó-aontú déanfar fén alt so i bhfeidhm mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí é cheadú.
(6) Ar theacht i bhfeidhm do chó-aontú déanfar fén alt so idir aon údarás neamh-fhorthógálach amháin no níos mó agus údarás forthógálach beidh sé ina cheangal ar gach páirtí agus ion-fhoirfheidhmithe i gcoinnibh gach páirtí sa chó-aontú san, agus beidh comhacht ag gach páirtí fé leith acu san agus ag an gcoiste bainistí (más ann dó) gach gníomh do dhéanamh agus gach íocaíocht d'íoc go mbeidh socrú ina dtaobh sa chó-aontú san no in aon scéim a bheidh ionchorpruithe leis.
Údaráis áitiúla d'fháil iasachtaí.
49.—(1) Féadfaidh comhairle chontae iasacht d'fháil fé Airtiogal 22 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, chun íoctha aon chostaisí fé n-a raghaidh an chomhairle sin fén gCuid seo den Acht so fé is dá mbeadh an chríoch san luaidhte san Airtiogal san agus ní déanfar airgead do gheobhfar ar iasacht chun aon chríche den tsórt san d'áireamh mar chuid d'fhiacha na comhairle sin chun crícheanna aon teorann a chuireann an tAirtiogal san le hiasachtaí d'fháil.
(2) Féadfaidh aon údarás áitiúil (seachas comhairle chontae) iasacht d'fháil fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, chun íoctha aon chostaisí fé n-a raghaidh an t-údarás áitiúil sin fén gCuid seo den Acht so fé is dá mbeadh an chríoch san ina chrích chun a n-údaruítear don údarás áitiúil sin fé sna hAchtanna san iasacht d'fháil, ach ní déanfar airgead do gheobhfar ar iasacht chun aon chríche den tsórt san d'áireamh mar chuid d'fhiacha an údaráis áitiúla san chun crícheanna aon teorann a chuireann na hAchtanna san le hiasachtaí d'fháil.
(3) Féadfar chun crícheanna an ailt seo iasachtaí do thabhairt d'údarás áitiúil amach as Ciste na nIasachtaí Áitiúla.
Costaisí údarás áitiúil.
50.—Na costaisí uile fé n-a raghaidh údarás áitiúil fén gCuid seo den Acht so íocfar iad—
(a) i gcás comhairle contae, tríd an ráta dealbhais ar n-a chruinniú go cothrom ar fuaid iomláin a gcontae (lasmuich d'aon bhuirg no bailecheanntar inti go mbeidh rann-íocanna déanta no á ndéanamh ag á chomhairle fén gCuid sin alos aerodróma bheidh bunuithe no ar tí a bhunuithe sa chontae sin no i gcontae-bhuirg atá buailte leis an gcontae sin);
(b) i gcás comhairlí contae-bhuirgí Chorcaighe agus Phortláirge, comhairle buirge (seachas contae-bhuirg no buirg Dhún Laoghaire) no comhairle bailecheanntair, as aon ráta no ciste is ionchurtha chun crícheanna na nAchtanna Sláinte Puiblí (Éirinn), 1878 go 1931, fé is dá mba chun crícheanna na nAchtanna san do raghfaí fútha.
Costaisí údarás coimeádais agus cuain.
51.—Na costaisí uile fé n-a raghaidh údarás coimeádais no údarás cuain fén gCuid seo den Acht so íocfaidh an t-údarás san iad sa tslí chéanna ina n-íoctar costaisí eile bhíonn ar an údarás san.
Údaráis áitiúla do cheapadh oifigeach.
52.—Féadfaidh aon údarás áitiúil, fé réir na bhforálacha d'aon achtachán a bhaineann leis an údarás áitiúil sin do cheapadh oifigeach, pé oifigigh agus pé méid oifigeach do cheapadh is dóich leo is gá chun na gcomhacht a bronntar ar an údarás áitiúil sin leis an gCuid seo den Acht so d'fheidhmiú, agus íocfar le gach oifigeach a ceapfar amhlaidh pé luach saothair a chinnfidh an t-údarás áitiúil sin le toiliú an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.
Forálacha i dtaobh tailimh leis an Stát.
53.—(1) Ní léireofar éinní san Acht so mar ní a thoirmeascann léas no ceadúnas do dheonadh don Aire no d'údarás áitiúil, fé aon Acht do rith an tOireachtas (roimh an Acht so do rith no dá éis sin), alos aon tailimh is talamh Stáit agus le n-a mbaineann an tAcht san, ná mar ní a thoirmeascann ar an Aire no ar údarás áitiúil an léas no an ceadúnas san do ghlacadh.
(2) Chun crícheanna na Coda so den Acht so féadfaidh an tAire, le hordú, aon talamh Stáit d'fhoiriadhadh go mbeidh údaruithe dhó do réir dlí léasanna agus ceadúnaisí do dheonadh ina thaobh, agus féadfaidh an tAire aon talamh Stáit den tsórt san d'úsáid chun aon chríche chun a bhféadfar talamh a thógfaidh fén gCuid seo den Acht so d'úsáid.
(3) San alt so cialluíonn an abairt “talamh Stáit” talamh is le Saorstát Éireann de thurus na huaire de bhuadh Airtiogail 11 den Bhunreacht no de bhíthin ní ar bith eile (láithreach no todhachaí).
Cosaint do chearta, etc., an Aire Puist agus Telegrafa.
54.—Ní bhainfidh éinní san Acht so den Aire Puist agus Telegrafa aon chearta ná leighseanna fé sna hAchtanna Telegrafa, 1863 go 1928, no fé aon oiriúnú ar n-a dhéanamh ortha, no fé éinní ar n-a chur ina n-ionad, go reachtúil ag an Oireachtas no fé údarás an Oireachtais.
CUID VI.
Tairsce agus Cráiteas o Aer-Árthaighe, agus Eiteall Dainséarach.
Srian le haicsin um airgead damáiste alos tairsce no cráitis o aer-árthaighe.
55.—Ní luighfidh aon aicsean, alos tairsce ná alos cráitis, mara mbeidh de chúis leis ach aer-árthach d'eiteall os cionn aon mhaoine ar aoirde os cionn tailimh a bheidh réasúnta ag féachaint do chor na gaoithe agus na haimsire agus do chúrsaí uile an cháis, no mara mbeidh de chúis leis ach gnáth-theagmhaisí an eitill, faid a cólíonfar go cuibhe forálacha Coda II den Acht so agus aon orduithe ar n-a dhéanamh fén gCuid sin II agus aon rialachán ar n-a ndéanamh de bhuadh aon orduithe den tsórt san.
Pionós alos eitill dainséraigh.
56.—(1) Má heitealltar aer-árthach i slí gur trúig le dainséar nea-riachtanach d'aon duine no maoin ar talamh no ar uisce é, beidh píolóid an aer-árthaigh sin no an té bheidh ina feighil agus fós (marab é an píolóid sin no an duine sin i bhfeighil únaer an aer-árthaigh sin) an t-únaer sin, gach duine fé leith acu, ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
(2) San alt so foluíonn an focal “únaer” maidir le haerárthach aon duine go mbeidh an t-aer-árthach ar cíos aige le linn an chionta.
(3) Má bhíonn duine go gcuirfear cionta ina leith fén alt so ina únaer ar an aer-árthach gur ina taobh adeirtear do rinneadh an cionta san, agus gan é bheith ina phíolóid uirthi ná ina feighil, beidh sé ina chosaint mhaith don duine sin a chruthú gur gan cionta uaidh féin leis ná eolas aige air do bhí an t-aer-árthach san á heiteall an tráth adeirtear do rinneadh an cionta.
(4) Is i dteanta aon orduithe déanfar fé Chuid II den Acht so no i dteanta aon rialachán a déanfar de bhuadh aon orduithe den tsórt san, agus ní mar laigheadú ar an gcéanna bheidh forálacha an ailt seo.
CUID VII.
Foralácha Riaracháin agus Forálacha Ilghnéitheacha.
Raic agus sábháil.
57.—(1) Aon tseirbhísí déanfar chun cabhrú le haer-árthach no chun daoine ar bord uirthi do thárrtháil no chun a last no a feisteas do shábháil, agus an t-aer-árthach san sa bhfaraige no in aon uisce taoide no ortha no os a gcionn no ar chladach na faraige no aon uisce thaoide no os a chionn, tuigfear gur seirbhísí sábhála iad i ngach cás inar sheirbhísí sábhála iad dá mba maidir le hárthach mara déanfaí iad; agus má dheineann aer-árthach seirbhísí sábhála maidir le haon mhaoin no duine beidh únaer an aer-árthaigh i dteideal an luach saothair céanna as ucht na seirbhísí sin chun a mbeadh teideal aige dá mb'árthach mara an t-aer-árthach.
Beidh éifeacht ag na forálacha san roimhe seo den fho-alt so d'ainneoin gurb aer-árthach coigríche an t-aer-árthach a bheidh i gceist agus d'ainneoin na seirbhísí bheidh i gceist do dhéanamh in áit seachas laistigh de theoranta uiscí tíriúla Shaorstáit Éireann.
(2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú, a ordú, i dtaobh aon fhorálacha, d'Acht ar bith a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, a bhaineann le raic no le daoine do thárrtháil no le maoin do shábháil no leis an dualgas i dtaobh cabhrú le hárthaighe mara i nguais, go mbeidh feidhm acu, gus na heisceachtaí, na hoiriúnuithe, agus na hatharuithe sin, más aon cheann é, a luadhfar san ordú, maidir le haer-árthaighe fé mar atá ag na forálacha san maidir le hárthaighe mara agus beidh feidhm dlí ag aon ordú den tsórt san i Saorstát Éireann.
(3) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gur forálacha bhaineann le raic forálacha ar bith d'Acht a bhaineann le hárthaighe mara cuirtear i leathaoibh no faillítear mar árthaighe atá neamh-oiriúnach chun seirbhíse mara, agus tuigfear go bhfoluíonn an focal “Acht” aon Acht áitiúil no speisialta agus aon fhorálacha den Harbours, Docks and Piers Clauses Act, 1847, mar do hionchorpruíodh no a hionchorprófar san la haon Acht áitiúil no speisialta, pé uair do ritheadh no a rithfear é.
(4) Aon ordú do rinneadh de bhuadh ailt 11 den Air Navigation Act, 1920, agus do bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann díreach roimh dháta an Achta so do rith tuigfear gur fén alt so do rinneadh é agus féadfar dá réir sin é do leasú no do cheiliúradh le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so agus leanfaidh i bhfeidhm go dtí n-a cheiliúradh amhlaidh agus fé réir aon leasuithe den tsórt san.
Forálacha áirithe de sna hAchtanna Loingis Cheannaíochta, i dtaobh iombualadh ar muir agus comharthaí guaise, do chur i mbaint le muir-phlánaí.
58.—(1) An chomhacht a bronntar le fo-alt (1) d'alt 418 den Merchant Shipping Act, 1894, chun rialacháin do dhéanamh chun cosc do chur le hiombualadh ar muir, folóidh comhacht chun rialacháin do dhéanamh chun cosc do chur le hiombualadh ar muir—
(a) idir muir-phlánaí ar uachtar uisce, agus
(b) idir árthaighe mara agus muir-phlánaí ar uachtar uisce;
agus dá réir sin beidh feidhm ag an alt san 418 agus ag ailt 419, 421 agus 424 den Acht san, mar a leasuítear san le haon achtachán ina dhiaidh sin, maidir le muir-phlánaí ar uachtar uisce fé mar atá acu maidir le longa no árthaighe mara, ach san fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—
(i) chun críche fo-alt (2) den alt san 418, agus chun crícheanna an ailt sin 424, tuigfear ná fuil aon fhorálacha de Chuid V den Acht san, ach amháin ailt 418, 419, 421, agus 424 den Acht san, a bhaineann le rialacháin i dtaobh iombualadh no a bhaineann ar shlí eile le hiombualadh, agus
(ii) déanfar aon tagairtí atá san alt san 419 don mháistir no don duine i bhfeighil na leibhinne do léiriú mar thagairtí don phíolóid no don duine eile ar diúité i bhfeighil an mhuir-phlána.
(2) An chomhacht a bronntar le fo-alt (1) d'alt 25 den Acht Loingis Cheannaíochta (Convensiúin um Shábháltacht agus um Ualach-Líne), 1933 (Uimh. 42 de 1933), chun a ordú cadiad na comharthaí bheidh ina gcomharthaí guaise agus práinne, folóidh comhacht chun a ordú cadiad na comharthaí bheidh ina gcomharthaí guaise agus práinne i gcás muir-phlánaí ar uachtar uisce; agus dá réir sin beidh feidhm ag an alt san 25 maidir le muir-phlánaí ar uachtar uisce fé mar atá aige maidir le longa no árthaighe mara, ach san fé réir an atharuithe go ndéanfar an tagairt atá i bhfo-alt (3) den alt san 25 don mháistir do léiriú mar thagairt don phíolóid no don duine eile ar diúité i bhfeighil an mhuir-phlána.
(3) San alt so tá an brí céanna leis an abairt “árthaighe mara” atá leis an bhfocal “vessels” sa Merchant Shipping Act, 1894.
(4) Chun crícheanna an ailt seo agus an chéad ailt ina dhiaidh seo tuigfear muir-phlánaí bheidh ag eirghe den uisce no ag túirling air do bheith ar uachtar uisce faid a bheid i dteangmháil leis.
Comhacht údarás coimeádais agus cuain chun fo-dhlithe do dhéanamh chun muir-phlánaí do rialáil le linn iad a bheith ar uachtar uisce.
59.—(1) Aon achtachán a bhronnann aon chomhacht no a fhorchuireann aon dualgas ar údarás choimeádais no ar údarás chuain fo-dhlithe do dhéanamh chun longa no árthaighe mara do rialáil, léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá bhfolódh an chomhacht no an dualgas a bronntar no a forchuirtear amhlaidh comhacht no dualgas fo-dhlithe do dhéanamh chun muir-phlánaí do rialáil le linn iad a bheith ar uachtar uisce, agus fós comhacht chun forálacha do chur sna fo-dhlithe á údarú don mháistir chuain no d'oifigeach eile don údarás feidhmiú do dhéanamh, maidir le muir-phlánaí ar uachtar uisce, ar gach feidhm no aon fheidhm dá n-údaruítear dó leis an achtachán san d'fheidhmiú maidir le longa no árthaighe mara, ach san fé réir an tsrianta so, eadhon, ná déanfaidh na fo-dhlithe sin ar aon chúinse a cheangal, ná a údarú do mháistir chuain ná d'oifigeach eile a cheangal, go ndíchoghabhálfaí muir-phlána no aon chuid de no go ndéanfaí atharú ar bith ar dhéanmhas no ar fhearas mhuir-phlána.
(2) Má dheineann aon achtachán, de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo no ar shlí eile, comhacht do bhronnadh no dualgas d'fhorchur ar údarás choimeádais no ar údarás chuain fo-dhlithe do dhéanamh chun muir-phlánaí do rialáil le linn iad a bheith ar uachtar uisce no aon fhorálacha den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san do chur sna fo-dhlithe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) más rud é ná forálfaidh an t-achtachán san ná tiocfaidh na fo-dhlithe i bhfeidhm mara ndeinidh Aire éigin iad do dhaingniú no aontú leo agus ná forálfaidh gur gá go ndéanfadh cúirt no breitheamh iad do cheadú no aontú leo, ní thiocfaidh aon fho-dhlithe den tsórt san a déanfar, tar éis dáta an Achta so do rith, maidir le muir-phlánaí i bhfeidhm mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tAire iad do dhaingniú;
(b) más rud é go bhforálfaidh an t-achtachán san ná tiocfaidh na fo-dhlithe i bhfeidhm mara ndeinidh cúirt no breitheamh iad do cheadú no aontú leo, cuirfidh an t-údarás coimeádais no an t-údarás cuain cóip de sna fo-dhlithe chun an Aire sara n-iarrfaid ar an gcúirt no ar an mbreitheamh san iad do cheadú, agus déanfaidh an chúirt no an breitheamh, sara gceadóid na fo-dhlithe no sara n-aontóid leo, aon chúis a phléifidh an tAire, no a pléifear thar a cheann ina dtaobh do bhreithniú.
(3) San alt so—
foluíonn an focal “achtachán” aon ordú sealadach a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire (pe'ca daingníodh le hAcht é no nár daingníodh);
foluíonn an focal “fo-dhlithe” rialacha agus rialacháin.
Fiosrú i dtaobh tionóiscí.
60.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh á shocrú go ndéanfar fiosrú i dtaobh aon tionóisce thiocfaidh de dhruim no le linn aer-loingseoireacht do dhéanamh agus a thárlóidh i Saorstát Éireann no os a chionn no d'aer-árthach le Saorstát Éireann in aon áit eile.
(2) Gan dochar do gheneráltacht forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo, féadfaidh forálacha bheith i rialacháin fén alt so—
(a) á cheangal fógra do thabhairt i dtaobh aon tionóisce den tsórt san roimhráithe ar pé slí agus o pé daoine luadhfar sna rialacháin;
(b) ag tabhairt feidhme d'aon cheann d'fhorálacha ailt 3 den Notice of Accidents Act, 1894, go n-atharú no gan atharú air, chun críche fiosruithe déanfar i dtaobh aon tionóiscí den tsórt san;
(c) á thoirmeasc dul in aice no baint le haer-árthach dar bhain tionóisc go dtí go ndéanfar fiosrú agus á údarú d'éinne áirithe, sa mhéid gur gá san chun crícheanna fiosruithe, dul go dtí aon aer-árthach den tsórt san no é scrúdú no d'aistriú no slí do ghlacadh chun é chaomhaint no éinní eile do dhéanamh leis;
(d) á údarú no á cheangal aon cheadúnas no deimhniú ar n-a dheonadh fén Acht so no fé aon ordú ar n-a dhéanamh fé do chealú, do chur ar fiunraoi, do chur fé chúlscríbhinn, no do thabhairt suas má chítear tar éis fiosruithe gur ceart an ceadúnas do chealú, do chur ar fiunraoi, do chur fé chúl-scríbhinn, no do thabhairt suas, agus chun aon cheadúnas den tsórt san do thabhairt i láthair chun go ndéanfar amhlaidh leis.
(3) Ní theorannóidh éinní atá san alt so na comhachta atá ag aon údarás fé ailt 530 go 537, go huile, den Merchant Shipping Act, 1894, no fé aon achtachán (agus an tAcht so d'áireamh) le n-a leasuítear na hailt sin.
(4) Má dheineann duine ar bith éinní (tré fhaillí no tré ghníomh) contrárdha d'aon rialacháin fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí.
(5) Aon rialacháin do rinne an tAire fé alt 12 den Air Navigation Act, 1920, agus do bhí i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta so do rith, tuigfear gur fén alt so do rinneadh iad agus féadfar iad do leasú no do cheiliúradh le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, agus leanfaid i bhfeidhm go dtí n-a gceiliúradh amhlaidh agus fé réir aon leasuithe den tsórt san.
Paitinní d. shárú.
61.—(1) Má deir éinne le n-a mbainfidh, i dtaobh aer-árthaigh choigríche bheidh ag déanamh turuis tré Shaorstát Éireann no os a chionn, go ndeineann sí inti féin no in aon chuid di sárú ar aon aireag, patrún no fíoghróg atá i dteideal a chosanta i Saorstát Éireann, beidh sé dleathach, fé réim agus do réir Rialacha Cúirte, an t-aer-árthach san do choinneáil go ndéanfaidh a húnaer suim (dá ngairmtear an tsuim lóisteálta san alt so) do lóisteáil no d'urrú alos an tsáruithe adeirtear do rinneadh, agus leis sin, faid a bheidh an t-aer-árthach ag leanúint ar a turus no le linn a dhéanta, ní féadfar aon nasc, gabháil, coinneáil ná toirmeasc do chur no do dhéanamh uirthi, le hordú cúirte ná eile, alos no i dtaobh an tsáruithe adeirtear do rinneadh.
(2) Isé bheidh sa tsuim lóisteálta ná suim de pé méid ar a gcó-aontóidh na páirtithe le n-a mbainfidh no a ceapfar, cheal có-aontuithe, ag an Aire no ag duine éigin go n-údarás cuibhe aige thar a cheann, agus íocfar leis í, no urrófar go n-íocfar leis í, i pé slí cheadóidh, agus deighleálfar leis an suim lóisteálta ag pé bínse agus do réir pé nós imeachta ceapfar le Rialacha Cúirte, agus féadfar leis na rialacha san socrú generálta do dhéanamh chun an ailt seo do chur in éifeacht.
(3) San alt so—
folóidh an focal “únaer” an té gur leis aer-árthach agus éinne bheidh ag éileamh tríd no fé;
folóidh an focal “turus” gach túirling agus stad réasúnta le linn turuis.
Dlighinse.
62.—(1) Aon chionta fén Acht so no fé ordú no rialacháin a bheidh déanta fé, agus cionta ar bith a déanfar ar aer-árthach le Saorstát Éireann, tuigfear ina thaobh, chun dlighinse do bhronnadh, gur in aon áit ina mbeidh an ciontuitheoir de thurus na huaire do rinneadh é.
(2) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú, socrú do dhéanamh i dtaobh na gcúirteanna ina bhféadfar imeachta do bhunú chun aon éileamh fén Acht so, no aon éileamh eile maidir le haer-árthaighe, d'fhoirfheidhmiú, agus féadfaidh go sonnrách socrú do dhéanamh chun dlighinse in aon imeachta den tsórt san do bhronnadh ar aon chúirt fheidhmíonn dlighinse Aimiréalachta agus chun aon rialacha cleachta no nós imeachta bhaineann le himeachta Aimiréalachta do chur i mbaint leis na himeachta san.
(3) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú fén bhfo-alt so, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar ordú bheidh déanta fén alt so, le n-a n-áirmhítear ordú fén bhfo-alt so.
(4) Sara ndéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt aon ordú fén alt so raghaidh i gcomhairle leis an bPrímh-Bhreitheamh ina thaobh.
(5) Aon ordú do rinneadh fé fho-alt (2) d'alt 14 den Air Navigation Act, 1920, agus do bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann díreach roimh dháta an Achta so do rith tuigfear gur fén alt so do rinneadh é agus féadfar dá réir sin é do cheiliúradh no do leasú le hordú fén alt so, agus leanfaidh i bhfeidhm go dti n-a cheiliúradh amhlaidh agus fé réir aon leasuithe den tsórt san.
Aer-árthaighe do choinneáil.
63.—Féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú, socrú do dhéanamh chun aer-árthaighe do choinneáil chun a chur in áirithe go gcólíonfar aon cheann áirithe d'fhorálacha an Achta so no d'aon ordú no rialachán ar n-a dhéanamh fé réim no de bhuadh an Achta so, no chun aer-árthaighe do chosc ar eiteall nuair a bheid neamh-oiriúnach ar eiteall, agus beidh feidhm dlí ag gach ordú den tsórt san i Saorstát Éireann.
Coinneáil aer-árthach d'fhoirfheidhmiú.
64—(1) Má bhíonn aer-árthach le coinneáil, no go bhféadfar í choinneáil, fén Acht so féadfaidh aon duine údaruithe an t-aerárthach san do choinneáil.
(2) Má dheineann aer-árthach, tar éis a coinneála no tar éis aon fhógra no ordú coinneála do sheirbheáil ar an bpíolóid, eirghe no tabhairt fé eirghe sara scaoilfidh údarás inniúil í, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) beidh an píolóid, agus fós an t-únaer agus aon duine chuirfidh fé ndeár don aer-árthach eirghe no tabhairt fé eirghe, ciontach, gach duine fé leith acu, i gcionta fén alt so:
(b) más rud é, le linn don aer-árthach san eirghe amhlaidh, go mbeidh oifigeach údaruithe ar bord uirthi i bhfeidhmiú a dhualgais, beidh únaer agus píolóid an aer-árthaigh sin, gach duine fé leith acu, ciontach i gcionta fén alt so, agus fós, má bhíd ciontach sa chionta san, dlighfid gach costas agus fo-chostas, do bhain leis an oifigeach san do thógaint ar an aerárthach san amhlaidh, d'íoc leis an Aire.
(3) Má bhíonn duine go gcuirfear cionta ina leith fén alt so gan bheith ina phíolóid ar an aer-árthach gur ina taobh adeirtear do rinneadh an cionta san, beidh sé ina chosaint mhaith don duine sin a chruthú go raibh sé, an tráth adeirtear do rinneadh an cionta san, gan baint aige le heirghe an aer-árthaigh sin no le n-a hiarracht ar eirghe ná ná raibh eolas aige air.
(4) Aon chostaisí is iníoctha leis an Aire fé fho-alt (2) féadfaidh an tAire iad a bhaint amach mar fhiacha gnáthchonnartha i gcúirt dlighinse inniúla.
(5) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.
(6) Is oifigeach údaruithe chun crícheanna an ailt seo gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) oifigeach coimisiúnta d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann;
(b) oifigeach don Aire;
(c) oifigeach custum agus máil;
(d) duine ar bith go n-údarás aige chuige sin ón Aire.
Forálacha eile i dtaobh aer-árthaighe coinnithe.
65.—(1) Má bhíonn aer-árthach le coinneáil fén Acht so no fé aon ordú no rialachán ar n-a dhéanamh fé, déanfaidh oifigeach custum agus máil agus, i gcás ina bhféadfar aer-árthach do choinneáil fén Acht so, féadfaidh oifigeach custum agus máil diúltadh don aer-árthach san do réiteach amach no do transire do dheonadh don aer-árthach san.
(2) I gcás ina bhforáltar le haon fhoráil den Acht so no ina bhforálfar le haon ordú no rialachán an n-a dhéanamh fé go bhféadfar aer-árthach do choinneáil go dtaisbeánfar aon scríbhinn áirithe don oifigeach cheart custum agus máil, ciallóidh an t-oifigeach ceart, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, an t-oifigeach fhéadfaidh réiteach no transire do dheonadh don aerárthach san.
Eolas i dtaobh gnóthaí aer-iompair agus i dtaobh aerodrómanna custum d'úsáid.
66—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) fé réir forálacha fo-ailt (1) den alt so, chun a cheangal ar dhuine ar bith—
(i) go mbíonn ar siúl mar ghnó aige paisnéirí no earraí d'iompar in aer-árthaighe ar aimsir no ar luach saothair ar pé turuis no pé saghsanna turus (ag tosnú agus ag críochnú ag an aon phuinte amháin no ag puintí deifriúla) a luadhfar sna rialacháin sin, no
(ii) is sealbhóir ar cheadúnas alos aerodróma chustum,
pé eolas a hordófar leis na rialacháin sin do thabhairt, do pé údaráis a luadhfar sna rialacháin sin, i dtaobh aer-árthaighe d'úsáid chun crícheanna an ghnótha san aige agus i dtaobh na ndaoine bhíonn ar fostú maidir leis an úsáid sin no, do réir mar a bheidh, i dtaobh an aerodróma d'úsáid agus i dtaobh na ndaoine bhíonn ar fostú in aer-árthaighe thagann chun an aerodróma no imíonn uaidh;
(b) chun a cheangal ar únaer aon aer-árthaigh a thiocfaidh chun aon aerodróma chustum no bheidh ag imeacht uaidh no ar a píolóid no ar an duine eile bheidh ina feighil pé eolas do thabhairt, do shealbhóir an cheadúnais alos an aerodróma san, is gá chun a chur ar chumas sealbhóra an cheadúnais sin na forálacha san de sna rialacháin sin a bhaineann leis do chólíonadh;
(c) chun a ordú cadiad na hamannta agus cadé an fhuirm agus an tslí ina dtabharfar aon eolas is gá do thabhairt fé sna rialacháin sin.
(2) Ní déanfar le rialacháin a déanfar fén alt so a cheangal ar dhuine go mbeidh aon ghnó den tsórt a luaidhtear i gclás (i) de mhír (a) den fho-alt deiridh sin roimhe seo ar siúl aige eolas do thabhairt i dtaobh aer-árthaighe d'úsáid ar thuruis a bheidh ar fad lasmuich de Shaorstát Éireann no i dtaobh daoine ná beidh ar fostú ach lasmuich de Shaorstát Éireann mara mbeidh an duine go mbeidh an gnó ar siúl aige—
(i) ina shaoránach de Shaorstát Éireann a bheidh ina chomhnaí i Saorstát Éireann, no
(ii) ina dhuine bheidh saor o Acht na nEachtrannach, 1935 (Uimh. 14 de 1935), do bhaint leis, de bhuadh ordú bheidh déanta fé alt 10 den Acht san, agus a bheidh ina chomhnaí i Saorstát Éireann, no
(iii) ina chólucht chorpruithe bheidh ionchorpruithe fé dhlí Shaorstáit Éireann.
(3) Má sháruíonn duine ar bith (tré fhaillí no tré ghníomh) aon rialachán a déanfar fén alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.
(4) San alt so cialluíonn an abairt “aerodróm custum” aerodróm a bheidh ceaduithe de thurus na huaire, do réir ordú ar n-a dhéanamh fé Chuid II den Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, mar áit túirlinge agus imeachta d'aer-arthaighe chun crícheanna na n-achtachán a bhaineann le custuim.
Postanna d'iompar.
67.—Bainfidh alt 2 den Conveyance of Mails Act, 1893, le gach aer-sheirbhís a bheidh ar siúl ag duine ar bith chun paisnéirí agus earraí d'iompar go puiblí, fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) léireofar tagairtí do chuideachtain trambhealaigh mar thagairtí d'aon duine den tsórt san,
(b) léireofar tagairtí do thrambhealach mar thagairtí d'aon tseirbhís den tsórt san,
(c) léireofar tagairtí do charáiste mar thagairtí d'aer-árthach,
(d) léireofar na tagairtí atá san alt san 2 do Choimisiún na mBóthar Iarainn agus na gCanálach mar thagairtí don Bhínse Bhóthair Iarainn.
CUID VIII.
An Chuideachta, Fo-Chuideachtana agus Aer Lingus, Teoranta.
An Chuideachta do bhunú agus do chlárú.
68.—Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith déanfaidh an tAire Airgid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, gach ní do chífear dó bheith riachtanach no oiriúnach chun a chur fé ndeár cuideachta theoranta (dá ngairmtear an Chuideachta san Acht so) a bheidh do réir na gcoinníollacha atá leagtha síos sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do bhunú agus do chlárú i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924.
Iasacht don Chuideachtain chun costaisí a mbunuithe d'íoc.
69.—(1) As airgead a sholáthróidh an tOireachtas féadfaidh an tAire Airgid suim nach mó ná cúig mhíle punt do thabhairt ar iasacht don Chuideachtain ar pé téarmaí agus coinníollacha is ceart dar leis maidir le ham agus modh aisíoctha, ráta úis, urrús agus nithe ar bith eile.
Aon airgead do bhéarfar ar iasacht don Chuideachtain fén alt so cuirfidh an Chuideachta é chun no mar chabhair chun costaisí tionnscanta, bunuithe agus cláruithe na Cuideachtan agus costaisí réamhghabhálacha eile na Cuideachtan d'íoc, agus ní chun aon chrícheanna eile.
(3) Íocfar isteach sa Stát-Chiste na suimeanna uile íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgid chun no mar chabhair chun aon airgead do bhéarfar ar iasacht don Chuideachtain fén alt so d'aisíoc no chun an úis ar an airgead san d'íoc.
Scair-chaipital na Cuideachtan do thabhairt amach.
70.—Ní tabharfar amach tráth ar bith aon chuid de scairchaipital na Cuideachtan (seachas scair-chaipital do bhéarfar amach do shuibscríobhaithe Mhemorandum Comhlachais na Cuideachtan) mara n-údaruighidh an tAire Airgid an tabhairt-amach san tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire.
An tAire Airgid d'fháil scaireanna tré shuibscríobhadh.
71.—Féadfaidh an tAire Airgid o am go ham aon tsaghas no saghsanna scaireanna leis an gCuideachtain do thógaint tré shuibscríobhadh ach ní mó ná suim milleon punt (do réir ainm-luacha) a bheidh an méid scaireanna ar fad a tógfar amhlaidh.
An tAire Airgid d'fho-scríobhadh scaireanna bhéarfar amach.
72.—Féadfaidh an tAire Airgid, fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leis, a chó-aontú leis an gCuideachtain go ndéanfa sé, mara dtógaidh an phuiblíocht fé cheann aimsire áirithe aon scaireanna sa Chuideachtain a beifear ar tí a thairisgint tráth ar bith chun suibscríbhte, na scaireanna san no cionúireacht éigin áirithe dhíobh do thógaint agus íoc asta.
Comhachta an Aire Airgid mar scaireánach.
73.—Faid a bheidh an tAire Airgid i seilbh aon choda de scaireanna na Cuideachtan féadfaidh gach ceann no aon cheann de sna cearta agus de sna comhachta bheidh infheidhmithe o am go ham ag sealbhóir na scaireanna san d'fheidhmiú agus, i gcás na gceart no na gcomhacht san do bheith infheidhmithe tré atúrnae, féadfaidh an tAire sin, más dóich leis san do bheith ceart, na cearta no na comhachta san d'fheidhmiú tré n-a atúrnae.
Comhachta an Aire Airgid maidir le scaireanna bheidh ar seilbh aige.
74.—(1) Féadfaidh an tAire Airgid aon scaireanna leis an gCuideachtain a thógfaidh fén Acht so do choimeád faid is oiriúnach leis é agus féadfaidh gach scair no aon scair acu san do dhíol fé mar agus nuair is oiriúnach leis é.
(2) Gach uair a dhéanfaidh an tAire Airgid scaireanna leis an gCuideachtain a bheidh ar seilbh eige do dhíol déanfar sochar glan an díola san d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh sé.
An Stát d'urrú bintiúirí na Cuideachtan.
75.—Pé uair a bheartóidh an Chuideachta aon bhintiúirí do thabhairt amach féadfaidh an tAire Airgid, más oiriúnach leis é, a urrú, i pé fuirm agus slí is dóich leis is ceart, go n-íocfaidh an Chuideachta go cuibhe do réir téarmaí na mbintiúirí sin an t-airgead colna agus an t-ús a hurrófar leis na bintiúirí sin.
Airgead do roimh-íoc amach as an bPrímh-Chiste.
76.—(1) Roimh-íocfar as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis an t-airgead uile theastóidh o am go ham ón Aire Airgid—
(a) chun íocaíochtaí do dhéanamh is gá dhó do dhéanamh leis an gCuideachtain alos aon scaireanna go suibscríobhfaidh le n-a n-aghaidh no thógfaidh fén Acht so, no
(b) chun suimeanna d'íoc a thiocfaidh chun bheith iníoctha fé aon urraíocht do bhéarfaidh fén Acht so maidir le hairgead a hurrófar le bintiúirí do bhéarfaidh an Chuideachta amach.
(2) Chun airgead do sholáthar i gcóir na suimeanna roimhíocfar amach as an bPrímh-Chiste fén alt so féadfaidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna d'fháil ar iasacht o dhuine ar bith agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire sin urrúis do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé réir pé coinníollacha, i dtaobh aisíoca no fuascailte no eile, is oiriúnach leis.
(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrús do bhéarfar amach fén alt so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.
(4) Aon airgead a cruinneofar de bharr urrús do bhéarfar amach fén alt so cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Ciste sin ar fáil.
(5) Aon airgead a roimh-íocfar as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis chun na gcrícheanna luaidhtear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt so aisíocfaidh an Chuideachta leis an bPrímh-Chiste é (maraon le hús air do réir pé rátaí cheapfaidh an tAire Airgid), i pé méideanna agus pé uaireanta cheapfaidh an tAire sin, agus má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh aon airgead den tsórt san gan aisíoc ag an gCuideachtain leis an bPrímh-Chiste aisíocfar na suimeanna san leis an bPrímh-Chiste amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Díbhinní, etc., d'íoc isteach sa Stát-Chiste.
77.—Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach díbhinn, bonus, agus airgead eile do gheobhaidh an tAire Airgid alos scaireanna leis an gCuideachtain a bheidh ar seilbh aige.
Memorandum agus Airtiogail Chomlachais na Cuideachtan d'atharú.
78.—D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, ní bheidh aon atharú déanfar ar Mhemorandum Chomhlachais no ar Airtiogail Chomhlachais na Cuideachtan dleathach ná éifeachtúil, faid a bheidh aon scaireanna leis an gcuideachtain ar seilbh ag an Aire Airgid, gan an tAire Airgid d'aontú leis roimh ré tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire.
Conganta airgid.
79.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an tAire Airgid o am go ham, le hordú, a údarú go n-íocfar conganta airgid leis an gcuideachtain ar pé téarmaí agus coinníollacha luadhfar san ordú san.
(2) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, ach ní thiocfaidh i bhfeidhm maran rud é—
(a) go ndaingneofar an t-ordú san le rún o Dháil Éireann, no
(b) go mbeidh deireadh le tréimhse de lá is fiche shuidhfidh Dáil Éireann tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a mbráid amhlaidh agus ná beidh Dáil Éireann tar éis rún do rith laistigh den tréimhse sin ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí.
(3) Ní mó ná cúig céad míle punt an méid iomlán a féadfar, le haon orduithe déanfar fén alt so, a údarú a íoc leis an gCuideachtain, agus ní féadfar aon ordú den tsórt san do dhéanamh tar éis deireadh chúig mblian o dháta an Achta so do rith.
(4) I gcás ordú déanfar fén alt so do theacht i bhfeidhm is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar aon airgead is gá chun an chonganta airgid a luadhfar san ordú san d'íoc.
An Chuideachta do thabhairt iasachta d'Aer Lingus, Teoranta.
80.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis na Cuideachtan do chlarú féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire Airgid, pé suim do thabhairt ar iasacht d'Aer Lingus, Teoranta, a dheimhneoidh an tAire Airgid is leor chun aon fhiachaisí fé n-a ndeachaidh Aer Lingus, Teoranta, agus a bheidh gan glanadh an uair sin, do ghlanadh.
(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haisíoc aon tsuime bhéarfaidh an Chuideachta ar iasacht d'Aer Lingus, Teoranta, fén alt so, sé sin le rá:—
(a) déanfar an tsuim sin d'aisíoc amhlaidh i pé slí acu so leanas ordóidh an tAire Airgid, sé sin le rá:—
(i) tré bhintiúirí de mhéid is có-ionann leis an suim sin do thabhairt amach,
(ii) tré scaireanna d'ainm-mhéid is có-ionann leis an suim sin do thabhairt amach,
(iii) maidir le cuid den tsuim sin, tré bhintiúirí de mhéid is có-ionann leis an gcuid sin do thabhairt amach agus, maidir leis an gcuid eile den tsuim sin, tré scaireanna d'ainm-mhéid is có-ionann leis an gcuid eile sin do thabhairt amach;
(b) i gcás aon bhintiúirí do bheith iontugtha amach amhlaidh beidh pé ráta úis ar na bintiúirí sin ordóidh an tAire sin, agus
(c) i gcás aon scaireanna do bheith iontugtha amach amhlaidh féadfaidh na scaireanna san no aon chuid acu, do réir mar ordóidh an tAire sin, bheith ina scaireanna go dtosach acu ar ghnáth-scaireanna agus sa chás san beidh pé ráta díbhinne ortha ordóidh an tAire sin.
E bheith mar oblagáid cuntaisí cothromaíochta, etc., do thabhairt don Aire Airgid.
81.—(1) Gach cuideachta le n-a mbaineann an t-alt so bhéarfaid don Aire Airgid laistigh de nócha lá tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta cuntas cothromaíochta in aghaidh na bliana cuntasaíochta san agus fós cuntas sochair agus dochair in aghaidh na bliana cuntasaíochta céanna agus an dá chuntas san iniúchta go cuibhe ag iniúchóir na cuideachtan san.
(2) An cuntas cothromaíochta agus an cuntas sochair agus dochair do bhéarfaidh gach cuideachta le n-a mbaineann an t-alt so déanfar amach iad ar pé slí a hordófar le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, agus beidh sa chuntas chothromaíochta san (i dteanta éinní is gá do réir na rialachán san) cuimre ar chaipital, ar shócmhainní agus ar fhiachaisí na cuideachtan san, maraon leis na mion-innste sin is gá chun a thaisbeáint cadé an saghas na sócmhainní agus na fiachaisí sin agus conus a rinneadh amach luach na sócmhainní.
(3) Gach cuideachta le n-a mbaineann an t-alt so bhéarfaid don Aire Airgid, ar san d'éileamh, pé mínithe is dóich leis an Aire sin is ceart d'iarraidh maidir le haon chuntas chothromaíochta no cuntas sochair agus dochair do bhéarfar dó do réir an ailt seo.
(4) Déanfaidh an tAire Airgid cóip de gach cuntas cothromaíochta agus de gach cuntas sochair agus dochair do bhéarfar dó do réir an ailt seo do leagadh fé bhráid Dháil Éireann laistigh de mhí tar éis an chuntais chothromaíochta agus an chuntais sochair agus dochair sin do thabhairt dó amhlaidh.
(5) Pé uair agus a mhinicí éileoidh an tAire Airgid ortha é déanfaidh gach cuideachta le n-a mbaineann an t-alt so pé mioninnste éileoidh an tAire sin do thabhairt dó i dtaobh gníomhachtaí na cuideachtan san.
(6) Pé uair agus a mhinicí éileoidh an tAire Airgid é bhéarfaidh an Chuideachta don Aire sin pé mion-innste (eadhon, mion-innste fé n-a gcúram no ar seilbh no ar fáil ag an gCuideachtain) éileoidh sé maidir le haon ghnó (seachas Aer Lingus, Teoranta, no fo-cuideachta) ina mbeidh leas acu.
(7) Má fhaillíonn an Chuideachta, no Aer Lingus, Teoranta, no aon fho-chuideachta na hoblagáidí cuirtear ortha leis an alt so do chólíonadh beidh an Chuideachta, no Aer Lingus, Teoranta, no an fho-chuideachta san (do réir mar a bheidh), agus gach stiúrthóir no bainisteoir no oifigeach eile dhóibh d'údaruigh no do cheaduigh an fhaillí sin go feasach agus go toiliúil, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fineáil ná raghaidh thar cúig púint do chur ortha in aghaidh gach lae leanfaidh an fhaillí.
(8) Féadfaidh an tAire Airgid, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní dá dtagartar san alt so mar ní a hordófar le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so.
(9) Baineann an t-alt so—
(a) leis an gCuideachtain;
(b) le hAer Lingus, Teoranta;
(c) le gach fo-chuideachtain.
(10) Féadfaidh an tAire Airgid no féadfar ar agra an Aire Airgid mar chúisitheoir cionta fén alt so no fén gcéad alt ina dhiaidh seo do chúiseamh.
Leabhair agus scríbhinní leis an gCuideachtain, le hAer Lingus, Teoranta, agus le fo-chuideachtana d'iniúchadh.
82.—(1) Beidh cigire i dteideal dul isteach in áitreabh aon chuideachtan le n-a mbaineann an t-alt so agus aon leabhair no scríbhinní san aitreabh san d'iniúchadh.
(2) Más rud é—
(a) go ndéanfaidh duine ar bith cigire do bhac no do chosc agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar chigire leis an alt so; no
(b) go dteipfidh ar dhuine ar bith aon leabhair no scríbhinní den tsórt san roimhráite do thaisbeáint,
beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.
(3) San alt so cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire Airgid chun na gcomhacht a bronntar ar chigire leis an alt so d'fheidhmiú.
(4) Baineann an t-alt so—
(a) leis an gCuideachtain;
(b) le hAer Lingus, Teoranta;
(c) le gach fo-chuideachtain.
Na hAchtanna chun Déantúisí do Rialú, 1932 agus 1934, do bheith gan feidhm maidir le nithe áirithe.
83.—Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna chun Déantúisí do Rialú, 1932 agus 1934, maidir le haon ghníomh no ní a dhéanfaidh an Chuideachta no Aer Lingus, Teoranta, no aon fho-chuideachta.
CUID IX.
Srian le Seirbhísi Aer-Iompar Intíre do Phaisnéirí agus d'Earraí.
Srian le paisnéirí agus earraí d'iompar d'aer idir áiteanna i Saorstát Éireann.
84.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aer-sheirbhís intíre do bheith ar siúl aige maran rud é—
(a) gurb é an duine sin an Chuideachta no Aer Lingus, Teoranta, no gur fo-chuideachta é, no
(b) go ndeonfaidh an tAire cead don duine sin fén alt so chun na seirbhíse sin do bheith ar siúl aige agus gur fé réim agus do réir an cheada san a bheidh an tseirbhís sin ar siúl.
(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.
(3) Duine go mbeidh údaruithe dhó de thurus na huaire seirbhís eadarnáisiúnta do bhunú, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, cead i scríbhinn do dheonadh dhó chun aer-sheirbhís intíre bheith ar siúl aige, fé réir choinníll ná beidh sa tseirbhís intíre sin ach aer-árthaighe bheidh sa tseirbhís eadarnáisiúnta san agus fé réir pé coinníollacha eile is ceart dar leis an Aire.
(4) San alt so cialluíonn an abairt “aer-sheirbhís intíre” aersheirbhís chun paisnéirí agus earraí no aon taobh acu d'iompar go puiblí o áiteanna go háiteanna eile i Saorstát Éireann.
CUID X.
Saghsanna Áirithe Gnótha Eitlíochta do Stiúradh agus do Rialáil.
Mínithe chun crícheanna Coda X.
85.—(1) Sa Chuid seo den Acht so—
cialluíonn an abairt “gnó eitlíochta (aimsiriú príobháideach)” aer-árthaighe do chur ar aimsir ar luach saothair, chun paisnéirí no earraí d'iompar, fé chonnradh tré n-a bhfostuítear an t-aer-árthach go hiomlán chun turus no turusanna áirithe do dhéanamh, fé mar a bheidh luaidhte i leabhar turuis an aer-árthaigh sin, gan féachaint don méid paisnéirí no earraí bhíonn le hiompar;
cialluíonn an abairt “gnó eitlíochta (eitill áineasa)” eitill áineasa do thabhairt do dhaoine, ar luach saothair, in aer-árthaighe, ag tosnú agus ag críochnú, gan túirling i gcúrsa an eitill, san aon aerodróm amháin;
cialluíonn an abairt “gnó eitlíochta (teagasc)” teagasc in eitlíocht do thabhairt do dhaoine ar luach saothair.
(2) Chun crícheanna an Achta so is gnó eitlíochta de shaghas ar leith gach gnó fé leith acu so, eadhon, gnó eitlíochta (aimsiriú príobháideach), gnó eitlíochta (eitill áineasa), agus gnó eitlíochta (teagasc).
An lá ceaptha chun crícheanna Coda X.
86.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so.
(2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire fén alt so chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so.
Toirmeasc ar dhaoine nea-cheadúnuithe gnó eitlíochta de shaghas le n-a mbaineann Cuid X do bheith ar siúl acu.
87.—(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, i gcúrsa gnótha eitlíochta (aimsiriú príobháideach) a bheidh ar siúl aige, aon phaisinéir ná earraí d'iompar in aon aer-árthach i Saorstát Éireann, maran rud é—
(a) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas (dá ngairmtear ceadúnas gnótha eitlíochta sa Chuid seo den Acht so) do deonadh fén gCuid seo den Acht so, á údarú dhó an gnó san do bheith ar siúl aige, no
(b) maidir leis an aer-árthach san—
(i) gur o áit lasmuich de Shaorstát Éireann a thosnuigh sí a turus, agus
(ii) gur fostuíodh go príobháideach í go hiomlán, agus
(iii) ná hiompróidh sí, faid a bheidh sí i Saorstát Éireann, aon phaisnéirí ar luach saothair, seachas cuid de sna paisnéirí no na paisnéirí go léir do bhí á n-iompar aici ar thúirling di i Saorstát Éireann den chéad uair.
(2) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, i gcúrsa gnótha eitlíochta (eitill áineasa) a bheidh ar siúl aige, aon phaisinéir d'iompar d'aer i Saorstát Éireann maran rud é gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas (dá ngairmtear freisin ceadúnas gnótha eitlíochta sa Chuid seo den Acht so) do deonadh fén gCuid seo den Acht so á údarú dhó an gnó san do bheith ar siúl aige.
(3) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, i gcúrsa gnótha eitlíochta (teagasc) a bheidh ar siúl aige, aon duine eile d'iompar d'aer i Saorstát Éireann, maran rud é gur sealbhóir an duine sin a céad-luaidhtear ar cheadúnas (dá ngairmtear freisin ceadúnas gnótha eitlíochta sa Chuid seo den Acht so) do deonadh fén gCuid seo den Acht so á údarú dhó an gnó san do bheith ar siúl aige.
(4) Gach duine ghníomhóidh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.
(5) Deimhniú bhéarfaidh le tuisgint é bheith sighnithe ag oifigeach don Aire agus é bheith á dheimhniú go raibh duine áirithe ar lá no laetheanta áirithe no ar feadh iomláine tréimhse áirithe gan bheith ina shealbhóir ar cheadúnas gnótha eitlíochta alos saghais áirithe gnótha eitlíochta, beidh san, gan cruthúnas ar shighniú an duine bhéarfaidh le tuisgint an deimhniú san do shighniú no gurb oifigeach don Aire é, ina fhianaise go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar pé cinn de sna nithe roimhráite bhéarfaidh le tuisgint do bheith deimhnithe sa deimhniú san agus leis.
Ceadúnaisí gnótha eitlíochta d'iarraidh.
88.—(1) Féadfaidh duine ar bith ceadúnas gnótha eitlíochta, á udarú dhó saghas áirithe gnótha eitlíochta do bheith ar siúl aige, d'iarraidh ar an Aire.
(2) Beidh gach iarratas ar cheadúnas gnótha eitlíochta sa bhfuirm orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann.
Ceadúnas gnótha eitlíochta do dheonadh.
89.—Pé uair a dhéanfaidh duine ar bith, fé réim agus do réir an ailt deiridh sin roimhe seo, ceadúnas gnótha eitlíochta alos saghais áirithe gnótha eitlíochta d'iarraidh ar an Aire beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) i gcás an duine sin do chur ina luighe ar an Aire go raibh gnó de shaghas is cosúil leis sin gur leis a bhaineann an t-iarratas san ar siúl aige i Saorstát Éireann an 1adh lá d'Eanar, 1936, deonfaidh an tAire an ceadúnas san don duine sin, agus
(b) i ngach cás eile, féadfaidh an tAire, mar is rogha leis féin é, an ceadúnas san do dheonadh no diúltadh d'é do dheonadh.
Oibriú ceadúnais ghnótha eitlíochta.
90.—Gach ceadúnas gnótha eitlíochta alos saghais áirithe ghnótha eitlíochta déarfaidh agus déanfaidh a údarú don duine is ceadúnaí fén gceadúnas san de thurus na huaire an saghas san gnótha eitlíochta do bheith ar siúl aige, ach san fé réir forálacha an Achta so agus aon ordú no rialachán ar n-a ndéanamh fé, agus fé réir na gcoinníoll (más ann dóibh) a bheidh ag gabháil leis an gceadúnas san.
Coinníollacha do chur ag gabháil le ceadúnas gnótha eitlíochta.
91.—(1) Pé uair a dheonfaidh an tAire ceadúnas gnótha eitlíochta féadfaidh aon choinníollacha is ceart dar leis do chur ag gabháil leis an gceadúnas san, agus go sonnrách, agus gan dochar do gheneráltacht na comhachta san roimhe seo, coinníollacha i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) teorannú an líomatáiste gur ina thaobh a bheidh an saghas gnótha le n-a mbaineann an ceadúnas san ar siúl,
(b) págh agus coinníollacha fostuíochta na bhfostaithe sa ghnó san, agus
(c) saoránaigh de Shaorstát Éireann do bheith ar fostú agus déantúisí de chuid Shaorstáit Éireann d'úsáid maidir leis an ngnó san.
(2) Pé uair a chuirfidh an tAire aon choinníollacha ag gabháil le ceadúnas gnótha eitlíochta luadhfaidh na coinníollacha san sa cheadúnas san.
Coinníollacha ceadúnais ghnótha eitlíochta do leasú.
92.—(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ar iarratas sealbhóra cheadúnais ghnótha eitlíochta, leasú do dhéanamh (pe'ca tré chur-leis, fágaint-ar-lár no atharú é) ar na coinníollacha bheidh ag gabháil leis an gceadúnas san.
(2) Féadfaidh an tAire uaidh féin leasú do dhéanamh (pe'ca tré chur-leis, fágaint-ar-lár no atharú é) i pé slí is oiriúnach leis ar na coinníollacha bheidh ag gabháil le ceadúnas gnótha eitlíochta.
(3) Pé uair a bheartóidh an tAire leasú do dhéanamh, i bhfeidhmiú na comhachta bronntar air leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, ar na coinníollacha bheidh ag gabháil le ceadúnas gnótha eitlíochta, cuirfidh fé ndeár fógra do sheirbheáil tríd an bpost ar an gceadúnaí fén gceadúnas san ag luadh na gcoinníollacha leasuithe atá chun bheith ag gabháil leis an gceadúnas san agus ar an bhfógra san do sheirbheáil beidh na coinníollacha leasuithe sin ag gabháil-leis an gceadúnas san.
Coinníollacha bheidh ag gabháil le ceadúnas gnótha eitlíochta do bhriseadh.
93.—Má theipeann ar dhuine ar bith is ceadúnaí fé cheadúnas gnótha eitlíochta no má fhaillíonn no má dhiúltann sé aon cheann áirithe de sna coinníollacha bheidh ag gabháil leis an gceadúnas san d'fhorchoimeád no do chólíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.
Tosach feidhme agus ré cheadúnais ghnótha eitlíochta.
94.—(1) Luadhfar i ngach ceadúnas gnótha eitlíochta an dáta ar a dtosnóidh sé agus tosnóidh gach ceadúnas den tsórt san an dáta bheidh luaidhte amhlaidh.
(2) Mara dtuitidh ar lár no mara gceiliúrtar é fén gCuid seo den Acht so roimhe sin leanfaidh gach ceadúnas gnótha eitlíochta i bhfeidhm ar feadh tréimhse de dhá mhí dhéag o dháta a thosnuithe agus raghaidh in éag ansan mara ndeintear é d'athnuachaint fén gCuid seo den Acht so.
Iarratas ar cheadúnas ghnótha eitlíochta d'athnuachaint.
95.—(1) Féadfaidh gach duine is ceadúnaí fé cheadúnas ghnótha eitlíochta bheidh i bhfeidhm (pe'ca de bhuadh an cheadúnais sin do dheonadh ar dtúis é no de bhuadh athnuachainte air) féadfaidh, laistigh den aimsir orduithe agus le linn an cheadúnais sin do bheith i bhfeidhm amhlaidh, a iarraidh ar an Aire an ceadúnas san d'athnuachaint.
(2) Is sa bhfuirm orduithe déanfar gach iarratas ar cheadúnas ghnótha eitlíochta d'athnuachaint agus beidh na mion-innste orduithe ann.
Athnuachaint ar cheadúnas ghnótha eitlíochta do dheonadh.
96.—(1) Féadfaidh an tAire diúltadh d'iarratas ar cheadúnais ghnótha eitlíochta d'athnuachaint ar scór no ar scóranna acu so leanas ach ní har aon scór eile, sé sin le rá:—
(a) ar an scór gur dóich leis go ndearnadh le linn ré an cheadúnais, no na hathnuachainte deiridh air, coinníoll no coinníollacha dá raibh ag gabháil leis an gceadúnas san do bhriseadh no faillí do thabhairt i gcoinníoll no i gcoinníollacha acu san d'fhorchoimeád no do chólíonadh;
(b) ar an scór gur dóich leis go ndearnadh, le linn na ré sin, forálacha an Achta so no forálacha aon ordú no rialachán ar n-a ndéanamh fé do bhriseadh no faillí do thabhairt in iad d'fhorchoimeád no do chólíonadh;
(c) ar an scór go ndearnadh, le linn na ré sin, an ceadúnaí fén gceadúnas san do chiontú i gcionta (pe'ca fén Acht so no fé aon Acht eile é) maidir leis an ngnó eitlíochta le n-a mbaineann an ceadúnas san no maidir leis na haer-árthaighe a húsáidtear ann.
(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ceadúnas gnótha eitlíochta d'athnuachaint, féadfaidh an tAire leasú do dhéanamh (pe'ca tré chur-leis, fágaint-ar-lár no atharú é) i pé slí is ceart dar leis ar na coinníollacha bheidh ag gabháil leis an gceadúnas san.
Ré athnuachainte ceadúnais ghnótha eitlíochta.
97.—Tosnóidh gach athnuachaint ar cheadúnas gnótha eitlíochta díreach ar dhul in éag don cheadúnas no don athnuachaint ar an gceadúnas (pe'ca aca é) gur athnuachaint air í agus leanfaidh i bhfeidhm (mara dtuitidh ar lár no mara gceiliúrtar í fén Acht so roimhe sin) go ceann tréimhse dhá mhí dhéag o dháta a tosnuithe.
Ceadúnas gnótha eitlíochta do cheiliúradh.
98.—(1) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, ceadúnas gnótha eitlíochta do cheiliúradh ar iarratas an cheadúnaí fé.
(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, uaidh féin agus do réir a dhiscréide féin amháin, ceadúnas gnótha eitlíochta do cheiliúradh no do chur ar fiunraoi ar feadh pé tréimhse is ceart dar leis ar aon scór ar a n-údaruítear dó leis an gCuid seo den Acht so diúltadh d'iarratas ar an gceadúnas san d'athnuachaint.
(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, uaidh féin agus do réir a dhiscréide féin amháin, ceadúnas gnótha eitlíochta do cheiliúradh más deimhin leis gur tré chalaois no tré cham-thuairisc do fuarthas an ceadúnas san.
Ceadúnas gnótha eitlíochta d'aistriú.
99.—(1) Ní bheidh ceadúnas gnótha eitlíochta ionaistrithe, ag an té is ceadúnaí fé ná tré oibriú dlí, chun éinne eile.
(2) Pé uair a haistreofar únaeracht ghnótha eitlíochta, pe'ca tré ghníomh na bpáirtithe no tré oibriú dlí é, ón té is ceadúnaí fén gceadúnas gnótha eitlíochta bhaineann leis an ngnó san chun duine eile, féadfaidh an tAire, más ceart san dar leis, ar iarratas an duine sin, an ceadúnas san d'aistriú chun an duine sin.
(3) Is sa bhfuirm orduithe déanfar gach iarratas chun ceadúnas gnótha eitlíochta d'aistriú fén alt so agus beidh na mion-innste orduithe ann.
(4) I gcás ceadúnas gnótha eitlíochta d'aistriú fén alt so tuigfear an ceadúnas san d'aistriú ar dháta aistrithe an ghnótha le n-a mbaineann an ceadúnas san.
Ceadúnaí fé cheadúnas ghnótha eitlíochta d'éagadh.
100.—Pé uair éagfaidh an té is ceadúnaí fé cheadúnas ghnótha eitlíochta beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) féadfar an gnó eitlíochta le n-a mbaineann an ceadúnas san do choimeád ar siúl fén gceadúnas san go dtí go dtárlóidh pé ní acu so leanas is túisce thárlóidh, sé sin le rá, promháid uachta no leitreacha riaracháin estáit phearsanta an cheadúnaí do dheonadh, no an ceadúnas san do dhul in éag, no trí mhí do bheith caithte ón am d'éag an ceadúnaí sin;
(b) féadfaidh ionadaí pearsanta an cheadúnaí sin, le linn an cheadúnais sin do bheith i bhfeidhm, an gnó eitlíochta san do choimeád ar siúl go ceann sé mhí ón am d'éag an ceadúnaí sin no go dtí go raghaidh an ceadúnas san in éag, pé ní acu san is túisce thárlóidh;
(c) féadfaidh ionadaí pearsanta an cheadúnaí sin a iarraidh ar an Aire an ceadúnas san d'athnuachaint no d'aistriú chuige féin (do réir mar is gá sa chás) agus ar an iarratas san do dhéanamh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(i) más iarratas ar athnuachaint an t-iarratas san, féadfaidh an tAire diúltadh don iarratas san ach ní fhéadfaidh déanamh amhlaidh ach ar scór ar a n-údaródh an tAcht so dhó diúltadh don iarratas dá mairfeadh an ceadúnaí sin agus dá mb'é féin a dhéanfadh an t-iarratas;
(ii) más iarratas ar aistriú an t-iarratas san, deonfaidh an tAire an t-iarratas san.
Daoine iarrfaidh ceadúnaisí gnótha eitlíochta do dheonadh, d'athnuachaint agus d'aistriú, do thabhairt eolais agus fíoruithe uatha.
101.—(1) Gach duine iarrfaidh, fén gCuid seo den Acht so, ceadúnas gnótha eitlíochta do dheonadh no d'athnuachaint no d'aistriú, déanfaidh, ar an Aire á cheangal san air, an t-eolas san uile theastóidh ón Aire chun an iarratais sin do bhreithniú do thabhairt don Aire.
(2) Féadfaidh an tAire a chur mar cheangal, maidir le haon ráiteas réada déanfar in iarratas ar cheadúnas ghnótha eitlíochta do dheonadh no d'athnuachaint no d'aistriú, no déanfar chun an Aire mar fhreagra ar iarratas ag lorg eolais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, go bhfíorófaí é le dearbhú reachtúil o dhuine éigin go n-eolas pearsanta ar an réad a luaidhtear amhlaidh.
(3) Má theipeann ar dhuine ar bith aon eolas no aon fhíorú do thabhairt uaidh a cheanglóidh an tAire air fén alt so a thabhairt uaidh, féadfaidh an tAire, ar scór an teipthe sin agus gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar air leis an gCuid seo den Acht so, diúltadh don iarratas gur ina thaobh a ceangailtear amhlaidh an t-eolas no an fíorú san do thabhairt.
Táillí ar cheadúnas ghnótha eitlíochta do dheonadh, etc.
102.—(1) Íocfar leis an Aire, ar gach iarratas fén gCuid seo den Acht so ar cheadúnas ghnótha eitlíochta do dheonadh no d'athnuachaint no d'aistriú, táille de pé méid a cheapfaidh an tAire o am go ham, le toiliú an Aire Airgid, agus beidh íoc na táille sin (táille a coimeádfar pe'ca deonfar an t-iarratas no ná deonfar) ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara mbreithneofar an t-iarratas san.
(2) Féadfar táillí deifriúla do cheapadh alos ceadúnaisí gnótha eitlíochta do dheonadh, d'athnuachaint agus d'aistriú fé seach agus alos ceadúnaisí gnótha eitlíochta á údarú saghsanna deifriúla gnóthaí eitlíochta do bheith ar siúl.
Cuntaisí agus tuairisceáin o cheadúnaithe fé cheadúnaisí gnótha eitlíochta.
103.—(1) Féadfaidh an tAire, le rialachán ar n-a dhéanamh aige fén Acht so, a ordú cadiad na cuntaisí choimeádfaidh gach duine ag á mbeidh gnó eitlíochta ar siúl fé cheadúnas ghnótha eitlíochta agus fós cadiad na ráitisí ar chuntaisí, na tuairisceáin ar thrácht agus na tuairisceáin eile bheidh le tabhairt go tréimhsiúil ag gach duine den tsórt san don Aire agus cadiad na tráthanna agus na hócáidí ar a mbeidh na tuairisceáin sin le tabhairt amhlaidh.
(2) Féadfaidh an tAire, leis na coinníollacha cuirfear ag gabháil le ceadúnas gnótha eitlíochta, a cheangal ar an gceadúnaí fén gceadúnas san cuntaisí do choimeád no tuairisceáin do thabhairt uaidh a bheidh deifriúil (pe'ca tré chur-leis, fágaint-ar-lár, no atharú é) leis na cuntaisí no leis na tuairisceáin a bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén gCuid seo den Acht so, agus i gcás aon choinníoll den tsórt san do chur ag gabháil le ceadúnas gnótha eitlíochta beidh feidhm ag na rialacháin sin maidir leis an gceadúnaí fén gceadúnas san fé réir an choinníll sin.
(3) Féadfaidh an tAire, fé mar agus nuair is dóich leis san do bheith ceart, gach tuairisceán no aon tuairisceán do bhéarfar dó fén alt so agus fós staitistíocht a chuirfe sé le chéile o sna tuairisceáin sin d'fhoillsiú.
(4) Gach duine go dteipfidh air na cuntaisí do choimeád no na tuairisceáin do thabhairt uaidh is gá dhó, do réir rialachán ar n-a ndéanamh fén Acht so no do réir choinníll ar n-a ghabháil le ceadúnas gnótha eitlíochta, do choimeád no do thabhairt uaidh, beidh sé cionta i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.
CEAD SCEIDEAL.
Convensiún Eadarnáisiúnta chun Ionannú do Dhéanamh ar Rialacha Áirithe maidir le hIompar Eadarnáisiúnta d'Aer.
Caibidil 1.—Scóip—Mínithe.
Airtiogal 1.
(1) Bainfidh an Convensiún so le gach iompar eadarnáisiúnta dhéanfaidh aer-árthaighe ar luach saothair ag iompar daoine, bagáiste no earraí. Bainfe sé mar an gcéanna le hiompar in aisce dhéanfaidh gnó aer-iompair le haer-árthaighe.
(2) Isé bheidh in “iompar eadarnáisiúnta” do réir bhrí an Chonvensiúin seo ná aon iompar go mbeidh, do réir an chonnartha dhéanfaidh na páirtithe, an áit fágála agus an ceann scríbe, pe'ca bheidh briseadh san iompar no ná beidh no bheidh cur o luing go luing ann no ná beidh, suidhte i gcríocha dhá Ard-Pháirtí Chonnarthacha, no i gcrích Ard-Pháirtí Chonnarthaigh amháin, má bhíonn áit stoptha ar a n-aontuítear i gcrích fé fhlaitheas, fé thiarnas, fé mhandáid no fé údarás Chomhachta eile, cé nach páirtí don Chonvensiún so an Chomhacht san. Ní tuigfear gur iompar eadarnáisiúnta chun crícheanna an Chonvensiúin seo iompar gan áit stoptha den tsórt san ar a n-aontuítear idir críocha fé fhlaitheas, fé thiarnas, fé mhandáid no fé údarás an Ard-Pháirtí Chonnarthaigh chéanna.
(3) Iompar a bheidh le déanamh ag aer-iompróirí iomdha i ndiaidh a chéile tuigfear, chun crícheanna an Chonvensiúin seo, gur iompar amháin nea-roinnte é, má áirmhíonn na páirtithe é mar aon oibriúchán amháin, pe'ca a haontuíodh ina thaobh i bhfuirm chonnartha amháin no shreatha de chonnartha no nár haontuíodh, agus ní chaillfe sé a ghné eadarnáisiúnta de bhíthin connradh amháin no sreath de chonnartha do bheith le cólíonadh ar fad i gcrích fé fhlaitheas, fé thiarnas, fé mhandáid no fé údarás an Ard-Pháirtí Chonnarthaigh chéanna agus dá bhíthin sin amháin.
Airtiogal 2.
(1) Bainfidh an Convensiún so le hiompar a dhéanfaidh an Stát no cóluchtaí puiblí bheidh bunuithe go dleathach má bhíonn sé do réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airtiogal 1.
(2) Ní bhainfidh an Convensiún so le hiompar a déanfar fé théarmaí aon Chonvensiún phuist eadarnáisiúnta.
Caibidil II.—Scríbhinní Iompair.
Alt 1.—Ticéad Paisnéara.
Airtiogal 3.
(1) Chun paisnéirí d'iompar caithfidh an t-iompróir ticéad paisnéara ina mbeidh na mion-innste seo leanas do sheachadadh—
(a) áit agus dáta a thabhartha amach;
(b) an áit fágála agus an ceann scríbe;
(c) na háiteanna stoptha ar a n-aontuítear, ach féadfaidh an t-iompróir, nuair is gá é, na háiteanna stoptha san d'atharú gan a ghné eadarnáisiúnta do bhaint den iompar dá dhruim sin;
(d) ainm agus seoladh an iompróra no na n-iompróirí;
(e) ráiteas á rá go bhfuil an t-iompar fé réir na rialacha i dtaobh fiachais a bunuítear leis an gConvensiún so.
(2) Más rud é ná beidh an ticéad paisnéara ann no má bhíonn sé nea-rialta no má cailltear é ní dhéanfaidh san dochar don chonnradh iompair do bheith ann ná dá dhleathacht, agus ní lugha-de bheidh an connradh san fé réir rialacha an Chonvensiúin seo. Ach ina thaobh san, má ghlacann an t-iompróir paisnéir gan ticéad paisnéara do bheith seachadtha ní bheidh sé i dteideal buntáiste do bhaint as na forálacha san den Chonvensiún so dhúnann amach no theoranuíonn a fhiachas.
Alt 2.—Ticéad Bagaiste.
Airtiogal 4.
(1) Chun bagáiste, seachas mion-rudaí pearsanta bheidh fé chúram an phaisnéara féin, d'iompar caithfidh an t-iompróir ticéad bagáiste do sheachadadh.
(2) Déanfar an ticéad bagáiste amach i ndúbláid, cuid amháin don phaisnéir agus an chuid eile don iompróir.
(3) Beidh na mion-innste seo leanas sa ticéad bagáiste:—
(a) áit agus dáta a thabhartha amach;
(b) an áit fágála agus an ceann scríbe;
(c) ainm agus seoladh an iompróra no na n-iompróirí;
(d) uimhir an ticéid phaisnéara;
(e) ráiteas á rá go seachadfar an bagáiste do shealbhóir an ticéid bhagáiste;
(f) líon agus meáchaint na bpacáistí;
(g) méid an luacha dearbhófar do réir Airtiogail 22, mír (2);
(h) ráiteas á rá go bhfuil an t-iompar fé réir na rialacha i dtaobh fiachais a bunuítear leis an gConvensiún so.
(4) Más rud é ná beidh an ticéad bagáiste ann no má bhíonn sé nea-rialta no má cailltear é ní dhéanfaidh san dochar don chonnradh iompair do bheith ann ná dá dhleathacht, agus ní lugha-de bheidh an connradh san fé réir rialacha an Chonvensiúin seo. Ach ina thaobh san, má ghlacann an t-iompróir bagáiste gan ticéad bagáiste do bheith seachadtha, no mara mbeidh na mioninnste atá leagtha amach ag (d), (f) agus (h) thuas sa ticéad bagáiste, ní bheidh an t-iompróir i dteideal buntáiste do bhaint as na forálacha san den Chonvensiún a dhúnann amach no theoranuíonn a fhiachas.
Alt 3.—Nóta Aer-chonsighneachta.
Airtiogal 5.
(1) Tá sé de cheart ag gach iompróir earraí a cheangal ar an gconsighneoir scríbhinn dá ngairmtear “nóta aer-chonsighneachta” do dhéanamh amach agus do thabhairt dó; tá sé de cheart ag gach consighneoir a cheangal ar an iompróir an scríbhinn seo do ghlacadh.
(2) Ach ina thaobh san, más rud é ná beidh an scríbhinn seo ann no má bhíonn sí nea-rialta no má cailltear í ní dhéanfaidh san dochar don chonnradh iompair do bheith ann ná dá dhleathacht, agus ní lugha-de bheidh an connradh san fé rialú ag rialacha an Chonvensiúin seo fé réir forálacha Airtiogail 9.
Airtiogal 6.
(1) Déanfaidh an consighneoir an nóta aer-chonsighneachta amach i dtrí coda bunaidh agus bhéarfar suas é i dteanta na n-earraí.
(2) Beidh na focail “don iompróir” marcálta ar an gcéad chuid, agus sighneoidh an consighneoir é. Beidh na focail “don chonsighní” marcálta ar an dara cuid; sighneoidh an consighneoir agus an t-iompróir é agus ragha sé i dteanta na n-earraí. Sighneoidh an t-iompróir an tríú cuid agus bhéarfaidh don chonsighneoir é tar eis na n-earraí do ghlacadh.
(3) Déanfar sighniú an iompróra do chur síos ar é do ghlacadh na n-earraí.
(4) Féadfaidh sighniú an iompróra bheith stampálta; féadfaidh sighniú an chonsighneora bheith clóbhuailte no stampálta.
(5) Má dheineann an t-iompróir an nóta aer-chonsighneachta amach ar iarratas an chonsighneora, tuigfear, mara gcruthuítear a mhalairt, gur thar ceann an chonsighneora do rinne sé amhlaidh.
Airtiogal 7.
Tá an t-iompróir earraí i dteideal a cheangal ar an gconsighneoir nótaí consighneachta ar leithligh do dhéanamh amach nuair a bhíonn níos mó ná pacáiste amháin ann.
Airtiogal 8.
Beidh na mion-innste seo leanas sa nóta aer-chonsighneachta:—
(a) áit agus dáta a fheidhmithe;
(b) an áit fágála agus an ceann scríbe;
(c) na háiteanna stoptha ar a n-aontuítear, ach féadfaidh an t-iompróir, nuair is gá é, na háiteanna stoptha san d'atharú gan a ghné eadarnáisiúnta do bhaint den iompar dá dhruim sin;
(d) ainm agus seoladh an chonsighneora;
(e) ainm agus seoladh an chéad iompróra;
(f) ainm agus seoladh an chonsighní, más gá san sa chás;
(g) an saghas earraí;
(h) líon na bpacáistí, an modh pacála agus na marcanna no na huimhreacha áirithe atá ortha;
(i) meáchaint, caindíocht agus toirt no tuisí na n-earraí;
(j) an riocht ina bhféachann na hearraí agus an phacáil do bheith;
(k) an luach fartha, má có-aontuíodh ina thaobh, dáta agus áit a íoctha, agus an duine atá le n-a íoc;
(l) más chun íoc asta ar iad do sheachadadh a seolfar na hearraí, praghas na n-earraí, agus, más gá san sa chás, méid na gcostaisí fé n-a ndeachthas;
(m) méid an luacha dearbhuíodh do réir Airtiogail 22, mír (2);
(n) an méid codanna atá sa nóta aer-chonsighneachta;
(o) na scríbhinní do seachadadh don iompróir chun bheith i dteanta an nóta aer-chonsighneachta;
(p) an t-am do ceapadh chun an iompair do chríochnú agus gearr-thuairisc i dtaobh an chúrsa atá le leanúint (via) má rinneadh socrú i dtaobh na nithe seo;
(q) ráiteas á rá go bhfuil an t-iompar á dhéanamh fé réir na rialacha i dtaobh fiachais a bunuítear leis an gConvensiún so.
Airtiogal 9.
Má ghlacann an t-iompróir earraí gan nóta aer-chonsighneachta do bheith déanta amach, no mara mbeidh na mion-innste uile atá leagtha amach in Airtiogal 8 (a) go (i) go huile agus (q) sa nóta san, ní bheidh an t-iompróir i dteideal buntáiste do bhaint as na forálacha den Chonvensiún so dhúnann amach no theoranuíonn a fhiachas.
Airtiogal 10.
(1) Tá an consighneoir freagarthach i gcruinneas na mioninnste agus na ráitisí i dtaobh na n-earraí a chuirfe sé isteach sa nóta aer-chonsighneachta.
(2) Beidh sé freagarthach sa damáiste uile déanfar don iompróir no do dhuine ar bith eile de dheascaibh na mion-innste agus na ráitisí sin do bheith nea-rialta, nea-chruinn no neadhóthanach.
Airtiogal 11.
(1) Mara gcruthuítear a mhalairt beidh an nóta aer-chonsighneachta ina fhianaise ar an gconnradh do bheith críochnuithe, ar na hearraí do bheith faighte agus ar na coinníollacha iompair.
(2) Mara gcruthuítear a mhalairt beidh na ráitisí sa nóta aerchonsighneachta i dtaobh meáchaint, tuisí agus pacáil na n-earraí, maraon leis na ráitisí i dtaobh líon na bpacáistí, ina bhfianaise ar na nithe sin; ní bheidh na ráitisí i dtaobh caindíocht, toirt agus riocht na n-earraí ina bhfianaise i gcoinnibh an iompróra ach sa mhéid go ndearna sé, agus go ndeirtear sa nóta aer-chonsighneachta go ndearna sé, iad do sheiceáil i láthair an chonsighneora, no i gcás ina mbaineann na ráitisí leis an riocht ina bhféachann na hearraí do bheith.
Airtiogal 12.
(1) Tá sé de cheart ag an gconsighneoir, ar choinníoll go gcólíonfa sé a oblagáidí uile fén gconnradh iompair, deighleáil leis na hearraí tré n-a dtarrac siar ag an aerodróm fágála no ag an aerodróm ceann scríbe, no tré n-a stopadh i gcúrsa an turuis ag ionad túirlinge, no tré n-a cheangal go seachadfar iad ag an gceann scríbe no i gcúrsa an turuis do dhuine seachas an consighní bheidh ainmnithe so nóta aer-chonsighneachta, no tré n-a éileamh go gcuirfear thar n-ais go dtí an t-aerodróm fágála iad, ach san ar choinníoll ná déanfaidh feidhmiú an chirt seo dochar don iompróir ná do chonsighneoirí eile agus go n-aisíocfar aon chostaisí thiocfaidh dá dhruim.
(2) Maran féidir orduithe an chonsighneora do chur i ngníomh caithfidh an t-iompróir san do chur in úil dó láithreach.
(3) Má dheineann an t-iompróir do réir orduithe an chonsighneora maidir le deighleáil leis na hearraí gan a éileamh go dtaisbeánfaí an chuid den nóta aer-chonsighneachta bheidh seachadtha don chonsighneoir, beidh sé freagarthach, gan dochar dá cheart chun íoc do bhaint den chonsighneoir, in aon damáiste déanfar dá dheascaibh sin do dhuine ar bith go mbeidh an nóta aer-chonsighneachta ina sheilbh go dleathach aige.
(4) An ceart a bronntar ar an gconsighneoir scuireann an túisce thosnuíonn ceart an chonsighní do réir Airtiogail 13. Ach ina thaobh san, má dhiúltann an consighní an nóta consighneachta no na hearraí do ghlacadh, no maran féidir scéal do chur chuige, tá a cheart deighleála ag an gconsighneoir athuair.
Airtiogal 13.
(1) Ach amháin sna cásanna atá leagtha amach san Airtiogal san roimhe seo, tá an consighní i dteideal, ar na hearraí do shroichint an ceann scríbe, a cheangal ar an iompróir an nóta aerchonsighneachta do thabhairt suas dó agus na hearraí do sheachadadh dhó, ar íoc na n-éilithe atá dlite agus ar dhéanamh do réir na gcoinníollacha iompair atá leagtha amach sa nóta aerchonsighneachta.
(2) Mara ndeintear a mhalairt de chó-aontú, cuirfidh an t-iompróir scéal chun an chonsighní ar na hearraí do bheith tagtha.
(3) Má admhuíonn an t-iompróir gur cailleadh na hearraí, no mara mbeidh na hearraí tagtha i gcionn tréimhse seacht lá tar éis an dáta ar ar cheart dóibh teacht, beidh an consighní i dteideal na cearta bheidh ann de thoradh an chonnartha iompair d'fhoirfheidhmiú i gcoinnibh an iompróra.
Airtiogal 14.
Féadfaidh an consighneoir agus an consighní foirfheidhmiú do dhéanamh ar na cearta uile bronntar ortha fé seach le hAirtiogail 12 agus 13, gach duine acu ina ainm féin, pe'ca ar mhaithe leis féin no ar mhaithe le duine eile bheidh sé ag gníomhú, ar choinníoll go gcólíonfa sé na hoblagáidí forchuirtear leis an gconnradh.
Airtiogal 15.
(1) Ní dhéanfaidh na hAirtiogail sin 12, 13 agus 14 dochar don bhaint a bheidh ag an gconsighneoir agus ag an gconsighní le n-a chéile ná don bhaint le n-a chéile bheidh ag treas-pháirtithe gur ón gconsighneoir no ón gconsighní bheidh a gcearta ag teacht.
(2) Ba cheart aon choinníoll ná beidh do réir forálacha Airtiogal 12, 13 agus 14 do chur sa nóta aer-chonsighneachta.
Airtiogal 16.
(1) Beidh sé d'fhiachaint ar an gconsighneoir pé eolas do thabhairt uaidh agus pé scríbhinní do chur ag gabháil leis an nóta aer-chonsighneachta is gá chun fuirmeáltachtaí custum, octroi no póilíneachta do chríochnú sara bhféadfar na hearraí do sheachadadh don chonsighní. Tá an consighneoir freagarthach don iompróir in aon damáiste thiocfaidh toisc gan aon eolas no scríbhinní den tsórt san do bheith ann no toisc iad do bheith nea-dhóthanach no nearialta, marab é an t-iompróir no a ghníomhairí fé ndeár an damáiste.
(2) Ní bheidh sé d'fhiachaint ar an iompróir féachaint an bhfuil an t-eolas no na scríbhinní sin cruinn no dóthanach no ná fuil.
Caibidil III.—Fiachas an Iompróra.
Airtiogal 17.
Tá an t-iompróir freagarthach i ndamáiste deintear i gcás paisnéir d'éag no do chréachtnú no aon díobháil eile chuirp do bhaint dó, más ar bord an aer-árthaigh no i gcúrsa aon choda d'obair an luchtuithe no an dí-luchtuithe do thárla an tionóisc ba chúis leis an damáiste do rinneadh amhlaidh.
Airtiogal 18.
(1) Tá an t-iompróir freagarthach i ndamáiste deintear i gcás aon bhagáiste cláruithe no aon earraí do mhilleadh no do chailliúint no do dhamáistiú, más le linn an iompair d'aer do thárla an ní ba chúis leis an damáiste do rinneadh amhlaidh.
(2) Isé is ré don iompar d'aer do réir bhrí na míre sin roimhe seo ná an tréimhse gur ar a feadh atá an bagáiste no na hearraí i gcúram an iompróra, pe'ca in aerodróm no ar bord aer-árthaigh é, no, i gcás túirlinge lasmuich d'aerodróm, in aon áit ar bith.
(3) Ní fholuíonn an tréimhse iompair d'aer aon iompar de thír, de mhuir ná d'abhainn a deintear lasmuich d'aerodróm. Más rud é, ámh, go ndeintear iompar den tsórt san i bhfeidhmiú connartha iompair d'aer, chun luchtú, seachadadh no cur o luing go luing do dhéanamh, tuigtear, mara gcruthuítear a mhalairt, gur teagmhas do thárla le linn an iompair d'aer ba chúis le haon damáiste deintear.
Airtiogal 19.
Tá an t-iompróir freagarthach i ndamáiste thagann de dheascaibh aon mhoill do dhéanamh i bpaisnéirí, bagáiste no earraí d'iompar d'aer.
Airtiogal 20.
(1) Níl an t-iompróir freagarthach má chruthuíonn sé go ndearna seisean agus a ghníomhairí na nithe uile ba ghá chun an damáiste do sheachaint no nárbh fhéidir dó-san ná dá ghníomhairí na nithe sin do dhéanamh.
(2) In iompar earraí agus bagáiste níl an t-iompróir freagarthach má chruthuíonn sé gurbh é ba chúis leis an damáiste ná píolóideacht fhaillítheach no faillí i láimhseáil an aer-árthaigh no i loingseoireacht agus, ar gach slí eile, go ndearna seisean agus a ghníomhairí na nithe uile ba ghá chun an damáiste do sheachaint.
Airtiogal 21.
Má chruthuíonn an t-iompróir gurbh í faillí an té dá ndearnadh damáiste ba chúis leis an damáiste no gur chabhruigh sí leis an damáiste do dhéanamh féadfaidh an Chúirt, do réir forálacha a dlí féin, an t-iompróir do shaoradh no a fhiachas do laigheadú.
Airtiogal 22.
(1) In iompar paisnéirí ní théigheann fiachas an iompróra in aghaidh gach paisnéara fé leith thar suim 125,000 franc. Más rud é gur féidir, do réir dlí na Cúirte gur os a cóir atá an cás, airgead damáiste do mholadh i bhfuirm íocaíochtaí tréimhsiúla, ní raghaidh an luach caipitail is có-ionann leis na híocaíochtaí sin thar an maximum roimhráite. Ach ina thaobh san, féadfaidh an paisnéir, tré chó-aontú speisialta do dhéanamh leis an iompróir, teora fiachais níos aoirde do shocrú.
(2) In iompar bagáiste chláruithe agus earraí ní théigheann fiachas an iompróra thar suim 250 franc an cílogram, mara ndeineann an consighneoir, agus é ag tabhairt an phacáiste don iompróir, dearbhú speisialta i dtaobh an luacha le linn an tseachadtha agus go n-íocann suim bhreise más gá san. Sa chás san beidh an t-iompróir freagarthach suas go dtí méid na suime dearbhuithe, mara gcruthuighe sé gur mó an tsuim sin ná an méid do b'fhiú an pacáiste don chonsighneoir le linn an tseachadtha.
(3) Maidir le rudaí bhionn i gcúram an phaisnéara féin ní théigheann fiachas an iompróra thar 5,000 franc in aghaidh gach paisnéara.
(4) Tuigfear na suimeanna luaidhtear thuas do bhaint leis an bhfranc Francach ina bhfuil 65½ míliúgram d'ór go bhfuil 900 cuid as an míle d'fhíneáltacht ann. Is féidir na suimeanna so d'atharú go dtí aon airgead reatha náisiúnta ina bhfigiúirí is iolraithe ar dheich.
Airtiogal 23.
Foráil ar bith a raghadh chun an iompróra do shaoradh o fhiachas no chun teora is ísle ná í sin atá leagtha síos sa Chonvensiún so do cheapadh beidh sí gan bhrí gan éifeacht, ach ní nea-mbríochaint ar an gconnradh ar fad aon fhoráil den tsórt san do bheith gan bhrí agus leanfaidh an connradh de bheith ann fé réir forálacha an Chonvensiúin seo.
Airtiogal 24.
(1) Sna cásanna le n-a mbaineann Airtiogail 18 agus 19 ní féidir aon aicsean chun airgead damáiste do bhaint amach, pe cúis a bheidh leis, do bhunú ach fé réir na gcoinníollacha agus na dteoranta atá leagtha amach sa Chonvensiún so.
(2) Sna cásanna le n-a mbaineann Airtiogal 17 tá feidhm ag forálacha na míre sin roimhe seo freisin, gan dochar do sna ceisteanna i dtaobh cé hiad na daoine ag á bhfuil an ceart aicsin agus cadiad na cearta atá acu fé seach.
Airtiogal 25.
(1) Ní bheidh sé de cheart ag an iompróir buntáiste do bhaint as na forálacha den Chonvensiún so a dhúnann amach no theoranuíonn a fhiachas, másé is cúis leis an damáiste ná máilís no a leithéid sin d'fhaillí ar a thaobh-san go meastar, do réir dlí na Cúirte gur os a cóir a bheidh an cás, í bheith mailíseach.
(2) Séanfar an ceart so chó maith céanna air más duine dá ghníomhairí do rinne, i scóip a fhostaíochta, an damáiste i gcúrsaí den tsamhail chéanna.
Airtiogal 26.
(1) Má ghlacann an consighní an bagáiste no na hearraí gan gearán do dhéanamh beidh san, mara gcruthuítear a mhalairt, ina fhianaise go ndearnadh an chonsighneacht do sheachadadh i riocht mhaith agus do réir na scríbhinne iompair.
(2) I gcás damáiste, caithfidh an consighní gearán do dhéanamh leis an iompróir láithreach tar éis an damáiste d'fhionnachtain, agus, ar a dhéanaí, laistigh de thrí lá o dháta a fhálta i gcás bagáiste agus laistigh de sheacht lá o dháta a bhfálta i gcás earraí. I gcás moille caithfear an gearán do dhéanamh laistigh de cheithre lá dhéag ar a dhéanaí ón dáta ar ar tugadh an bagáiste no na hearraí ar láimh dó.
(3) Caithfear gach gearán do dhéanamh i scríbhinn ar an scríbhinn iompair no tré fhógra ar leithligh i scríbhinn a cuirfear amach laistigh den tréimhse orduithe alos an ghearáin sin.
(4) Mara ndeintear gearán laistigh de sna tréimhsí orduithe, ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh an iompróra, ach amháin i gcás calaoise ar a thaobh-san.
Airtiogal 27.
I gcás an duine atá freagarthach d'fháil bháis, luigheann aicsean alos damáiste do réir téarmaí an Chonvensiúin seo i gcoinnibh a ionadaithe pearsanta.
Airtiogal 28.
(1) Caithfear aicsean, chun airgead damáiste do bhaint amach, do bhunú, fé mar is rogha leis an ngearánaí, i gcrích Páirtí de sna hArd-Pháirtithe Connarthacha, os cóir na Cúirte ag á bhfuil dlighinse san áit ina gcomhnuíonn an t-iompróir no ina bhfuil a phríomh-áit ghnótha aige no ina bhfuil tigh gnótha aige do rinne an connradh no os cóir na Cúirte ag á bhfuil dlighinse ag an gceann scríbe.
(2) Isé dlí na Cúirte gur os a cóir a bheidh an cás a rialóidh ceisteanna i dtaobh nós imeachta.
Airtiogal 29.
(1) Beidh cosc leis an gceart chun airgid damáiste mara mbunuítear aicsean laistigh de dhá bhliain, ar n-a áireamh ón dáta ar ar sroicheadh an ceann scríbe no ón dáta ar ar cheart don aerárthach é shroichint no ón dáta ar ar stad an t-iompar.
(2) Is do réir dlí na Cúirte gur os a cóir a bheidh an cás a cinnfear an modh ina ndéanfar amach an tréimhse roimhráite.
Airtiogal 30.
(1) I gcás iompair atá le déanamh ag iompróirí iomdha i ndiaidh a chéile agus le n-a mbaineann an míniú atá leagtha amach sa tríú mír d'Airtiogal 1, tá ar gach iompróir a ghlacann bagáiste paisnéirí no earraí déanamh do réir na rialacha atá leagtha amach sa Chonvensiún so agus tuigtear gur páirtí é de sna páirtithe connarthacha sa chonnradh iompair sa mhéid go mbaineann an connradh san leis an gcuid sin den iompar a deintear fé n-a mhaoirseacht.
(2) I gcás iompair den chineál so, ní féidir don phaisnéir ná dá ionadaí aicsean do bhunú ach amháin i gcoinnibh an iompróra do rinne an t-iompar gur le n-a linn do thárla an tionóisc no an mhoill, ach amháin i gcás ina ndearna an chéad iompróir, le có-aontú soiléir, a ghlacadh air féin a bheith freagarthach in aghaidh an turuis ar fad.
(3) I gcás bagáiste no earraí, beidh ceart aicsin ag an gconsighneoir i gcoinnibh an chéad iompróra, agus beidh ceart aicsin ag an gconsighní atá i dteideal an tseachadtha i gcoinnibh an iompróra dheiridh, agus fós, féadfaidh an bheirt acu aicsean do bhunú i gcoinnibh an iompróra do rinne an t-iompar gur le n-a linn do thárla an milleadh, an chailliúint, an damáiste no an mhoill. Beidh na hiompróirí seo freagarthach i dteanta a chéile don chonsighneoir no don chonsighní.
Caibidil IV.—Forálacha i dtaobh Iompair Aontuithe.
Airtiogal 31.
(1) I gcás iompair aontuithe deintear go leathrannach d'aer agus go leathrannach tré aon mhodh eile iompair, ní bhaineann forálacha an Chonvensiúin seo ach leis an iompar d'aer, má bhíonn an t-iompar san do réir téarmaí Airtiogail I.
(2) Ní dhéanfaidh éinní atá sa Chonvensiún so na páirtithe, i gcás iompair aontuithe, do chosc ar choinníollacha i dtaobh modhanna eile iompair do chur sa scríbhinn aer-iompair, má forchoimeádtar forálacha an Chonvensiúin seo maidir leis an iompar d'aer.
Caibidil V.—Forálacha Generálta agus Forálacha Deiridh.
Airtiogal 32.
Ní bheidh brí na éifeacht ag aon chlás a bheidh sa chonnradh ná ag aon chó-aontuithe speisialta, ar n-a ndéanamh roimh an damáiste do thárlachtaint, tré n-a dtugann na páirtithe le tuisgint go dtréigid na rialacha a leagtar síos leis an gConvensiún so, pe'ca tré n-a chinneadh cadé an dlí ag á mbeidh feidhm no tré sna rialacha i dtaobh dlighinse d'atharú. Ach ina thaobh san, lomháltar, fé réir an Chonvensiúin seo, clásanna eadrascáin, maidir le hearraí d'iompar, má bhíonn an t-eadrascán le déanamh laistigh de cheann de sna dlighinsí dá dtagartar sa chéad mhír d'Airtiogal 28.
Airtiogal 33.
Ní choiscfidh éinní atá sa Chonvensiún so an t-iompróir ar dhiúltadh d'aon chonnradh iompair do dhéanamh ná ar rialacháin do dhéanamh ná beidh contrárdha d'fhorálacha an Chonvensiúin seo.
Airtiogal 34.
Ní bhainfidh an Convensiún so le hiompar eadarnáisiúnta d'aer a dhéanfaidh gnóthaí aer-loingseoireachta i bhfuirm trialach tosaigh d'fhonn rian rialta aer-loingseoireachta do bhunú, ná ní bhainfe sé le hiompar a déanfar i gcásanna neaghnáthacha lasmuich de ghnáth-scóip ghnótha aer-iompróra.
Airtiogal 35.
Nuair a húsáidtear an focal “laetheanta” sa Chonvensiún so, is laetheanta reatha agus ní laetheanta oibre chialluíonn sé.
Airtiogal 36.
Is i bhFraincis agus in aon chóip amháin atá an Convensiún so curtha le chéile agus fanfaidh an chóip sin ar lóisteáil in annálacha Aireacht Ghnóthaí Coigríche na Polainne agus cuir fidh Rialtas na Polainne cóip chuibhe-dheimhnithe amháin di go dtí Rialtas gach Páirtí de sna Páirtithe Ard-Chonnarthacha.
Airtiogal 37.
(1) Daingneofar an Convensiún so. Déanfar ionstruimí an daingnithe do lóisteáil in annálacha Aireacht Ghnóthaí Coigríche na Polainne, agus cuirfidh an Aireacht san in úil do Rialtas gach Páirtí de sna Páirtithe Ard-Chonnarthacha go ndearnadh an lóisteáil.
(2) Chó luath agus a bheidh an Convensiún so daingnithe ag cuíg Páirtí de sna Páirtithe Ard-Chonnarthacha tiocfa sé i bhfeidhm eatortha ar an nóchadú lá tar éis an cúigiú daingniú do lóisteáil. Ina dhiaidh sin tiocfa sé i bhfeidhm, idir na Páirtithe Ard-Chonnarthacha ag á mbeidh sé daingnithe agus an Páirtí Ard-Chonnarthach a lóisteálfaidh a ionstruimí daingnithe, ar an nóchadú lá tar éis na lóisteála san do dhéanamh.
(3) Beidh sé de dhualgas ar Rialtas Phoblacht na Polainne dáta an Chonvensiúin seo do theacht i bhfeidhm agus fós dáta lóisteálta gach daingnithe fé leith a chur in úil do Rialtas gach Páirtí de sna Páirtithe Ard-Chonnarthacha.
Airtiogal 38.
(1) Tar éis é theacht i bhfeidhm, fanfaidh an Convensiún so ar oscailt chun Stát ar bith d'aontú leis.
(2) Isé slí ina ndéanfar an t-aontú ná tré fhógra díreofar chun Rialtas Phoblacht na Polainne, agus cuirfidh an Rialtas san an méid sin in úil do Rialtas gach Páirtí de sna Páirtithe Ard-Chonnarthachta.
(3) Raghaidh an t-aontú in éifeacht ón nóchadú lá tar éis an fhógra do thabhairt do Rialtas Phoblacht na Polainne.
Airtiogal 39.
(1) Féadfaidh aon Pháirtí de sna Páirtithe Ard-Chonnarthacha eirghe as an gConvensiún so tré fhógra díreofar chun Rialtas Phoblacht na Polainne, agus cuirfidh an Rialtas san an méid sin in úil láithreach do Rialtas gach Páirtí de sna Páirtithe Ard-Chonnarthacha.
(2) Raghaidh eirghe as in éifeacht sé mhí tar éis an fhógra ina thaobh do thabhairt, ach ní bheidh éifeacht aige ach amháin alos an pháirtí bheidh tar éis fógra maidir le heirghe as do thabhairt uaidh.
Airtiogal 40.
(1) Féadfaidh aon Pháirtí Ard-Chonnarthach, le linn an Chonvensiúin do shighniú no le linn a dhaingniú do lóisteáil no a aontú do dhéanamh, a dhearbhú i dtaobh é do ghlacadh leis an gConvensiún so ná baineann san le gach ceann no le haon cheann áirithe dá gcóilíneachtaí, dá choimircisí, no dá chríocha fé mhandáid, no le haon chrích eile fé n-a fhlaitheas no fé n-a údarás, no le haon chrích fé n-a thiarnas.
(2) Dá réir sin féadfaidh aon Pháirtí Ard-Chonnarthach aontú ar leithligh do dhéanamh ina dhiaidh sin in ainm gach ceann no aon cheann dá chóilíneachtaí, dá choimircisí, no dá chríocha fé mhandáid no aon chríche eile fé n-a fhlaitheas no fé n-a údarás no aon chríche eile fé n-a thiarnas do dúnadh amach amhlaidh le n-a bhun-dearbhú.
(3) Féadfaidh aon Pháirtí Ard-Chonnarthach fógra do thabhairt, do réir forálacha an Chonvensiúin seo, á rá go bhfuil sé féin no gach ceann no aon cheann dá chóilíneachtaí, dá choimircisí, dá chríocha fé mhandáid no aon chríoch eile fé n-a fhlaitheas no fé n-a údarás, no aon chríoch eile fé n-a thiarnas ag eirghe as an gConvensiún so.
Airtiogal 41.
Beidh Páirtí Ard-Chonarthach ar bith i dteideal, tráth nach luaithe ná dhá bhliain tar éis don Chonvensiún so teacht i bhfeidhm, a iarraidh go dtabharfaí Códháil nua eadarnáisiúnta le chéile chun aon fheabhsuithe d'fhéadfaí dhéanamh ar an gConvensiún so do bhreithniú. Chuige seo cuirfe sé scéala go dtí Rialtas Phoblacht na Fraince agus déanfaid san na nithe is gá chun ullamhuithe i gcóir na Codhála san.
Fanfaidh an Convensiún so, ar n-a dhéanamh i Warsaw an 12adh Deireadh Fómhair, 1929, ar oscailt chun a shighnithe go dtí an 31adh Eanar, 1930.
(Tá na sighnithe anso do cuireadh leis thar ceann na dtíortha so leanas:—
An Ghearmáin, An Ostair, An Bheilg, An Bhreasail. An Danmharg, An Spáinn, An Fhrainc, An Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann, Có-chiníochas na hAstráile, Aondacht na hAifrice Theas, An Ghréig, An Iodáil, An tSeapáin, An Laitbhe, Luxembourg, An Norbhuaidh, An Isiltír, An Pholainn, An Rúmáin, An Eilbhéis, An tSecshlóbhaic, Aondacht na bPoblacht Soibhéideach Sóisialta, agus An Iúgshlaibh.)
Protocol Breise.
(I dtaobh Airtiogail 2.)
Coimeádann na Páirtithe Ard-Chonnarthacha acu féin an ceart chun a dhearbhú tráth an daingnithe no an aontuithe ná bainfidh mír (1) d'Airtiogal 2 den Chonvensiún so le hiompar eadarnáisiúnta d'aer a déanfar go díreach ag an Stát, ag á chóilíneachtaí, ag á choimircisí no ag á chríocha fé mhandáid no ag aon chrích eile fé n-a fhlaitheas, fé n-a thiarnas no fé n-a údarás.
[Na sighnithe céanna san atá leis an gConvensiún agus a taisbeántar thuas.]
DARA SCEIDEAL.
Coinníollacha ata le Cólíonadh ag an gCuideachtain.
1. Beidh Memorandum agus Airtiogail Chomhlachais na Cuideachtan fé réir an Aire Airgid d'aontú leo tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.
2. Isé méid scair-chaipitail na Cuideachtan ná pé suim ná raghaidh thar milleon punt agus a cheadóidh an tAire Airgid.
3. Forálfar le Memorandum Comhlachais na Cuideachtan—
(a) gur i mBaile Atha Cliath a bheidh oifig chláruithe na Cuideachtan;
(b) go mbeidh ar phríomh-chuspóirí na Cuideachtan—
(i) rianta aer-iompair do bhunú, do chothabháil agus d'oibriú idir áiteanna i Saorstát Éireann agus idir Saorstát Éireann agus tíortha eile iad féin no tré Aer Lingus Teoranta agus gnóthaí aer-iompair eile ina mbeidh leas stiúrtha ag an gCuideachtain;
(ii) scaireanna in Aer Lingus Teoranta d'fháil agus do shealbhú;
(iii) na gnóthaí aer-iompair eile sin do bhunú agus scaireanna ionta do shealbhú;
(iv) scaireanna i ngnóthaí aer-iompair, seachas iad san a luaidhtear sa chlás deiridh sin roimhe seo, do shealbhú agus socrú oibre do dhéanamh le gnóthaí aer-iompair den tsórt san;
(v) congnamh airgid no congnamh eile do thabhairt, le toiliú an Aire Airgid, do sna gnóthaí aer-iompair sin;
(c) go mbeidh teora le fiachas ball na Cuideachtan;
(d) go mbeidh scair-chaipital na Cuideachtan roinnte ina scaireanna de phunt an ceann, agus go mbeidh comhacht ag an gCuideachtain, le toiliú an Aire Airgid, chun na scaireanna i gcaipital na Cuideachtan do roinnt i saghsanna iomdha agus chun aon chearta, no príbhléidí no coinníollacha, tosaíochta no moillithe no coinníollta no speisialta, do chur ar gabháil leis na saghsanna san fé seach.
4. Forálfar le hAirtiogail Chomhlachais na Cuideachtan—
(a) gur cúigear líon stiúrthóirí na Cuideachtan;
(b) faid a bheidh an tAire Airgid i seilbh na deichiú coda (in ainm-luach) ar a laighead de scaireanna eisithe na Cuideachtan no faid a bheidh aon bhintiúirí leis an gCuideachtain a bheidh urruithe ag an Aire sin fén Acht so gan íoc, gurb é an tAire sin ainmneoidh triúr de stiúrthóirí na Cuideachtan tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála;
(c) go mbeidh comhacht ag an gCuideachtain chun airgead do chruinniú chun crícheanna na Cuideachtan tré bhintiúirí, ach san fé réir na nithe seo leanas:—
(i) nach mó tráth ar bith an méid a cruinneofar amhlaidh ná scair-chaipital íoctha na Cuideachtan,
(ii) ná feidhmeofar an chomhacht san gan toiliú an Aire Airgid faid a bheidh an tAire sin i seilbh na deichiú coda ar a laighead de scair-chaipital na Cuideachtan no faid a bheidh aon bhintiúirí leis an gCuideachtain a bheidh urruithe ag an Aire sin fén Acht so gan íoc;
(d) nach féidir, faid a bheidh an tAire Airgid i seilbh aon scaireanna sa Chuideachtain, duine ar bith do cheapadh ina iniúchóir don Chuideachtain mara mbeidh an tAire sin tar éis aontú le hainmniú an duine sin chun bheith ina iniúchóir don Chuideachtain.